This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Dolaí leictreonacha bóthair — comhoiriúnacht idir tíortha
ACHOIMRE AR:
Treoir 2004/52/CE — maidir le hidir-inoibritheacht chóras leictreonach na ndolaí bóthair in AE
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?
Leagtar síos inti na coinníollacha lena áirithiú go mbeidh córais leictreonacha dolaí bóthair san Aontas Eorpach (AE) comhoiriúnach lena chéile agus gur féidir feidhmiú ina measc. Tá feidhm aici maidir le bailiú leictreonach gach cineál táillí ar bhóithre, ar tholláin, ar dhroichid agus ar bháid farantóireachta.
PRÍOMHPHOINTÍ
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 20 Bealtaine 2004. Bhí ar thíortha AE í a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 19 Samhain 2005.
CÚLRA
PRÍOMHTHÉARMAÍ
* Córas domhanda do chumarsáid mhóibíleach (GSM): caighdeán teileachumarsáide i gcomhair líonraí digiteacha ceallacha arna n-úsáid ag fóin phóca.
* Radaisheirbhís Ghinearálta Phaicéad (GPRS): cineál seirbhíse cumarsáide gan sreang ar bhonn paicéad trínar féidir le fóin phóca agus ríomhairí ceangal leanúnach a bheith acu leis an idirlíon.
GNÍOMH
Treoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hidir-inoibritheacht chóras leictreonach na ndolaí bóthair sa Chomhphobal (IO L 166, 30.4.2004, lgh. 124-143)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2004/52/CE a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Cinneadh 2009/750/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2009 maidir le sainmhíniú Sheirbhís Dolaí Leictreonacha na hEorpa agus a heilimintí teicniúla (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2009) 7547) (IO L 268, 13.10.2009, lgh. 11-29)
Nuashonraithe 08.03.2016