EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Seirbhísí cumarsáide ar phraghas réasúnta - cearta na n-úsáideoirí

Déanann an tAontas Eorpach (AE) iarracht íos-sraith seirbhísí cumarsáide leictreonaí d’ardchaighdeán a chinntiú, a mbíonn rochtain orthu ag úsáideoirí ar phraghas réasúnta, agus an saobhadh margaidh á íoslaghdú.

GNÍOMH

Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus le cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch).

ACHOIMRE

Déanann an tAontas Eorpach (AE) iarracht íos-sraith seirbhísí cumarsáide leictreonaí d’ardchaighdeán a chinntiú, a mbíonn rochtain orthu ag úsáideoirí ar phraghas réasúnta, agus an saobhadh margaidh á íoslaghdú.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Cinntítear leis an “treoir um sheirbhís uilíoch” go gcuirtear rialacha sonracha i bhfeidhm maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil in AE. Sa chomhthéacs seo:

  • leagtar amach oibleagáidí maidir le seirbhísí áirithe éigeantacha a chur ar fáil (seirbhís uilíoch);
  • leagtar amach cearta na n-úsáideoirí deiridh, mar aon le hoibleagáidí comhréireacha na gcuideachtaí, cuideachtaí a bhfuil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí á gcur ar fáil acu don phobal.

PRÍOMHPHOINTÍ

Oibleagáidí seirbhíse uilíche

Bíonn ar na tíortha AE a chinntiú:

  • go gcuirtear seirbhísí cumarsáide leictreonaí de chaighdeán sonrach, a bhfuil praghas réasúnta orthu, ar fáil do gach úsáideoir ina gcríoch, beag beann ar a suíomh geografach;
  • go gcuirtear nasc leis an líonra cumarsáide poiblí (.i. seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chuirtear ar fáil don phobal, amhail an teileafón agus an t-idirlíon) ar fáil do na húsáideoirí a iarrann ar a leithéid de nasc i suíomh áirithe (is rud tábhachtach é seo, mar shampla, do thomhaltóirí i gceantair tuaithe nó iargúlta);
  • go gcuirtear eolaí teileafóin uileghabhálach amháin ar a laghad ar fáil d’úsáideoirí deiridh, a dhéantar é a nuashonrú uair sa bhliain nó níos mó;
  • go mbíonnúsáideoirí atá faoi mhíchumasin ann leas a bhaint as tairiscint atá saincheaptha dá riachtanais, tairiscint atá ar leibhéal comhionann le tairiscintí úsáideoirí eile;
  • go mbíonn rochtain agtomhaltóirí ar íseal ioncaimar tháillí speisialta nó go dtugtar cabhair speisialta dóibh .

Chun na glanchostais a sheachchur, a thabhaíonn soláthraithe seirbhíse as seirbhís uilíoch a chur ar fáil (rud nach bhfuil brabúsach i gcónaí), féadfaidh tíortha AE sásraí a thabhairt isteach chun iad a chúiteamh.

Leasanna agus cearta na n-úsáideoirí

Ní mór faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí chun a chur ar a gcumas tuiscint a fháil ar na seirbhísí a liostálann siad dóibh. Ní mór do chonarthaí: (i) faisnéis a chur ar fáil faoi íoschaighdeáin cháilíocht seirbhíse agus faoi chúiteamh agus aisíocaíochtaí mura mbaintear na leibhéil sin amach, (ii) a shonrú go bhfuil an ceart acu bheith liostaithe in eolaithe teileafóin a chuirtear ar fáil do shíntiúsóirí (iii) faisnéis shoiléir a chur ar fáil faoi chritéir cháilitheacha na dtairiscintí fógraíochta.

Ceadaítear na nithe seo a leanas faoin treoir freisin:

  • ceart an tomhaltóra chun a oibreoir líne fostaithe nó móibíleach a athrú laistigh de lá amháin agus a sheanuimhir á coimeád;
  • go mbíonn ar oibreoirí faisnéis thrédhearcach thráthúil a chur ar fáil faoi phraghsanna agus táillí;
  • go mbíonn oibleagáid sonrach ar oibreoirí tomhaltóirí a chur ar an eolas nuair a athraítear coinníollacha conarthacha;
  • go mbíonn oibleagáid ar oibreoirí faisnéis inchomparáide atá suas chun dáta a fhoilsiú faoi chaighdeán a gcuid seirbhísí;
  • go mbíonn tomhaltóirí in ann na huimhreacha teileafóin go léir a chuirtear ar fáil in AE a rochtain;
  • gur féidir glaoch a chur saor in aisce ar an uimhir theileafóin éigeandála Eorpach “112”, agus go gcuirtear de cheangal ar oibreoirí faisnéis seirbhísí éigeandála a tharchur faoi shuíomh an ghlaoiteora;
  • go gcuirtear uimhreacha sonracha “116” chun cinn do sheirbhísí caighdeánaithe an leasa shóisialta, lena n-áirítear uimhir theileafóin do líne éigeandála na “leanaí ar iarraidh”.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Ón 24 Feabhra 2002 ar aghaidh.

CÚLRA

Is cuid den phacáiste AE um athchóiriú teileachumarsáide an treoir seo, a chuimsíonn ceithre threoir eile (an chreat-treoir, an treoir um rochtain, an treoir um údarú agus an treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach, mar aon leis an rialachán lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC).

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, agus an láithreán gréasáin “ An Eoraip Agatsa ” (“Your Europe”).

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2002/22/CE

24.4.2002

24.7.2003

IO L 108, 24.4.2002, lgh. 51-77

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2009/136/CE

19.12.2009

25.5.2011

IO l 337, 18.12.2009, lgh. 11-36

Ceartúchán ar an Treoir 2009/136/CE

-

-

IO L 241, 10.9.2013, lgh. 9

Nuashonraithe 22.09.2015

Top