Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024TN0558R(01)

Ceartúchán ar Chás T-558/24 (IO C, C/2025/194, 13.1.2025)

OJ C, C/2025/90019, 10.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/194/corrigendum/2025-03-10/oj (GA, SK)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/194/corrigendum/2025-03-10/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/90019

10.3.2025

Ní mór Cás T-558/24, Studieförbundet Vuxenskolan Riksorganisationen, a léamh mar seo a leanas:

Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 14 Deireadh Fómhair 2024 – Skatteverket v Studieförbundet Vuxenskolan Riksorganisationen

(Cás T-558/24, Studieförbundet Vuxenskolan Riksorganisationen)

(C/2025/194)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Högsta förvaltningsdomstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Skatteverket

Cosantóir: Studieförbundet Vuxenskolan Riksorganisationen

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An bhféadfaí a mheas go bhfuil gá go díreach le seirbhísí a sholáthraítear do bhaill de ghrúpa neamhspleách de réir bhrí Airteagal 132(1)(f) den Treoir maidir le CBL (1), i gcás nach mbaineann na seirbhísí go sonrach le gníomhaíochtaí ar mhaithe le leas an phobail a dhéanann na baill, ach gur seirbhisí de chineál níos ginearálta iad a iarrann cuideachtaí nach ndéanann gníomhaíochtaí ar mhaithe le leas an phobail den sórt sin freisin?

2)

Cad iad na citéir atá le cur san áireamh d’fhonn a chinneadh, i gcomhthéacs an mheasúnaithe an bhfuil baol ann go saobhfaí iomaíocht le díolúine a dheonú faoi Airteagal 132(1)(f), an ndeimhnítear go gcoimeádann grúpa neamhspleách a bhaill mar chustaiméirí, is cuma an bhfuil na seirbhísí inchánach?


(1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/194/corrigendum/2025-03-10/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top