Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Bunaítear leis córas trínar féidir le AE bearta a ghlacadh i ndáil le gníomhaíochtaí agus beartais thíortha neamh-AE áirithe ina gceadaítear iascaireacht neamh-inbhuanaithe.
Tá na bearta sin ceaptha chun cuidiú le caomhnú stoc éisc ar leas coiteann iad1 do na tíortha AE agus na tíortha neamh-AE lena mbaineann.
PRÍOMHPHOINTÍ
Sainítear tír mar thír ina gceadaítear iascaireacht neamh-inbhuanaithe i gcás:
go mainníonn sí bearta bainistíochta iascaigh riachtanacha a ghlacadh; nó
go nglacann sí bearta bainistíochta iascaigh gan aird chuí a thabhairt ar chearta, leasanna agus dualgais tíortha eile agus AE a bhféadfadh, nuair a chuirtear iad leis na bearta a rinne tíortha eile agus AE, iascaireacht teacht as a bhféadfadh stoic neamh-inbhuanaithe bheith mar thoradh air.
Bearta is féidir le AE a dhéanamh
Áirítear ar na samplaí de na bearta is féidir leis an gCoimisiún Eorpach a dhéanamh i ndáil le tír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe:
cuótaí ar allmhairí éisc ón stoc ar leas coiteann é a gabhadh faoi rialú na tíre sin agus ar allmhairí táirgí iascaigh ina bhfuil iasc den sórt sin;
Srianta ar úsáid chalafoirt AE ag soithí
a bhfuil bratach na tíre sin ar foluain acu a dhéanann iascaireacht ó stoc ar leas coiteann é agus/nó ó speicis bhainteacha; nó ina n-iompraítear éisc nó táirgí a fuarthas ó stoc ar leas coiteann é agus/nó ó speicis bhainteacha;
a bhfuil bratach eile ar foluain acu atá údaraithe ag an tír sin;
cosc a chur ar chuideachtaí iascaireachta AE soithí iascaireachta a bhfuil bratach na tíre sin ar foluain acu a cheannach;
cosc a chur ar shoithí a bhfuil bratach thír AE ar foluain acu a mbratach a athrú go dtí bratach na tíre sin;
cosc a chur ar shoithí iascaireachta a bhfuil bratach thír AE ar foluain acu, nó ar threalamh agus soláthairtí iascaireachta a bhfuil gá leo chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc ar leas coiteann é, a onnmhairiú chuig an tír sin;
cosc a chur ar chomhaontuithe trádála príobháideacha a thabhairt i gcrích idir oibreoirí eacnamaíocha AE agus oibreoirí na tíre sin a cheadaíonn do shoitheach iascaireachta a bhfuil bratach thír AE ar foluain acu leas a bhaint as deiseanna iascaireachta de chuid na tíre sin;
cosc a chur ar chomhoibríochtaí iascaireachta lena mbaineann soithí iascaireachta a bhfuil bratach AE ar foluain acu agus soithí iascaireachta a bhfuil bratach na tíre sin ar foluain acu.
Maidir leis na bearta uile a dhéanfar:
bainfidh siad le caomhnú an stoic ar leas coiteann é;
tabharfar éifeacht dóibh i gcomhar le srianta ar iascaireacht soithí AE, nó ar tháirgeadh nó ar thomhailt laistigh de AE, i ndáil le hiasc den speiceas ar glacadh na bearta ina thaobh, agus i ndáil le táirgí éisc ina bhfuil iasc den sórt sin;
beidh siad comhréireach leis na cuspóirí a bhfuiltear ag féachaint leo agus beidh siad comhoiriúnach leis na hoibleagáidí arna bhforchur le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil AE ina pháirtí iontu agus le haon noirm ábhartha eile den dlí idirnáisiúnta.
Sula nglacfar bearta, ní mór don Choimisiún fógra a thabhairt don tír lena mbaineann go bhfuil sé ar intinn aige í a shainaithint mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe. I gcásanna dá leithéid, ní mór dó Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas láithreach.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón .
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Stoc ar leas coiteann é: stoc éisc atá ar fáil do thíortha AE agus do thíortha neamh-AE araon de bharr a dháilte gheografaigh agus ar stoc éisc é a dteastaíonn comhar idir na tíortha sin agus AE, i gcúinsí déthaobhacha nó iltaobhacha, chun é a bhainistiú.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe (IO L 316, , lgh. 34-37)