EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R1601

Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíocht CEFI

IO L 249, 27.9.2017, p. 1–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/07/2021; Arna aisghairm le 32021R0947

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1601/oj

27.9.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/1601 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meán Fómhair 2017

lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíocht CEFI

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil i bPlean Infheistíochta Seachtraí (PIS) an Aontais maidir leis an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI) a chruthú mar a chéad cholún, i dteannta cúnamh teicniúil mar a dhara colún agus feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta agus ar an timpeallacht fhoriomlán bheartais i dtíortha comhpháirtíochta mar a thríú colún.

(2)

Is é is aidhm do CEFI tacú le hinfheistíochtaí go príomha san Afraic agus i gComharsanacht an Aontais mar mhodh chun rannchuidiú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe (NA) don Fhorbairt Inbhuanaithe (“Clár Oibre 2030”) a bhaint amach, go háirithe díothú na bochtaineachta, chomh maith leis na gealltanais a tugadh faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa a athbhreithníodh le déanaí. Trí thacú leis na hinfheistíochtaí sin, is é is aidhm le CEFI aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna sonracha socheacnamaíocha na himirce, lena n-áirítear imirce neamhrialta, agus rannchuidiú le hath-imeascadh inbhuanaithe imirceach a bheidh ag filleadh ar a dtíortha tionscnaimh, agus le pobail trasdula agus óstacha a neartú. Ba cheart do CEFI, mar chuid de PIS, rannchuidiú freisin le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide (Comhaontú Pháras) a chur chun feidhme.

(3)

Ba cheart iarrachtaí a dhéantar i gcomhthéacs bheartas imirce an Aontais le tríú tíortha a chomhlánú agus a neartú le hinfheistíochtaí faoi CEFI, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an Creat Comhpháirtíochta Nua le tríú tíortha faoin gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce a chur chun feidhme.

(4)

Ba cheart do CEFI a bheith á threorú ag cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) iad agus ag beartas an Aontais i réimse an chomhair um fhorbairt mar a leagtar amach in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) é. Chomh maith leis sin, ba cheart do CEFI ligean d’infheisteoirí agus do chuideachtaí príobháideacha, go háirithe micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, rannchuidiú níos éifeachtaí le forbairt inbhuanaithe i dtíortha comhpháirtíochta i gcomhréir le beartas forbartha an Aontais agus Beartas Comharsanachta na hEorpa de chuid an Aontais. Ba cheart do CEFI uasmhéadú a dhéanamh ar bhreisíocht, aghaidh a thabhairt ar chlistí sa mhargadh agus ar staideanna infheistíochta fo-optamacha, táirgí nuálacha a chur ar fáil agus cistí san earnáil phoiblí a phlódú isteach. Ba cheart oibríochtaí CEFI a bheith éagsúil go soiléir ó thacaíocht eile, lena n-áirítear na hoibríochtaí iasachta arna ndéanamh faoi shainordú seachtrach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus Tionscnamh Athléimneachta Eacnamaíoch BEI, agus an tSaoráid Infheistíochta a bunaíodh faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (2) (Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE) (Saoráid Infheistíochta ACC), agus ba cheart d’oibríochtaí CEFI a bheith comhlántach ar an tacaíocht sin. Ba cheart d’oibríochtaí CEFI a bheith comhlántach freisin ar na gníomhaíochtaí atá ann cheana d’institiúidí airgeadais incháilithe eile.

(5)

Ba cheart do CEFI rannchuidiú le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, ar clár é ina n-aithnítear imirce idirnáisiúnta mar réaltacht iltoisceach lena ngabhann mórábharthacht d’fhorbairt tíortha tionscnaimh, trasdula, agus cinn scríbe, rud a éilíonn freagairtí comhleanúnacha agus cuimsitheacha, agus an acmhainneacht atá ann d’imircigh rannchuidiú le fás cuimsitheach agus forbairt inbhuanaithe á cur i bhfios. Le hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CEFI, ba cheart dóibh rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar bhrúnna imirce a eascraíonn as an mbochtaineacht, as coinbhleacht, as éagobhsaíocht, as tearcfhorbairt, as neamhionannas, as sáruithe ar chearta an duine, as fás déimeagrafach, agus as easpa deiseanna fostaíochta agus eacnamaíocha, agus as an athrú aeráide freisin.

(6)

Ba cheart do CEFI a bheith i gcomhréir le gealltanas an Aontais faoi Chlár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa maidir le Maoiniú don Fhorbairt agus le prionsabail éifeachtacht na forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, mar a leagadh amach ag an gCeathrú Fóram Ardleibhéil maidir le hÉifeachtacht Cabhrach in Busan in 2011 (“Comhphairtíocht Busan um Chomhar Forbartha Éifeachtach”), agus mar a athdhaingníodh ag an Dara Cruinniú Ardleibhéil um Chomhar Forbartha Éifeachtach i Nairobi in 2016.

(7)

Tá cuspóir CEFI i gcomhréir le Straitéis Dhomhanda an Aontais maidir leis an mBeartas Eachtrach agus Slándála, ar straitéis é a chorpraíonn dúshláin amhail an imirce agus an athléimneacht i mbeartas eachtrach foriomlán an Aontais, lena n-áirithítear go bhfuil beartas seachtrach an Aontais go hiomlán comhleanúnach le cuspóirí an bheartais forbartha agus lena n-áirithítear go mbíonn sineirgí ann le beartas forbartha an Aontais agus Beartas Comharsanachta na hEorpa de chuid an Aontais. Tá a chuspóir i gcomhréir freisin le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, lena n-áirithítear cur chuige bunaithe ar chearta an duine agus aghaidh á tabhairt ar easáitiú éigeantach agus ar imirce neamhrialta ag an am céanna.

(8)

Ba cheart do CEFI cruthú post cuibhiúil, deiseanna eacnamaíocha agus fiontraíochta, agus fás glas agus cuimsitheach a spreagadh agus béim ar leith ar chomhionannas inscne agus ar chumasú ban agus daoine óga i gcomhréir le Creat an Aontais maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan trí Chaidreamh Seachtrach AE 2016-2020 an Aontais, agus an smacht reachta, dea-rialachas, cearta an duine agus rochtain chothrom ar achmhainní nádúrtha agus úsáid chothrom acmhainní nádúrtha á neartú ag an am céanna.

(9)

Le rannpháirtíocht na hearnála príobháidí i gcomhar an Aontais le tíortha comhpháirtíochta trí CEFI, ba cheart tionchar forbartha intomhaiste agus breise a bheith ann gan an margadh a shaobhadh agus ba cheart é a bheith costéifeachtach, bunaithe ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar chionroinnt rioscaí agus costas. Ba cheart rannpháirtíocht den sórt sin a bheith bunaithe ar ghealltanas i leith treoirlínte agus prionsabail arna gcomhaontú go hidirnáisúnta, lena n-áirítear na Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach, Prionsabail Threoracha na NA maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus Treoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta.

(10)

Chun gealltanais pholaitiúla an Aontais a chomhlíonadh maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide, fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht acmhainní, ba cheart sciar íosta 28 % den mhaoiniú faoi Ráthaíocht CEFI a chur ar leataobh le haghaidh infheistíochta atá ábhartha do na hearnálacha sin.

(11)

Ba cheart gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a cheapadh ar bhealach ina ndéanfar na critéir maidir le Cúnamh Forbartha Oifigiúil (CFO) atá bunaithe ag an gCoiste Cúnaimh Forbartha de ECFE (ECFE-CCF) a chomhlíonadh, agus sainiúlachtaí fhorbairt na hearnála príobháidí á gcur san áireamh, ina ndéanfar riachtanais na dtíortha a sainaithnítear go bhfuil deacrachtaí leochaileachta nó coinbhleachta acu, agus a shainaithnítear mar Thíortha is Lú Forbairt (TLFanna) agus mar thíortha bochta a bhfuil fiachais ollmhóra acu a léiriú, agus ina ndéanfar tacaíocht iomchuí a sholáthar d’infheistíochtaí i gcomharsanachtaí an deiscirt agus an oirthir.

(12)

I gcomhthéacs an dara colún den PIS, ba cheart don Choimisiún dlús a chur leis an gcúnamh a thugtar chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta infheistíocht a mhealladh trí thionscadail a ullmhú agus a chur chun cinn níos fearr, trí líon níos airde de thionscadail iontaofa a fhorbairt agus iad a chur in iúl don phobal infheisteoirí idirnáisiúnta. Ba cheart tairseach gréasáin tionscadail, i bhfoirm bunachar sonraí a bheidh inrochtana go poiblí agus furasta le húsáid, a bhunú chun faisnéis ábhartha do gach tionscadal a sholáthar.

