Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ionstraim maoinithe AE maidir le comhar um fhorbairt (2014-20)

Is é cuspóir an Aontais Eorpaigh (AE), buíochas lena ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt, ná an bochtanas i dtíortha i mbéal forbartha a laghdú agus na nithe seo a leanas a chur chun cinn: forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil, daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus dea-rialachas.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-20.

ACHOIMRE

I gcomhréir leis an bheartas a dtugtar breac-chuntas air sa pháipéar “Clár Oibre um Athrú”, iarrann AE maoiniú um chomhar forbartha a dhíriú ar na réimsí ina mbeidh an tionchar is mó aige. Tugtar tosaíocht do na tíortha is mó i ngátar: na tíortha is lú forbairt ó thaobh a n-ollioncam íseal náisiúnta agus a sócmhainní daonna laga, tíortha i ngéarchéim nó tíortha a bhfuil deireadh tagtha lena ngéarchéim, agus tíortha leochaileacha. Tá cur chuige difreáilte á fheidhmiú ag AE maidir le riachtanais, le cumais agus le feidhmíocht na dtíortha comhpháirtíochta.

Cláir atá ina gcuid d’ionstraim maoinithe AE maidir le comhar um fhorbairt:

  • 1

    Cláir gheografacha:tacaíonn na cláir seo le cláir dhéthaobhacha agus réigiúnacha um chomhar i réimsí amhail na réimsí seo a leanas: riachtanais bhunúsacha (sláinte agus oideachas), fostaíocht, bonneagar, cearta an duine, daonlathas, dea-rialachas agus forbairt inbhuanaithe. Cumhdaítear tíortha i mbéal forbartha san Áise, i Lár na hÁise, sa Mheánoirthear, i Meiriceá Laidineach agus san Afraic Theas.

  • 2
    Cláir théamacha: roinntear cláir théamacha in dhá ghrúpa:
    • “Earraí poiblí domhanda agus dúshláin”: cumhdaítear anseo gnéithe amhail athrú aeráide, an comhshaol, fuinneamh, forbairt dhaonna, slándáil bia agus imirce, agus leanúnachas leis an chuspóir um laghdú bochtaineachta á chinntiú. Caithfear 27 % de bhuiséad an chláir ar chuspóirí athraithe aeráide agus comhshaoil agus caithfear 25 % eile ar chuimsiú sóisialta agus ar fhorbairt dhaonna.
    • “Eagraíochtaí sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla”: tabharfaidh an clár seo spreagadh don sochaí shibhialta (.i. gníomhairí neamh-stáit, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus eagraíochtaí saoránach) agus do na húdaráis áitiúla páirt níos mó a ghlacadh i bhforbairt straitéisí.
  • 3

    An clár Pan-Afracach: De bhreis ar na cláir thuas, trí mheán cláir Phan-Afracaigh nua, tacóidh an ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt le comhpháirtíocht straitéiseach AE leis an Afraic. Comhlánófar leis an chlár seo ionstraimí maoinithe eile a úsáidtear san Afraic, amhail an Ciste Eorpach Forbraíochta agus an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht. Rachfar i mbun gníomhaíochtaí tras-réigiúnacha nó ilchríochacha, nó gníomhaíochtaí de nádúr domhanda, faoin chlár seo.

An buiséad

Tá buiséad de bhreis is €19.6 bhilliún (praghsanna reatha) ag an ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-20 agus cumhdaítear léi gach tír i mbéal forbartha.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 233/2014

1.1.2014

-

IO L 77, 15.3.2014, lch. 44-76

ACHT GAOLMHAR

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Tionchar Bheartas Forbartha AE a mhéadú: Clár Oibre um Athrú COM(2011) 637 final an 13.10.2011.

Nuashonraithe 18.06.2014

Top