This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Tá sé mar aidhm le Rialachán (AE) 2017/2226 feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht na rialuithe ag teorainneacha seachtracha Limistéar Schengen trí chóras láraithe dul isteach/imeachta (ESS) a chruthú do náisiúnaigh neamh–AE agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha AE le haghaidh gearrfhanachta.
Beidh an EES ina uathchóras TF chun dul isteach agus imeacht taistealaithe ó thíortha neamh–AE a chlárú ag na teorainneacha seachtracha. Beidh feidhm aige maidir leo siúd a dteastaíonn víosa gearrfhanachta uathu agus dóibh siúd a thagann as tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad atá díolmhaithe ó víosaí.
Cuirfear an EES in ionad an chórais reatha maidir le pasanna a stampáil de láimh, córas atá am–íditheach, nach soláthraíonn sonraí iontaofa maidir le trasnuithe teorann, agus ná nach mbraitheann rófhantóirí go héifeachtach. Beidh sé ina chuidiú freisin leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí.
Leasaítear roinnt dlíthe AE le Rialachán (AE) 2017/2226:
Gníomh reachtach ar leith, Rialachán (AE) 2017/2225 is ea an leasú ar Chód Teorainneacha Schengen i ndáil le húsáid an EES.
Ábhar
Le Rialachán (AE) 2017/2226 cruthaítear an EES, comhchóras leictreonach lena ndéantar an méid seo a leanas:
Cuirtear an córas in aonad an cheanglais pas náisiúnach neamh-AE a stampáil, córas atá infheidhme maidir le gach Ballstát.
Raon feidhme
Maidir leis an EES:
Stóráil agus inrochtaineacht sonraí
Déanfar sonraí maidir le haitheantas, doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha a stóráil sa EES.
Maidir leis an sonraí sin:
Chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, féadfaidh údaráis fhorfheihdmithe dlí ainmnithe agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Chomhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) iarratas a dhéanamh chun féachaint ar shonraí EES.
Ailtireacht theicniúil
Cuimsítear an méid seo a leanas sa EES:
Tá eu-LISA freagrach as an gcóras a fhorbairt agus a fheidhmiú, lena n–áirítear chun VIS a chur in oiriúint chun idir–inoibritheacht idir córas lárnach EES agus córas lárnach VIS a áirithiú.
Leasú ar Chód Teorainneacha Schengen
Leasaítear le Rialachán (AE) 2017/2225 Cód Teorainneacha Schengen i ndáil le húsáid EES ag teorainneacha seachtracha AE.
Ghlac an Coimisiún Eorpach sraith gníomhartha cur chun feidhme i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 2017/2226.
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2017/2226 ón 29 Nollaig 2017, cé is moite de rialacha maidir le dáta tosaithe na n–oibríochtaí, atá le cinneadh ag an gCoimisiún Eorpach. Ón dáta sin i leith, beidh Rialachán (AE) 2017/2225 i bhfeidhm.
Tionscnamh tosaíochta is ea ESS AE chun bainistiú teorainneacha seachtracha AE a nuachóiriú agus chun cuidiú le sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach a chomhrac, mar aon le comhaid thábhachtacha bainistithe agus slándála teorainneacha eile.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí iontrála agus imeachta agus sonraí diúltaithe cead isteach náisiúnach tríú tíortha a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus na coinníollacha maidir le rochtain ar EES a chinneadh chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen agus Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lgh. 20-82).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/2226 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2017/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta (IO L 327, 9.12.2017, lgh. 1-19).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1409 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2022 i dtaca leis na rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le hoibriú na seirbhíse gréasáin, agus leis na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an tseirbhís gréasáin, mar aon le bearta le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme teicniúil na seirbhíse gréasáin agus lena n–aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) (2021)1224 (IO L 216, 19.8.2022, lgh. 3-19).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1337 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2022 lena leagtar amach an teimpléad chun faisnéis a sholáthar do náisiúnaigh tríú tíortha faoi phróiseáil sonraí pearsanta sa Chóras Dul Isteach/Imeachta (IO L 201, 1.8.2022, lgh. 48-53).
Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir–inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2018/1240, Rialachán (AE) 2018/1726 agus Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2004/512/CE agus Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lgh. 27-84).
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/326 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2019 lena leagtar síos bearta chun na sonraí a iontráil sa Chóras Isteach/Amach (EES) (IO L 57, 26.2.2019, lgh. 5-9).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/327 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2019 lena leagtar síos bearta chun rochtain a fháil ar na sonraí sa Chóras Isteach/Amach (EES) (IO L 57, 26.2.2019, lgh. 10-13).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/328 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2019 lena leagtar síos bearta chun na logaí sa Chóras Isteach/Amach (EES) a choinneáil agus a rochtain (IO L 57, 26.2.2019, lgh. 14-17).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/329 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2019 maidir le sonraíochtaí i dtaca le cáilíocht, le taifeach agus le húsáid méarlorg agus íomhánna aghaidhe chun críche fíorú bithmhéadrach agus sainaithint bhithmhéadrach a dhéanamh sa Chóras Dul Isteach/Imeachta (EES) (IO L 57, 26.2.2019, lgh. 18-28).
Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99-137).
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1547 an 15 Meán Fómhair 2018 lena leagtar síos na sonraíochtaí maidir leis na lárphointí rochtana a nascadh leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta (EES) agus le haghaidh réiteach teicniúil chun bailiú sonraí ag Ballstáit a éascú chun staidreamh a ghiniúint maidir le rochtain ar shonraí EES chun críocha fhorfheidhmiú an dlí (IO L 259, 16.10.2018, lgh. 35-38).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1548 an 15 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos bearta le haghaidh liosta a chruthú de na daoine a sainaithníodh mar rófhantóirí sa Chóras Dul Isteach/Imeachta agus na nós imeachta maidir leis an liosta sin a chur ar fáil do na Ballstáit (IO L 259, 16.10.2018, lgh. 39-42).
Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán (AE) 2016/1624 agus Rialachán (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lgh. 1-71).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 a bhaineann le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (códú) (IO L 77, 23.3.2016, lgh. 1-52).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 60-81).
Féach an leagan comhdhlúite.
Acquis Schengen — Coinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (IO L 239, 22.9.2000, lgh. 19-62).
Nuashonraithe 31.08.2022