Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cúnamh airgeadais don Chipir

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/463/AE lena gceadaítear an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch don Chipir

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN AGUS SA CHINNEADH?

  • Soláthraítear sa rialachán an réasúnú dlí faoinar féidir leis an Aontas Eorpach (AE) cúnamh airgeadais a thabhairt d’aon tíortha sa limistéar euro a dteastaíonn cúnamh uathu. Tá an Chipir ar cheann de na tíortha AE a bhain leas as an Sásra Cobhsaíochta Eorpach.
  • Leagtar síos sa chinneadh na cuspóirí agus na coinníollacha a bhaineann le clár coigeartaithe maicreacnamaíoch na Cipire.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Clúdaíodh an tréimhse 2013-2016 faoin gclár coigeartaithe maicreacnamaíoch don Chipir a chomhaontaigh tíortha limistéar an euro agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Gheall an Sásra Cobhsaíochta Eorpach iasachtaí dar luach suas le €9 mbilliún agus gheall an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta thart ar €1 bhilliún.
  • Chuathas i ngleic faoin gclár le dúshláin airgeadais, fhioscacha agus struchtúracha, idir ghearrthéarmach agus mheántéarmach, a bhí le sárú ag an tír. Bhí sé ina chuspóir leis:
    • earnáil na baincéireachta a chur ar ais ar bhonn stuama arís;
    • an t-easnamh rialtais iomarcach a laghdú a luaithe ab fhéidir;
    • athchóiriú struchtúrach a chur chun feidhme ionas go mbeadh an geilleagar ní b’iomaíche.
  • Tháinig deireadh leis an gclár coigeartaithe eacnamaíoch ar an 31 Márta 2016. Le linn an ama sin, d’íoc an Sásra Cobhsaíochta Eorpach amach €6.3 bhilliún agus d’íoc an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta amach €1 bhilliún.
  • Tá an Chipir faoi réir faireachas iarchláir anois. Coinneofar leis an bhfaireachas sin go dtí go mbeidh ar a laghad 75 % de na hiasachtaí a fuair sí ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach aisíoctha aici. Mura ndéanfar aon aisíocaíochtaí luatha, leanfar leis an bhfaireachas go dtí 2029.
  • Faoin bhfaireachas iarchláir, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach, an méid seo a leanas:
    • athbhreithnithe rialta a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais na tíre;
    • tuarascálacha leathbhliantúla a ullmhú i ndáil leis an dul chun cinn atá á dhéanamh agus a chinneadh an bhfuil gá le haon bhearta breise.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN AGUS AN CHINNIDH?

  • Tá feidhm ag an rialachán ón 30 Bealtaine 2013.
  • Tháinig an cinneadh i bhfeidhm an 17 Meán Fómhair 2013.

CÚLRA

  • Leis an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch a thosaigh in 2008, cuireadh brú mór ar roinnt tíortha i limistéar an euro. Dá bharr sin, chomhaontaigh ceannairí AE i mí Dheireadh Fómhair 2010 buansásra géarchéime a bhunú chun cobhsaíocht an limistéir airgeadra aonair a shlánchoimeád.
  • I mí an Mhárta 2011, rinne na ceannairí leasú foirmiúil ar Airteagal 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh trí mhír amháin a chur leis. Leis sin, cruthaíodh ciste cobhsaíochta, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, a bhféadfaí a chuid acmhainní a úsáid chun cabhrú le haon rialtas i limistéar an euro a raibh deacrachtaí airgeadais aige.
  • Ar an 25 Meitheamh 2012, d’iarr an Chipir cúnamh go hoifigiúil óna comhpháirtithe i limistéar an euro.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lgh. 1-10)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a chorprú sa doiciméad bunaidh. Níl de luach leis an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/463/AE ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2013 lena gceadaítear an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch don Chipir agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/236/AE (IO L 250, 20.9.2013, lgh. 40-44)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 19.01.2017

Top