EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R0692

Staidrimh turasóireachta

Staidrimh turasóireachta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 – Staidreamh Eorpach ar thurasóireacht

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis rialacha agus modhanna an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht. Tá dlúthbhaint aige le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglaítear ar thíortha AE staidreamh comhchuibhithe ar sholáthar agus éileamh turasóireachta a bhailiú, a thiomsú, a phróiseáil agus a tharchur.

Sonraí atá le bailiú

  • Ní mór do thíortha AE sonraí a bhailiú ar thurasóireacht laistigh (i.e. intíre agus isteach) i dtéarmaí acmhainneacht na mbunachas cóiríochta turasóireachta (i.e. bunachais a chuireann seirbhísí cóiríochta gearrthéarma mar sheirbhís íoctha ar fáil). Áirítear an fhaisnéis seo a leanas i measc na faisnéise a bhailítear:
    • líon na mbunachas;
    • líon na leapacha;
    • líon na seomraí.
  • Bailítear cuid de na hathróga sin ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal fonáisiúnta nó réigiúnach (Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS) leibhéal 2) agus baineann siad leo seo a leanas:
    • an cineál cóiríochta (óstáin, cóiríocht turasóireachta, ionaid champála);
    • an cineál ceantair (ceantair dlúthdhaonra, ceantair idirmheánacha nó ceantair tearcdhaonra, ceantair ar an gcósta nó neamhchósta);
    • méid (bunachais bheaga, mheánmhéide nó mhóra).
  • Ní mór do thíortha AE sonraí a bhailiú freisin ar bhunachais a bhfuil seomraí leapa iontu atá inrochtana do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear úsáideoirí cathaoireacha rotha.
  • Ina theannta sin, bailítear faisnéis ar áitíocht na mbunachas amhail líon na ndaoine a fhanann thar oíche agus teacht na gcónaitheoirí agus na neamhchónaitheoirí, mar aon le rátaí áitíochta na seomraí leapa agus na n-áiteanna leapa. Amhail an staidreamh ar acmhainneacht, bailítear cuid de na hathróga sin ar leibhéal réigiúnach NUTS 2 freisin.
  • Bailíonn tíortha AE sonraí ar an turasóireacht náisiúnta (turasóireacht intíre agus amach). Baineann na sonraí sin leis an éileamh ar rannpháirtíocht sa turasóireacht agus le saintréithe na dturas. Tá na sonraí sin bunaithe ar athróga amhail fad agus ceann scríbe na dturas ar chuspóirí pearsanta, agus athróga soch-dhéimeagrafacha amhail aoisghrúpa, leibhéal oideachais (roghnach), staid fhostaíochta (roghnach), etc.
  • Ina theannta sin, tiomsaíonn tíortha AE sonraí gach 3 bliana ina léirítear na príomhchúiseanna gan a bheith rannpháirteach sa turasóireacht ar chuspóirí pearsanta (cúiseanna airgeadais, easpa ama, cúiseanna sláinte, etc.).
  • Ar deireadh, bailíonn tíortha AE sonraí ar an éileamh turasóireachta ar chuairteanna aon lae laistigh den tír í féin nó thar lear. Tá na sonraí sin bunaithe ar athróga a bhaineann leo seo a leanas:
    • líon na gcuairteanna aon lae (chun críocha pearsanta nó gairmiúla);
    • caiteachas;
    • an tír cinn scríbe (i gcás cuairteanna thar lear);
    • athróga soch-dhéimeagrafacha.
  • Uair sa bhliain, seolann tíortha AE tuarascáil do Eurostat ar cháilíocht na sonraí arna mbailiú. Ansin déanann Eurostat a lámhleabhar modheolaíoch a chruthú agus a nuashonrú ina bhfuil treoirlínte maidir leis an staidreamh arna tháirgeadh.

Foinsí sonraí

Is féidir le tíortha AE na sonraí staidrimh riachtanacha a tháirgeadh trí theaglaim de na foinsí éagsúla seo a leanas a úsáid: suirbhéanna, foinsí iomchuí eile (lena n-áirítear sonraí riaracháin), nósanna imeachta iomchuí maidir le meastacháin staidrimh a dhéanamh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 11 Lúnasa 2011.

CÚLRA

Earnáil thábhachtach de chuid gheilleagar an Aontais Eorpaigh (AE) is ea an earnáil Turasóireachta. Déantar staidreamh ar thurasóireacht a bhailiú chun cabhrú leis an lucht déanta beartas mar aon leo siúd atá ag obair nó ag feidhmiú san earnáil.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht agus lena n-aisghairtear Treoir 95/57/CE ón gComhairle (IO L 192, 22.7.2011, lgh. 17-32)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste na gComhphobal Eorpach um an gClár Staidrimh (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 164-173)

Féach an leagan comhdhlúite.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht (COM(2016) 489 final, 29.7.2016)

Nuashonraithe 07.11.2016

Barr