Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Údarú orgánach géinmhodhnaithe (OGManna) in AE

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2015) 176 final) – Athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna)

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT SEO?

  • Léirítear inti nach gcuirtear san áireamh go hiomlán buarthaí aonair na rialtas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a toghadh go daonlathach sa chóras reatha um údarú bia agus beatha ghéinmhodhnaithe (GM). Dá bhrí sin moltar bealaí inti chun na buarthaí sin a chur san áireamh sa phróiseas um údarú.
  • Moltar inti Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a leasú ionas gur féidir le tíortha AE úsáid bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a údaraíodh ar leibhéal AE, ar a gcríoch (nó ar chuid de), a shrianadh nó a chosc.
  • Bheadh an srian nó an cosc sin ar fhorais seachas riosca don chomhshaol nó do shláinte an duine/ainmhithe — na critéir ar an ndéanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia (ÚESB)* measúnú ina mheasúnú riosca.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, déanann tíortha AE cinneadh faoi údarú an bhia agus na beatha GM sa Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe (coiste ina bhfuil ionadaí ó gach tír AE). Má dhiúltaíonn an Coiste d’iarratas, féadfar ansin é a thabhairt os comhair Coiste Achomhairc. Ní rómhinic, áfach, a comhaontaíodh údaruithe sna coistí sin, agus mar sin is é a tharla sa deireadh go ndearna an Coimisiún Eorpach, a dhéanann gníomh in easnamh tromlaigh cháilithe, an chuid is mó de na cinntí maidir le húdarú bia agus beatha GM.
  • Ní mór do bhearta a ghlacann tíortha AE maidir le bia agus beatha GM a shrianadh nó a chosc a bheith comhoiriúnach leis na rialacha ar mhargadh aonair AE.
  • Tír ar bith ar mian léi tarraingt as bia nó beatha GM faoi leith a údarú bheadh uirthi údar a thabhairt don chás sainiúil sin, ag cur san áireamh an OGM lena mbaineann, an cineál birt (e.g. cosc nó srian), agus na cúinsí sainiúla atá i gceist ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach lena dtugtar forais do tharraingt as dá leithéid.

CÚLRA

Le treoir ghaolmhar (Treoir (AE) 2015/412 lena leasaítear Treoir 2001/18/CE) is féidir le tíortha AE saothrú OGManna ar chuid dá gcríoch nó ar a gcríoch go léir a shrianadh nó a chosc. Is féidir é sin a dhéanamh ar an gcoinníoll go bhfuil údar le gníomhartha dá leithéid ar bhonn cúiseanna an-láidir seachas an riosca do shláinte an duine/ainmnithe agus don chomhshaol (i.e. buarthaí reiligiúnacha, tionsclaíocha, etc.).

Mar sin féin, ní bhaineann Treoir (AE) 2015/412 ach le OGManna maidir le saothrú agus ní na cinn maidir le bia agus beatha GM, agus táthar á mholadh sa Teachtaireacht seo gurb é sin an rud ba cheart a dhéanamh.

  • Údarú OGManna (suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh)
  • OGM (suíomh gréasáin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bhia)

PRÍOMHTHÉARMA

* An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia (EFSA): an eagraíocht atá freagrach as measúnú riosca AE san earnáil bhia.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna) (COM(2015) 176 final an 22.4.2015

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir (AE) 2015/412 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir le féidearthacht na mBallstát chun saothrú orgánach géinmhodhnaithe (OGManna) a shrianadh nó a chosc ar a gcríoch (IO L 68, 13.3.2015, lgh. 1-8)

Nuashonraithe 04.01.2016

Top