Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Idirphlé sóisialta

Cuireann “idirphlé sóisialta” síos ar an idirbheartaíocht a dhéanann na comhpháirtithe sóisialta (i.e. eagraíochtaí fostóirí agus oibrithe) d’fhonn leasanna a mball a chosaint. Tá sé aitheanta mar chuspóir de chuid an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 151 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Cuireann an t–idirphlé sóisialta le forbairt bheartas sóisialta na hEorpa. Tá na comhpháirtithe sóisialta bainteach le plé, comhairliúcháin, idirbheartaíocht agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha ar leibhéal AE, chomh maith leis na cinn a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta.

Sula ndéanann an Coimisiún Eorpach gníomh sa réimse sóisialta ní mór do dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta (Airteagal 154 CFAE). Ansin, féadfaidh comhpháirtithe comhaontuithe a idirbheartú a fhéadfar a chur i bhfeidhm go neamhspleách de réir a gcleachtas náisiúnta, nó a gcur chun feidhme a iarraidh trí chinneadh ón gComhairle (Airteagal 155 CFAE).

Is féidir le hidirphlé sóisialta na hEorpa a bheith:

  • dépháirteach: comhpháirtithe sóisialta amháin — eagraíochtaí fostóirí agus eagraíochtaí oibrithe (ceardchumainn) nó
  • trípháirteach: comhpháirtithe sóisialta agus institiúid AE eile.

Is iad samplaí de chomhaontuithe a thagann as an idirphlé sóisialta na cinn maidir le haosú gníomhach agus cur chuige idirghlúine (2017) agus digitiú (2020).

FÉACH FREISIN

Top