This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Rialachán (AE) 2015/751 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe
Cuirtear uasteorainn le táillí idirmhalartaithe leis an rialachán seo. Méadaítear an trédhearcacht maidir le táillí, agus mar sin tugtar an t-eolas do mhiondíoltóirí maidir le leibhéal na dtáillí a íoctar nuair a ghlacann siad le cártaí. Cuirtear feabhas leis ar an iomaíochas trí líon níos mó roghanna agus trí roghanna níos fearr a sholáthar do thomhaltóirí idir na cineálacha éagsúla cártaí íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse.
Go sonrach, déantar na nithe seo a leanas leis an rialachán:
Tá an rialachán seo ina chuid de phacáiste ina gcuimsítear an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2), ar thángthas ar chomhaontú polaitiúil ina leith i mí na Bealtaine 2015. Tá sé mar aidhm leis an bpacáiste an margadh aonair digiteach a chur chun cinn trí íocaíochtaí a dhéanamh níos sábháilte agus níos saoire, agus réitíonn an pacáiste an bealach do theicneolaíochtaí nuálacha íocaíochta.
Tá feidhm leis ón .
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le táillí idirmhalartaithe le haghaidh idirbhearta íocaíochta a dhéantar le cártaí (IO L 123, , lgh. 1-15)
nuashonrú is deireanaí