Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Leis an rialachán, ar a dtugtar an Gníomh um Shonraí chomh maith, tugtar aghaidh ar roinnt dúshlán agus deiseanna a bhaineann le sonraí1 san Aontas Eorpach (AE), lena dtugtar chun suntais rochtain chothrom agus cearta úsáideoirí, ag áirithiú go bhfuil sonraí pearsanta á gcosaint. Áirítear leis na haidhmeanna:
dáileadh cothrom na dtairbhí a eascraíonn as sonraí i measc páirtithe leasmhara a áirithiú;
margadh iomaíoch sonraí a spreagadh;
deiseanna a chur ar fáil le haghaidh nuálaíocht sonraíbhunaithe; agus
sonraí, go háirithe sonraí a ghintear le táirgí nasctha, a dhéanamh níos inrochtana.
PRÍOMHPHOINTÍ
Áirithítear leis an rialachán cothroime i leithdháileadh luach na sonraí i measc na bpáirtithe leasmhara sa gheilleagar sonraí. Soiléirítear leis cé is féidir leas a bhaint as na sonraí agus cad iad na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhféadfar iad a úsáid.
Chun na críche sin, áirítear leis bearta lena chur ar chumas úsáideoirí táirgí nasctha, idir ghutháin phóca agus fearais chliste tí agus mheaisíní cliste tionsclaíocha, rochtain a fháil ar shonraí a ghintear óna n–úsáid. Ina theannta sin, tá bearta ann chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú i ndáil le rochtain agus úsáid sonraí, go háirithe i gcomhthéacs táirgí nasctha, amhail:
rialacha soiléire maidir le húsáid incheadaithe sonraí agus na coinníollacha atá i bhfeidhm;
dreasachtaí leanúnacha do shealbhóirí sonraí chun infheistíocht a dhéanamh i nginiúint sonraí ardchaighdeáin;
rialacha lena n–éascaítear aistriú réidh sonraí luachmhara idir sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí agus rúndacht á coimeád;
dreasachtaí lena spreagtar níos mó daoine aonair agus eintiteas, beag beann ar a méid, chun páirt a ghlacadh sa gheilleagar sonraí;
rialacha maidir le cearta úsáideoirí chun sonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe;
rialacha maidir le rúin trádála agus cearta maoine intleachtúla a chosaint, mar aon le cosaintí i gcoinne iompar drochídeach; agus
córas cúitimh réasúnta chun sonraí a chur ar fáil agus sásra réitigh díospóidí.
Áirítear an méid a leanas le bearta eile.
Laghdú a dhéanamh ar mhí–úsáid conarthaí mídhleathacha lena gcuirtear bac ar chomhroinnt sonraí cothroma. Is éard atá i gceist leis sin:
fiontair a chosaint ar théarmaí conarthacha éagóracha arna bhforchur ag páirtithe i suíomhanna níos láidre ar an margadh; agus
foclaíocht conarthaí eiseamláireacha a fhorbairt chun cuidiú le rannpháirtithe sa mhargadh conarthaí cothroma comhroinnte sonraí a dhréachtú agus a idirbheartú.
A chur ar chumas comhlachtaí earnála poiblí sonraí áirithe atá i seilbh na hearnála príobháidí a rochtain agus a úsáid, mar shampla chun cuidiú leo freagairt d’éigeandálaí poiblí.
Éascaíocht a dhéanamh ar athrú idir soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí chun an margadh aonair don néalríomhaireacht san Aontas a scaoileadh, agus muirir um athrú a aistarraingt de réir a chéile, rud a chuirfidh le hidir–inoibritheacht2 sonraí níos éifeachtaí.
Sonraí a fhaightear trí tháirgí nasctha a dhíolmhú ó fhorálacha Threoir 96/9/CE, an treoir maidir le bunachar sonraí.
Cosaint a thabhairt ar rochtain neamhdhleathach rialtais tríú páirtí ar shonraí neamhphearsanta.
Ní bhaineann an rialachán seo le gníomhartha dlíthiúla AE nó náisiúnta lena ndéantar foráil i leith sonraí a chomhroinnt, a rochtain agus a úsáid chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, nó chun críocha custaim agus cánachais.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tháinig an rialachán i bhfeidhm an agus beidh feidhm aige ón .
Sonraí. Aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, fíricí nó faisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n–áirítear i bhfoirm taifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc.
Idir–inoibritheacht. Cumas dhá cheann nó níos mó de spásanna sonraí nó de líonraí, córais, táirgí nasctha, feidhmchláir, seirbhísí próiseála sonraí nó comhpháirteanna cumarsáide a bheith ábalta sonraí a mhalartú agus a úsáid chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí) (IO L, 2023/2854, ).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla (IO L 191, , lgh. 118–180).
Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 191, , lgh. 181–190).
Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, , lgh. 1–102).
Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L 172, , lgh. 79–109).
Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n–aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, , lgh. 1–27).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2020/1828 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, , lgh. 1–27).
Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach (IO L 303, , lgh. 59–68).
Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, , lgh. 1–26).
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, , lgh. 1–88).
Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, , lgh. 1–18).
Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, , lgh. 73–117).
Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, , lgh. 30–47).