Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí i gcógais leighis nuálacha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 557/2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas maidir leis Tionscnamh Comhpháirteach Teicneolaíochta um Chógais Leighis Nuálacha 2

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an dara céim den Comhghnóthas maidir leis an Tionscnamh Comhpháirteach Teicneolaíochta (IMI) um Chógais Leighis Nuálacha le haghaidh na tréimshe 2014 go 2020.

Tá sé mar aidhm le Comhghnóthas IMI 2 vacsaíní, cógais agus cóir leighis nua a fhorbairt. Déantar é sin trí chomhthionscadail taighde a théann i ngleic le dúshláin sláinte na hEorpa agus lena áiritheofar sé go gcosnaítear iomaíochas thionscal cógaisíochta na hEorpa.

PRÍOMHPHOINTÍ

Aidhmeanna

  • méadú 30 % ar líon na dtrialacha cliniciúla i gcógais thosaíochta a n–éiríonn leo, cógais thosaíochta arna sainaithint ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte;
  • cruthúnas cliniciúil an choincheapa (i.e. triail) i ngalair imdhíoneolaíocha, riospráide, néareolaíochta agus néaraimheathlúcháin laistigh de 5 bliana go díreach;
  • comharthaí diagnóiseacha agus cóireála (i.e. táscairí de phróiseas nó de ghalar paiteolaíoch nó fiseolaíoch) le haghaidh 4 ghalar;
  • 2 chógas leighis nua ar a laghad (don fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh nó do ghalar Alzheimer).

Clár Oibre Taighde Straitéisigh

Dírítear in IMI 2 ar 4 réimse taighde:

  • 1.

    bailíochtú spriocanna agus taighde bithchomhartha* (éifeachtúlacht agus sábháilteacht);

  • 2.

    paraidímí nuálacha maidir le trialacha cliniciúla, a ghlacadh;

  • 3.

    cógais leighis nuálacha;

  • 4.

    cláir chomhlíonta a ceapadh don othar (líon na n–othar a thógann an cógas leighis a ordaítear dóibh, mar a threoraítear).

Cuid de na tosaíochta sláinte a rachaidh comhghnóthas IMI i ngleic leo:

  • frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh;
  • oisté-airtríteas;
  • galair chardashoithíocha;
  • diaibéiteas;
  • galair néaraimheathlúcháin;
  • galair shíciatracha;
  • galair riospráide;
  • galair trí mheán imdhíonachta (a bhfuil gníomhaíocht an chórais imdhíonachta ina cúis leo, amhail galar céiliach);
  • galair a bhaineann le haosú;
  • ailse;
  • galair neamhchoitianta/dhílleachta (galair nach gcuireann isteach ach ar chéatadán beag den daonra);
  • vacsaíní.

Bainistíocht

  • Is eintiteas dlíthiúil é Comhghnóthas IMI 2 a cuireadh ar bun faoi Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déantar foráil san airteagal seo i leith comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha ar an leibhéal Eorpach sa réimse maidir le taighde tionsclaíoch.
  • Déanann an Comhghnóthas a chlár oibre taighde straitéisigh féin a leagadh amach agus cuireann sé maoiniú ar fáil do le haghaidh tionscadail a roghnaítear i ndiaidh glaonna ar thograí a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin Chomhghnóthas IMI 2. Mar riail ghinearálta, cuireadh an Comhghnóthas rialacha Fis 2020 i bhfeidhm le haghaidh rannpháirtíochta; tá na heisceachtaí maidir leis an riail sin sonraí ar Rialachán (AE) Uimh. 622/2014. Níl mórchuideachtaí cógaisíochta Eorpacha i dteideal cistiúchán a fháil, áfach.
  • Déanann Bainisteoir Feidhmiúcháin an Comhghnóthas a bhainistiú, le tacaíocht ón bhfoireann san Oifig Feidhmiúcháin. Tá Bord Rialaithe aige atá chomhdhéanta de líon comhionann ón tionscal agus ón gCoimisiún Eorpach. Tá an bord sin freagrach go foriomlán as oibríochtaí an chomhghnóthais agus déanann sé maoirseacht ar chur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí.
  • Cuireann Coiste Eolaíochta comhairle ar fáil dó faoi thosaíochtaí eolaíochta. Tá ann freisin do Ghrúpa Ionadaithe Stáit ar a bhfuil ionadaithe ó na tíortha lena mbaineann, chomh maith le Fóram Páirtithe Leasmhara.
  • Comhlíontar na rialacha vótála arna mbunú ag an gComhghnóthas agus cinntí á ndéanamh.
  • Déantar foráil in Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais AE (Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012) do rialacha nua saincheaptha éadroma le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí AE.

Buiséad

Gheobhaidh IMI 2 suas le EUR 1.638 billiún ón Aontas Eorpach don tréimhse go dtí 2024. Tá EUR 1,425 bhilliún eile curtha i leataobh ag an tionscal cógaisíochta ina leith sin (síntiúis chomhchineáil). Tagann cistiúchán breise ó thionscail nó ó eagraíochtaí eolaíochta beatha eile, a chinneann cur le IMI 2 mar bhaill nó mar pháirtithe gaolmhara i gcás tionscadal ar leith. Féach an Comhghnóthas freisin sineirgí a fhorbairt le Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 27 Meitheamh 2014.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bithchomharthaí: táscairí bitheolaíochta a úsáidtear chun daoine a aithint atá tograch do ghalair áirithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 557/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Tionscnamh Comhpháirteach Teicneolaíochta um Chógais Leighis Nuálacha 2 (IOL 169, 7.6.2014, lgh. 54-76).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 622/2014 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2014 lena mbunaítear maolú ó Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle “Fis Nua 2020 — maidir leis an gcreatchlár um thaighde agus um nuálaíocht (2014-2020)” maidir leis an Tionscnamh Comhpháirteach Teicneolaíochta um Chógais Leighis Nuálacha 2 (IO L 174, 13.6.2014, lgh. 7-11)

Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh i “bhFis Nua 2020 — an Creatchlár um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014–2020)” agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 81-103)

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Fis Nua 2020 — an Creatchlár um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020)” agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 104-173)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 21.08.2018

Top