Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cúnamh macra-airgeadais don Mholdóiv

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2022/563 lena gcuirtear cúnamh macra-airgeadais ar fáil don Mholdóiv

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Is é is aidhm dó tacaíocht airgeadais a chur ar fáil go pras don Mholdóiv chun a hathléimneacht a neartú sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, chun tacú lena cobhsú eacnamaíoch agus lena clár oibre athchóirithe, agus chun comhardú na n-íocaíochtaí a chumhdach.

PRÍOMHPHOINTÍ

An caidreamh idir an tAontas agus an Mholdóiv

Tacaíocht mhacra-airgeadais

  • Tá cúnamh macra-airgeadais (MFA) ar fáil do thíortha atá cumhdaithe ag beartas comharsanachta na hEorpa agus a bhfuil dian-ghéarchéim iontu maidir le comhardú na n-íocaíochtaí. Cuirtear ar fáil é ar bhonn eisceachtúil agus sealadach agus tá sé mar aidhm leis aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha maoinithe sheachtraigh tíre agus tacú le hathchóirithe beartais eacnamaíoch.
  • Táthar ag súil go n-oibreoidh CMA an Aontais in éineacht le tacaíocht bhuiséadach ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/947 (féach achoimre).

Cúnamh macra-airgeadais don Mholdóiv

  • Mar a bunaíodh trí leasú a dhéanamh ar Chinneadh (AE) 2023/1165, cuirfidh an tAontas €295 milliún ar fáil don Mholdóiv chun tacú lena cobhsú eacnamaíoch agus lena clár oibre substainteach um athchóiriú.
  • Cuirfear suas le €220 milliún ar fáil in iasachtaí agus suas le €75 milliún i ndeontais.
  • Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach na cistí riachtanacha a fháil ar iasacht ar mhargaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar iasacht don Mholdóiv. Tá meánaibíocht uasta 15 bliana ag na hiasachtaí.
  • Is é an Coimisiún a bhainistíonn eisiúint an chúnaimh macrairgeadais.
  • Cuirfear na cistí ar fáil thar 2.5 bliain.
  • Mar réamhchoinníoll, ní mór don Mholdóiv sásraí daonlathacha éifeachtacha a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, an smacht reachta agus cearta an duine.
  • Leagtar amach i meabhrán tuisceana na hathchóirithe beartais eacnamaíoch agus airgeadais, a bhfuil tréimhse ama ag gabháil leo, nach mór don Mholdóiv a chur chun feidhme.
  • Cuirfear an cúnamh macrairgeadais ar fáil i gcúig thráthchuid, agus beidh gné iasachta agus deontais i ngach ceann acu.
  • Scaoileann an Coimisiún na tráthchodanna, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, agus ní scaoiltear an dara, an tríú, an ceathrú agus an cúigiú tráthchuid go ceann 3 mhí ar a laghad tar éis na tráthchoda roimhe sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 11 Aibreán 2022.

CÚLRA

  • Tá geilleagar na Moldóive buailte ag cúlú eacnamaíochta 2020 arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leis, an tsáinn pholaitiúil a lean toghcháin uachtaránachta mhí na Samhna 2020 agus an ghéarchéim fuinnimh a thosaigh le déanaí i mí Dheireadh Fómhair 2021. Ina theannta sin, tá cobhsaíocht eacnamaíoch na Moldóive níos measa fós mar gheall ar ionradh gan chúis na Rúise ar an Úcráin.
  • Tá naisc eacnamaíocha na tíre leis an AE forbartha go maith. Is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Moldóiv, arb ionann é agus 52 % dá trádáil iomlán in 2020.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh (AE) 2022/563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 Aibreán 2022 lena gcuirtear cúnamh macrairgeadais ar fáil do Phoblacht na Moldóive (IO L 109, 8.4.2022, lgh. 6–12).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh (AE) 2022/563. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2023/1165 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/563 a mhéid a bhaineann le méid an chúnaimh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive (IO L 155, 16.6.2023, lgh. 1–3).

Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lgh. 1–78).

Féach an leagan comhdhlúite.

Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, 30.8.2014, lgh. 4–738).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.06.2023

Top