Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Forbairt inbhuanaithe

Tugadh sainmhíniú ar fhorbairt inbhuanaithe ar dtús i dTuairisc Brundtland an Choimisiúin Dhomhanda um an Comhshaol agus um Fhorbairt ó 1987: “Ár dtodhchaí chomhchoiteann” mar “fhorbairt a chomhlíonann riachtanais an lae inniu gan ghéilleadh ar chumas na nglúine todhchaígh a riachtanais féin a chomhlíonadh”. Féachtar leis an rathúnas eacnamaíoch agus an cuimsiú sóisialta agus maoirseacht comhshaoil a thabhairt le chéile, agus feidhmíonn sé mar bhonn do bheartais agus thionscnaimh uile an Aontais Eorpaigh (AE). Faoi Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, rinneadh cuspóir fadtéarmach foirmiúil an Aontais Eorpaigh den fhorbairt inbhuanaithe.

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do na 17 sprioc forbartha inbhuanaithe de chuid Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh i Meán Fómhair 2015, a bhaint amach. Tá beartais, straitéisí agus tionscnaimh éagsúla i bhfeidhm ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, aistriú go geilleagar ísealcharbóin, nuálaíocht agus fiontraíocht a chothú, agus comhdheiseanna, rochtain ar phoist, oideachas agus cúram sláinte, agus cosaint shóisialta a chur chun cinn. Áirítear leo sin an Comhaontú Glas don Eoraip, an seimeastar Eorpach, an plean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach, clár gníomhaíochta an chomhshaoil, an clár oibre um rialáil níos fearr, beartas comhtháthaithe an Aontais agus plean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. In 2023, rinne an tAontas an chéad athbhreithniú deonach dá chuid féin riamh maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 a fhoilsiú agus a chur i láthair ag na Náisiúin Aontaithe.

Thar a chuid teorainneacha, aithníonn an tAontas na naisc idir na dúshláin dhomhanda agus an tábhacht a bhaineann le comhar idirnáisiúnta. Bhí príomhról aige maidir le Clár Oibre domhanda 2030 agus na SDGanna a mhúnlú, agus tá sé páirteach go gníomhach i seimineáir agus i dtionscnaimh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail bochtaineacht, ocras, sláinte, oideachas, comhionannas inscne, uisce glan agus sláintíocht. In 2017, ghlac an tAontas an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, ina leagtar amach a bheartas maidir le comhar um fhorbairt, agus, in 2021, ghlac sé an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda, an ionstraim is déanaí um chomhar forbartha dá chuid. Trína bheartas trádála, féachann an tAontas le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn sna comhaontuithe trádála a shíníonn sé le tíortha comhpháirtíochta.

D’fhorbair Eurostat, oifig staidrimh AE, mar aon leis an gCoimisiún Eorpach, gníomhaireachtaí eile de chuid AE, Ballstáit AE agus páirtithe leasmhara eile, sraith táscairí chun an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Aontais maidir leis na SDGanna a bhaint amach a rianú. Sa tuarascáil um Fhorbairt Inbhuanaithe san Aontas Eorpach, a fhoilsíonn Eurostat go bliantúil, déantar treochtaí sna táscairí sin a thiomsú agus a athbhreithniú, rud a fhágann gur féidir measúnú a dhéanamh ar bheartais AE agus, nuair is iomchuí, iad a oiriúnú.

FÉACH FREISIN

Barr