(13)

I gcomhthéacs an tríú colún den PIS agus an chaidrimh pholaitiúil atá ag an Aontas le tíortha comhpháirtíochta cheana, ba cheart don Choimisiún agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) idirphlé beartais a chothabháil arb aidhm dóibh forbairt a dhéanamh ar chreataí dlíthiúla, ar bheartais agus ar institiúidí a dhéanann cobhsaíocht eacnamaíoch, infheistíocht inbhuanaithe agus fás cuimsitheach a chur chun cinn. Ba cheart go gcumhdófaí leis an idirphlé beartais sin, inter alia, an comhrac i gcoinne an éillithe, na coiriúlachta eagraithe agus sreabha aindleathacha airgeadais, dea-rialachas, margaí áitiúla a chur san áireamh, spreagadh na fiontraíochta agus thimpeallacht na ngnólachtaí áitiúla, agus an urraim do chearta an duine agus don smacht reachta, chomh maith le beartais a fhreagraíonn do chúrsaí inscne.

(14)

Ba cheart CEFI a bheith comhdhéanta d’ardáin réigiúnacha infheistíochta, ar cheart iad a bhunú ar bhonn mhodhanna oibre, ar nósanna imeachta agus ar struchtúir shaoráidí measctha seachtracha an Aontais atá ann cheana agus ar cheart dóibh a n-oibríochtaí measctha agus Ráthaíocht CEFI a chomhcheangal. Ba cheart do Ráthaíocht CEFI tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i dtíortha comhpháirtíochta san Afraic agus i gComharsanacht na hEorpa.

(15)

I bhfianaise na dtorthaí ón gCúirt Iniúchóirí maidir le meascadh a úsáid i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, tá sé bunriachtanach go n-úsáidtear meascadh i gcás inar féidir a bhreisluach a léiriú go soiléir.

(16)

Ba cheart bord straitéiseach de CEFI a chruthú chun tacú leis an gCoimisiún chun treoir straitéiseach agus spriocanna foriomlána infheistíochta a leagan síos, chomh maith le cumhdach geografach agus téamach atá iomchuí agus éagsúlaithe a áirithiú d’fhuinneoga infheistíochta. Ba cheart don bhord straitéiseach tacú leis an gcomhordú foriomlán, leis an gcomhlántacht agus leis an gcomhleanúnachas foriomlán idir na hardáin réigiúnacha infheistíochta, idir trí cholún PIS, idir PIS agus iarrachtaí eile an Aontais maidir leis an imirce agus maidir le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme, chomh maith le hionstraimí maoinithe ábhartha seachtracha an Aontais agus cistí iontaobhais ábhartha an Aontais, agus leis na hoibríochtaí iasachta arna ndéanamh faoi shainordú seachtrach BEI, lena n-áirítear Tionscnamh Athléimneachta Eacnamaíoch BEI agus Saoráid Infheistíochta ACC, gan dochar do rialacha inmheánacha rialachais BEI.

(17)

Ba cheart an bord straitéiseach a bheith comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún agus den Ardionadaí, de na Ballstáit ar fad agus de BEI. Ba cheart stádas breathnóra a bheith ag Parlaimint na hEorpa. Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do rannchuiditheoirí, do chontrapháirtithe incháilithe, do thíortha comhpháirtíochta, d’eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha agus do gheallsealbhóirí eile, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don bhord straitéiseach a rialacha nós imeachta a ghlacadh. Ba cheart an creat do rannpháirtíocht na mbreathnóirí a leagan síos sna rialacha nós imeachta, ag féachaint dá stádais agus dá rólanna faoi seach.

(18)

Ba cheart don Choimisiún agus do BEI comhaontú a thabhairt i gcrích ina sonrófar na coinníollacha a bhaineann lena gcomhar i mbainistiú Ráthaíocht CEFI agus ba cheart dóibh an comhaontú sin a thíolacadh don bhord straitéiseach.

(19)

Ba cheart bord oibríochtúil a bheith ag gach ardán infheistíochta réigiúnach, ar bord é ar cheart dó a bheith faoi threoir ag taithí bhoird oibríochtúla na saoráidí measctha atá ann cheana. Ba cheart do na boird oibríochtúla réigiúnacha tacaíocht a sholáthar don Choimisiún agus an Rialachán seo á chur chun feidhme. Ba cheart dóibh tacú leis an gCoimisiún le linn spriocanna réigiúnacha agus earnála infheistíochta agus fuinneoga réigiúnacha, earnála agus téamacha infheistíochta a shainiú agus faireachán a dhéanamh orthu, tuairimí maidir leis na hoibríochtaí measctha a cheapadh agus plé a dhéanamh ar an úsáid a bhainfear as Ráthaíocht CEFI i gcomhréir leis na fuinneoga infheistíochta atá le bunú.

(20)

Ba cheart a áirithiú go soláthrófar leibhéal iomchuí faisnéise do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le treoshuíomh straitéiseach úsáid Ráthaíocht CEFI trí na fuinneoga infheistíochta a bhunú.

(21)

Ba cheart do CEFI feidhmiú mar “ionad ilfhreastail” a fhaigheann tograí maoiniúcháin ó institiúidí airgeadais agus ó infheisteoirí poiblí nó príobháideacha agus a sholáthraíonn raon leathan tacaíochta airgeadais d’infheistíochtaí incháilithe. Ba cheart Ciste Ráthaíocht CEFI a bheith ina thaca ag Ráthaíocht CEFI.

(22)

Ba cheart do CEFI ionstraimí nuálacha a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí agus chun ról a thabhairt don earnáil phríobháideach, go háirithe micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide. Chomh maith leis sin, ba cheart dó ligean d’infheisteoirí agus do chuideachtaí príobháideacha san Eoraip, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, páirt níos éifeachtaí a ghlacadh sna hiarrachtaí le forbairt inbhuanaithe a bhaint amach i dtíortha comhpháirtíochta. Ní mór aghaidh a thabhairt ar scrogaill agus ar chonstaicí don infheistíocht ina leith sin.

(23)

Ba cheart do Ráthaíocht CEFI tús áite a thabhairt do thionscadail a chistiú a bhfuil tionchar mór acu ar chruthú post agus a bhfeabhsóidh a gcóimheas costais-tairbhe inbhuanaitheacht na hinfheistíochta. Le linn tacú le hoibríochtaí le Ráthaíocht CEFI, ba cheart measúnú ex ante domhain a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil, airgeadais agus sóisialta. Níor cheart Ráthaíocht CEFI a úsáid chun í a chur in ionad fhreagracht an rialtais chun seirbhísí poiblí bunriachtanacha a sholáthar.

(24)

Ba cheart do thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh i dtíortha comhpháirtíochta faisnéis faoi dheiseanna cistiúcháin CEFI a áireamh ina dteachtaireachtaí a dhírítear ar an tsochaí shibhialta agus ar an bpobal i gcoitinne agus rannchuidiú leis an gcomhleanúnachas idir trí cholún PIS.

(25)

Ba cheart Ráthaíocht CEFI a dheonú do chontrapháirtithe incháilithe le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta nó le haghaidh ionstraimí ráthaíochta ar feadh tréimhse infheistíochta tosaigh go dtí an 31 Nollaig 2020.

(26)

D’fhonn solúbthacht a chur ar fáil, méadú a dhéanamh ar a tharraingtí atá na hinfheistíochtaí don earnáil phríobháideach agus tionchar na n-infheistíochtaí a uasmhéadú, is iomchuí foráil a dhéanamh do mhaolú ar na rialacha a bhaineann le modhanna cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, arna leagan síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), trínar féidir leis na contrapháirtithe incháilithe, ar comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach iad, a bheith ina gcomhlachtaí nach gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus trínar féidir leo a bheith ina gcomhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach de chuid tíre comhpháirtíochta freisin.

(27)

Ba cheart don Choimisiún comhaontuithe ráthaíochta CEFI a thabhairt i gcrích leis na contrapháirtithe incháilithe, comhaontuithe ráthaíochta ina leagtar amach na forálacha sonracha faoina ndeonófar Ráthaíocht CEFI dóibh. Sna comhaontuithe ráthaíochta sin, ba cheart an bunús dlí a sholáthar do chomhroinnt leordhóthanach riosca, rud lena dtabharfar dreasachtaí, ar an gcaoi sin, do na contrapháirtithe incháilithe maoiniú a sholáthar, agus lena soláthrófar na sásraí agus na nósanna imeachta le haghaidh gairmeacha féideartha ar Ráthaíocht CEFI.

(28)

Ba cheart don Aontas ráthaíocht EUR 1 500 000 000 a chur ar fáil chun Ráthaíocht CEFI a bhunú. Ba cheart iarraidh ar na Ballstáit agus ar ranníocóirí eile tacú le Ciste Ráthaíocht CEFI i bhfoirm airgid i gcás na mBallstát agus ranníocóirí eile, nó i bhfoirm ráthaíochtaí i gcás na mBallstát amháin, chun an maolán leachtachta a mhéadú agus, dá bhrí sin, méid iomlán Ráthaíocht CEFI a mhéadú san am céanna. Ba cheart iarraidh ar na Ballstáit, ar institiúidí poiblí airgeadais agus ar ranníocóirí eile cistiú breise a chur ar fáil do Chiste Ráthaíocht CEFI de réir coinníollacha ar cheart iad a bhunú i gcomhaontú a thabharfar i gcrích idir an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, agus an ranníocóir i gceist.

(29)

Ba cheart Ciste Ráthaíocht CEFI a bhunú mar mhaolán leachtachta i gcás ina ndéanfar gairm ar Ráthaíocht CEFI. Chun leibhéal a bhaint amach lena léirítear dliteanais airgeadais an Aontais go leordhóthanach i dtaca le Ráthaíocht CEFI, ba cheart don Aontas EUR 750 000 000 a chur ar fáil.

