Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Liostaítear ann na tíortha neamh-AE a gcaithfidh a náisiúnaigh víosa a bheith acu chun teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a thrasnú agus na tíortha sin a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.
Déantar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, arna leasú go mór, a aisghairm agus a chódú leis.
PRÍOMHPHOINTÍ
Is forbairt é an rialachán ar Chomhaontú agus Coinbhinsiún Schengen nach nglacann Éire páirt ann, agus dá bhrí sin níl Éire faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
Liostaítear an méid seo a leanas in iarscríbhinn an rialacháin:
na tíortha agus na críocha nach bhfuil san Aontas Eorpach ar gá dá náisiúnaigh víosa a bheith acu agus iad ag teacht isteach san Aontas le haghaidh tréimhsí fanachta suas le 90 lá in aon tréimhse 180 lá; agus
na tíortha agus na críocha sin a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ó na ceanglais víosa agus iad ag dul isteach in AE chun fanacht ar feadh tréimhse suas le 90 lá i dtréimhse 180 lá ar bith.
Ceadaítear an méid seo a leanas leis an rialachán freisin.
Eisceachtaí. An deis a bheith ag na Ballstáit eisceachtaí ón gceanglas víosa a dheonú do chatagóirí áirithe daoine, amhail sealbhóirí pasanna taidhleoireachta nó seirbhíse, aerchriúnna sibhialta agus criúnna mara, daltaí scoile i ngrúpaí, sealbhóirí ceadanna tráchta áitiúla, agus díolúintí do dhídeanaithe aitheanta agus do dhaoine gan stát a bhfuil cónaí orthu san Aontas agus a bhfuil doiciméad taistil acu a d’eisigh a dtír chónaithe.
Comharaíocht. Sásra lena gceadaítear cómhalartacht má chinneann aon tír nach bhfuil díolmhaithe ó cheanglas víosa ceanglas víosa a fhorchur ar aon Bhallstát.
Fionraí shealadach. Sásra chun díolúintí víosa a fhionraí go sealadach i gcás éigeandála amhail méadú suntasach ar an riosca imirce nó slándála.
Déantar cinntí maidir le leasú a dhéanamh ar na liostaí de réir cáis agus critéir, lena n–áirítear iad seo a leanas, á gcur san áireamh:
imirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil;
sochar eacnamaíoch, go háirithe i gcomhthéacs turasóireachta agus trádála coigríche;
caidreamh seachtrach AE leis an tír ábhartha neamh-AE, go háirithe i ndáil le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach.
Le Rialachán (AE) 2019/592 leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806, lena n-áirítear go sainráite náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe agus náisiúnaigh na Breataine nach saoránaigh Bhriotanacha iad (saoránaigh de chríocha Briotanacha thar lear) faoi raon feidhme an rialacháin, tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach.
Saoránaigh den Ríocht Aontaithe agus de chríocha Briotanacha thar lear a bhfuil cearta cónaithe acu i mBallstát, ní gá dóibh víosa a bheith acu agus iad ag taisteal chuig aon Bhallstát eile le haghaidh gearrfhanachtaí — suas le 90 lá in aon tréimhse 180 lá.
I gcás ina dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe ceanglas víosa isteach do náisiúnaigh i mBallstát amháin ar a laghad, beidh feidhm ag an sásra cómhalartachta.
Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (códú) (IO L 303, , lgh. 39–58).
Ionchorpraíodh sa bhundoiciméad leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (AE) 2018/1806. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO C 384 I, , lch. 1–177).
Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, , lgh. 19–20).
Prótacal idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 160, , lgh. 21–36).
Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Cód Comhphobail ar Víosaí (Cód Víosa) (IO L 243, , lgh. 1–58).
Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, , lgh. 1–2).
Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, , lgh. 20–23).
Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, , lgh. 43–47).
Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, , lgh. 31–33).