EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bunú an chórais faisnéise víosaí (VIS) – Céim 1

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2004/512/CE lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS)

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

  • Le Cinneadh 2004/512/CE bunaíodh an córas faisnéise víosaí (VIS) chun sonraí a roinnt idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE). Cuireann sé ar chumas na n-údarás údaraithe náisiúnta sonraí víosaí a chur isteach agus a nuashonrú agus chun dul i gcomhairle leis na sonraí sin go leictreonach.
  • Rinne Rialachán (AE) 2019/817 lena mbunaítear creat le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí (féach achoimre) an cinneadh a leasú, ag tabhairt an ailt a bhaineann le hailtireacht an chórais TF cothrom le dáta.
  • Aisghairtear Cinneadh 2004/512/CE le Rialachán (AE) 2021/1134. Rinneadh na rialacha ábhartha den chinneadh a chomhtháthú i rialachán VIS.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ailtireacht

Tá VIS bunaithe ar ailtireacht lárnaithe TF. Tá an méid a leanas mar chuid de ó glacadh Rialachán (AE) 2019/817:

  • an bonneagar lárnach comhchoiteann um stór aitheantais, ina bhfuil sonraí beathaisnéiseacha agus bithmhéadracha neamhnáisiúnach AE (arna bhunú faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/817);
  • córas lárnach faisnéise, dá dtagraítear mar an córas lárnach faisnéise víosaí (CS-VIS);
  • comhéadan náisiúnta i ngach Ballstát, chun nasc chuig an údarás lárnach náisiúnta ábhartha an Bhallstáit faoi seach a sholáthar;
  • bonneagar cumarsáide idir CS-VIS agus na comhéadain náisiúnta;
  • cainéal slán cumarsáide idir córas isteach/amach an chórais lárnaigh agus CS-VIS;
  • bonneagar slán cumarsáide idir córas lárnach VIS agus bonneagar lárnach:

Córais a fhorbairt agus a chur in oiriúint

  • Maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), tá sí freagrach as an méid a leanas a fhorbairt:
    • CS-VIS;
    • comhéadan náisiúnta i ngach Ballstát;
    • bonneagar cumarsáide idir CS-VIS agus na comhéadain náisiúnta.
  • Tá na Ballstáit freagrach as a mbonneagair náisiúnta a oiriúnú.

Cumhachtaí forfheidmithe an Choimisiúin Eorpaigh

Tá an chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach gníomhartha cur chun feidhm a ghlacadh, agus iad ag baint le cúrsaí amhail iad siúd a leanas:

  • dearadh ailtireacht fhisiciúil TF an chórais;
  • na gnéithe teicniúla atá tábhachtach do chosaint sonraí pearsanta;
  • Na gnéithe teicniúla a bhfuil impleachtaí airgeadais tromchúiseacha acu ar bhuiséid na mBallstát nó impleachtaí teicniúla tromchúiseacha acu ar chórais náisiúnta na mBallstát;
  • ceanglais slándála, lena n–áirítear gnéithe bithmhéadracha, a fhorbairt.

Tuarascálacha

Cuireann an Coimisiún tuarascáil bhliaintúil maidir le dul chun cinn faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 2004/512/CE le Rialachán (AE) 2021/1134, go dtí go gcuirtear VIS i bhfeidhm.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 5 Iúil 2004.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lgh. 5–7).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2004/512/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2018/1240, Rialachán (AE) 2018/1860, Rialachán (AE) 2018/1861, Rialachán(AE) 2019/817 agus Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/512/CE agus Cinneadh 2008/633/CBG ón gComhairle, chun an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lgh. 11–87).

Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir–inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2018/1240, Rialachán (AE) 2018/1726 agus Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2004/512/CE agus Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lgh. 27–84).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99–137).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2008/602/CE ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2008 lena leagtar síos an bonneagar fisiciúil agus ceanglais comhéadan náisiúnta agus an bonneagar cumarsáide idir VIS lárnach agus na comhéadain náisiúnta don chéim forbartha (IO L 194, 23.7.2008, lgh. 3–8).

Nuashonraithe 20.04.2022

Top