Todhchaí na hEorpa
ACHOIMRE AR:
Páipéar Bán maidir le todhchaí na hEorpa — Machnaimh agus cásanna don AE 27 faoi 2025
CAD IS AIDHM LEIS AN BPÁIPÉAR BÁN?
Leagtar amach ann na dúshláin agus na deiseanna is mó a bheidh roimh an Aontas Eorpach as seo go ceann 10 mbliana.
Is é an chéad chéim sa phróiseas ag 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh (AE 27) ná todhchaí Aontais Eorpaigh a chinneadh, agus leanfar leis an bpróiseas trí dhíospóireachtaí a reáchtáil i bpríomhchathracha na hEorpa agus trí shraith páipéar machnaimh a chuirfidh an Coimisiún Eorpach ar fáil maidir le saincheisteanna ar leith.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cuirtear i láthair sa Pháipéar Bán roinnt saincheisteanna a mbeidh tionchar acu ar dhul chun cinn na hEorpa as seo go ceann 10 mbliana:
- Tionchar na forbartha domhanda ar na hathruithe atá ag teacht ar an áit — cuirtear san áireamh an meath atá ag teacht ar dhaonra agus ar thábhacht eacnamaíoch an Aontais de réir mar atá daonra agus eacnamaíoch an domhain ag méadú.
- Athruithe suntasacha ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar — cuirtear cur san áireamh aosú an daonra, ionchas saoil níos faide, an fhorbairt sa tsochaí dhigiteach agus an méadú ar thábhacht teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite.
- Níos mó bagairtí agus cúiseanna imní faoi chúrsaí shlándála agus teorainneacha — aire a thabhairt ar bhagairtí leanúnacha sceimhlitheoireachta agus ar ghéarchéim na ndídeanaithe.
- Iontaobhas agus dlisteanacht á gceistiú — tá béim ar thacaíocht “choinníollach” don Aontas Eorpach agus dá bharr sin, tá gá leis an mbearna idir an gealltanas agus an soláthar a laghdú.
Leagtar amach sa Pháipéar Bán freisin cúig chás féideartha don Aontas Eorpach in 2025:
1.
Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear — díríonn AE 27 ar chlár oibre maidir le hathchóiriú dearfach a chur i bhfeidhm, de réir mheon an phlean “
Clár Oibre an Choimisiúin do 2015: Tús Nua don Eoraip” a eisíodh sa bhliain 2014 agus le
Dearbhú na Bratasláive in 2016.
Faoi 2025, seo an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin:
- D’fheadfadh go mbeidh deacrachtaí ag muintir na hEorpa thiomáineann gluaisteáin uathoibrithe agus nasctha ar thrasnú teorainneacha mar gheall ar bhacainní dlíthiúla agus teicniúla.
- De dheasca dianseiceálacha slándála, d’fhéadfadh go mbeidh ar thaistealaithe dul go dtí an aerfort nó an stáisiún traenach níos luaithe roimh an am imeachta.
2.
An Margadh Aonair agus é sin amháin — de bhrí nach bhfuil AE 27 in ann teacht ar chomhaontú i mórchuid de réimsí beartais tá fócas an Aontais dírithe ar an margadh aonair.
Faoi 2025, seo an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin:
- Tá sé ag éirí níos deacra post a fháil i mBallstát eile san Aontas Eorpach agus níl aon chinnteacht ann gur féidir cearta pinsin a aistriú chuig tír eile.
- D’fhéadfadh go mbeidh costais mhóra leighis le seasamh ag daoine a mbuailtear breoite i mBallstát eile san Aontas Eorpach.
- Is leasc le muintir na hEorpa gluaisteáin nasctha agus uathoibrithe a úsáid de cheal rialacha agus caighdeáin theicniúla ar fud an Aontais Eorpaigh.
3.
Iad sin a bhfuil níos mó uathu, déanann siad níos mó — leanann AE ar aghaidh faoi mar atá sé faoi láthair, ach is ceadmhach do na Ballstáit a bhfuil a fhonn orthu, níos mó a dhéanamh le chéile i réimsí amhail an chosaint, an tslándáil inmheánach agus cúrsaí sóisialta.
Faoi 2025, seo an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin:
- Tá cór póilíní agus breithiúna curtha ar bun ag 15 Bhallstát chun dul i ngleic le gníomhaíochtaí coiriúla trasteorann. Malartaítear faisnéis slándála ar an bpointe de bhrí go bhfuil bunachair sonraí na mBallstát lán-nasctha.
- Tá gluaisteáin nasctha in úsáid go forleathan sna 12 Bhallstát a shocraigh ar rialacha coitianta agus caighdeáin choitianta a úsáid.
4.
Níos lú a dhéanamh, agus é a dhéanamh ar shlí níos éifeachtúla — díríonn AE 27 ar níos mó a dhéanamh, níos tapúla, ach i réimsí beartais ar leith. Dírítear aird agus acmhainní de réir mar is iomchuí.
Faoi 2025, seo an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin:
- Tá údarás teileachumarsáide de chuid AE a bhfuil sé de chumhacht aige minicíochtaí a shaoradh chun slí a dhéanamh do sheirbhísí cumarsáide trasteorann, amhail na cinn a úsáidtear le haghaidh gluaisteáin nasctha. Chomh maith leis sin, cosnaítear na cearta atá ag lucht úsáidte gléasanna móibíleacha agus an idirlín, agus iad san Aontas Eorpach.
- Tá gníomhaireacht frithsceimhlitheoireachta nua de chuid AE ann chun cuidiú le mór-ionsaithe a chosc agus a dhíspreagadh trí dhaoine atá faoi amhras a rianadh agus a chomharthú.
5.
I bhfad níos mó a dhéanamh le chéile — tá sé le socrú ag tíortha AE níos mó cumhachta, níos mó acmhainn agus níos mó den phróiseas cinnteoireachta a roinnt le chéile i ngach réimse beartais. Déantar cinntí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh níos gasta agus cuirtear na cinntí sin i bhfeidhm níos tapúla.
Faoi 2025, seo an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin:
- Tá gluaisteáin nasctha in úsáid go forleathan ar fud na hEorpa mar gheall ar chomhrialacha de chuid AE agus gníomhaireacht de chuid AEa chuireann na comhrialachasin i bhfeidhm.
- Tá saoránaigh a bhíonn ag taisteal thar lear ag fáil cabhair ó sheirbhísí consalachta de chuid AE, agus b’fhéidir gur tháinig na seirbhísí sin in áit seirbhísí náisiúnta i gcásanna áirithe.
CÚLRA
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Páipéar Bán maidir le todhchaí na hEorpa — Machnaimh agus cásanna don AE 27 faoi 2025 (COM(2017) 2025 críoch, 1.3.2017)
Nuashonraithe 05.04.2017
Top