(30)

Chun méadú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag Ráthaíocht CEFI i bhfianaise na riachtanas sna réigiúin lena mbaineann, ba cheart do na Ballstáit agus do thíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) a bheith in ann ranníocaíochtaí a sholáthar i bhfoirm ráthaíochta nó airgid.

(31)

Ós rud é go mbeidh cistí ón gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) le húsáid chun críocha Chiste Ráthaíocht CEFI, ba cheart EUR 400 000 000 ar a laghad de chumhdach Ráthaíocht CEFI a leithdháileadh le haghaidh infheistíochtaí sna tíortha comhpháirtíochta atá incháilithe faoin 11ú CEF (4) le linn thréimhse cur chun feidhme Ráthaíocht CEFI. Níor cheart do Ráthaíocht CEFI a bheith ar fáil ach amháin nuair a dheimhneofar ranníocaíocht EUR 400 000 000 ó chistí an 11ú CEF le Ciste Ráthaíocht CEFI.

(32)

Ós rud é go mbeidh cistí na hIonstraime Eorpaí Comharsanachta, arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) le húsáid chun críocha Chiste Ráthaíocht CEFI, ba cheart íosmhéid EUR 100 000 000 ar a laghad de chumhdach Ráthaíocht CEFI a leithdháileadh le haghaidh infheistíochtaí i dtíortha comhpháirtíochta i gcomharsanachtaí an oirthir agus an deiscirt le linn thréimhse chur chun feidhme Ráthaíocht CEFI.

(33)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear le Ráthaíocht CEFI d’fhonn lánchuntasacht a áirithiú do shaoránaigh an Aontais agus d’fhonn a áirithiú go mbeidh grinnscrúdú agus rialú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Ba cheart an tuarascáil sin a chur ar fáil don phobal ionas go mbeidh deis ag geallsealbhóirí iomchuí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, a gcuid tuairimí a chur in iúl ina leith. Ar mhaithe le cuntasacht agus le trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle freisin maidir le bainistiú Chiste Ráthaíocht CEFI. Ba cheart don Choimisiún Comhairle na nAirí de chuid ACC-AE agus Comhthionól Parlaiminteach ACC-AE a chur ar an eolas freisin maidir le húsáid chistí CEF.

(34)

Chun faireachán agus cuntasacht CEFI agus PIS a áirithiú, ba cheart an deis a bheith ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle éisteachtaí a eagrú mar chuid d’idirphlé leis an gCoimisiún, leis an Ardionadaí, le BEI agus le hinstitiúidí eile airgeadais incháilithe, chomh maith le heagraíochtaí na hearnála príobháidí agus na sochaí sibhialta.

(35)

Chun ceachtanna a foghlaimíodh san am atá caite a chur i gcuntas agus d’fhonn is go dtiocfaidh forás breise ar CEFI, ba cheart don Choimisiún agus do mheastóirí seachtracha meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú CEFI agus ar úsáid Chiste Ráthaíocht CEFI, agus ba cheart iad a bheith faoi réir próiseas comhairliúcháin bliantúil leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ba cheart meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chloíonn sé leis an mbunús dlí, agus chun a fháil amach cé chomh hinfheidhme agus infheidhmithe is atá an Rialachán seo maidir lena chuspóirí a bhaint amach.

(36)

Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, d’fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú, sciúradh airgid nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais ar bun i dtaca le haon oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, tá an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) i dteideal imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (6) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (7) agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(37)

Ba cheart d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ó CEFI cloí le beartas an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach, agus le huasdátaithe air, mar a leagtar síos i ngníomhartha ábhartha dlí an Aontais agus sna conclúidí ón gComhairle, go háirithe Conclúidí ón gComhairle an 8 Samhain 2016 agus an Iarscríbhinn a ghabhann leo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíocht CEFI.

2.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, déantar foráil sa Rialachán seo go ndéanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, comhaontuithe ráthaíochta CEFI a thabhairt i gcrích leis na contrapháirtithe incháilithe a shainítear in Airteagal 11.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ardáin réigiúnacha infheistíochta” saoráidí measctha i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 2015/323 ón gComhairle (10) le haghaidh na ranníocaíochta ón 11ú CEF arna gcomhcheangal le deonú Ráthaíocht CEFI mar a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán seo.

(2)

ciallaíonn “fuinneog infheistíochta” réimse spriocdhírithe ina n-úsáidtear Ráthaíocht CEFI chun tacaíocht a thabhairt do phunanna infheistíochtaí i réigiúin shonracha, i dtíortha sonracha nó in earnálacha sonracha, tacaíocht a chuirtear chun feidhme trí na hardáin réigiúnacha infheistíochta;

(3)

ciallaíonn “ranníocóir” Ballstát, institiúid idirnáisiúnta airgeadais nó institiúid phoiblí de chuid Ballstáit, gníomhaireacht phoiblí nó eintitis eile a sholáthraíonn ranníocaíochtaí i bhfoirm deontas airgid nó ráthaíochtaí do Chiste Ráthaíocht CEFI;

(4)

ciallaíonn “tír chomhpháirtíochta” tír is sínitheoir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, tír a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014, nó le tír atá incháilithe do chomhar geografach faoi Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(5)

ciallaíonn “breisíocht” an prionsabal lena n-áirithítear go rannchuidíonn tacaíocht ó Ráthaíocht CEFI le forbairt inbhuanaithe trí oibríochtaí nach bhféadfaí a dhéanamh gan Ráthaíocht CEFI, nó lena mbaintear torthaí dearfacha amach atá an oiread sin sa bhreis ar a bhféadfaí a bhaint amach gan an tacaíocht sin. Ciallaíonn breisíocht cistí earnála príobháidí a phlódú isteach freisin, agus aghaidh a thabhairt ar chlistí sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht, ar inbhuanaitheacht, ar thionchar nó ar scála infheistíochta. Áirithítear leis an bprionsabal freisin nach ndéantar oibríochtaí Ráthaíocht CEFI a chur in ionad tacaíocht ó Bhallstát, in ionad maoiniú príobháideach ná in ionad aon idirghabháil airgeadais atá ón Aontas nó idirnáisiúnta, agus go seachnaítear plódú amach infheistíochtaí poiblí nó príobháideacha eile leis. De ghnáth, bíonn próifíl níos airde ag tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó Ráthaíocht CEFI ná an phunann infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na contrapháirtithe incháilithe faoina ngnáthbheartais infheistíochta gan Ráthaíocht CEFI.

CAIBIDIL II

AN CISTE EORPACH UM FHORBAIRT INBHUANAITHE

Airteagal 3

Cuspóir

1.   Is é a bheidh mar chuspóir do CEFI, mar phacáiste comhtháite airgeadais, lena soláthraítear acmhainn mhaoiniúcháin do chontrapháirtithe incháilithe i bhfoirm deontas, ráthaíochtaí agus ionstraimí eile airgeadais, tacú le hinfheistíochtaí agus le rochtain níos mó ar mhaoiniú, go príomha san Afraic agus i gComharsanacht na hEorpa, chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialta atá inbhuanaithe agus cuimsitheach a chothú, agus athléimneacht shocheacnamaíoch tíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, i gcomhthéacs Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus an Chreata Comhpháirtíochta Nua le tríú tíortha faoin gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce, agus béim faoi leith á leagan ar fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach, ar chruthú post cuibhiúil, ar chomhionannas inscne agus ar chumasú ban agus daoine óga, agus ar na hearnálacha socheacnamaíocha, agus ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide, agus uasmhéadú á dhéanamh ar bhreisíocht, táirgí nuálacha á gur ar fáil agus cistí san earnáil phríobháideach á bplódú isteach.

2.   Beidh CEFI á threorú ag cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 CAE iad agus ag beartas an Aontais i réimse an chomhair um fhorbairt mar a leagtar amach in Airteagal 208 CFAE é agus i bprionsabail éifeachtacht na forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta. Rannchuideoidh CEFI le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 a bhaint amach, go háirithe díothú na bochtaineachta, agus, i gcás inarb iomchuí, le cur chun feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa, agus ar an mbealach sin aghaidh á tabhairt aige ar bhunchúiseanna sonracha socheacnamaíocha na himirce agus cothú á dheanamh aige ar ath-imeascadh inbhuanaithe imirceach a bheidh ag fillleadh ar a dtíortha tionscnaimh, agus le pobail trasdula agus óstacha a neartú.

3.   Rannchuideoidh CEFI le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras trí infheistíochtaí a spriocdhíriú freisin ar earnálacha a chuireann chun cinn maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide.

4.   Beidh CEFI comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar amach sna hionstraímí maoinithe seachtracha arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014, le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014, agus le Rialachán (AE) 2015/323, agus leis na tosaíochtaí a bheidh sna cláir náisiúnta nó réigiúnacha agus sna páipéir straitéise náisiúnta nó réigiúnacha, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

Airteagal 4

Struchtúr CEFI

1.   Beidh CEFI comhdhéanta d’ardáin réigiúnacha infheistíochta arna mbunú ar bhonn mhodhanna oibre, nósanna imeachta agus struchtúir na saoráidí measctha seachtracha atá ann cheana san Aontas, agus déanfaidh siad a n-oibríochtaí measctha agus oibríochtaí Ráthaíocht CEFI a chomhcheangal.

