Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú

ACHOIMRE

Chuir an tAontas Eorpach (AE) bearta i bhfeidhm chun na héifeachtaí díobhálacha don chomhshaol agus don tsláinte a chosc nó a laghdú, a bhaineann le dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Cuirtear bearta i bhfeidhm faoin Treoir 2006/21/CE chun an dramhaíl a bhainistiú go sábháilte, dramhaíl a bhaineann le heastóscadh, le cóireáil agus le stóráil acmhainní mianracha, agus le hoibriú na gcairéal.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór d’oibreoir saoráide cead a fháil chun saoráid dramhaíola don tionscal eastóscach a reáchtáil. Leagtar rialacha síos sa treoir, maidir le ceadanna a thabhairt d’oibreoirí, le haghaidh na n-údarás a ainmnítear ag tíortha AE.

Ní mór do na húdaráis bearta a dhéanamh nuair a thógtar saoráid nua nó nuair a athraítear na gnéithe seo a leanas maidir le saoráid reatha:

  • suíomh;
  • cobhsaíocht fhisiciúil;
  • cosc ar thruailliú ithreach, aeir agus uisce;
  • monatóireacht agus iniúchadh;
  • an tsaoráid a dhúnadh, athshlánú na talún agus an tréimhse i ndiaidh don tsaoráid a dhúnadh.

Saoráidí dramhaíola de chatagóir A*

Ní mór d’oibreoirí saoráidí de chatagóir A (lena mbaineann rioscaí áirithe sláinte agus comhshaoil) na rudaí seo a leanas a dhréachtú:

  • polasaí maidir le cosc ar thionóiscí agus córas bainistíochta dramhaíola;
  • plean inmheánach éigeandála ina shonraítear na bearta atá le glacadh ar an láithreán i gcás tionóisce.

Tugtar sainmhíniú breise ar na critéir aicmithe le haghaidh saoráidí de chatagóir A i gCinneadh 2009/337/CE.

Ní mór do na húdaráis náisiúnta pleananna seachtracha éigeandála a dhréachtú ina sonraítear na bearta atá le glacadh lasmuigh den láithreán i gcás tionóisce.

Ní mór do na hoibreoirí ráthaíocht airgeadais a thabhairt chun a chinntiú go bhfuil ceanglais na treorach cumhdaithe sula gcuirfear tús le hoibríochtaí. Chomh maith leis sin, ní mór dóibh a chinntiú go bhfuil dóthain cistiúcháin ar fáil chun an láithreán a athchóiriú i ndiaidh don tsaoráid a dhúnadh.

Sainmhínítear i gCinneadh 2009/335/CE na treoirlínte teicniúla maidir le ráthaíochtaí airgeadais a chur ar bun.

Bainistíocht dramhaíola

Ní mór d’oibreoirí plean bainistíochta dramhaíolaa dhréachtú a dhéanann giniúint dramhaíola a chosc nó a laghdú, agus a spreagann aisghabháil dramhaíola agus diúscairt shábháilte dramhaíola. Ní mór do na húdaráis athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean sin gach 5 bliana.

Ní mór do na rudaí seo a leanas a bheith curtha san áireamh sa phlean:

  • cur síos ar an dramhaíl agus ar thréithriú na dramhaíola (.i. gnéithe ceimiceacha, fisiceacha agus geolaíocha na dramhaíola). Tugtar tuilleadh sonraí i gCinneadh 2009/360/CE faoi na ceanglais theicniúla le haghaidh thréithriú na dramhaíola, atá leagtha síos in Iarscríbhinn II den treoir. Ina theannta sin, comhlánaítear sainmhíniú ar an dramhaíl thámhach i gCinneadh 2009/359/CE;
  • cur síos ar na substaintí a úsáidtear chun acmhainní mianracha a phróiseáil agus cur síos ar na modhanna a úsáidtear chun an dramhaíl a iompar agus a phróiseáil;
  • nósanna imeachta rialaithe agus monatóireachta;
  • bearta maidir leis an tsaoráid a dhúnadh agus le faireachán a dhéanamh uirthi ina dhiaidh sin;
  • bearta coisctheacha don truailliú uisce agus don truailliú ithreach.

Ní mór do na húdaráis a chinntiú go bhfuil bearta curtha i bhfeidhm ag na hoibreoirí chun éilliú uisce agus ithreach a chosc, go háirithe trí:

  • ghiniúint láisteáite (.i. aon leacht a shíothlaíonn tríd an dramhaíl, siltean truaillithe san áireamh) a mheas agus a chosc, ionas nach ndéanfar an t-uisce dromchla agus an screamhuisce a éilliú le dramhaíl;
  • uisce éillithe agus láisteáit a bhailiú agus a chóireáil ionas go ndéanfar iad a sceitheadh.

Maidir le húsáid ciainíde in eastóscadh mianraí, cuirtear bearta i bhfeidhm faoin treoir seo a bhfuil mar chuspóir acu tiúchan na ciainíde i linnte fuíll* agus sa dramhuisce a theorannú.

Iniúchtaí agus tuarascálacha

Ní mór do na húdaráis iniúchadh a dhéanamh ar shaoráidí dramhaíola go rialta, i ndiaidh dóibh a dhúnadh freisin. Ní mór d’oibreoirí taifid atá cothrom le dáta a choimeád de na hoibríochtaí uile agus na taifid sin a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag na húdaráis. Gach 3 bliana, bíonn ar na tíortha AE tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na treorach a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN TREOIR SEO?

Ón 1 Bealtaine, 2006 ar aghaidh.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

  1. * Saoráidí dramhaíola de chatagóir A: aicmítear saoráid dramhaíola mar shaoráid dramhaíola de chatagóir A sna cásanna seo a leanas:
  2. * Linnte fuíll: is éard is fuíll ann ná smionagar agus eisiltigh (cuid díobh ceimiceach, amhail ciainíd) ón bpróiseas mianadóireachta. Is minic a sheoltar na fuíll chuig linnte chun dríodrú a dhéanamh orthu agus chun na solaid éagsúla a dheighilt ón uisce.
  3. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

GNÍOMH

Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le dramhaíl ó thionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE - Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

nuashonrú is deireanaí

Top