Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007R1234

    Comheagraíocht na margaí talmhaíochta

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Comheagrú na margaí talmhaíochta in AE' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

    Comheagraíocht na margaí talmhaíochta

    Ghlac an tAontas Eorpach le comhrialacha maidir leis na margaí talmhaíochta. Baineann na rialacha seo go háirithe le hidirghabhálacha poiblí ar na margaí, le córais na gcuótaí agus na gcabhracha, le rialacha na tráchtála agus an táirgthe agus le malartú le tíortha treasa.

    ACHT

    Council Regulation (EC) No 1234/2007 of 22 October 2007 establishing a common organisation of agricultural markets and on specific provisions for certain agricultural products (Single CMO Regulation) (Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 a thugann comheagraíocht na margaí isteach in earnáil na talmhaíochta agus sainfhorálacha a bhaineann le táirgí áirithe na hearnála (Rialachán “Eagraíocht Aonair Chómhargaidh”)) [Féach na hachtanna leasaitheacha].

    ACHOIMRE

    Is é an rud atá i gcomheagraíocht na margaí talmhaíochta ná creat dlíthiúil ag leibhéal Eorpach maidir le hearnálacha áirithe na talmhaíochta. Leagtar amach na hearnálacha talmhaíochta i gceist in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II den Rialachán seo.

    Soláthraíonn an tAontas Eorpach do chomhrialacha a bhaineann le bainistíocht na margaí talmhaíochta, le rialacha tráchtála na dtáirgí talmhaíochta agus le hallmhairithe agus le honnmhairithe an Aontais Eorpaigh (AE).

    MARGADH INMHEÁNACH

    Idirghabháil ar an mhargadh

    Chun seasmhacht na margaí agus caighdeán maireachtála sásúil do lucht na talmhaíochta a dheimhniú, glacadh le meicníocht tacaíochta do phraghsanna in éineacht le tabhairt isteach córas tacaíochta dírí.

    Cuireann an mheicníocht tacaíochta do phraghsanna san áireamh riachtanais gach earnála talmhaíochta agus a n-idirspleáchas. Is iad na bearta atá i gceist ná:

    • idirghabhálacha poiblí ar mhargaí na dtáirgí talmhaíochta;
    • íocaíocht cabhrach faoi choinne stórála príobháidí na ngránach, na ríse, an tsiúcra, ola olóige agus ológ tábla, na mairteola agus na laofheola, an bhainne agus tháirgí an bhainne, na muiceola, na caoireola agus feola gabhair.

    Sainbhearta idirghabhála

    Féadann an tAontas Eorpach bearta speisialta a dhéanamh chun an margadh a thacú in am géarchéime. Tá na bearta seo riachtanach mar shampla má leathfadh aicíd ainmhithe nó má tharlódh tubaiste nádúrtha a chuirfeadh isteach ar na margaí talmhaíochta.

    Córais cuótaí

    Maidir leis an siúcra agus leis an bhainne, tá na cuótaí náisiúnta táirgeachta seasta. Roinneann na Ballstáit iad seo idir na gnóthais a tháirgeann. Léiríonn an Rialachán seo go háirithe modhanna chun na cuótaí a aistriú idir ghnóthais éagsúla agus chun an táirgeacht bharrachais a bhainistiú. Cuirtear san áireamh, i measc rudaí eile, sampláil na dtáirgeoirí ag na Ballstáit.

    Córais cabhrach

    Soláthraítear do chabhair do na hearnálacha seo a leanas fosta:

    • an siúcra (bearta aisíocaíochta don táirgeacht);
    • an bainne agus táirgí déiríochta, an ola olóige agus ológa tábla, torthaí agus glasraí agus táirgí beachaireachta;
    • na cláir ar son thomhailt na dtorthaí agus an bhainne sa scoil;
    • earnáil an fhíonsaothraithe agus earnáil an leannlusa;
    • tógáil seiriceán.

    MARGÚ AGUS TÁIRGEADH

    Féadann an Coimisiún rialacha margaithe a chur ar tháirgí áirithe talmhaíochta. D’fhéadfadh na rialacha seo baint le cáilíocht na dtáirgí, lena bpacáistíocht, lena stóráil nó lena n-iompar.

    Cuireann an Rialachán seo rialacha breise ar tháirgeadh agus ar mhargú na dtáirgí a bhfuil lipéad cosanta acu in earnáil an fhíona. Mar atá, na sonrúcháin tionscnaimh faoi riail, na tásca geografacha agus aird thraidisiúnta. Míníonn an Rialachán an nós imeachta le hiarratas a chur isteach do tháirgeoirí a bhfuil súil acu leas a bhaint as a leithéid de lipéad.

    Eagraíochtaí táirgeoirí agus idirghairmiúla

    Socraíonn an Rialachán seo na rialacha a bhaineann le haitheantas agus le hoibriú na n-eagraíochtaí táirgeoirí agus idirghairmiúla.

    Go háirithe, caithfidh na heagraíochtaí táirgeoirí ligean go leagtar amach comhchlárú an táirgthe agus go bhféadtar oiriúnú don éileamh.

    Maidir leis na heagraíochtaí idirghairmiúla, ní táirgeoirí, den chuid is mó, atá iontu. Is iad ionadaithe na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le táirgeadh, le tráchtála nó le saothrú na dtáirgí talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith iontu. Tá de phríomhchuspóir ag na heagraíochtaí idirghairmiúla ná costas tháirgeadh agus saothrú na dtáirgí a bharrfheabhsú.

    MALARTÚ LE TRÍÚ TÍORTHA

    I bprionsabal, tá cosc ar gach cáin a bhfuil a héifeacht coibhéiseach le dleacht chustaim agus ar gach srian cainníochtúil nó beart na héifeachta coibhéisí sna malartuithe le tríú tíortha.

