Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éicidhearthóireacht do tháirgí a bhaineann le fuinneamh

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Le Treoir 2009/125/CE, leagtar amach creat don Choimisiún Eorpach chun íoscheanglais éicidhearthóireachta1 a leagan síos maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a dhíoltar san Aontas Eorpach (AE). Níl feidhm aige maidir le modhanna iompair a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar.
  • Féachtar lei le feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh2 táirgí agus leis an gcomhshaol a chosaint, agus dá réir sin cur le forbairt inbhuanaithe, agus é sin á dhéanamh ar bhealach comhchuibhithe chun tacú le margadh aonair an Aontais Eorpaigh agus ilroinnt an mhargaidh agus praghsanna níos airde a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar rialacha náisiúnta maidir leis na gnéithe céanna a sheachaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • D’fhéadfadh sé go gclúdófaí le ceanglais éicidhearthóireachta na céimeanna uile a bhaineann le saolré táirge agus leis an deisiú agus leis an athchúrsáil ag deireadh na saolré. Díríodh go dtí seo, i bhformhór na gcásanna, ar ídiú fuinnimh in úsáid toisc gur tugadh tús áite do ghníomhaíocht sa réimse sin. Baineann dearcadh níos iomlánaíche leis na rialacháin is déanaí, áfach, i bhfianaise iomlán an fhuinnimh a úsáidtear le linn shaolré an táirge. Maidir le táirgí leictreonacha go háirithe, tá an chéim mhonaraíochta freagrach as aon rud ó thrian go dhá thrian fiú den fhuinneamh a úsáidtear le linn shaolré an táirge, agus moltar ceanglais maidir le húsáid an fhuinnimh chorpraithe sin a uasmhéadú le ceanglais maidir le hiontaofacht agus in–athúsáidteacht, chun saolré an táirge a shíneadh, agus in–athchúrsáilteacht, chun ábhair a aisghabháil ar bhealach níos éifeachtaí.
  • Bíonn marcáil CE ar na táirgí a chomhlíonann na ceanglais agus is féidir iad a dhíol áit ar bith san Aontas.

Gníomhartha cur chun feidhme

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin treoir, bhunaigh an Coimisiún na ceanglais éicidhearthóireachta maidir leis na hearraí seo a leanas a chur ar an margadh:

Le Rialachán (AE) 2023/826, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus 107/2009, lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach, agus beidh sé i bhfeidhm ón .

Aisghairm

Aisghaireadh Treoir 2009/125/CE le Rialachán (AE) 2024/1781 (féach an achoimre) ón i leith. Beidh roinnt rialacha den treoir i bhfeidhm fós, áfach, chun glacadh le bearta a bhí á bhforbairt fúithi (go dtí 2026) nó chun na cinn atá i bhfeidhm cheana a leasú (go dtí 2030). Ina theannta sin, beidh gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin treoir fós i bhfeidhm go dtí go n–aisghairfear iad.

ÓN gCATHAIN A BHAINEANN NA RIALACHA?

B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin . Tá na rialacháin lena socraítear ceanglais éicidhearthóireachta do ghrúpaí táirgí sonracha ina gceangal ar gach Ballstát agus cruthaíonn siad oibleagáidí ón dáta/na dátaí iarratais atá leagtha síos sna rialacháin aonair.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Éicidhearthóireacht. Gnéithe comhshaoil a chomhtháthú i ndearthóireacht táirgí d’fhonn feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil an táirge le linn a shaolré.
  2. Éifeachtúlacht fuinnimh. Níos lú fuinnimh a úsáid chun an tseirbhís chéanna a chur ar fáil. Tá cuisneoirí agus meaisíní níocháin atá tíosach ar fhuinneamh ina samplaí de tháirgí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, , lgh. 10-35).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/125/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

an nuashonrú is déanaí

Top