Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta sriantacha i leith ISIL/Da’esh agus Al-Qaeda

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe a bhaineann le Usama bin Laden, líonra Al-Qaeida agus an Talaban, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 467/2001

Cinneadh (CBES) 2016/1693 — maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine, grúpaí, gnóthas agus eintiteas a bhaineann leo

Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Féachtar le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 le bearta sriantacha sonracha a thabhairt isteach atá le glacadh i gcoinne Usama bin Laden, bhaill eagraíocht Al-Qaeda, an Talaban agus daoine, grúpaí, gnóthas agus comhlachtaí eile a bhaineann leo de bharr a róil i sceimhlitheoireacht. Cuirtear chun feidhme leis Comhsheasamh 2002/402/CBES (a aisghaireadh níos déanaí le Cinneadh (CBES) 2016/1693 — féach an chéad phointe urchair eile), lenar tugadh éifeacht i ndlí an Aontais Eorpaigh (AE) do shraith rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar an tsaincheist.
  • Le Cinneadh (CBES) 2016/1693 aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBESmaidir le bearta sriantacha i gcoinne bhaill eagraíochtaí ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus i gcoinne daoine aonair agus cuideachtaí a bhaineann leo, agus cuirtear an cinneadh sin ina ionad. Tugtar isteach leis reo sócmhainní chun díriú ar dhaoine nádúrtha nó ar dhaoine dlítheanacha, ar eintitis nó ar chomhlachtaí a chomhlíonann na critéir ábhartha.
  • Féachtar le Rialachán (AE) 2016/1686 le bearta uathrialacha an Aontais i gCinneadh (CBES) 2016/1693 a chur chun feidhme chun bagairt sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda a chomhrac tuilleadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialachán (CE) Uimh. 881/2002

  • Ceanglaítear leis an rialachán go reofar na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha go léir ar le daoine, eintitis, comhlachtaí nó grúpaí atá liostaithe ina Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn Ia iad, lena n–áirítear tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann, go díreach nó go hindíreach, agus na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha go léir atá faoina n–úinéireacht, atá á sealbhú acu nó atá á rialú acu, go díreach nó go hindíreach.
  • Ní fhéadfar aon chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis, comhlachtaí nó grúpaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I ná iad a chur ar fáil chun tairbhe dóibh. Baineann an toirmeasc sin freisin le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a úsáidtear chun óstáil idirlín agus seirbhísí gaolmhara sholáthar a úsáidtear chun tacú leis na daoine sin, chun airgead fuascailte a íoc nó chun trádáil dhíreach nó indíreach i dtáirgí ola, scaglanna modúlacha agus ábhar gaolmhar lena n–áirítear ceimiceáin agus bealaí, mar aon le hacmhainní nádúrtha eile.

Cinneadh (CBES) 2016/1693 agus Rialachán (AE) 2016/1686

I mí Mheán Fómhair 2016, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh agus rialachán lenar ceadaíodh don Aontas Eorpach, den chéad uair riamh, smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar bhonn uathrialaitheach ar ISIL or Al-Qaeda agus ar dhaoine aonair nó ar ghrúpaí, ar ghnóthais nó ar eintitis a thacaíonn leo. Roimhe sin, ní fhéadfaí smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ach maidir le daoine agus eintitis atá liostaithe ag na Náisiúin Aontaithe nó ag Ballstáit AE ag gníomhú ina n–aonar. Rinneadh an dá ghníomh sin a leasú le himeacht ama agus déantar an méid seo a leanas leo:

  • cuirtear toirmeasc ar sholáthar, díolachán, aistriú nó onnmhairiú díreach nó indíreach arm nó trealaimh mhíleata de gach cineál, lena n–áirítear
    • airm agus armlón,
    • feithiclí agus trealamh míleata,
    • trealamh paraimíleata agus páirteanna spártha;
  • cuirtear cosc ar sholáthar agus cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata agus le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid arm agus trealaimh mhíleata lena mbaineann;
  • cuirtear cosc ar mhaoiniú nó ar chúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, lena n–áirítear, go sonrach:
    • deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin,
    • árachas agus athárachas maidir le díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm agus trealaimh mhíleata lena mbaineann,
    • cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí gaolmhara ar bith eile go díreach nó go hindíreach do dhuine aonair, do ghrúpa, do ghnóthas nó d’eintiteas;
  • tugtar isteach toirmeasc taistil ar dhaoine aonair:
    • san Iarscríbhinn leis an gcinneadh leagtar amach an liosta de dhaoine aonair nach mór do na Ballstáit cosc a chur orthu iontráil ina gcríocha nó dul trína gcríocha;
    • féadfar an Iarscríbhinn a leasú le cinneadh d’aon ghuth ón gComhairle;
  • tugtar isteach reo sócmhainní ar dhaoine aonair agus ar chuideachtaí a aithneofar go bhfuil baint acu le ISIL nó Al-Qaeda:
    • in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán liostaítear na daoine aonair, na cuideachtaí, na heintitis agus na comhlachtaí a ndéantar a gcistí agus a n–acmhainní eacnamaíocha a reo (lena n–áirítear tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann nó ar ordú uathu),
    • ní bheidh cistí nó acmhainní eacnamaíocha ar bith ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do na daoine, na cuideachtaí, na heintitis nó na comhlachtaí sin,
    • déanann an Chomhairle athbhreithniú ar Iarscríbhinn I ag eatraimh rialta agus gach 12 mhí ar a laghad.

CÉN UAIR A BHEIDH FEIDHM AG NA RIALACHÁIN AGUS AG AN GCINNEADH?

  • Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón .
  • Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2016/1693 agus Rialachán (AE) 2016/1686 ón .

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach le Usama bin Laden, líonra Al-Qaida agus an Talaban, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 467/2001 lena gcuirtear cosc ar earraí áirithe a onnmhairiú go dtí an Afganastáin, lena neartaítear an cosc ar eitiltí agus lena leathnaítear an reo cistí agus acmhainní eile airgeadais i ndáil le Talaban na hAfganastáine (IO L 139, , lch. 9–22).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine, grúpaí, gnóthas agus eintiteas a bhaineann leo agus lena n–aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, , lgh. 25–32).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an lena bhforchuirtear bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo (IO L 255, , lgh. 1–11).

Féach an leagan comhdhlúite.

nuashonrú is deireanaí

Top