This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada agus AE agus tíortha AE
De thoradh ar an bprótacal um ghlacadh frithpháirteach thorthaí an mheasúnaithe comhréireachta (atá ina chineál de chomhaontú um aitheantas frithpháirteach — MRA1) cruthaítear an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) a bhfuil sé d’aidhm leis trádáil earraí idir AE agus Ceanada a chur chun cinn trí bhacainní teicniúla a bhaint.
Faoin gcomhaontú déthaobhach sin a d’fhaomh AE an , glacann AE agus Ceanada leis na measúnuithe comhréireachta2 a dhéanann comhlachtaí ainmnithe le haghaidh táirgí tionsclaíocha sonracha.
Baineann an cinneadh le cur chun feidhme sealadach CETA.
Cumhdaítear na hearnálacha seo a leanas faoin gcomhaontú:
Leis an bprótacal:
Tá an cinneadh i bhfeidhm ón . Tháinig CETA i bhfeidhm ar bhonn sealadach an . Ní bheifear ábalta CETA ar chur i bhfeidhm go hiomlán agus go cinnte go dtí go ndaingneoidh gach tír AE an comhaontú de réir a gceanglas bunreachtúil intíre faoi seach.
Le teacht i bhfeidhm sealadach CETA, cuirtear deireadh le MRA bunaidh AE-Cheanada, a daingníodh in 1998, trí bhíthin Phrótacal CETA.
Faoi Airteagal 207 agus Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanann an Coimisiún Eorpach, faoi údarás thíortha AE, comhaontuithe tráchtála idirnáisiúnta a idirbheartú.
Ina rún an , chomhaontaigh tíortha AE prionsabail na MRAnna. Ar an , d’údaraigh siad an Coimisiún Eorpach chun comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach a idirbheartú thar ceann AE le tíortha neamh-AE áirithe.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile, (IO L 11, , lgh. 23-1079)
Cinneadh (AE) 2017/38 ón gComhairle an maidir le cur chun feidhme sealadach an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile (IO L 11, , lgh. 1080-1081)
nuashonrú is deireanaí