Dhá chóras Eorpacha um loingseoireacht satailíte ag dul ar aghaidh
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte
Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE – rialacha le haghaidh rochtana ar an tseirbhís phoiblí rialáilte arna soláthar ag an gcóras loingseoireachta satailíte domhanda a bunaíodh faoi chlár Galileo
Cinneadh 2014/496/CBES maidir le gnéithe d’imscaradh, d’oibriú agus d’úsáid an Chórais Eorpaigh um Loingseoireacht Satailíte Dhomhanda a théann i bhfeidhm ar shlándáil AE
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN AGUS LEIS NA CINNTÍ?
- Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013:
- leagtar amach leis na rialacha maidir le bainistiú agus maoiniú an dá chóras AE um loingseoireacht satailíte, Galileo agus EGNOS (Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí). Tá satailítí agus líonra stáisiún ar talamh i ngach tacar bonneagair.
- féachtar leis le riachtanais an dá chlár a chomhlíonadh, go háirithe i gcomhthéacs rialachais agus slándála, chun a áirithiú go bhfuil a mbainistíocht airgeadais slán agus go gcuirtear a n–úsáid chun cinn.
- Leagtar síos le Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE na rialacha maidir le rochtain ar an tseirbhís phoiblí rialáilte (SPR) arna soláthar ag an gcóras loingseoireachta satailíte domhanda a bunaíodh faoi chlár Galileo.
- Baineann Cinneadh 2014/496/CBES le gnéithe d’imscaradh, d’oibriú agus d’úsáid an Chórais Eorpaigh um Loingseoireacht Satailíte Dhomhanda a théann i bhfeidhm ar shlándáil AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Galileo
- tá sé mar aidhm leis an chéad bhonneagar domhanda loingseoireachta agus suite satailíte (córas lena soláthraítear sonraí loingseoireachta, ama agus suímh) atá deartha go sonrach chun críocha sibhialta a chur ar bun agus a fheidhmiú, ar féidir le gníomhairí éagsúla poiblí agus príobháideacha san Eoraip agus ar fud an domhain é a úsáid. Tá an córas nua á dhearadh chun feidhmiú go neamhspleách ar chórais eile atá ann cheana — amhail córas suite domhanda (GPS) na Stát Aontaithe nó córas Glonass na Rúise nó Córas Loingseoireachta Satailíte BeiDou (BDS) na Síne — nó córais fhéideartha eile;
- seachas an tseirbhís oscailte (SO), tairgeann sé seirbhís phoiblí rialáilte (SPR) atá srianta d’úsáideoirí le húdarás ón rialtas (le haghaidh iarratais íogaire óna dteastaíonn leibhéal ard leanúnachais seirbhíse), agus rannchuidíonn sé leis an tseirbhís tacaíochta cuardaigh agus tarrthála (SCT) de chuid an chórais COSPAS-SARSAT;
- tá sé deartha le bheith idir-inoibritheach le córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte eile. Leis an idir–inoibritheacht beidh monaróirí ábalta teirminéil a fhorbairt lena bpróiseálfar níos mó ná córas amháin.
Leagtar amach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 suíomh na gcomhpháirteanna talamhbhunaithe éagsúla ina gcuimsítear bonneagar Gailileo, lena n–áirítear:
- Dhá lárionad rialaithe — sa Ghearmáin agus san Iodáil;
- lárionad faireacháin slándála atá roinnte idir dhá shuíomh — sa Fhrainc agus sa Ríocht Aontaithe (RA) (1);
- lárionad tagartha — san Ísiltír.
I bhfianaise (1) tarraingt siar na RA as an Aontas Eorpach, leasaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/115 Cinneadh (AE) 2016/413 lena seoltar próiseas aistrithe an lárionaid faireacháin slándála ón Ríocht Aontaithe (1) go dtí an Spáinn.
EGNOS
- tá sé mar aidhm leis feabhas a chur ar chaighdeán na gcomharthaí oscailte ó chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte atá ann cheana (GNSS) chomh maith leis na comharthaí ón tseirbhís oscailte a bheidh á tairiscint le córas Galileo;
- tá feidhmchláir áirithe shofaisticiúla, ina bhfuil an tsábháilteacht criticiúil, á dtairiscint le EGNOS amhail feidhmchlár a threoraíonn aerárthaí go hingearach agus go cothrománach le linn ascnamh tuirlingthe nó nuair a bhíonn longa á loingsiú trí chuislí caola uisce.
Maoiniú
Tá maoiniú thart ar EUR 7 mbilliún á chur ar fáil ag AE do ghníomhaíochtaí gaolmhara idir 2014 agus 2020. Is ag an gCoimisiún Eorpach atá freagracht fhoriomlán as an dá chlár, agus déanann sé bainistíocht ar na cistí.
