EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R2019

Ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadú fuinnimh — cuisneoirí tí

Ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadú fuinnimh — cuisneoirí tí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh fearais chuisniúcháin

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 maidir le lipéadú fuinnimh ar fhearais chuisniúcháin

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

Le Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún bunaítear ceanglais éicidhearthóireachta* maidir le díol nó cur i seirbhís fearais chuisniúcháin* a oibrítear trí phríomhlíonra leictreachais* lena bhfuil toilleadh 10 agus 1,500 lítear.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 lena leagtar síos rialacha maidir le lipéadú na bhfearas cuisniúcháin sin agus soláthar faisnéise breise táirge ar na fearais chuisniúcháin sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

I Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún:

  • leagtar amach in Iarscríbhinn II na dátaí ar a dtiocfaidh na ceanglais éicidhearthóireachta i bhfeidhm — 1 Márta 2021 i dtús báire agus bearta níos doichte ón 1 Márta 2024. Cumhdaítear iontu sin
    • éifeachtúlacht fuinnimh
    • gnéithe feidhmiúla
    • éifeachtúlacht acmhainní
    • faisnéis le haghaidh suiteálaithe agus úsáideoirí deiridh;
  • leagtar amach na nós imeachta um measúnú comhréireachta, agus in Iarscríbhinn III na modhanna agus na ríomhanna tomhais ná mór cloí leo.

Ní mór do na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a chur i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.

Ní chóir do mhonaróirí, allmhaireoirí nó a n–ionadaithe údaraithe táirgí a thairiscint lena ndíol atá ábalta brath agus iad á dtástáil agus a bhfeidhmíocht a athrú dá réir sin.

Leagtar amach in Iarscríbhinn V tagarmharcanna táscacha bunaithe ar na táirgí agus ar na teicneolaíochtaí is fearr a fheidhmíonn atá ar fáil le haghaidh fearais chuisniúcháin i gcomhthéacs a n–innéacs éifeachtúlachta fuinnimh agus astaíochtaí torainn.

Aisghairtear leis an rialachán Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón 1 Márta 2021.

Leagtar amach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 oibleagáidí maidir leis an méid seo a leanas:

  • soláthraithe lena n–áirithiú:
    • go mbeidh lipéad priontáilte ar gach fearas cuisniúcháin san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III
    • go ndéanfar paraiméadair bhileog faisnéise an táirge, arna leagan amach in Iarscríbhinn V, agus ábhar na ndoiciméad teicniúil (Iarscríbhinn VI) a uaslódáil ar bhunachar sonraí an táirge
    • go bhfuil fógraí amhairc le haghaidh samhail faoi leith ina mbeidh aicme na héifeachtúlachta fuinnimh agus réimse aicmithe ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII
    • go gcuimseofar in ábhar cur chun cinn theicniúil, lena n–áirítear ar an idirlíon, le haghaidh samhail faoi leith ina gcuirfear síos ar na paraiméadair shonracha, aicme na héifeachtúlachta fuinnimh agus an réimse aicmithe atá ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinní VII
    • go bhfaighidh déileálaithe lipéad leictreonach le haghaidh gach fearas cuisniúcháin i bhformáid Iarscríbhinn III agus bileog faisnéise táirge leictreonach arna leagan amach in Iarscríbhinn V;
  • déileálaithe lena n–áirithiú:
    • go mbeidh lipéad soiléir a sholáthróidh na soláthraithe ar gach fearas cuisniúcháin a bheidh ar díol, lena n–áirítear ag iontaí trádála, i gcomhréir le hIarscríbhinn III
    • i gcás ciandíola, go gcloífidh an lipéad agus bileog faisnéise an táirge le hIarscríbhinní VII agus VIII
    • go mbeidh aicme na héifeachtúlachta fuinnimh agus réimse aicmithe i gcomhréir le hIarscríbhinn VII sna fógraí amhairc, lena n–áirítear ar an idirlíon, le haghaidh samhail faoi leith
    • go gcuimseofar in ábhar cur chun cinn theicniúil, lena n–áirítear ar an idirlíon, le haghaidh samhail faoi leith ina gcuirfear síos ar na paraiméadair shonracha, aicme na héifeachtúlachta fuinnimh agus an réimse aicmithe ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinní VII;
  • ardáin óstála idirlín lena n–áirithiú
    • go mbeidh an lipéad leictreonach agus an bhileog faisnéise táirge leictreonach a sholáthróidh an déileálaí taispeánta go soiléir, de réir Iarscríbhinn VIII, ar gach fearas cuisniúcháin a dhíolfar go díreach ar fud an tsuímh.

Go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IX i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.

aicme na héifeachtúlacht fuinnimh bunaithe ar an innéacs atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil atá déanta 6 bliana ó tháinig sé i bhfeidhm. Ní mór dó chomh maith aghaidh a thabhairt ar ghnéithe an gheilleagair chiorclaigh agus cé acu an dtabharfar nó nach dtabharfar isteach deilbhíní d’urranna lena bhféadfaí dramhbhia a laghdú agus le haghaidh ídiú bliantúil fuinnimh.

Aisghairtear leis an rialachán Rialachán (CE) Uimh. 1060/2020 ón 1 Márta 2021

Níl feidhm ag ceachtar rialachán le:

  • caibinéid stórála chuisniúcháin ghairmiúla agus caibinéid phléasctha, ach amháin reoiteoirí cófra gairmiúla;
  • fearais chuisniúcháin a úsáidtear go díreach le haghaidh díolachán;
  • fearais chuisniúchain shoghluaiste;
  • fearais nach é stóráil bia chuisniúcháin a bpríomhfheidhm.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

Tá an dá cheann i bhfeidhm ón 1 Márta 2021.

CÚLRA

Treoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh. Cuirtear ar chúram an Choimisiúin léi iad sin a leagan síos le haghaidh táirgí a dhíoltar agus a thrádáiltear go forleathan in AE agus a mbaineann tionchar suntasach comhshaoil leo. Le Rialachán (AE) 2017/1369 bunaítear creat chun ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos lena mbeidh tomhaltóirí ábalta táirgí níos éifeachtaí a roghnú lena n–ídiú fuinnimh a laghdú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Éicidhearthóireacht: beartas maidir le feabhas, trí dhearadh níos fearr, a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí le linn a saolré, go háirithe a n–éifeachtúlacht fuinnimh.
Fearas cuisniúcháin: caibinéad aonraithe ina bhfuil urrann amháin nó níos mo a rialaítear ag teochtaí sonracha, a fhuaraítear le comhiompar nádúrtha nó fórsáilte.
Príomhlíonra leictreachais: soláthar leictreachais ó eangach 230 volta.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh fearais chuisniúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 187-208)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh ar fhearais chuisniúcháin agus lena n–aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 102-133)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena mbunaítear creat i ndáil le lipéadú fuinnimh lena n–aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lgh. 1-23)

Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10-35)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/125/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadac amháin.

Nuashonraithe 31.10.2019

Barr