Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Fearann .eu

Ó 2006 i leith, leis an bhfearann barrleibhéil.eu (TLD) is féidir le húsáideoirí aitheantas idirlín uile–Eorpach a chruthú dá suíomhanna gréasáin agus dá seoltaí ríomhphoist. Is féidir le haon chuideachta nó eagraíocht atá bunaithe san Aontas Eorpach (AE) nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus gach saoránach cónaitheach é a úsáid, lena n–áirítear saoránaigh neamh–AE a bhfuil cónaí orthu i mBallstát AE, nó saoránaigh AE agus LEE a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas Eorpach. Tá an TLD .eu de bhreis ar na cinn atá in úsáid san Aontas Eorpach cheana, agus níl sé curtha ina n–ionad. Tugtar an rogha d’úsáideoirí leis aitheantas idirlín uile–Eorpach a bheith acu.

Maidir le saoránaigh, áit sa chibearspás is ea an TLD .eu ina bhfuil a gcearta mar thomhaltóirí agus mar dhaoine aonair á rialú ag rialacha agus caighdeáin AE.

Maidir le cuideachtaí nó eagraíochtaí eile, le suíomh gréasáin .eu tugtar infheictheacht idirlín dóibh laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh dá theorainneacha, ag fógairt a stádais ar fud na hEorpa. Cuireann sé sin le méadú ar láithreacht na ríomhthráchtála.

Cheap an Coimisiún Eorpach clárlann. Eagraíonn, riarann agus bainistíonn sí an TLD .eu ar mhaithe leis an leas ginearálta agus tá sí freagrach as a ardcháilíocht, a thrédhearcacht, a shlándáil, a chobhsaíocht, a intuarthacht, a iontaofacht, a inrochtaineacht, a éifeachtúlacht agus a neamh–idirdhealú. Áirithíonn sí freisin cothrom na Féinne agus cosaint tomhaltóirí, agus cinntíonn sí go ndéanfar clárúcháin ainmneacha maslacha fearainn a shainaithint go tapa. Oibríonn sí go dlúth leis na húdaráis inniúla agus le comhlachtaí poiblí eile atá freagrach as cibearshládáil agus as slándáil faisnéise, amhail foirne náisiúnta práinnfhreagartha ríomhaireachta.

Glacadh na bunrialacha lena rialaítear an TLD .eu in 2002. Rinneadh iad sin a athbhreithniú agus a aisghairm ó shin le Rialachán (AE) 2019/517 agus beidh feidhm acu ón .

FÉACH FREISIN

Top