This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Leagtar amach sa straitéis bhliantúil maidir le fás inbhuanaithe (ASGS) tosaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta an Aontais Eorpaigh (AE), rud a chuireann inbhuanaitheacht agus cuimsiú sóisialta ag croílár cheapadh beartas an Aontais Eorpaigh.
Leis an ASGS cuirtear tús leis an seimeastar Eorpach, timthriall bliantúil AE maidir leis an mbeartas eacnamaíoch agus buiséadach a chomhordú. Cuireann an Coimisiún Eorpach an straitéis i láthair ag deireadh an fhómhair gach bliain agus, i ndiaidh cainteanna laistigh den Chomhairle agus den Pharlaimint, bíonn sí mar bhonn le treoir AE maidir le beartais náisiúnta fáis agus fostaíochta. Ag tosú ó thimthriall an tseimeastair Eorpaigh 2020, dírítear inti ar cheithre ghné:
Mar chuid de thimthriall fómhair an tseimeastair Eorpaigh, foilsíonn an Coimisiún dréacht-chomhthuarascáil ar fhostaíocht ag an am céanna leis an ASGS chomh maith, ina ndéantar anailís ar staid fostaíochta AE agus ar conas atá tíortha AE ag plé léi agus tuarascáil um shásra rabhaidh, ina lorgaítear éagothroime eacnamaíoch fhéideartha lena dteastaíonn gníomh beartais, agus ina soláthraítear moladh don limistéar euro.