Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Sa rannán seo tá na hionstraimí a chuir an tAontas Eorpach ar fáil mar chuid dá inniúlachtaí seachtracha, cuir i gcás:
Tá anailís mhéith dlí agus naisc chuig faisnéis ábhartha (bailíocht na ngníomhartha, dátaí a dteacht i bhfeidhm, an gaol atá acu le doiciméid eile agus go leor nithe eile) ag gabháil leis na comhaontaithe idirnáisiúnta sin de chuid an Aontais.
Tá roinnt uirlisí cuardaigh le fáil ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo.
Is é atá i gcomhaontuithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais comhaontuithe atá ceangailteach ó thaobh dlí idir an tAontas Eorpach agus tír amháin nach Ballstát den Aontas í, nó níos mó ná tír amháin, nó idir an tAontas Eorpach agus eagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó. Is féidir comhaontaithe a thabhairt i gcrích nuair a fhoráiltear amhlaidh sna Conarthaí nó nuair: (i) is gá comhaontú a thabhairt i gcrích chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a bhaint amach, laistigh de chreat beartas an Aontais; (ii) a fhoráiltear do chomhaontú a thabhairt i gcrích i ngníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí; nó (iii) is dócha go rachfar i bhfeidhm ar rialacha coiteanna nó go n-athrófar a raon trí chomhaontú a thabhairt i gcrích.
Leagtar amach gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i dTeideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCuid 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Leagtar amach an nós imeachta maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú agus a ghlacadh in Airteagail 207 agus 218 de CFAE don chomhbheartas tráchtála agus do réimsí eile gníomhaíochta seachtraí faoi seach.