Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe (AE-SA) maidir le sonraí taifead ainmneacha paisinéirí aerlíne

ACHOIMRE AR:

Comhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le húsáid taifead ainmneacha paisinéirí agus lena n–aistriú chuig Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe

Cinneadh 2012/471/AE maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le húsáid taifead ainmneacha paisinéirí agus lena n–aistriú chuig Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe

Cinneadh 2012/472/AE maidir leis an gComhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach a thabhairt i gcrích a bhaineann le húsáid taifead ainmneacha paisinéirí agus lena n–aistriú chuig Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

Is é is sprioc leis an gcomhaontú creat dlíthiúil a leagadh síos maidir le haistriú chuig Roinn Slándála Dúiche (RSD) na Stát Aontaithe sonraí maidir le Taifid Ainmneacha Paisinéirí (TAP) ag iompróirí a oibríonn eitiltí paisinéirí idir an tAontas Eorpach (AE) agus na Stáit Aontaithe agus maidir le húsáid na sonraí ina dhiaidh sin ag RSD na Stát Aontaithe.

An príomhchuspóir ná cionta sceimhlitheoireachta agus coireanna gaolmhara a chosc, a aimsiú, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, mar aon le coireanna tromchúiseacha trasteorann eile lena ngabhann pianbhreith príosúnachta de 3 bliana ar a laghad.

Údaraítear le Cinneadh (AE) 2012/471 síniú an Aontais Eorpaigh leis an gcomhaontú. Formheastar an comhaontú féin le Cinneadh 2012/472/AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is éard is sonraí TAP ann ná faisnéis a sholáthraíonn paisinéirí ar bhonn deonach agus a bhailíonn aeriompróirí le linn na ngnásanna áirithinte agus seiceáil isteach. Áirítear ar an bhfaisnéis sin, ainm, na dátaí taistil agus an cúrsa taistil, eolas ticéid, eolas teagmhála, eolas íocaíochta/billeála, an gníomhaire taistil, uimhir an tsuíocháin agus eolas bagáiste.

Seo a leanas príomhphointí chomhaontú TAP AE-SA:

  • Ní bhainfear feidhm as sonraí TAP ach amháin chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thrasnáisiúnta a chosc, a aimsiú, a imscrúdú agus a ionchúiseamh;
  • Beidh gealltanas ina cheangal ó thaobh dlí ar Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe go gcuirfear na Ballstáit agus údaráis AE ar an eolas faoi leideanna faisnéise a bhaineann leis an Aontas Eorpach a thiocfaidh chun cinn agus anailís á déanamh ar na sonraí TAP sin;
  • córas láidir um chosaint sonraí lena mbaineann ceanglais láidre cosanta sonraí agus sláine;
  • beidh de cheart ag daoine aonair na sonraí TAP fúthu atá i seilbh ag na Stáit Aontaithe a rochtain. Má bhíonn an fhaisnéise sin míchruinn ní mór í a athrú nó a bhaint;
  • úsáid theoranta na sonraí TAP ar feadh tréimhse 10 mbliana i gcás coireacht thrasnáisiúnta agus 15 bliana i gcás sceimhlitheoireachta. Tar éis 6 mhí, cumhdófar faisnéis inaitheanta phearsanta sna sonraí TAP agus, tar éis 5 bliana, aistreofar sonraí TAP chuig bunachar sonraí díomhaoin lena mbaineann rialuithe breise.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar an .

CÚLRA

Is éard is brí le TAP ná Taifead Ainmneacha Paisinéirí a chuireann paisinéirí ar fáil don aerlíne nó don ghníomhaire taistil agus eitilt á cur in áirithe. Tá leas á bhaint ag na údaráis forfheidhmithe dlí ar fud an domhain as an bhfaisnéis sin le blianta fada anuas chun coirpigh mhóra nó chun sceimhlitheoirí móra a aithint. Baineadh leas as, mar shampla, chun breith ar na sceimhlitheoirí a raibh sé beartaithe acu buama féinmharaithe a scaoileadh sa chóras iarnróid faoi thalamh i Nua Eabhrach in 2009. Baineadh leas aisti chomh maith tar éis na n–ionsaithe sceimhlitheoireachta in Mumbai in 2008 agus chun breith ar an bplotaire a bhí taobh thiar den ionsaí a bhí beartaithe in Times Square in 2010. Is uirlis fhíorthábhachtach an fhaisnéis sin chomh maith chun smuigléirí drugaí a aithint.

Cuirtear an comhaontú AE-SA 2012 maidir leis an Taifead Ainmneacha Paisinéirí in ionad chomhaontú AE-SA 2007.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le húsáid taifead ainmneacha paisinéirí agus lena n–aistriú chuig Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe (IO L 215, , lgh. 5-14)

Cinneadh 2012/471/AE ón gComhairle an maidir le síniú, ar son an Aontais, an Chomhaontaithe idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach a bhaineann le húsáid Taifead Ainmneacha Paisinéirí agus lena n–aistriú chuig Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe (IO L 215, , lgh. 1-3)

Cinneadh 2012/472/AE ón gComhairle an maidir leis an gComhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach a thabhairt i gcrích a bhaineann le húsáid taifead ainmneacha paisinéirí agus lena n–aistriú chuig Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe (IO L 215, , lch. 4)

nuashonrú is deireanaí

Top