EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R0218

Staidreamh gabhála maidir le hiascaireacht san Atlantach

Staidreamh gabhála maidir le hiascaireacht san Atlantach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 maidir le tíortha AE atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil

Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 maidir le tíortha AE atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht

Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 maidir le tíortha AE atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

Baineann na trí rialachán le cur isteach staidrimh bheacht agus thráthúil ag tíortha AE chuig an gCoimisiún Eorpach (Eurostat) maidir le soithí iascaireachta sna háiteanna seo a leanas:

  • an tAtlantach thiar thuaidh — Rialachán (CE) Uimh. 217/2009;
  • an tAtlantach thoir thuaidh — Rialachán (CE) Uimh. 218/2009;
  • limistéir seachas limistéar an Atlantaigh thuaidh, i.e. an tAtlantach Thoir Láir, an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh, an tAtlantach thiar theas, an tAtlantach thoir theas, an tAigéan Indiach thiar — Rialachán (CE) Uimh. 216/2009.

Le Rialachán (CE) Uimh. 217/2009, Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 aisghairtear agus leasaítear na rialacháin AE a bhí ann roimhe sin maidir le staidreamh um ghabháil agus um ghníomhaíocht iascaireachta (Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93, Rialachán (CEE) Uimh. 3880/91 agus Rialachán (CE) Uimh. 2597/95 faoi seach).

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglaítear le gach ceann de na rialacháin ar thíortha AE sonraí maidir le gabhálacha ainmniúla* bliantúla a chur isteach chuig an gCoimisiún (Eurostat) i soithí atá cláraithe sa tír sin nó a bhfuil bratach na tíre sin ar foluain acu. Déantar na sonraí a thaifeadadh mar choibhéis bheomheáchain na ngabhálacha (na héisc a thugtar i dtír) nó na n-athlastálacha* go dtí an tona is gaire.

I ngach rialachán sainítear an spriocdháta faoina gcaithfidh tíortha AE na sonraí riachtanacha a sholáthar don Choimisiún (Eurostat) agus na formáidí inar cheart na sonraí a tharchur.

Maidir le hiascaireacht san Atlantach thiar thuaidh, éilítear le Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 chomh maith sonraí maidir le gabhálacha agus gníomhaíocht chomhfhreagrach iascaireachta a bheidh foroinnte de réir mhí fhéilire na gabhála, an trealaimh iascaireachta, mhéid an tsoithigh agus na bpríomhspeiceas a lorgaíodh. Mura raibh an tír lena mbaineann ag iascaireacht san Atlantach thiar thuaidh an bhliain fhéilire roimhe sin, ní mór di é sin a chur in iúl don Choimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh ar liostaí na speiceas agus na réigiún iascaireachta staidrimh, ar na tuairiscí ar na réigiúin iascaireachta sin agus ar a mhéid atá sé ceadaithe comhiomlánú a dhéanamh ar na sonraí.

Ach amháin i gcás go gceanglaítear a mhalairt i rialacha a glacadh faoi chomhbheartas iascaireachta AE, féadfaidh tíortha AE úsáid a bhaint as teicnící samplála chun sonraí gabhála a fháil i gcás na gcodanna sin den loingeas a mbeadh gá le barraíocht nósanna imeachta riaracháin a chur i bhfeidhm ina leith chun iomlán na sonraí a fháil.

Bhí ar thíortha AE tuarascálacha a chur isteach chuig an gCoimisiún ina mbeadh an méid seo a leanas:

  • sonraí maidir leis an dóigh a bhfuarthas a sonraí,
  • nósanna imeachta samplála ar bith a úsáideadh,
  • cion na sonraí iomlána a fuarthas trí shampláil agus
  • cé chomh hionadaíoch agus chomh hiontaofa is atá na sonraí sin a shainiú

Níorbh mhór na tuarascálacha sin a chur isteach faoin:

  • 1 Eanáir 1993 (Rialachán (CE) Uimh. 218/2009),
  • 28 Iúil 1994 (Rialachán (CE) Uimh. 217/2009), agus
  • 14 Samhain 1996 (Rialachán (CE) Uimh. 216/2009).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

Tá siad i bhfeidhm ón 20 Aibreán 2009.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ghabhálacha ainmniúla: áirítear ar gach táirge iascaigh a chuirtear i dtír nó a athlastáiltear ar muir, is cuma cén fhoirm ina bhfuil siad, ach ní áirítear leo na cainníochtaí sin arb é a dhéantar ina leith, tar éis iad a ghabháil, iad a chaitheamh i leataobh ar muir, iad a thomhailt ar bord nó iad a úsáid mar bhaoite ar bord.
Athlastálacha: aistriú gabhála ó bhád iascaireachta níos lú go ceann níos mó a chuireann isteach i mbaisc níos mó ansin í lena loingsiú.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (athmhúnlú) (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 1-41)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thiar thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht (athmhúnlú) (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 42-69)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (athmhúnlú) (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 70-108)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 04.12.2017

Barr