2.   Is é an Coimisiún a áiritheoidh bainistiú CEFI. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le BEI, arna thacú ag contrapháirtithe eile incháilithe, maidir le bainistiú oibríochtúil Ráthaíocht CEFI. Chuige sin, déanfar grúpa measúnaithe teicniúil maidir le Ráthaíocht CEFI a bhunú.

Airteagal 5

Bord straitéiseach CEFI

1.   Cuirfidh bord straitéiseach comhairle ar an gCoimisiún chun CEFI a bhainistiú.

2.   Cuirfidh an bord straitéiseach comhairle ar an gCoimisiún maidir le treoshuíomh straitéiseach agus tosaíochtaí straitéiseacha Ráthaíocht CEFI agus rannchuideodh sé lena n-ailíniú le treoirphrionsabail agus le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, leis an mbeartas forbartha agus le Beartas Comharsanachta na hEorpa, chomh maith le cuspóir CEFI mar a leagtar amach in Airteagal 3. Tacóidh sé leis an gCoimisiún freisin le spriocanna foriomlána infheistíochta a leagan síos i dtaca le húsáid Ráthaíocht CEFI agus déanfaidh sé faireachán ar chumhdach geografach agus téamach atá iomchuí agus éagsúlaithe d’fhuinneoga infheistíochta, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha a shainaithnítear go bhfuil deacrachtaí leochaileachta nó coinbhleachta acu, agus a shainaithnítear mar TLF agus mar thíortha bochta a bhfuil fiachais ollmhóra acu.

3.   Tacóidh an bord straitéiseach freisin leis an gcomhordú foriomlán, leis an gcomhlántacht fhoriomlán agus leis an gcomhleanúnachas foriomlán idir trí cholún PIS, idir PIS agus iarrachtaí eile an Aontais maidir le himirce agus maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, agus le hionstraimí maoinithe ábhartha seachtracha agus cistí iontaobhais an Aontais freisin, agus leis na hoibríochtaí iasachta arna ndéanamh faoi shainordú seachtrach BEI, lena n-áirítear Tionscnamh Athléimneachta Eacnamaíoch BEI, agus Saoráid Infheistíochta ACC, gan dochar do rialacha inmheánacha rialachais BEI.

4.   Beidh an bord straitéiseach comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, agus de na Ballstáit ar fad agus de BEI. Beidh stádas breathnóra ag Parlaimint na hEorpa. Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do rannchuiditheoirí, do chontrapháirtithe incháilithe, do thíortha comhpháirtíochta, d’eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha agus do gheallsealbhóirí eile, i gcás inarb iomchuí. Rachfar i gcomhairle leis an mbord straitéiseach sula nglacfar le haon bhreathnóir nua. Beidh an bord straitéiseach faoi chomhchathaoirleacht an Choimisiúin agus an Ardionadaí.

5.   Tiocfaidh an bord straitéiseach le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus, nuair is féidir, déanfaidh sé tuairimí a ghlacadh trí chomhthoil. Féadfaidh an chathaoir cruinnithe breise a eagrú aon tráth nó féadfar iad a eagrú arna iarraidh sin d’aon trian de chomhaltaí an bhoird. I gcás nach féidir an chomhthoil a bhaint amach, beidh feidhm ag na cearta vótála a comhaontaíodh ag an gcéad chruinniú den bhord straitéiseach agus mar a leagtar síos ina rialacha nós imeachta. Tabharfar aird chuí sna cearta vótála sin ar na foinsí maoiniúcháin. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta an creat maidir le ról na mbreathnóirí. Déanfar miontuairiscí agus cláir oibre chruinnithe an bhoird straitéisigh a chur ar fáil don phobal tar éis a nglactha.

6.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an bhoird straitéisigh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cur i bhfeidhm CEFI. Déanfaidh an bord straitéiseach comhairliúchán de na geallsealbhóirí ábhartha a eagrú go rialta maidir le treoshuíomh straitéiseach agus cur chun feidhme CEFI.

7.   Le linn thréimhse chur chun feidhme CEFI, déanfaidh an bord straitéiseach, a luaithe agus is féidir, treoirlínte a ghlacadh agus a fhoilsiú ina leagfar amach conas a áiritheofar comhréireacht oibríochtaí CEFI leis na cuspóirí agus leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 9.

8.   Ina threoir straitéiseach, tabharfaidh an bord straitéiseach aird chuí ar na rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa agus ar na cinntí ábhartha agus ar na conclúidí ábhartha ón gComhairle.

Airteagal 6

Boird oibríochtúla réigiúnacha

Beidh bord oibríochtúil ag gach ardán infheistíochta réigiúnach. Tacóidh na boird oibríochtúla réigiúnacha leis an gCoimisiún ar an leibhéal cur chun feidhme agus spriocanna réigiúnacha agus earnála infheistíochta agus fuinneoga réigiúnacha, earnála agus téamacha infheistíochta á sainiú agus ceapfaidh na boird oibríochtúla réigiúnacha tuairimí maidir leis na hoibríochtaí measctha agus maidir leis an úsáid a bhainfear as Ráthaíocht CEFI.

CAIBIDIL III

RÁTHAÍOCHT CEFI AGUS CISTE RÁTHAÍOCHT CEFI

Airteagal 7

Ráthaíocht CEFI

1.   Déanfaidh an tAontas, tar éis measúnú cúramach a dhéanamh ar inmharthanacht tionscadail, ráthaíocht neamh-inchúlghairthe neamhchoinníollach ar an gcéad éileamh a sholáthar don chontrapháirtí incháilithe i ndáil leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   Tacóidh Ráthaíocht CEFI le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i dtíortha comhpháirtíochta san Afraic agus i gComharsanacht na hEorpa.

3.   Déanfar Ráthaíocht CEFI a dheonú mar ráthaíocht ar an gcéad éileamh i leith na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 10 agus i gcomhréir leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 9.

Airteagal 8

Ceanglais maidir le Ráthaíocht CEFI a úsáid

1.   Beidh deonú Ráthaíocht CEFI faoi réir comhaontú ráthaíochta CEFI faoi seach a thabhairt i gcrích idir an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, agus an contrapháirtí incháilithe.

2.   Is go dtí an 31 Nollaig 2020 a mhairfidh an tréimhse infheistíochta a bhféadfar lena linn comhaontuithe ráthaíochta CEFI a thacaíonn le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thabhairt i gcrích leis na contrapháirtithe incháilithe.

3.   Ceithre bliana tar éis an comhaontú ráthaíochta ábhartha CEFI a thabhairt i gcrích an uastréimhse a bheidh ag contrapháirtithe incháilithe chun comhaontuithe a thabhairt i gcrích le comhpháirtithe cómhaoinithe ón earnáil phríobháideach, le hidirghabhálaithe airgeadais nó le tairbhithe deiridh.

Airteagal 9

Na critéir incháilitheachta maidir le Ráthaíocht CEFI a úsáid

1.   Na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe do thacaíocht trí ráthaíocht CEFI i gcomhréir le cuspóir CEFI a leagtar amach in Airteagal 3, beidh siad comhsheasmhach agus ar comhréim le beartais an Aontais, go háirithe le beartas forbartha an Aontais agus Beartas Comharsanachta na hEorpa de chuid an Aontais, mar aon le straitéisí agus beartais na dtíortha comhpháirtíochta. Le hoibríochtaí den sórt sin, cuirfear san áireamh tacaíocht eile de chuid an Aontais agus tacaíocht idirnáisiúnta eile chun comhlántacht a áirithiú le tionscnaimh eile agus tacóidh siad leis na cuspóirí seo a leanas:

(a)

rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe ina gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, agus le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 agus, i gcás inarb iomchuí, Bheartas Comharsanachta na hEorpa, agus béim faoi leith á leagan ar dhíothú na bochtaineachta, cruthú post cuibhiúil, deiseanna eacnamaíocha, scileanna agus fiontraíochta, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na ndaoine óga a chur chun cinn go háirithe, agus an smacht reachta, dea-rialachas agus cearta an duine á saothrú agus á neartú ag an am céanna;

(b)

rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas imirce an Aontais, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an Creat Comhpháirtíochta Nua le tríú tíortha faoin gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce;

(c)

trí forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna sonracha na himirce, lena n-áirítear imirce neamhrialta, mar aon le seasmhacht na bpobal trasdula agus óstach a chothú, agus rannchuidiú le hath-imeascadh inbhuanaithe na n-imirceach a bheidh ag filleadh ar a dtíortha tionscnaimh, agus aird chuí á tabhairt ar an smacht reachta, dea-rialachas agus cearta an duine a neartú;

