Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Institiúid an Aontais Eorpaigh (AE) um Staidéar Slándála

Déanann Institiúid an AE um Staidéar Slándála taighde agus anailís ar shaincheisteanna idirnáisiúnta chun cabhrú leis an AE forbairt a dhéanamh ar a bheartas eachtrach agus slándála.

ACHT

Cinneadh 2014/75/CBES ón gComhairle maidir le hInstitiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála.

ACHOIMRE

Leis an chinneadh seo ón gComhairle chinn an AE go leanfar ar aghaidh le feidhm a bhaint as saineolas ó Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála (EUISS) chun taighde agus anailís maidir le saincheisteanna idirnáisiúnta a sholáthar do Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) an AE. Bunaíodh EUISS i mí Eanáir 2002. Tá sí bunaithe i bPáras, agus tá oifig idirchaidrimh aici sa Bhruiséil.

Cuireann EUISS le próiseas cinnteoireachta na hEorpa i réimse an CBES trí bhíthin taighde agus anailíse. Go háirithe, déanann EUISS anailís agus cuireann sí fóram díospóireachta ar fáil maidir le straitéis eachtrach an AE i réimsí áirithe amhail cosc coinbhleachtaí agus comhdhlúthú na síochána. Áirítear le gníomhaíocht EUISS imeachtaí agus ceardlanna líonraithe a eagrú agus eolas ábhartha a bhailiú d’oifigigh agus do shaineolaithe an AE. Is comhéadan í chomh maith idir institiúidí an AE agus réimse na saineolaithe seachtracha, gníomhairí slándála san áireamh.

Déantar bainistíocht ar EUISS le Bord agus Stiúrthóir:

  • An Bord: tá an Bord freagrach go príomha as glacadh le clár oibre bliantúil agus fadtéarmach na hinstitiúide agus le buiséad cuí. Bíonn ar an Bhord clár oibre bliantúil na hinstitiúide a fhaomhadh roimh an 30 Samhain gach bliain. Ar an Bhord tá ionadaí amháin ó gach Ballstát mar aon le hionadaí amháin ón Choimisiún. Tagann an Bord le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad agus is é Ardionadaí an AE do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a bhíonn i gceannas air. Bíonn cead ag Ardionadaí Fhoireann Mhíleata an AE freastal ar chruinnithe an Bhoird. Is féidir leis an Bhord grúpaí oibre nó buanchoistí ad hoc a bhunú chun déileáil le hábhair shonracha.
  • An Stiúrthóir: ceaptar an Stiúrthóir ag an Bhord ar feadh téarma 3 bliana bunaithe ar an mhéid a mholtar ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Is féidir 2 bhliain a chur le téarma oifige an Stiúrthóra. Áirítear le freagrachtaí an Stiúrthóra riarachán laethúil a dhéanamh ar an institiúid, clár oibre bliantúil agus tuarascáil bhliantúil na hinstitiúide a dhréachtú agus obair an Bhoird a ullmhú.

TAGAIRTÍ

Acht

Dáta um theacht i bhfeidhm

Spriocdháta deiridh don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2014/75/CBES ón gComhairle

10.2.2014

-

IO L 41, 12.2.2014, lch. 13

Nuashonrú is déanaí: 11.06.2014

Top