Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sásra aonair réitigh

Tháinig a lán fadhbanna chun cinn in earnáil baincéireachta an Aontais Eorpaigh (AE) le linn na géarchéime airgeadais 2008. Fadhbanna tromchúiseacha ab ea mórchuid de na fadhbanna sin, fadhbanna a raibh ar cháiníocóirí iad a réiteach. Ba shoiléir ansin, go háirithe i limistéar an euro ina bhfuil an t-airgeadra céanna á úsáid ag tíortha difriúla, go mbeadh sé riachtanach beart a dhéanamh ar leibhéal AE, seachas a bheith ag brath ar bhearta beartais náisiúnta.

Mar sin, ghníomhaigh AE chun a chinntiú nach ndéanfadh iompraíocht na mbanc an bonn a bhaint den chóras airgeadais riamh arís trí Aontas Baincéireachta a mholadh. Cuimsíonn an tAontas Baincéireachta AE:

  • an Sásra Aonair Réitigh; agus
  • an Sásra Maoirseachta Aonair.

Cuimsíonn an Sásra Aonair Réitigh:

  • bord réitigh nua atá freagrach as pleananna agus scéimeanna réitigh a dhréachtú do na bainc nach bhfuil ag éirí go maith leo.
  • ciste réitigh aonair chun cabhrú le réiteach banc a mhaoiniú. Íocfaidh na bainc féin as an gciste sin agus ba cheart dó a bheith comhionann le 1 % de thaiscí árachaithe sna tíortha rannpháirteacha faoi 2024.

Tugann an Sásra Maoirseachta Aonair, arb é an dara colún den Aontas Baincéireachta, cumhachtaí don Bhanc Ceannais Eorpach chun maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar na bainc i limistéar an euro. Tá maoirseoirí náisiúnta freagrach go fóill as na bainc bheaga.

FÉACH FOSTA

Top