Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Staidreamh i ndáil leis an tsochaí faisnéise

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 — Staidreamh AE i dtaca leis an tsochaí faisnéise

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Féachtar ann le comhchóras ar fud AE a bhunú maidir le bailiú staidrimh ar an ngeilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach.
  • Baintear feidhm as an staidreamh a bailíodh mar bhonn do bheartas agus straitéis AE maidir le forbairt shochaí faisnéise na hEorpa.

PRÍOMHPHOINTÍ

Déanfar an staidreamh a ghrúpáil mar mhodúil faoi mar atá sainithe in 2 iarscríbhinn an rialacháin.

Iarscríbhinn I

  • Modúl 1:

    Fiontair agus an tsochaí faisnéise — cumhdaítear leis sin staidreamh a bhailítear le haghaidh aonad gnó (fiontair).

    • Soláthrófar staidreamh gach bliain ar feadh suas le 5 bliana tagartha ó 2004 i leith.
    • Ábhair — áirítear an méid seo a leanas ar na hábhair — ach ní chumhdófar gach ceann gach bliain:
      • córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus a n-úsáid i ngnóthais,
      • úsáid gnóthas as an idirlíon agus líonraí leictreonacha eile,
      • ríomhthráchtáil,
      • próisis ríomhghnó agus gnéithe eagrúcháin,
      • úsáid fiontar as TFC chun faisnéis agus seirbhísí a mhalartú le rialtais agus riaracháin phoiblí (r-sheirbhísí rialtais),
      • inniúlacht TFC san aonad fiontraíochta agus an gá le scileanna TFC,
      • baic ar úsáid TFC, an idirlín agus líonraí leictreonacha eile, próisis ríomhthráchtála agus ríomhghnó,
      • caiteachas agus infheistíocht TFC,
      • slándáil agus iontaofacht TFC,
      • úsáid as TFC agus a thionchar ar an gcomhshaol (TFC Glas),
      • rochtain ar an idirlíon agus ar theicneolaíochtaí líonra eile agus úsáid astu chun nithe agus gléasanna a nascadh (Idirlíon na nEarraí),
      • rochtain ar theicneolaíochtaí, agus úsáid teicneolaíochtaí, trína soláthraítear an cumas chun dul i gceangal leis an idirlíon nó le líonraí eile ó áit ar bith in am ar bith (lúdracht uileláithreach).
    • Comhaontaítear sonraí beachta na sonraí a bhaileofar mar chuid de na bearta bliantúla cur chun feidhme (féach thíos).
    • Is féidir miondealú a dhéanamh ar na sonraí sin faoi mar a leanas:
    • Tarchuirfidh tíortha AE sonraí comhiomlána chuig Eurostat.

Iarscríbhinn II

  • Modúl 2:

    Daoine aonair, teaghlaigh agus an tsochaí faisnéise.

    • Soláthrófar staidreamh gach bliain ar feadh suas le 5 bliana tagartha ó 2004 i leith.
    • Áirítear ar na hábhair atá cumhdaithe:
      • rochtain ag daoine aonair agus/nó i dteaghlaigh ar TFC agus an-úsáid a bhaintear as,
      • úsáid as an idirlíon agus líonraí leictreonacha eile chun críocha éagsúla ag daoine aonair agus/nó i dteaghlaigh,
      • slándáil agus iontaofacht TFC (2 ghné a bhfuil dlúthbhaint leo, agus braitheann iontaofacht go ginearálta ar shlándáil),
      • inniúlacht agus scileanna TFC,
      • baic ar úsáid TFC agus an idirlíon,
      • éifeachtaí braite úsáid TFC ar dhaoine aonair agus/nó ar theaghlaigh,
      • úsáid daoine aonair as TFC chun faisnéis agus seirbhísí a mhalartú le rialtais agus riaracháin phoiblí (r-sheirbhísí rialtais),
      • rochtain ar theicneolaíochtaí, agus úsáid teicneolaíochtaí, trína gcumasaítear ceangal leis an idirlíon nó le líonraí eile ó áit ar bith in am ar bith (lúdracht uileláithreach).
    • Comhaontófar tréithe socheacnamaíocha cúlra na sonraí a bhaileofar mar chuid de na bearta bliantúla cur chun feidhme.
      • Féadfar an staidreamh ar theaghlaigh a bheith de réir:
        • an cineál teaghlaigh
        • grúpa ioncaim
        • réigiún.
      • Féadfaidh an staidreamh a sholáthraíonn daoine aonair a bheith de réir:
        • aoisghrúpa
        • inscne
        • leibhéal oideachais
        • cás fostaíochta
        • stádas pósta iarbhír
        • tír bhreithe
        • saoránacht
        • réigiún.

Ní mór bearta cur chun feidhme a dhréachtú 9 mí ar a laghad roimh thréimhse bhailithe na sonraí. Dréachtaíonn an Coimisiún Eorpach iad sin le cuidiú ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (a tháinig in ionad an Choiste um an gClár Staidrimh in 2009). Tá an coiste freagrach as tacú leis an gCoimisiún chun an rialachán seo a chur chun feidhme, agus cuimsítear ann ionadaithe thíortha AE agus tá sé faoi chathaoirleacht an Choimisiúin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 20 Bealtaine 2004.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise (IO L 143, 30.4.2004, lgh. 49-55)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 08.09.2017

Top