Saoire Thuismitheoireachta
ACHOIMRE AR:
Treoir 2010/18/AE maidir leis an gcomhaontú réime athbhreithnithe um shaoire thuismitheoireachta
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Cuirtear an Comhaontú Réime leasaithe maidir le saoire thuismitheoireachta arna chur i gcrích ag comhpháirtithe sóisialta na hEorpa an 18 Meitheamh 2009 i bhfeidhm léi.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Tá oibrithe i dteideal saoire thuismitheoireachta nuair a saolaíonn nó nuair a uchtaíonn siad leanbh. Is féidir an tsaoire sin a ghlacadh go dtí go mbeidh aois slánaithe ag an leanbh a chinnfear leis an dlí náisiúnta agus/nó le comhaontuithe comhchoiteanna, ach sula mbeidh an leanbh 8 mbliana d’aois.
- Baineann an Treoir seo go cothrom le gach oibrí, idir fhir agus mhná, beag beann ar a gcineál conradh fostaíochta (conradh neamhiata, téarma seasta, páirtaimseartha nó sealadach).
- Ní mór saoire thuismitheoireachta a dheonú ar feadh tréimhse 4 mhí ar a laghad mar cheart aonair na beirte tuismitheoirí. I bprionsabal, ba cheart go mbeadh oibrithe ábalta a gcuid saoire ar fad a ghlacadh. Dá bhrí sin níor cheart a bheith ábalta í a aistriú ó thuismitheoir amháin go tuismitheoir eile. Mar sin féin, féadfar aistrithe den sórt sin a údarú ar an gcoinníoll go gcoinneoidh gach tuismitheoir ar a laghad 1 mhí de na 4 mhí saoire, d’fhonn glacadh níos cothroime saoire thuismitheoireachta ag an mbeirt tuismitheoirí a spreagadh. Leagtar síos íoschaighdeáin sa treoir ionas gur féidir le Ballstáit an Aontais rialacha níos fabhraí a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach.
Glacadh saoire
- Sainítear na coinníollacha um rochtain ar shaoire agus na cúinsí a bhaineann le saoire a ghlacadh leis an dlí náisiúnta agus/nó le comhaontuithe comhchoiteanna. Mar shampla, féadfaidh Ballstáit agus/nó na comhpháirtithe sóisialta:
- soláthar a dhéanamh chun saoire a thabhairt ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha, de réir a chéile nó i bhfoirm córas creidmheas ama, ina gcuirtear riachtanais na bhfostóirí agus na n-oibrithe araon san áireamh;
- an ceart chun saoire thuismitheoireachta a chur faoi réir coinníollach maidir le fad seirbhíse nach mó ná 1 bhliain. Más infheidhme, ríomhfar an tréimhse sin ag cur san áireamh na conarthaí téarma seasta as a chéile a cuireadh i gcrích leis an bhfostóir céanna;
- na cúinsí faoina bhfuil an fostóir i dteideal saoire a chur siar a údarú ar chúiseanna a bhfuil údar leo maidir le hoibriú na heagraíochta;
- socruithe speisialta a údarú chun oibriú cuí gnóthas beag a chinntiú.
- Ní mór d’oibrithe ar mian leo saoire thuismitheoireachta a ghlacadh fógra a thabhairt don fhostóir. Ní mór an tréimhse fógra a shonrú i ngach Ballstát, agus leasanna oibrithe agus fostóirí araon á gcur san áireamh.
- Spreagtar Ballstáit agus/nó na comhpháirtithe sóisialta sa Treoir chomh maith chun bearta agus/nó na coinníollacha sonracha a shainiú maidir le saoire a ghlacadh ag tuismitheoirí uchtála agus tuismitheoirí leanaí faoi mhíchumas nó a bhfuil tinneas fadtéarmach orthu.
Filleadh ar an obair agus neamh-idirdhealú
- I ndiaidh dóibh saoire thuismitheoireachta a ghlacadh, beidh an ceart ag oibrithe filleadh ar an bpost céanna. Mura féidir é sin a dhéanamh, ní mór don fhostóir post coibhéiseach nó comhchosúil a sholáthar dóibh atá ag teacht lena gconradh fostaíochta nó lena gcaidreamh fostaíochta.
- Lena chois sin, maidir le cearta faighte nó cearta atá á bhfáil ag an oibrí an dáta ar a dtosaíonn an tsaoire thuismitheoireachta:
- ní mór go seasfadh siad go dtí deireadh na saoire;
- ní mór dóibh a bheith i bhfeidhm ag deireadh na saoire, mar aon le gach athrú a eascraíonn as an dlí náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna agus/nó cleachtas.
- Mar an gcéanna, ní mór oibrithe a chosaint i gcoinne córa is lú fabhar nó dífhostaithe ar fhorais iarratas a dhéanamh ar shaoire thuismitheoireachta nó ar fhorais saoire thuismitheoireachta a ghlacadh.
- Déanann Ballstáit agus/nó na comhpháirtithe sóisialta cinneadh maidir leis na cúrsaí ar fad i dtaca le slándáil shóisialta agus ioncam maidir le saoire thuismitheoireachta. Dá bhrí sin, ní áirítear sa chomhaontú rialacha maidir le tuarastal nó cúiteamh a íoc le linn saoire thuismitheoireachta.
- Ar deiridh, nuair a fhillfidh siad ar an obair, ní mór d’oibrithe a bheith ábalta athruithe ar a n-uaireanta oibre agus/nó ar a bpatrúin oibre ar feadh tréimhse ama socraithe a iarraidh. Ní mór d’fhostóirí iarratais dá leithéid a bhreithniú agus a fhreagairt, ag cur san áireamh riachtanais na bhfostóirí agus na n-oibrithe araon.
Saoire ar fhorais “force majeure” (cúinsí gan choinne)
- Féadfaidh oibrithe saoire a iarraidh ar fhorais force majeure ar chúiseanna teaghlaigh fosta. Is féidir saoire dá leithéid a iarraidh go háirithe i gcásanna tinnis nó timpiste sa chás go mbeadh fáil láithreach an oibrí laistigh den teaghlach fíorthábhachtach.
Aisghairm
Déanfar an treoir a aisghairm leis an treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil (2019/1158/AE) le héifeacht ón 2 Lúnasa 2022.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm léi ón 7 Aibreán 2010 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 8 Márta 2012.
Déanfar an treoir a aisghairm leis an treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil (Treoir (AE) 2019/1158 – féach achoimre) le héifeacht ón 2 Lúnasa 2022.
CÚLRA
Tá an Comhaontú seo mar thoradh ar Chomhaontú Réime an 14 Nollaig 1995 maidir le saoire thuismitheoireachta, dár tugadh éifeacht dhlíthiúil le Treoir 96/34/CE ón gComhairle.
Is bealach níos fearr é chun freagrachtaí gairmiúla agus tuismitheora oibrithe a réiteach agus chun caitheamh comhionann le fir agus le mná a chur chun cinn.
Cuirtear chun feidhme é le treoir ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 155(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2010/18/AE ón gComhairle an 8 Márta 2010 lena ndéantar an Comhaontú Réime athbhreithnithe um shaoire do thuismitheoirí a thug BUSINESSEUROPE, UEAPME, CEEP agus CEC chun críche a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Treoir 96/34/CE (IO L 68, 18.3.2010, lgh. 13-20).
Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leantacha ar Threoir 2010/18/CE a chorprú sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha amháin atá an leagan comhdhlúite seo.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lgh. 79-93).
Nuashonraithe 03.02.2022