(d)

earnálacha socheacnamaíocha agus limistéir shocheacnamaíocha agus bonneagar poiblí agus príobháideach gaolmhar a neartú, go háirithe an, lena n-áirítear fuinneamh inathnuaite agus inbhuanaithe, bainistiú uisce agus dramhaíola, iompar, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, chomh maith leis an gcomhshaol, úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, talmhaíocht inbhuanaithe agus fás gorm, bonneagar sóisialta, sláinte, agus caipiteal daonna d’fhonn feabhas a chur ar an timpeallacht shocheacnamaíoch;

(e)

maoiniú a sholáthar mar aon le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na hearnála príobháidí agus comhair, agus béim faoi leith á leagan ar chuideachtaí áitiúla agus ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide, agus aghaidh á tabhairt ar chlistí sa mhargadh, teorainn á cur le saobhadh sa mhargadh agus rannchuidiú na gcuideachtaí Eorpacha le cuspóirí CEFI á spreagadh;

(f)

aghaidh a thabhairt ar scrogaill atá roimh infheistíochtaí príobháideacha trí ionstraimí airgeadais a chur ar fáil, ar ionstraimí iad a fhéadfar a bheith ainmnithe in airgeadra áitiúil na tíre comhpháirtíochta lena mbaineann, lena n-áirítear ráthaíochtaí céadchaillteanais do phunanna, ráthaíochtaí do thionscadail earnála príobháidí amhail ráthaíochtaí iasachta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus ráthaíochtaí lena gcumhdaítear rioscaí sonracha i dtionscadail bhonneagair agus caipiteal eile riosca;

(g)

maoiniú na hearnála príobháidí a ghiaráil, agus béim faoi leith á leagan ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide, trí aghaidh a thabhairt ar scrogaill agus ar chonstaicí don infheistíocht;

(h)

rannchuidiú leis an ngníomhú ar son na haeráide agus le cosaint agus bainistiú an chomhshaoil, agus ar an mbealach sin comhthairbhí aeráide a tháirgeadh, agus 28 % ar a laghad den mhaoiniú a leithdháileadh ar infheistíochtaí a rannchuidíonn leis an ngníomhú ar son na haeráidele, fuinneamh inathnuaite agus le héifeachtúlacht acmhainní.

2.   Tacóidh Ráthaíocht CEFI le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thugann aghaidh ar chlistí sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

cuirtear breisíocht ar fáil;

(b)

áirithítear comhlántacht le tionscnaimh eile, rud a áirithíonn go bhfuil oibríochtaí Ráthaíocht CEFI éagsúil go soiléir, go háirithe ó na hoibríochtaí iasachta arna ndéanamh faoi shainordú seachtrach BEI;

(c)

áirithítear ailíniú leasa trí chomhroinnt leordhóthanach riosca a sholáthar idir an contrapháirtí incháilithe faoi seach agus comhpháirtithe ionchasacha eile;

(d)

tá siad inmharthana ó thaobh airgeadais agus na heacnamaíochta de, agus aird chuí á tabhairt ar thacaíocht agus cómhaoiniú a d’fhéadfadh teacht ó chomhpháirtithe príobháideacha agus poiblí, agus timpeallacht shonrach oibriúcháin agus cumas na dtíortha a shainaithnítear go bhfuil deacrachtaí leochaileachta nó coinbhleachta acu, agus a shainaithnítear mar TLF agus mar thíortha bochta a bhfuil fiachais ollmhóra acu inar féidir téarmaí lamháltais níos fearr a chur ar fáil á gcur san áireamh;

(e)

tá siad inmharthana ó thaobh na teicneolaíochta de agus tá siad inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de;

(f)

uasmhéadaítear, i gcás inar féidir, an úsáid a bhaintear as caipiteal ón earnáil phríobháideach;

(g)

urramaítear prionsabail éifeachtacht na forbartha mar a leagtar amach i gComhpháirtíocht Busan um Chomhar Forbartha Éifeachtach agus a athdhearbhaíodh i Nairobi in 2016, lena n-áirítear úinéireacht, ailíniú, béim ar thorthaí, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach, chomh maith leis an gcuspóir maidir le cabhair a neamhcheangal;

(h)

deartar iad chun na critéir le haghaidh CFO atá bunaithe ag ECFE-CCF a chomhlíonadh, agus sainiúlachtaí fhorbairt na hearnála príobháidí á gcur san áireamh; agus

(i)

cuirtear chun feidhme iad agus lánurraim á tabhairt do threoirlínte, prionsabail agus coinbhinsiúin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear na Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Prionsabail Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe um Infheistíocht Fhreagrach sa Talmhaíocht agus i gCórais Bia, agus coinbhinsiúin de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, chomh maith le dlí idirnáisiúnta chearta an duine.

3.   Féadfaidh oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta maoiniú a úsáid ar bhonn gas cáis ar leithligh ó ionstraimí difriúla de chuid an Aontais sa mhéid go mbeidh gá leis chun go mbeidh rath ar an tionscadal infheistíochta a mbeidh tacaíocht ó CEFI aige agus sa mhéid nach dtiocfaidh maoiniú laghdaithe do chuspóirí eile forbartha as sin.

4.   Agus aird chuí á tabhairt aige ar an gcomhairle ón mbord straitéiseach agus tar éis dul i gcomhairle leis na boird oibríochtúla agus tar éis Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas, bunóidh an Coimisiún fuinneoga infheistíochta do réigiúin shonracha, do thíortha sonracha comhpháirtíochta, nó don dá cheann díobh sin, d’earnálacha sonracha, nó do thionscadail shonracha, do chatagóirí sonracha tairbhithe deiridh, nó don dá cheann díobh sin, a mhaoineofar le hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 10 a chumhdófar, go dtí méid seasta, le Ráthaíocht CEFI. Sonrófar san fhaisnéis a chuirfidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle conas a dhéanfar na fuinneoga infheistíochta a ailíniú leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 agus san Airteagal seo agus a dtosaíochtaí maoiniúcháin mionsonraithe. Ba cheart do BEI tuairim i scríbhinn a sholáthar maidir le cúrsaí a bhaineann le baincéireacht chun a bheith ag gabháil le gach togra d’fhuinneoga infheistíochta. Is faoi bhráid an Choimisiúin a chuirfear gach iarraidh ar thacaíocht airgeadais laistigh d’fhuinneoga infheistíochta.

Tabharfar údar cuí do rogha na bhfuinneog infheistíochta trí anailís a dhéanamh ar chliseadh sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha. Déanfaidh an Coimisiún an anailís sin i gcomhar le contrapháirtithe nó le geallsealbhóirí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe.

Laistigh d’Ardán Infheistíochta na hAfraice, leithdháilfear líon suntasach de Ráthaíocht CEFI ar thíortha leochaileacha agus tíortha ina bhfuil coinbhleacht, tíortha talamhiata agus TLFanna.

5.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Ráthaíocht CEFI i gcomparáid leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2, ag tarraingt, i gcás inar féidir é, ar na córais atá ag na contrapháirtithe incháilithe cheana chun torthaí a thomhas. Foilseoidh an Coimisiún torthaí a mheasúnaithe do gach fuinneog infheistíochta ar bhonn bliantúil.

Airteagal 10

Ionstraimí atá incháilithe do Ráthaíocht CEFI

1.   Úsáidfear Ráthaíocht CEFI chun rioscaí a chumhdach i gcás na n-ionstraimí seo a leanas:

(a)

iasachtaí, lena n-áirítear iasachtaí in airgeadra áitiúil;

(b)

ráthaíochtaí;

(c)

frithráthaíochtaí;

(d)

ionstraimí margaidh caipitil;

(e)

aon chineál eile cistithe nó feabhsú creidmheasa, árachais, agus ranníocaíochtaí cothromais nó cuasachothromais.

2.   Féadfaidh contrapháirtithe incháilithe na hionstraimí a liostaítear i mír 1 a chur ar fáil faoi fhuinneog infheistíochta nó i dtionscadail aonair arna riar ag contrapháirtí incháilithe. Féadfar iad a chur ar fáil ar mhaithe le tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear tíortha atá leochaileach nó ina bhfuil coinbhleacht nó tíortha a bhfuil dúshláin acu ó thaobh atógáil agus téarnamh iarchoinbhleachta, agus chun tairbhe institiúidí na dtíortha comhpháirtíochta sin, lena n-áirítear a mbainc phoiblí náisiúnta agus phríobháideacha áitiúla agus a n-institiúidí poiblí náisiúnta agus príobháideacha áitiúla airgeadais, mar aon le bheith chun tairbhe eintitis earnála príobháidí na dtíortha comhpháirtíochta sin. I dtíortha a bhfuil leochaileacht agus coinbhleacht iontu, agus i dtíortha eile nuair atá údar cuí leis, féadfar tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí san earnáil phoiblí a bhfuil tionchar ábhartha acu ar fhorbairt na hearnála príobháidí.

Airteagal 11

Incháilitheacht agus roghnú contrapháirtithe

1.   Beidh siad seo ina gcontrapháirtithe incháilithe chun críocha Ráthaíocht CEFI:

(a)

an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

(b)

comhlachtaí dlí phoiblí;

(c)

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí;

(d)

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

(e)

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais, de mhaolú ar phointe (vii) de phointe (c) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012;

(f)

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach tíre comhpháirtíochta a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais, de mhaolú ar phointe (vii) de phointe (c) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Cloífidh contrapháirtithe incháilithe leis na rialacha agus leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Maidir le comhlachtaí arna rialú ag dlí náisiúnta Bhallstáit nó tíre comhpháirtíochta, tabharfar tús áite do na comhlachtaí sin a nochtann faisnéis a bhaineann le critéir i ndáil le rialachas comhshaoil, sóisialta agus corparáideach.

