Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar Eorpach níos dlúithe maidir le faireachas muirí

ACHOIMRE

Is féidir sonraí faireachais mhuirí ó na húdaráis shibhialta agus ó údaráis mhíleata a thabhairt le chéile chun cabhrú le hobair dhúbailte a sheachaint agus le costais a laghdú. Chomh maith leis sin, is féidir le comhar méadaitheach agus le comhroinnt sonraí freagairtí níos éifeachtúla ar chúrsaí fíor-ama ar muir a chothú, amhail tionóiscí, teagmhais thruaillithe, cionta nó bagairtí slándála.

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach sa teachtaireacht an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gComhthimpeallacht Chomhroinnte Faisnéise (CISE), ó bunaíodh ag an gCoimisiún Eorpach í sa bhliain 2010. Moltar treoir agus tosaíochtaí breise ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) agus ar leibhéal náisiúnta sa chumarsáid freisin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá CISE ar cheann de phríomhchuspóirí straitéiseacha Bheartas Muirí Lánpháirtithe AE. Is cuid thábhachtach é an CISE freisin den Straitéis um Shlándáil Mhuirí.

Cad is CISE Muirí ann?

Is éard is CISE Muirí ann ná próiseas deonach comhoibrithe a chuireann le córais agus le hardáin reatha mhalartaithe agus chomhroinnte faisnéise. Ba cheart don idir-inoibritheacht fheabhsaithe idir na córais agus na hardáin sin barr feabhais a chur ar mhalartú faisnéise i measc na n-údarás faireachais, rud a chuirfidh le feasacht mhuirí níos fearr. Thairis sin, féachtar go príomha le CISE Muirí cur le sábháilteacht, le slándáil agus le cosaint chomhshaoil i réimsí muirí AE.

Cad iad na sochair a bhaineann leis?

  • is féidir an t-eolas agus an fheasacht staide mhuirí níos mó a úsáid chun tabhairt faoi oibríochtaí faireachais níos comhordaithe agus níos freagartha;
  • laghdú mór ar iarrachtaí bailiúcháin sonraí;
  • laghduithe ar chostais riaracháin agus oibríochtúla na ngníomhaíochtaí faireachais mhuirí.

Mórghníomhartha ar leibhéal AE:

Cuireadh roinnt córais ar bun chun freastal ar réimsí dhifriúla beartais, córais a thrasnaíonn earnálacha difriúla. Áirítear leis na córais sin:

  • SafeSeaNet, a chuireann seirbhísí comhtháite muirí ar fáil chun faireachas a dhéanamh ar thrácht (feasacht staide) agus chun a chinntiú go gcuirtear reachtaíocht AE i bhfeidhm;
  • Comhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála, lena ndéantar éascaíocht ar an gcumarsáid le linn teagmhas agus tubaistí muirí;
  • Córas Faireacháin Árthaí, córas faireacháin satailít-bhunaithe a úsáidtear chun sonraí a chur ar fáil do na húdaráis iascaigh maidir le suíomh, le cúrsa agus le luas árthaí;
  • Líonra um Fhaireachas Muirí, ar féidir é a úsáid chun faisnéis oibríochtúil mhuirí agus seirbhísí oibríochtúla muirí a mhalartú, amhail suíomhanna árthaí, rianú, sonraí aitheantais, comhrá nó íomhánna;
  • An Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR), córas ilchuspóireach chun imirce neamhdhlíthiúil agus coireacht thrasteorann a chosc ag teorainneacha seachtracha AE;
  • An Ghníomhaireacht Eorpach chun Teorainneacha Seachtracha a Bhainistiú - Frontex, a chuireann bainistiú Eorpach teorainneacha chun cinn agus a dhéanann é a chomhordú agus a fhorbairt;
  • Fuinneoga Aonair Náisiúnta, a chuireann ardáin náisiúnta mhalartaithe faisnéise ar fáil chun faisnéis a bhaineann le hárthaí a thuairisciú agus a chomhroinnt. Tá siad nasctha leis an gcóras faisnéise agus malartaithe mhuirí AE.

Cad iad réimsí tosaíochta an chomhair bhreise thrasteorann agus thrasearnála?

  • suíomhanna na n-árthaí agus na n-aerárthaí patróil a chomhroinnt go leanúnach chun a chinntiú go bhfreagrófar chomh tapa agus is féidir le hoibríochtaí olltharrthála agus/nó le teagmhais eile ar muir;
  • uirlisí comhoibrithe chun géarchéimeanna trasteorann a bhainistiú;
  • sonraí a chur le chéile agus faisnéis a mhalartú faoi árthaí amhrasacha in uiscí AE;
  • cláir náisiúnta na mbád áineasa, ionas gur féidir iarratais ar fhaisnéis idir na tíortha AE a phróiseáil ar bhonn ríomhairithe.

bearta éagsúla breise molta ag an gCoimisiún freisin. Mar shampla, tá sé beartaithe aige:

  • lámhleabhar neamhcheangailteach CISE Mhuirí a fhorbairt faoi dheireadh na bliana 2016 ina shonrófar moltaí dea-chleachtais agus faisnéis faoi conas CISE a chur i bhfeidhm;
  • bearta tacaíochta chun caighdeáin a fhorbairt, a chothabháil agus a scaipeadh lena ligtear do chórais fhaireachais mhuirí bheith idir-inoibritheach.
  • leanúint d’athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht reatha earnála ar leibhéal AE chun aon bhacainní dlíthiúla ar chomhroinnt thrasearnála faisnéise a bhaint, agus comhlíonadh na gceanglas ábhartha maidir le cosaint sonraí á chinntiú.

Chomh maith leis sin, seolfaidh an Coimisiún próiseas athbhreithnithe faoin mbliain 2018 chun cur i bhfeidhm CISE Mhuirí a mheas agus chun a fháil amach an gá beart breise a dhéanamh.

Féach Faireachas comhtháite muirí ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Feasacht staide níos fearr trí chomhar feabhsaithe thar raon na n-údarás um fhaireachais muirí: na chéad chéimeanna eile laistigh den Chomhthimpeallacht Chomhroinnte Faisnéise don réimse muirí AE (COM(2014) 451 final an )

nuashonrú is deireanaí

Top