Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ionstraimí airgeadais seachtracha AE a chur i ngníomh

Cuirtear ar bun faoin rialachán seo creat ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na mbeart arna maoiniú ag ionstraimí beartais eachtraigh an Aontais Eorpaigh (AE). Cruinníodh na príomhnósanna imeachta in aon ghníomh dlíthiúil amháin, gníomh ina shonraítear na rialacha is infheidhme maidir le cláir gnímh agus le tionscadail aonair ar an ábhar seo.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú.

ACHOIMRE

Ghlac AE le raon ionstraimí airgeadais chun tacú lena ghníomh seachtrach don tréimhse 2014-20, eadhon:

Sonraítear na nithe seo a leanas agus cinntí airgeadais á nglacadh maidir leis na hionstraimí seo: na gníomhartha a ghlacfar, a gcuspóirí agus na torthaí ionchasacha, mar aon le buiséad agus tráthchlár táscach.

Glacadh le rialacha coiteanna simplithe trí bhíthin an rialacháin ghinearálta seo um chur i bhfeidhm, rud a chinnteoidh go bhfeidhmeoidh na hionstraimí seo go éifeachtúil.

CLÁREAGRÚ AIRGEADAIS TÁSCACH

Ní mór go gcloífeadh gach ionstraim airgeadais le cláreagrú ilbhliantúil táscach ionas gur féidir gníomhartha a chur i bhfeidhm thar roinnt blianta más gá. Is féidir cinntí maoinithe a dhéanamh i bhfoirm clár gníomhaíochta bliantúilbeart speisialta (má thagann cásanna nó riachtanais gan choinne chun cinn).

Féadfar bearta tacaíochta teicniúla a mheas chomh maith (mar shampla, tacaíocht riaracháin, ullmhú tionscadail agus faireachán a dhéanamh ar chostais).

AN CINEÁL MAOINITHE

Féadfar cúnamh airgeadais AE d’fhoirmeacha éagsúla a sholáthar, amhail:

  • fóirdheontais;
  • soláthar seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha;
  • ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais arna mbunú ag an Choimisiún;
  • tacaíocht bhuiséadach;
  • ionstraimí airgeadais amhail iasachtaí nó ráthaíochtaí airgeadais arna soláthar ag an Bhanc Eorpach Infheistíochta.

Na gníomhartha arna maoiniú, ní mór go gcloífidís chomh maith leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán Airgeadais AE agus go mbeadh meas acu ar leasanna airgeadais AE.

Ní mór go leithdhálfaí na hacmhainní atá ar fáil ar bhealach a n-uasmhéadódh éifeachtúlacht agus tionchar foriomlán na ngníomhartha agus a neartódh a gcomhleanúnacht agus a gcomhlántacht.

RANNPHÁIRTÍOCHT NA SOCHAÍ SIBHIALTA AGUS GNÍOMHAIRÍ ÁITIÚLA

Ba cheart go mbeadh ról tábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag údaráis áitiúla i gcur i bhfeidhm na ngníomhartha, go háirithe i ngníomhartha a ullmhú agus a chur i bhfeidhm agus i bhfaireachán a dhéanamh orthu. Ba cheart go n-oibreodh eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí forbartha le heagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) ar an fhód.

Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh na gníomhartha go léir atá molta bunaithe ar phrionsabail chur chun cinn an daonlathais agus chosaint chearta an duine i dtíortha is faighteoirí.

INFHEICTHEACHT CISTÍ AE AGUS FAIREACHÁN

Cuirtear meáin ar fáil faoin rialachán chun infheictheacht an chúnaimh AE a chinntiú. Ní mór go gcinnteodh an Coimisiún go ndéanfaí faireachán ar gach ionstraim airgeadais agus go ndéanfaí amhlaidh agus leas á bhaint as táscairí soiléire, trédhearcacha agus intomhaiste. Más gá, féadfar tionchar na ngníomhartha a mheas go seachtrach.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 236/2014

1.1.2014

-

IO L 77, 15.3.2014, lgh. 95-108

Nuashonrú is déanaí: 30.06.2014

Top