Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Idirphlé trípháirteach

I gcomhthéacs ghnáthnós imeachta reachtach an Aontais Eorpaigh, is ionann idirphlé trípháirteach agus idirbheartaíocht idirinstitiúideach neamhfhoirmiúil ina dtugtar ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach le chéile. Is é is aidhm le hidirphlé trípháirteach teacht ar chomhaontú sealadach maidir le togra reachtach atá inghlactha ag an bParlaimint agus ag an gComhairle, ar comhreachtóirí iad. Ní mór do nósanna imeachta foirmiúla gach ceann de na hinstitiúidí sin an comhaontú sealadach sin a ghlacadh ansin.

Féadfar idirphlé trípháirteach a thionól ag aon chéim den nós imeachta reachtach d’fhonn saincheisteanna atá fós gan réiteach a réiteach agus is é an comhreachtóir a óstálann an cruinniú a dhéanann cathaoirleacht air. Is é ról an Choimisiúin idirghabháil a dhéanamh idir na páirtithe.

Níor cheart cruinnithe neamhfhoirmiúla idirphléití trípháirteacha a mheascadh le cruinnithe coiste idir-réitigh, ar céim fhoirmiúil iad den ghnáthnós imeachta reachtach i ndiaidh an dara léimh. Sa dá chás, déantar ionadaíocht do na trí institiúid thuasluaite ar fad agus is é an sprioc comhaontú sealadach nó téacs comhpháirteach faoi seach a chomhaontú.

In 2007, d’eisigh an Pharlaimint agus an Chomhairle an dearbhú comhpháirteach maidir le socruithe praiticiúla i ndáil leis an nós imeachta comhchinnteoireachta, ag aithint “gur léiríodh leis an gcóras trípháirteach beocht agus solúbthacht maidir le méadú suntasach a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le comhaontú ag céimeanna an chéad léimh agus an dara léimh, chomh maith le cur le hullmhú obair an Choiste Idir-réitigh”.

FÉACH FREISIN

Top