This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Mharacó
Leis an gcomhaontú bunaítear creat foirmiúil le haghaidh comhair, ina ndírítear ar ghníomhaíochtaí sna réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh, a fhorbairt agus a éascú.
Lena cinneadh, d’fhaomh an Chomhairle tabhairt i gcrích an chomhaontaithe thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois).
Tá na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcomhaontú bunaithe ar shraith prionsabal:
Cumhdaítear faoin gcomhaontú raon gníomhaíochtaí comhoibríocha indíreacha idir eintitis dhlíthiúla1 a bunaíodh i Maracó agus san Aontas Eorpach trí rannpháirtíocht eintiteas dlíthiúil Mharacó i gCreatchlár an Aontais Eorpaigh um Thaighde agus Nuálaíocht agus rannpháirtíocht chómhalartach eintiteas dlíthiúil arna mbunú san Aontas Eorpach i gcláir nó i dtionscadail taighde Mharacó faoi réir téarmaí agus coinníollacha arna mbunú ag nó dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II den chomhaontú.
Féadfaidh comhar a bheith ar na foirmeacha agus na modhanna seo a leanas freisin:
Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an ar feadh tréimhse éiginnte. Féadfaidh aon cheann de na páirtithe an comhaontú a fhoirceannadh am ar bith le fógra scríofa 6 mhí.
Tá an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus Maracó á rialú go príomha ag an gComhaontú Eora-Meánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha (an tAontas Eorpach anois) agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (féach achoimre anseo).
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi chomhar Taighde agus Nuálaíochta (T&N) le Maracó, féach:
Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Mharacó (IO L 37, , lgh. 9-15)
Cinneadh 2004/126/CE ón gComhairle maidir leis an gComhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Mharacó a thabhairt chun críche (IO L 37, , lch. 8)
nuashonrú is deireanaí