EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1255

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1255 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 Lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 a mhéid a bhaineann leis na rioscaí inbhuanaitheachta agus tosca inbhuanaitheachta atá le cur san áireamh ag Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/2615

IO L 277, 2.8.2021, p. 11–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1255/oj

2.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/11


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1255 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Aibreán 2021

Lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 a mhéid a bhaineann leis na rioscaí inbhuanaitheachta agus tosca inbhuanaitheachta atá le cur san áireamh ag Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 12(3), Airteagal 14(4), Airteagal 15(5) agus Airteagal 18(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí i gcomhréir leis na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe, tá sé ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. In 2016, thug an tAontas Comhaontú Pháras i gcrích (2). Faoi Airteagal 2(1)(c) de Chomhaontú Pháras, leagtar síos an cuspóir chun neartú a dhéanamh ar an bhfreagairt don athrú aeráide, i measc modhanna eile, trína áirithiú go mbeidh sreafaí airgeadais comhsheasmhach le bealach i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus le forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

(2)

Ag aithint dó an dúshlán sin, thíolaic an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip (3) i mí na Nollag 2019. Is straitéis nua fáis é an Comhaontú Glas don Eoraip arb é is aidhm leis an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann ó 2050 amach, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Ceanglaítear leis an gcuspóir sin go dtabharfar comharthaí soiléire d’infheisteoirí maidir lena n-infheistíochtaí chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus maoiniú inbhuanaithe a thiomsú.

(3)

I mí an Mhárta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta i dtaca le “Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú” (4), lena gcuirtear straitéis uaillmhianach, chuimsitheach ar bun maidir le maoiniú inbhuanaithe. Ceann de na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta is ea sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíochtaí inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe, cuimsitheach a bhaint amach. An measúnú tionchair atá mar bhonn ag tionscnaimh reachtacha a rinneadh ina dhiaidh agus a foilsíodh i mBealtaine 2018 (5), léirigh sé gur gá a shoiléiriú gur cheart do Bhainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (“AIFManna”) tosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh mar chuid dá ndualgais i leith infheisteoirí. Dá bhrí sin, ba cheart do AIFManna measúnú a dhéanamh ní hamháin ar na rioscaí airgeadais ábhartha uile ar bhonn leanúnach, ach freisin ar na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha uile dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a d’fhéadfadh, dá dtarlódh siad, tionchar diúltach iarbhír nó ábhartha a imirt ar luach infheistíochta. Ní thagraíonn Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 (7) ón gCoimisiún go sainráite do rioscaí inbhuanaitheachta. Ar an gcúis sin agus chun a áirithiú go gcuirtear nósanna imeachta inmheánacha agus socruithe eagraíochtúla chun feidhme mar is ceart agus go gcloítear leo, is gá a shoiléiriú gur léiriú iad na próisis, na córais agus na rialuithe inmheánacha ar AIFManna ar na rioscaí inbhuanaitheachta, agus go bhfuil an acmhainneacht theicniúil agus an t-eolas riachtanach chun na rioscaí sin a anailísiú.

(4)

De bhun Rialachán (AE) 2019/2088 na AIFManna a bhfuil sé d’oibleagáid orthu drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh, nó breithniú a dhéanamh ar na drochthionchair phríomha sin go deonach, tá sé d’oibleagáid orthu a nochtadh conas a chuireann a mbeartais díchill chuí na drochthionchair phríomha sin san áireamh. Chun comhsheasmhacht idir Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2088 agus Rialachán Tarmligthe 231/2013 a áirithiú, ba cheart an oibleagáid sin a léiriú i Rialachán 231/2013.

(5)

Chun ardchaighdeán cosanta infheisteoirí a choinneáil ar bun, nuair a shainaithnítear na cineálacha coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna AIF, ba cheart do AIFManna na cineálacha coinbhleachtaí leasa sin a chur san áireamh a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar chomhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta ina bpróisis, ina gcórais agus ina rialuithe inmheánacha. D’fhéadfadh coinbhleachtaí a bheith i gceist leis na coinbhleachtaí sin a eascraíonn as luach saothair nó as idirbhearta pearsanta na foirne ábhartha, coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le cosc glas, mídhíol nó mífhaisnéis maidir le straitéisí infheistíochta agus coinbhleachtaí leasa idir AIFanna éagsúla atá á mbainistiú ag an AIFM céanna.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 a leasú dá réir.

(7)

Ba cheart go leor ama a thabhairt d’údaráis inniúla agus do AIFManna chun iad féin a oiriúnú do na ceanglais nua atá sa Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, a chur i bhfeidhm a chur siar,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear pointí (6) agus (7) seo a leanas leis:

“(6)

ciallaíonn ‘riosca inbhuanaitheachta’ riosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (22) de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(7)

ciallaíonn ‘riosca inbhuanaitheachta’ riosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2019/2088.

(*1)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 18, cuirtear na míreanna 5 agus 6 seo a leanas leis:

“5.   Cuirfidh AIFManna rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh agus na ceanglais a leagtar i míreanna 1 go 3 á gcomhlíonadh acu.

6.   I gcás ina measfaidh AIFManna drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaithe mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (a) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/2088, nó mar a cheanglaítear le mír 3 nó le mír 4 d’Airteagal 4 den Rialachán sin, go gcuirfidh AIFManna sin na drochthionchair phríomha sin san áireamh agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 3 den Airteagal seo á gcomhlíonadh acu.”;

(3)

in Airteagal 22, cuirtear mír 3 seo a leanas leis:

“3.   Chun críocha mhír 1, coimeádfaidh AIFManna na hacmhainní agus an saineolas is gá le haghaidh comhtháthú éifeachtach na rioscaí inbhuanaitheachta.”;

(4)

in Airteagal 30, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Áiritheoidh AIFManna, nuair a shainaithnítear na cineálacha coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna AIF, go ndéanfaidh siad na cineálacha coinbhleachtaí leasa sin a chur san áireamh, coinbhleachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar chomhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta ina bpróisis, ina gcórais agus ina rialuithe inmheánacha.”;

(5)

in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 2:

“2.   Beidh sa bheartas bainistithe riosca cibé nósanna imeachta is gá chun a chur ar chumas an AIFM measúnú a dhéanamh, i gcás gach AIF a bhainistíonn sé, ar neamhchosaint AIF ar rioscaí margaidh, leachtachta, inbhuanaitheachta agus contrapháirtí, agus neamhchosaint AIF ar gach riosca ábhartha eile, lena n-áirítear rioscaí oibriúcháin, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do gach AIF a bhainistíonn sé.”;

(6)

in Airteagal 57(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Cuirfidh AIFManna rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh agus na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh acu.”;

(7)

in Airteagal 60(2), cuirtear an pointe seo (i) a leanas leis:

“(i)

atá freagrach as comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta i ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 1.

(2)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(3)  COM(2019) 640 final.

(4)  COM(2018) 97 final.

(5)  SWD(2018) 264 final.

(6)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí, coinníollacha oibríochtúla ginearálta, institiúidí taisclainne, giaráil, trédhearcacht agus maoirseacht (IO L 83, 22.3.2013, lch. 1).


Top