Déanfar an ráthaíocht a chur chun feidhme cibé uair is féidir faoi cheannaireacht contrapháirtí Eorpaigh atá incháilithe, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa rialachán seo. Áiritheoidh an Coimisiún úsáid éifeachtach, éifeachtúil agus chóir acmhainní idir contrapháirtithe incháilithe, agus comhar eatarthu á chur chun cinn aige.

Áiritheoidh an Coimisiún cóir chothrom do na contrapháirtithe uile agus áiritheoidh sé go seachnófar coinbhleachtaí leasa le linn thréimhse chur chun feidhme CEFI. Chun comhlántacht a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh ó chontrapháirtithe incháilithe faoina n-oibríochtaí nach mbaineann le CEFI.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na contrapháirtithe incháilithe a roghnú de bhun Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cuireadh a thabhairt do chontrapháirtithe incháilithe teacht chuig malartú tuairimí maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 12

Cumhdach agus téarmaí Ráthaíocht CEFI

1.   Ní bheidh Ráthaíocht CEFI níos mó ná EUR 1 500 000 000 aon tráth, gan dochar do mhír 2.

2.   Féadfaidh na Ballstáit agus tíortha de chuid CSTE ranníocaíocht a dhéanamh le Ciste Ráthaíocht CEFI i bhfoirm ráthaíochtaí nó airgid. Faoi réir thuairim an bhoird straitéisigh agus ceadú a fháil ón gCoimisiún, féadfaidh ranníocóirí eile ranníocaíocht a dhéanamh i bhfoirm airgid.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gan mhoill faoi na ranníocaíochtaí arna ndeimhniú.

Is thar ceann an Aontais a dheonófar an méid den Ráthaíocht a bheidh níos mó ná an méid a luaitear i mír 1.

Maidir le glaníocaíochtaí comhiomlána ó bhuiséad ginearálta an Aontais faoi Ráthaíocht CEFI, ní bheidh siad níos mó ná EUR 1 500 000 000. I gcás inar gá, is iad na Ballstáit is ranníocóirí nó ranníocóirí eile a dhéanfaidh íocaíochtaí i leith glaonna ráthaíochta ar bhonn pari passu leis an Aontas, gan dochar do mhír 4.

Tabharfar comhaontú ranníocaíochta i gcrích idir an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, agus an ranníocóir, agus beidh forálacha a bhaineann leis na coinníollacha íocaíochta, go háirithe, sa chomhaontú sin.

3.   Ní bheidh Ráthaíocht CEFI ar fáil ach amháin nuair a dheimhneofar ranníocaíocht airgid EUR 400 000 000 ón 11ú CEF le buiséad ginearálta an Aontais.

4.   Maidir leis na ranníocaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit i bhfoirm ráthaíochta, ní fhéadfar glao orthu chun glaonna ráthaíochta a íoc go dtí go mbeidh an cistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais, agus aon ranníocaíochtaí eile airgid, úsáidte chun glaonna ráthaíochta a íoc.

Arna iarraidh sin do na Ballstáit ar an mbord straitéiseach, féadfar na ranníocaíochtaí arna ndéanamh acu a chur in áirithe ansin chun tionscadail a thionscnamh i réigiúin shonracha, i dtíortha sonracha, in earnálacha sonracha nó i bhfuinneoga infheistíochta sonracha atá ann cheana.

Féadfar aon ranníocaíocht a úsáid le haghaidh glaonna ráthaíochta, is cuma cad dó a bhfuil sí curtha in áirithe.

5.   Déanfar EUR 400 000 000 ar a laghad de chumhdach Ráthaíocht CEFI a leithdháileadh ar infheistíochtaí sna tíortha comhpháirtíochta atá incháilithe faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta le linn thréimhse cur chun feidhme Ráthaíocht CEFI i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.

6.   Déanfar EUR 100 000 000 ar a laghad de chumhdach Ráthaíocht CEFI a leithdháileadh ar infheistíochtaí sna tíortha comhpháirtíochta ó chomharsanacht an oirthir agus an deiscirt, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014.

Airteagal 13

Comhaontuithe ráthaíochta CEFI a chur chun feidhme

1.   Ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, déanfaidh an Coimisiún comhaontuithe ráthaíochta CEFI a thabhairt i gcrích leis na contrapháirtithe incháilithe arna roghnú de bhun Airteagal 11 agus mhír 4 den Airteagal seo, i ndáil le deonú Ráthaíocht CEFI, agus beidh na comhaontuithe sin neamhchoinníollach, neamh-inchúlghairthe, ar an gcéad éileamh, agus i bhfabhar an chontrapháirtí incháilithe roghnaithe.

2.   Tabharfar comhaontú ráthaíochta CEFI amháin nó níos mó i gcrích do gach fuinneog infheistíochta idir an Coimisiún agus an contrapháirtí nó na contrapháirtithe incháilithe arna roghnú. Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha, féadfar Ráthaíocht CEFI a dheonú le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta aonair. Féadfar comhaontuithe a thabhairt i gcrích le cuibhreannas ina bhfuil dhá chontrapháirtí incháilithe nó níos mó.

Cuirfear gach comhaontú ráthaíochta CEFI ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna iarraidh sin, agus cosaint faisnéise rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de á cur i gcuntas.

3.   Beidh forálacha go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas i gcomhaontuithe ráthaíochta CEFI:

(a)

rialacha mionsonraithe maidir le Ráthaíocht CEFI a sholáthar, lena n-áirítear socruithe na Ráthaíochta maidir le cumhdach agus cumhdach sainithe na Ráthaíochta i dtaca le punanna agus le tionscadail de chineálacha sonracha ionstraimí, chomh maith le hanailís rioscaí a dhéanamh ar thionscadail agus ar phunanna tionscadail, lena n-áirítear ar leibhéil earnálacha, réigiúnacha agus náisiúnta;

(b)

cuspóirí agus aidhm an Rialacháin seo, measúnú ar riachtanais agus léiriú ar na torthaí a mheastar a bheidh ann, agus cur chun cinn freagracht shóisialta chorparáideach agus iompar freagrach gnó á gcur i gcuntas, lena n-áirítear, go háirithe, trí urramú do na treoirlínte, na prionsabail agus na hionstraimí dlí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 9(2);

(c)

luach na ráthaíochta, a bheidh mar léiriú cruinn ar leibhéal an riosca, agus an fhéidearthacht go ndéanfar an luach saothair a fhóirdheonú go páirteach chun téarmaí níos fearr lamháltais a chur ar fáil, i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin, go háirithe sna tíortha dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 9(2);

(d)

ceanglais maidir le Ráthaíocht CEFI a úsáid, lena n-áirítear coinníollacha íocaíochta, amhail tréimhsí ama sonracha, an t-ús a íocfar ar mhéideanna atá dlite, speansais agus costais aisghabhála agus socruithe leachtacha a bhféadfadh gá a bheith leo;

(e)

nósanna imeachta um éilimh, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta d’eachtraí tucaide agus tréimhsí feithimh; agus nósanna imeachta a bhaineann le héilimh a aisghabháil;

(f)

na hoibleagáidí faireacháin, tuairiscithe agus meastóireachta de bhun Airteagal 16 agus Airteagal 17;

(g)

nósanna imeachta gearáin soiléire agus inrochtana do thríú páirtithe a bhféadfadh tionchar a bheith ag cur chun feidhme tionscadal a fhaigheann tacaíocht ó Ráthaíocht CEFI orthu.

4.   Agus comhaontuithe ráthaíochta CEFI á dtabhairt i gcrích ag an gCoimisiún le contrapháirtithe incháilithe, tabharfaidh sé aird chuí ar na nithe seo a leanas:

(a)

comhairle agus treoir na mbord oibríochtúil straitéiseach agus réigiúnach, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 6;

(b)

cuspóirí na fuinneoige infheistíochta;

(c)

taithí agus cumas oibríochtúil, airgeadais agus bainistithe riosca an chontrapháirtí incháilithe;

(d)

an méid dá acmhainní dílse chomh maith le cómhaoiniú ón earnáil phríobháideach atá an contrapháirtí incháilithe réidh le cur in úsáid don fhuinneog infheistíochta.

5.   Formheasfaidh an contrapháirtí incháilithe oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus a rialacha agus a nósanna imeachta féin á leanúint aige agus i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe ráthaíochta CEFI.

6.   Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach le Ráthaíocht CEFI:

(a)

maidir le hionstraimí fiachais, an phríomhshuim agus an t-ús agus na méideanna uile atá dlite don chontrapháirtí incháilithe roghnaithe, ach nach bhfuil faighte aige i gcomhréir le téarmaí na n-oibríochtaí maoiniúcháin tar éis mainneachtain a bheith ann;

(b)

maidir le hinfheistíochtaí cothromais, na méideanna arna n-infheistiú agus na costais chistithe a bhaineann leo;

(c)

maidir le hoibríochtaí eile maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(2), na méideanna arna n-úsáid agus na costais chistithe a bhaineann leo;

(d)

gach speansas agus gach costas aisghabhála ábhartha a bhaineann le mainneachtain, ach amháin i gcás gur asbhaineadh na speansais agus na costais sin ó fháltais aisghabhála.