    Allmhairithe

    Tá an cumas ag an Choimisiún ceadúnas allmhairíochta a éileamh maidir le táirgí as earnálacha áirithe: gránach, rís, siúcra, pór, ola olóige agus ológa tábla, líon agus cnáib, torthaí agus

    glasraí úra agus saothraithe, bananaí, fíon, plandaí beo, mairteoil, muiceoil, caoireoil agus feoil gabhair, feoil éanlaith, bainne agus táirgí déiríochta, uibheacha agus alcól eitile ón talmhaíocht.

    Tá feidhm ag dleachtanna ar allmhairíocht na comhtharaife custaim do na táirgí seo, cé go bhfuil forálacha speisialta ann do chinn áirithe díobh. I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí na dleachtanna ar allmhairíocht a bhaint nó dleachtanna breise a chur leo.

    Baineann na forálacha speisialta seo go háirithe le hallmhairíocht na meascán gránach, ríse, nó gránach agus ríse, agus tá an dleacht ar allmhairíocht bunaithe ar chomhdhéanamh an mheascáin. Leis sin, tá córas tosaíochta ann don siúcra agus socraíodh coinníollacha áirithe allmhairíochta maidir leis an chnáib agus leis an leannlus.

    Ina theannta sin, féadann an Coimisiún cuótaí taraife ar allmhairíocht a chur, mar atá teorainn maidir le méid na n-earraí a fhéadtar allmhairiú leis na dleachtanna custaim íslithe. Bainistíonn an Coimisiún na cuótaí taraife agus riarann sé iad ar mhodh is go seachnaítear gach leithcheal.

    Onnmhairithe

    Féadann an Coimisiún ceadúnas onnmhairíochta a éileamh maidir le táirgí as earnálacha na ngránach, na ríse, an tsiúcra, na hola olóige agus na n-ológ tábla, na dtorthaí agus na nglasraí úra agus saothraithe, an fhíona, na mairteola, na muiceola, na caoireola agus na feola gabhair, na feola éanlaith, an bhainne agus na dtáirgí déiríochta, na n-uibheacha agus an alcóil eitile ón talmhaíochta.

    D’fhéadfaí onnmhairíocht táirgí áirithe a thacú le haisíocaíochtaí onnmhairíochta a chuimsíonn an difríocht idir praghas an mhargaidh dhomhanda agus praghas an AE. Féadtar iad a idirdhealú de réir a gcinn scríbe agus socraíonn an Coimisiún iad go tréimhsiúil, agus é ag cur san áireamh forás mhargaí an Aontais agus na margaí domhanda. Tá forálacha sainiúla a rialaíonn aisíocaíochtaí onnmhairíochta na braiche i dtaisce, na ngránach agus na mairteola.

    Rialaítear riaradh na gcuótaí ar onnmhairíocht in earnáil an bhainne agus na dtáirgí déiríochta agus an tsocraíocht speisialta do thríú tíortha maidir le hallmhairíocht fosta.

    Iomaíocht

    Cuirtear dlí Eorpach na hiomaíochta i bhfeidhm. Ach tá eisceachtaí ann in Airteagal 176 an Rialacháin, agus dá réir siúd ceadaíonn an Coimisiún na comhaontuithe nó na cleachtaí comhbheartaithe. Tá a leithéid seo d’eisceachtaí ann sa Rialachán fosta maidir le hearnálacha na dtorthaí agus na nglasraí agus an tobac.

    Ina theannta sin, cuirtear an córas Eorpach maidir le cabhair Stáit i bhfeidhm sna hearnálacha talmhaíochta i bprionsabal. Ach tá forálacha sainiúla sa Rialachán maidir le cabhair Stáit in earnáil an bhainne agus an fhíona.

    Coistíocht

    Cuidíonn an Coiste Bainistíochta um Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta an Coimisiún (EN).

    Comhthéacs

    Sular glacadh leis an Rialachán seo, bhíodh comheagraíocht a margaidh féin ag gach earnáil talmhaíochta. Mar sin, b’iomaí eagraíocht na margaí talmhaíochta a bhíodh ann san Eoraip. Simplíonn an creat dlíthiúil seo na rialúcháin éagsúla a bhíodh ann roimhe seo agus cuireann sé le chéile iad.

    Tagairtí

    Acht

    Teacht i bhfeidhm

    Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

    Iris Oifigiúil

    Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007

    23.11.2007

    IO L 299, 16.11.2007

    Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

    Teacht i bhfeidhm

    Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

    Iris Oifigiúil

    Rialachán (CE) Uimh. 247/2008

    26.3.2008

    IO L 76, 19.3.2008

    Rialachán (CE) Uimh. 248/2008

    20.3.2008

    IO L 76, 19.3.2008

    Rialachán (CE) Uimh. 361/2008

    14.5.2008

    IO L 121, 7.5.2008

    Rialachán (CE) Uimh. 470/2008

    6.6.2008

    IO L 140, 30.5.2008

    Rialachán (CE) Uimh. 13/2009

    16.1.2009

    IO L 5, 9.1.2009

    Rialachán (CE) Uimh. 72/2009

    7.2.2009

    IO L 30, 31.1.2009

    Rialachán (CE) Uimh. 491/2009

    24.6.2009

    IO L 154, 17.6.2009

    Rialachán (CE) Uimh. 1140/2009

    30.11.2009

    IO L 312, 27.11.2009

    Rialachán (AE) Uimh. 1234/2010

    1.1.2011

    IO L 346, 30.12.2010

    Nuashonrú is déanaí: 04.03.2011

    Barr