Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha nós imeachta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí lena nglactar rialacha nós imeachta an chomhlachta

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA?

  • Tagann siad in ionad na rialacha nós imeachta roimhe sin don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) arna leagan amach le Cinneadh 2013/504/AE, a aisghairtear leo.
  • Leagtar amach leo prionsabail threoracha MECS, mar aon le rialacha maidir le próisis um chinnteoireacht inmheánach, eagrú agus oibriú na rúnaíochta, pleanáil, riarachán inmheánach, agus oscailteacht agus trédhearcacht na hinstitiúide.
  • Leasaíodh na rialacha in 2022 chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na rialacha nós imeachta riachtanacha lena rialaítear feidhmiú chúraimí MECS agus na cinn a bhaineann le struchtúr eagraíochtúil rúnaíocht MECS (ós rud é nár cheart an ceann deireanach a luadh a áireamh sna rialacha nós imeachta).

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá ról MECS leagtha amach i Rialachán (AE) 2018/1725 — féach an achoimre.

Cuirtear san áireamh sna rialacha sin na hathruithe ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le cosaint sonraí, go sonrach:

  • Rialachán (AE) 2016/679, an rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí — féach an achoimre;
  • Treoir (AE) 2016/680 maidir le cosaint sonraí ag na póilíní agus údaráis an cheartais choiriúil — féach an achoimre;
  • Rialachán (AE) 2018/1727 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil — féach an achoimre;
  • Rialachán (AE) 2018/1241 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil — féach an achoimre;
  • Rialachán (AE) 2017/1939 maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh — féach an achoimre;
  • Rialachán (AE) 2016/794 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí — féach an achoimre.

Prionsabail threoracha

Ceanglaítear ar MECS leis na rialacha roinnt prionsabail threoracha a leanúint ina gcumhdaítear:

  • dea–rialachas, macántacht agus dea–iompar riaracháin — ní mór do MECS gníomhú ar mhaithe leis an leas poiblí mar shaineolaí, chomh maith le comhlacht neamhspleách, iontaofa, réamhghníomhach agus riaracháin sa réimse maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí pearsanta;
  • cuntasacht agus trédhearcacht;
  • éifeachtacht agus éifeachtúlacht;
  • comhar.

Ról an Mhaoirseora

Áirítear iad seo a leanas ar shainchúraimí an Mhaoirseora:

  • tosaíochtaí straitéiseacha MECS a chinneadh;
  • doiciméid bheartais a ghlacadh a bheidh comhfhreagrach le sainchúraimí agus cumhachtaí MECS;
  • cinneadh a dhéanamh maidir le struchtúr eagraíochtúil rúnaíocht MECS, a thiocfaidh leis na tosaíochtaí straitéiseacha.

Faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí

  • Ní mór do MECS cosaint éifeachtach ceart agus saoirsí daoine aonair a áirithiú trí fhaireachán agus trí chur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1725 agus aon dlí eile AE lena leagtar amach sainchúraimí agus cumhachtaí do MECS.
  • Agus a chumhachtaí imscrúdaitheacha, ceartaitheacha, údarúcháin agus comhairleacha á gcur i gcrích aige, ní mór do MECS cuairteanna um chomhlíonadh, suirbhéanna agus cuairteanna gach dhá mhí agus comhairliúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh nó socruithe síochánta gearán a spreagadh.

Gearáin

  • Láimhseálann MECS gearáin i scríbhinn agus roinnt tosca á gcur san áireamh, lena n–áirítear iad seo a leanas:
    • cineál agus tromchúis na sáruithe líomhnaithe;
    • chomh tábhachtach agus atá an damáiste a rinneadh;
    • tábhacht fhoriomlán fhéideartha an cháis.
  • Ní mór dó an gearánaí a chur ar an eolas a luaithe is féidir.
  • Maidir le gearáin a chuirtear isteach níos mó ná 2 bhliain i ndiaidh don ghearánaí teacht ar an eolas faoin sárú líomhnaithe, dearbhóidh sé nach bhfuil siad inghlactha agus ní dhéileálfaidh sé leo ach amháin i gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo.
  • Féadfaidh an gearánaí nó an institiúid lena mbaineann a iarraidh ar MECS a chinneadh a athbhreithniú.

Comhairliúchán reachtach

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 27 Meitheamh 2020.

CÚLRA

  • Sonraítear in Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha go bhfuil an ceart ag gach duine go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú.
  • In Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha sonraítear go bhfuil an ceart ag gach duine chun a sonraí pearsanta a chosaint.
  • In Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh déantar an ceart sin a fhorbairt tuilleadh. Is é an t–airteagal an bonn dlíthiúil maidir le reachtaíocht AE ar bith ar chosaint sonraí.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an 15 Bealtaine 2020 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta MECS (IO L 204, 26.6.2020, lgh. 49-59).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcinneadh a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus a ghabhann in ionad an Chinnidh sin (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 138-183).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39-98).

Rialachán (AE) 2018/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú (IO L 236, 19.9.2018, lgh. 72-73).

Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1-71).

Féach an leagan comhdhlúite.

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a hAon — Prionsabail — Teideal II — Forálacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo — Airteagal 16 (sean–Airteagal 286 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 55)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais — Teideal V — Comhaontuithe idirnáisiúnta — Airteagal 218 (sean–Airteagal 300 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 144-146).

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Teideal II — Saoirsí — Airteagal 7 Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (IO L 202, 7.6.2016, lch. 395).

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Teideal II — Saoirsí — Airteagal 8 — Cearta sonraí pearsanta (IO C 202, 7.6.2016, lch. 395).

Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) lena n–aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lgh. 53-114).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89-131).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 23.11.2022

Top