7.   Leagfar síos i gcomhaontuithe ráthaíochta CEFI rialacha mionsonraithe maidir leis an gcumhdach, leis na ceanglais, le hincháilitheacht, leis na contrapháirtithe incháilithe agus leis na nósanna imeachta.

Airteagal 14

Ciste Ráthaíocht CEFI

1.   Beidh Ciste Ráthaíocht CEFI ina mhaolán leachtachta óna ndéanfar íocaíocht leis na contrapháirtithe incháilithe i gcás go ndéanfar glao ar Ráthaíocht CEFI de bhun chomhaontú iomchuí ráthaíocht CEFI.

2.   Is leis na nithe seo a leanas a dhearlacfar Ciste Ráthaíocht CEFI:

(a)

ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais agus ó fhoinsí eile;

(b)

ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit agus ó ranníocóirí eile;

(c)

torthaí ar acmhainní infheistithe Chiste Ráthaíocht CEFI;

(d)

méideanna arna n-aisghabháil ó fhéichiúnaithe mainneachtana i gcomhréir leis na forálacha aisghabhála a leagtar síos i gcomhaontuithe ráthaíochta CEFI;

(e)

ioncam agus aon íocaíochtaí eile arna bhfáil ag an Aontas i gcomhréir le comhaontuithe ráthaíochta CEFI.

3.   Maidir le hioncam Chiste Ráthaíocht CEFI dá bhforáiltear i bpointe (c) agus i bpointe (e) de mhír 2 den Airteagal seo, beidh sé ina ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

4.   Maidir le hacmhainní Chiste Ráthaíocht CEFI dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún iad a bhainistiú go díreach agus infheisteofar iad i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus rialacha stuamachta iomchuí á leanúint. Faoin 30 Meitheamh 2019, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht sheachtrach neamhspleách faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bainistiú airgeadais shócmhainní an Chiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha, mar a bunaíodh le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (12), agus CEFI a chur ar iontaoibh an Choimisiúin, BIE, nó teaglaim den phéire, agus na critéir theicniúla agus institiúideacha ábhartha a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh idir seirbhísí bainistithe sócmhainne á gcur i gcuntas, lena n-áirítear an bonneagar teicniúil, comparáid na gcostas i leith seirbhísí a thugtar, leagan amach institiúideach, tuairisciú, feidhmíocht, cuntasacht agus saineolas gach institiúide agus na sainorduithe eile do bhuiséad ginearálta an Aontais maidir le bainistiú sócmhainní. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an meastóireacht.

5.   Úsáidfear dearlaicí Chiste Ráthaíocht CEFI chun leibhéal iomchuí soláthair a bhaint amach chun oibleagáidí iomlána Ráthaíocht CEFI a chumhdach. Beidh an ráta soláthair cothrom le 50 % d’oibleagáidí iomlána Ráthaíocht CEFI arna chumhdach le buiséad ginearálta an Aontais.

6.   Tar éis measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanaí atá leibhéal Chiste Ráthaíocht CEFI i gcomhréir leis an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 16(3), déanfar an méid seo a leanas:

(a)

gan dochar do mhír 8 den Airteagal seo, íocfar aon bharrachas le buiséad ginearálta an Aontais;

(b)

íocfar aon athshlánú ar Chiste Ráthaíocht CEFI i dtráinsí bliantúla thar uastréimhse trí bliana dar tús bliain n+1.

7.   Má tharlaíonn sé, ón 1 Eanáir 2021 amach, mar thoradh ar ghlaonna ar Ráthaíocht CEFI, go dtitfidh an leibhéal acmhainní sa Chiste Ráthaíochta faoi bhun 50 % den ráta soláthair dá dtagraítear i mír 5, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le:

(a)

cúis an easnaimh, le mínithe mionsonraithe; agus

(b)

i gcás ina meastar go bhfuil gá leis, aon bhearta eisceachtúla a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun Ciste Ráthaíocht CEFI a athshlánú.

8.   Tar éis glao a bheith déanta ar Ráthaíocht CEFI, úsáidfear dearlaicí Chiste Ráthaíocht CEFI dá bhforáiltear i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) de mhír 2 den Airteagal seo atá níos mó ná na hacmhainní a theastaíonn chun an ráta soláthair dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo nó aon bharrachas dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 6 den Airteagal seo a bhaint amach, úsáidfear ar dtús iad laistigh de theorainneacha na huastréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) chun Ráthaíocht CEFI a thabhairt ar ais go dtí an méid tosaigh a bhí aici.

Airteagal 15

Ciste Ráthaíocht CEFI a mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais

Soláthrófar ranníocaíocht EUR 350 000 000 ó bhuiséad ginearálta an Aontais.

CAIBIDIL IV

TUAIRISCIÚ, CUNTASAÍOCHT AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 16

Tuairisciú agus cuntasaíocht

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear le Ráthaíocht CEFI. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Beidh na gnéithe seo a leanas i gceist léi:

(a)

measúnú ar na torthaí lena rannchuidítear le haidhm agus le cuspóirí CEFI a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 9(1) agus (2), faoi seach;

(b)

measúnú ar na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá i bhfeidhm agus a chumhdaítear le Ráthaíocht CEFI ar leibhéil earnála, tíre agus réigiúnacha agus a mhéid atá an Rialachán seo á chomhlíonadh acu, lena n-áirítear na bearta riosca agus a dtionchar ar chobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíoch na gcomhpháirtithe;

(c)

measúnú, ar bhonn táscairí i gcomhréir le hAirteagal 9(5), ar an mbreisíocht agus an luach breise, ar chur in úsáid acmhainní earnála príobháidí, ar an aschur measta agus iarbhír agus ar thorthaí agus ar thionchar na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear le Ráthaíocht CEFI ar bhonn comhiomlánaithe, lena n-áirítear an tionchar ar chruthú post cuibhiúil, ar dhíothú na bochtaineachta agus ar an mbealach a dtugtar aghaidh ar bhunchúiseanna na himirce, lena n-áirítear imirce neamhrialta; áireofar leis an measúnú sin anailís inscne ar na hoibríochtaí a chumhdaítear bunaithe ar fhianaise agus ar shonraí miondealaithe de réir inscne, i gcás inar féidir;

(d)

measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid Ráthaíocht CEFI agus ar ghnóthú na bpríomhtháscairí feidhmíochta arna mbunú le haghaidh gach togra arna thíolacadh;

(e)

measúnú ar an éifeacht ghiarála a baineadh amach leis na hoibríochtaí a chumhdaítear le Ráthaíocht CEFI;

(f)

an tsuim airgeadais a aistríodh chuig tairbhithe agus measúnú ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta gach contrapháirtí incháilithe ar bhonn comhiomlánaithe;

(g)

measúnú ar bhreisíocht agus ar luach breise oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcontrapháirtithe incháilithe agus ar an riosca comhiomlán a bhaineann leis na hoibríochtaí sin;

(h)

faisnéis mhionsonraithe maidir le glaonna ar Ráthaíocht CEFI, le caillteanais, le torthaí, le méideanna arna n-aisghabháil agus le haon íocaíochtaí eile arna bhfáil agus leis an riosca foriomlán neamhchosanta;

(i)

na tuarascálacha airgeadais maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcontrapháirtithe incháilithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna n-iniúchadh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách;

(j)

measúnú ar shineirgíochtaí agus ar chomhlántacht idir oibríochtaí dá gcumhdaítear le Ráthaíocht CEFI agus an dara colún agus an tríú colún de PIS bunaithe ar thuarascálacha ábhartha atá ann cheana, le haird faoi leith ar an dul chun cinn maidir le dea-rialachas, lena n-áirítear sa chomhrac i gcoinne an éillithe agus i gcoinne sreabha aindleathacha airgeadais, urraim do chearta an duine, an smacht reatha agus beartais a fhreagraíonn do chúrsaí inscne, chomh maith le borradh a chur faoin bhfiontraíocht, faoi thimpeallacht na ngnólachtaí áitiúla agus faoi na margaí airgeadais áitiúla;

(k)

measúnú ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a bheith á gcomhlíonadh ag oibríochtaí Ráthaíocht CEFI.

(l)

measúnú ar luach saothair na ráthaíochtaí agus ar chur chun feidhme Airteagal 22.

2.   Chun críocha chuntasaíocht an Choimisiúin, a thuairiscithe ar na rioscaí a chumhdaítear le Ráthaíocht CEFI agus a bhainistithe ar Chiste Ráthaíocht CEFI, cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe ar comhaontú ráthaíochta CEFI i gcrích leo tuarascálacha airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí gach bliain maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna n-iniúchadh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách agus ina mbeidh faisnéis maidir leis na nithe seo, inter alia:

(a)

an measúnú riosca ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcontrapháirtithe incháilithe, lena n-áirítear faisnéis maidir le dliteanais an Aontais arna dtomhas i gcomhlíonadh rialacha cuntasaíochta an Aontais arna socrú ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin bunaithe ar na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta le haghaidh na hearnála poiblí;

(b)

an oibleagáid airgeadais atá gan íoc ag an Aontas a eascraíonn as Ráthaíocht CEFI arna soláthar le haghaidh na gcontrapháirtithe incháilithe agus a n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, arna miondealú de réir oibríochtaí aonair.

Cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe, arna iarraidh sin, aon fhaisnéis bhreise is gá ar fáil don Choimisiún ionas gur féidir leis an gCoimisiún a chuid oibleagáidí maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh.

3.   Faoin 31 Márta gach bliain, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhthéacs ráitis airgeadais an Choimisiúin, an fhaisnéis riachtanach maidir le staid Chiste Ráthaíocht CEFI a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí. Sa bhreis air sin, déanfaidh sé, faoin 31 Bealtaine gach bliain, tuarascáil maidir le bainistiú Chiste Ráthaíocht CEFI sa bhliain féilire roimhe sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí, tuarascáil ina mbeidh measúnú ar a leordhóthanaí a bhí soláthar agus leibhéal Chiste Ráthaíocht CEFI agus measúnú ar an ngá lena athshlánú.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear i láthair staid airgeadais Chiste Ráthaíocht CEFI i ndeireadh na bliana féilire roimhe sin, sreabha airgeadais na bliana féilire roimhe sin mar aon leis na hidirbhearta móra a rinneadh agus aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na cuntais airgeadais. Beidh ar áireamh sa tuarascáil freisin faisnéis maidir le bainistiú airgeadais, le feidhmíocht agus le riosca Chiste Ráthaíocht CEFI ag deireadh na bliana féilire roimhe sin.

Airteagal 17

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 31 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú tosaigh CEFI, a bhainistiú agus a rannchuidiú éifeachtach le haidhm agus le cuspóirí an Rialacháin seo. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, tuarascáil ina mbeidh meastóireacht sheachtrach neamhspleách ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus lena ngabhfaidh togra réasúnaithe maidir leis an Rialachán seo a leasú, de réir mar is iomchuí, go háirithe d’fhonn síneadh a chur leis an tréimhse infheistíochta thosaigh dá dtagraítear in Airteagal 8(2). Beidh tuairim ón gCúirt Iniúchóirí ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta sin.

2.   Faoin 31 Nollaig 2019 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an úsáid atá á baint as Ciste Ráthaíocht CEFI agus ar a fheidhmiú. Cuirfidh an Coimisiún a thuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Beidh tuairim ón gCúirt Iniúchóirí ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta sin.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 18

Trédhearcacht, cur in iúl, agus nochtadh poiblí faisnéise

1.   I gcomhréir lena mbeartais trédhearcachta agus le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus maidir le rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis, cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin ar bhonn réamhghníomhach agus córasach faisnéis a bhaineann leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta uile a chumhdaítear le Ráthaíocht CEFI faoin Rialachán seo, agus a bhaineann go háirithe leis an gcaoi a gcuireann na hoibríochtaí sin le gnóthú chuspóirí agus cheanglais an Rialacháin seo. I gcás inar féidir é, déanfar an fhaisnéis sin a mhiondealú ar leibhéal na dtionscadal. Cuirfidh an fhaisnéis sin cosaint faisnéise rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de i gcuntas i gcónaí.

2.   Foilseoidh an Coimisiún ar a thairseach gréasáin faisnéis faoi oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus gnéithe bunriachtanacha chomhaontuithe ráthaíochta uile CEFI, lena n-áirítear faisnéis faoi shainiúlacht dhlítheanach na gcontrapháirtithe, tairbhí forbartha ionchasacha agus nósanna imeachta gearáin i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 13(3), agus cosaint faisnéise rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de á cur i gcuntas.

3.   Déanfaidh na contrapháirtithe incháilithe tacaíocht ón Aontas a phoibliú i ngach faisnéis a fhoilseoidh siad maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá gcumhdaítear le Ráthaíocht CEFI i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.   Áireoidh toscaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh faisnéis faoi dheiseanna maoinithe a chuireann CEFI ar fáil ina dteachtaireachtaí a dhíreofar ar an tsochaí shibhialta agus ar an bpobal i gcoitinne.

Airteagal 19

Sásra casaoide agus sásaimh

I bhfianaise na gcasaoidí a d’fhéadfadh a bheith ag tríú páirtithe i dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear ag pobail agus ag daoine aonair a mbeadh tionchar ag tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó Ráthaíocht CEFI orthu, foilseoidh an Coimisiún agus toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh ar a suíomhanna gréasáin tagairtí díreacha do shásraí gearáin na gcontrapháirtithe ábhartha a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an gCoimisiún. Soláthróidh an Coimisiún féidearthacht freisin gearáin a fháil go díreach maidir leis an mbealach a ndéileálfaidh na contrapháirtithe incháilithe le casaoidí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i gcuntas i bhfianaise an chomhair a bheidh ann amach anseo leis na contrapháirtithe sin.

Airteagal 20

Iniúchóireacht ag an gCúirt Iniúchóirí

1.   Is í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfaidh iniúchadh seachtrach ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE agus dá bhrí sin, beidh na gníomhaíochtaí sin faoi réir an nós imeachta urscaoilte i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE.

2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo agus arna iarraidh sin ag an gCúirt Iniúchóirí agus i gcomhréir le hAirteagal 287(3) CFAE, deonófar rochtain di ar aon doiciméad nó faisnéis is gá chun a cúraimí iniúchóireachta a chomhlíonadh.

Airteagal 21

Bearta frithchalaoise

1.   Tabharfaidh an Coimisiún nó na contrapháirtithe incháilithe fógra láithreach don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) má tá forais amhrais acu, ag tráth ar bith d’ullmhú, de chur chun feidhme nó de dhúnadh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán, go bhfuil calaois, éilliú, sciúradh airgid nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais ar bun. Soláthróidh an Coimisiún nó na contrapháirtithe incháilithe gach faisnéis is gá do OLAF chun cur ar a chumas imscrúdú iomlán agus críochnúil a dhéanamh.

2.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, d’fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú, sciúradh airgid nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais ar bun i dtaca le haon oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Féadfaidh OLAF aon fhaisnéis a aimsítear le linn a imscrúduithe a chur chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann.

I gcás ina gcruthaítear gur ann do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha den sórt sin, déanfaidh na contrapháirtithe incháilithe iarrachtaí aisghabhála maidir lena n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus lena mbaineann gníomhaíochtaí den sórt sin agus freisin soláthróidh siad an fhaisnéis uile is gá do na húdaráis ábhartha chun críocha imscrúdaithe agus ionchúisimh fhéidirthigh.

Airteagal 22

Gníomhaíochtaí eisiata agus dlínsí neamh-chomhoibríocha

1.   Ina n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, déanfaidh na contrapháirtithe incháilithe reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta agus Aontais a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, ní thacóidh siad le tionscadail faoin Rialachán seo a rannchuidíonn le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach agus imghabháil cánach.

Thairis sin, ní dhéanfaidh na contrapháirtithe incháilithe oibríochtaí nua nó athnuaite le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a liostaítear faoi bheartas ábhartha de chuid an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha, nó a shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), nó nach gcomhlíonann go héifeachtach na caighdeáin chánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá ag an Aontas nó atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta. Ní fhéadfaidh na contrapháirtithe incháilithe maolú ón bprionsabal sin ach amháin má chuirtear an tionscadal i bhfeidhm go fisiciúil i gceann de na dlínsí sin, agus mura bhfuil aon táscaire ann go dtiteann an oibríocht ábhartha faoi aon cheann de na catagóirí a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Nuair a bheidh comhaontuithe á dtabhairt i gcrích le hidirghabhálaithe airgeadais, déanfaidh na contrapháirtithe incháilithe na ceanglais dá dtagraítear san Airteagal seo a thrasuí sna comhaontuithe ábhartha agus iarrfaidh siad ar na hidirghabhálaithe airgeadais tuairisciú a dhéanamh maidir lena n-urramú.

2.   Ina oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, cuirfidh an contrapháirtí incháilithe na prionsabail agus na caighdeáin a leagtar amach i ndlí an Aontais i bhfeidhm maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí agus go háirithe i Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus i dTreoir (AE) 2015/849. Déanfaidh na contrapháirtithe incháilithe cistiú díreach agus cistiú trí idirghabhálaithe araon faoin Rialachán seo, ag brath ar fhaisnéis úinéireachta tairbhiúla a nochtadh i gcomhréir le Treoir (AE) Uimh. 2015/849 agus déanfaidh siad sonraí maidir le tuairisciú tír-ar-thír a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 89(1) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

CAIBIDL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 26 Meán Fómhair 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2017.

(2)  IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(4)  Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cúnamh ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Compháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (IO L 210, 6.8.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IO L 77, 15.3.2014, lch. 27).

(6)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(7)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (IO L 77, 15.3.2014, lch. 95).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/323 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (IO L 58, 3.3.2015, lch. 17).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (IO L 77, 15.3.2014, lch. 44).

(12)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).

(13)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(14)  Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).

(15)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).


Top