Baintear leas as an maoiniú le haghaidh:
- tréimhse imscaraidh chlár Galileo a chríochnú faoin 31 Nollaig 2020 (e.g. tógáil agus cosaint an bhonneagair spásbhunaithe agus thalamhbhunaithe);
- tacú le céim shaothraithe chlár Galileo (e.g. bainistíocht, cothabháil, feabhsú agus cosaint an bhonneagair spásbhunaithe agus thalamhbhunaithe);
- tacú le céim shaothraithe chlár EGNOS (e.g. bainistíocht, cothabháil, feabhsú agus cosaint an bhonneagair spásbhunaithe agus thalamhbhunaithe);
- bainistíocht agus faireachán a dhéanamh ar chláir Galileo agus EGNOS.
Tuarascáil cur chun feidhme
In 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme chlár Galileo agus chlár EGNOS. Is é tátal na tuarascála gur baineadh amach na garspriocanna ar fad i gclár Galileo agus i gclár EGNOS a socraíodh don tréimhse lena mbaineann agus tá dul chun cinn á dhéanamh i dtreo chuspóirí uile chur chun feidhme na gclár atá socraithe le haghaidh 2020 a sheachadadh.
An Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (ESA)
Cinntear leis an rialachán na róil a fheidhmíonn an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis, agus béim á leagan ar roinnt dhocht na sainchúraimí agus na bhfreagrachtaí idir na heintitis (go háirithe an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus ESA, faoi fhreagracht fhoriomlán an Choimisiúin) atá páirteach i rialachas chláir Galileo agus EGNOS.
GNSS
I gcomhthéacs an GNSS, is fiú dhá chinneadh breise a lua:
- Le Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE leagtar amach na rialacha faoinar féidir le tíortha AE, an Chomhairle, an Coimisiún, SEGS, gníomhaireachtaí AE, tíortha nach tíortha de AE iad agus eagraíochtaí idirnáisiúnta rochtain a fháil ar an SPR arna soláthar ag an GNSS a bunaíodh faoi chlár Galileo. Is córas slán criptithe í an SPR le haghaidh feidhmeanna íogaire, agus caithfidh sí bheith oibríochtúil fiú amháin i gcásanna géarchéime i gcás go bhféadfaí cur isteach ar sheirbhísí eile. Caithfidh an rochtain a bheith srianta d’úsáideoirí údaraithe, údaráis phoiblí den chuid is mó, amhail na póilíní, na húdaráis ag a bhfuil freagracht as rialuithe teorann nó na húdaráis ag a bhfuil freagracht as cosaint shibhialta.
- Cinneadh 2014/496/CBES maidir le gnéithe d’imscaradh, d’oibriú agus d’úsáid an Chórais Eorpaigh um Loingseoireacht GNSS a théann i bhfeidhm ar shlándáil AE. Is ann a leagtar amach freagrachtaí na Comhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chun bagairt do shlándáil AE nó do thír AE amháin nó níos mó a sheachaint nó chun díobháil thromchúiseach ar leasanna bunúsacha an Aontais nó le tír AE amháin nó níos mó a mhaolú, agus éirí as imscaradh, oibriú nó úsáid an GNSS Eorpaigh, go háirithe mar thoradh ar chás idirnáisiúnta ina dteastaíonn gníomh ón Aontas Eorpach nó i gcás bagartha d’oibriú an chórais féin nó dá chuid seirbhísí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN AGUS NA GCINNTÍ?
Tá Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2014 i leith.
Tá Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE i bhfeidhm ón 5 Samhain 2011 i leith.
Tá Cinneadh 2014/496/CBES i bhfeidhm ón 22 Iúil 2014 i leith.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
- Spás (An Coimisiún Eorpach).
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 1-24)
Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis na rialacha le haghaidh rochtana ar an tseirbhís phoiblí rialáilte arna soláthar ag an gcóras loingseoireachta satailíte domhanda a bunaíodh faoi chlár Galileo (IO L 287, 4.11.2011, lgh. 1-8)
Cinneadh 2014/496/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le gnéithe d’imscaradh, d’oibriú agus d’úsáid an Chórais Eorpaigh um Loingseoireacht Satailíte Dhomhanda a théann i bhfeidhm ar shlándáil AE agus lena n–aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES (IO L 219, 25.7.2014, lgh. 53-55)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme chlár Galileo agus chlár EGNOS agus maidir le feidhmíocht na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS (COM(2017) 616 final, 23.10.2017)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcinntear suíomh bhonneagar talamhbhunaithe an chórais arna bhunú faoi chlár Galileo agus lena leagtar amach na bearta is gá lena áirithiú go bhfeidhmeoidh sé go rianúil, agus lena n–aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/117/AE (IO L 74, 19.3.2016, lgh. 45-49)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 276, 20.10.2010, lgh. 11-21)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 16.07.2020