Questo documento è un estratto del sito web EUR-Lex.
Is éard is COREU ann líonra cumarsáide idir 27 Ballstát an Aontas Eorpaigh, an Chomhairle, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus an Coimisiún Eorpach.
Trí shruth rialta faisnéise a sholáthar, éascaíonn sé comhar maidir le nithe a bhaineann le beartas eachtrach agus slándála, agus a gcur chun feidhme.
Cuireann COREU ar chumas AE gníomhú go gasta i gcásanna éigeandála, mar shampla trí sheasamh de chuid AE i gcúrsaí a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) a fhaomhadh trí nós imeachta an tosta ar hógra an-ghearr, mar a shainmhínítear in Airteagal 12 de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.