Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Plean caomhnaithe an AE um acmhainní uisce

Chuir an Coimisiún Eorpach Treoirphlean maidir le hAcmhainní Uisce na hEorpa a Chosaint i láthair an 15 Samhain 2012. Leagtar amach sa phlean seo straitéis, a bhfuil trí chuspóir aici, chun caighdeán agus inbhuanaitheacht na príomhacmhainne seo a ráthú, ar fud an Aontais, faoin bhliain 2015.

AN TACHT

Cumarsáid ón Choimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún: Treoirphlean maidir le hAcmhainní Uisce na hEorpa a Chosaint [COM(2012)673 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil]

ACHOIMRE

Tá an t-uisce riachtanach don chine daonna, don dúlra agus don gheilleagar agus, le tríocha bliain anuas, tá beart déanta ag an Aontas Eorpach (AE) le hardchaighdeán uisce a chinntiú ar fud na hEorpa. In ainneoin an dul chun cinn shoiléir seo, tá fadhbanna ann fós le caighdeán, le truailliú agus le ganntanas. Ní mór iarrachtaí níos mó a dhéanamh chun a chur ar chumas an Aontais an cuspóir, atá sa reachtaíocht fhairsing, arna ghlacadh leis sa bhliain 2000, a bhaint amach, is é sin stádas maith uisce a bhaint amach maidir lena locha, a aibhneacha, a shruthanna agus a screamhuisce go léir faoin bhliain 2015.

Leagtar amach sa Treoirphlean maidir le hAcmhainní Uisce na hEorpa a Chosaint conas an cuspóir sin a chomhlíonadh trí bhacainní a aithint, agus conas na bacainní sin a shárú. Cuirtear béim ann ar a riachtanaí agus atá sé aird cheart a thabhairt ar ár n-acmhainní uisce, ní hé amháin ar chúiseanna comhshaoil agus sláinte, ach le haghaidh ár leasa eacnamaíoch chomh maith. D’fhéadfadh tionscal uisce beo nuálach cur go mór leis an fhás agus le cruthú post.

Ní chuirtear cur chuige aonair iomlán i láthair sa Treoirphlean. Ina ionad, aithnítear trí straitéis dhifriúla ann ar féidir le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha agus le lucht ceaptha beartais iad a chur i bhfeidhm chun bainistíocht uisce a fheabhsú.

Cuireann an chéad straitéis béim ar an ghá atá ann leis an bhealach a fheabhsú ina gcuirtear beartas uisce agus reachtaíocht uisce reatha an AE i bhfeidhm. D’fhéadfaí amhlaidh a dhéanamh ach bogaigh agus tuilemhánna a athbhunú chun coinneáil uisce a fheabhsú nó tríd an phrionsabal íoc mar a thruaillítear a chur i bhfeidhm ar bhealach níos cruinne. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí úsáid níos leithne a bhaint as méadair chun a chinntiú go n-íocfadh úsáideoirí as an uisce a úsáideann siad.

Faoin dara straitéis, bheadh ar lucht ceaptha beartais aird níos mó a thabhairt ar chuspóirí foriomlána bheartas uisce an AE agus beartais eile á gcur i bhfeidhm, idir bheartais talmhaíochta agus iascaigh agus bheartais fuinnimh agus iompair, nó nuair a bhíonn cistiúchán á dháileadh ar thionscadail bhonneagair.

Mar chríoch, cuirtear béim sa Treoirphlean ar an ghá atá ann le héifeachtúlacht uisce a mhéadú, b’fhéidir trí spriocanna náisiúnta a leagadh amach, trí sceitheanna uisce a laghdú atá chomh hard le 50% i gcásanna áirithe agus trí chaighdeáin AE a fhorbairt maidir le hathúsáid uisce. D’fhéadfadh éifeachtúlacht uisce níos fearr i bhfoirgnimh chónaithe an méid uisce a úsáidtear a laghdú faoi 10%, mar shampla.

Cuirtear go mór sa Treoirphlean le clár éifeachtúlachta acmhainne níos leithne de chuid an AE agus lena straitéis 2020 foriomlán i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh. Inti féin, spreagfaidh sí beartas uisce an AE go fadtéarmach.

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle lena leagtar síos creat do ghníomhaíocht Chomhphobail sa réimse beartais uisce. [Iris Oifigiúil L 327 de 22.12.2000]

Cumarsáid ón Choimisiún: Eoraip 2020 - Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach [COM(2010)2020 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil]

Cumarsáid ón Choimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún: Treochlár d’Eoraip a bheith tíosach ar acmhainní. [COM(2011)571 críochnaitheach - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil]

Cumarsáid ón Choimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún: Tuairisc ar Athbhreithniú ar Bheartas na hEorpa maidir le Ganntanas Uisce agus Triomaigh. [COM(2012)672 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil]

Nuashonrú is déanaí: 09.12.2013

Top