Comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir AE agus an Éigipt
ACHOIMRE AR:
Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Arabach na hÉigipte
Cinneadh 2008/180/CE maidir leis an gComhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Arabach na hÉigipte a thabhairt i gcrích
CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?
Bunaítear leis an gcomhaontú creat foirmiúil le haghaidh comhair, atá dírithe ar ghníomhaíochtaí a spreagadh, a fhorbairt agus a éascú i réimsí na heolaíochta agus na teicneolaíochta.
Trína cinneadh, cheadaigh an Chomhairle tabhairt i gcrích an chomhaontaithe thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois).
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcomhaontú bunaithe ar shraith prionsabal:
- sochaí eolasbhunaithe a chur chun cinn chun forbairt shóisialta agus eacnamaíoch an dá pháirtí a chothú;
- sochair fhrithpháirteacha bunaithe ar chothromaíocht fhoriomlán buntáistí;
- rochtain chómhalartach ar ghníomhaíochtaí na gclár agus na dtionscadal taighde a dhéanann gach páirtí;
- malartú tráthúil faisnéise;
- cearta maoine intleachtúla a chosaint.
Comhar
- Eintitis dhlítheanacha* na hÉigipte féadfaidh siad páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhoibritheacha indíreacha chreatchláir AE le haghaidh taighde agus forbairt theicneolaíoch agus gníomhaíochtaí taispeána faoi na coinníollacha céanna is a bhaineann le heintitis dhlítheanacha thíortha AE, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá leagtha amach in Iarscríbhinní I agus II den chomhaontú.
- Is féidir le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtír AE páirt a ghlacadh i gcláir agus i dtionscadail taighde na hÉigipte ina gcumhdaítear réimsí atá comhchosúil leo siúd sa chreatchlár faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le heintitis dhlítheanacha na hÉigipte faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá leagtha amach in Iarscríbhinní I agus II den chomhaontú.
Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i ngníomhaíochtaí comhoibritheacha:
- plé rialta ar na treoirlínte agus na tosaíochtaí do bheartais taighde agus pleanáil san Éigipt agus in AE;
- plé ar ionchais agus ar fhorbairtí comhair;
- soláthar tráthúil faisnéise a bhaineann le cur i bhfeidhm na gclár agus na dtionscadal taighde faoi seach;
- comhchruinnithe;
- cuairteanna agus malartuithe oibrithe , innealtóirí agus teicneoirí taighde, lena n–áirítear chun críocha oiliúna;
- malartuithe agus comhroinnt trealaimh agus ábhar;
- teagmhálacha rialta agus leanúnacha idir clárbhainisteoirí nó bainisteoirí tionscadail na bpáirtithe;
- rannpháirtíocht saineolaithe i seimineáir, comhdhálacha (“siompóisiamaí”) agus ceardlanna;
- malartuithe faisnéise maidir le cleachtais, dlíthe, rialacháin agus cláir a bhaineann le comhar faoin gcomhaontú seo;
- oiliúint taighde agus forbartha teicneolaíochta;
- rochtain chómhalartach ar fhaisnéis eolaíoch agus theicneolaíoch faoi raon feidhme an chomhair seo;
- aon mhódúlachtaí eile arna nglacadh ag an gComhchoiste Eolaíochta agus Teicniúil um Chomhar a bunaíodh faoin gcomhaontú seo.
DÁTA TEACHT I BHFEIDHM
Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 27 Feabhra 2008 ar feadh tréimhse éiginnte (infheidhme go sealadach ar a shíniú: 21 Meitheamh 2005). Féadfaidh aon cheann de na páirtithe an comhaontú a fhoirceannadh am ar bith le fógra scríofa 12 mhí.
CÚLRA
Tá an Éigipt ar cheann de na tíortha atá á cumhdach i mBeartas Comharsanachta AE.
In 2004, tháinig an Comhaontú Eora-Mheánmhara lenar bunaíodh Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile i bhfeidhm.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi chomhar taighde & nuálaíochta (T & N) leis an Éigipt, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Maidir le heintitis dhlítheanacha: Aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a cruthaíodh faoi dhlí náisiúnta a áite nó a háite bunaíochta nó faoi dhlí an Chomhphobail nó faoin dlí idirnáisiúnta a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige nó aici agus atá i dteideal ceart agus oibleagáidí de chineál ar bith a bheith aige nó aici ina ainm nó ina hainm féin.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Arabach na hÉigipte (IO L 182, 13.7.2005, lgh. 12-19)
Cinneadh 2008/180/CE ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 maidir leis an gComhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Arabach na hÉigipte a thabhairt i gcrích (IO L 59, 4.3.2008, lgh. 12-13)
Nuashonraithe 25.10.2019