This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32003L0049
Cánachas íocaíochtaí úis agus ríchíosa a dhéantar idir cuideachtaí comhlachaithe
Dírítear inti ar chánachas cóir íocaíochtaí a dhéantar idir cuideachtaí comhlachaithe* i dtíortha éagsúla AE a áirithiú, agus cánachas dúbailte idir tíortha AE á sheachaint. Baineann sé leis an méid a leanas:
Is é is cuspóir leis an treoir cánacha a ghearrtar ag tír fhoinseach AE a dhíchur, i gcás go ngearradh tír fhála AE cánacha le haghaidh na híocaíochta céanna ag an am céanna.
Dá réir sin, is é an phríomhaidhm a áirithiú nach ngearrfar cáin ar na híocaíochtaí i níos mó ná tír amháin (cánachas dúbailte).
Tá íocaíocht úis agus ríchíosa a thagann chun cinn i dtír AE díolmhaithe ó chánacha ar bith eile a fhorchuirtear ar na híocaíochtaí sin sa tír sin ar an gcoinníoll go bhfuil úinéir tairbhiúil* na ríchíosanna:
Cuimsítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an treoir liosta de na cineálacha cuideachtaí a bhfuil feidhm ag an treoir maidir leo. Leasaíodh an treoir chun na cineálacha cuideachtaí sna tíortha a ghlac ballraíocht in AE in 2004, 2007 agus 2013 a chur san áireamh.
I gcás go n–íocann cuideachta chomhlachaithe nó buanbhunaíocht cáin iomarcach ar ús nó ar ríchíosanna i tír AE nach a dtír féin í, ní mór di iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht. Ní mór don tír an cháin iomarcach iarchoimeádta a aisíoc laistigh de 1 bhliain i ndiaidh di iarratas agus faisnéis tacaíochta ar bith a d’fhéadfadh sí a iarraidh go réasúnta ón gcuideachta nó ón mbuanbhunaíocht a fháil. Murar aisíocadh an cháin iarchoimeádta laistigh den tréimhse sin, tá an chuideachta nó an bhuanbhunaíocht i dteideal (ar éag na bliana lena mbaineann) ús ar an gcáin a aisíocfar. Déantar an t–ús a ríomh ag ráta a chomhfhreagraíonn don ráta úis náisiúnta a chuirfear i bhfeidhm i gcásanna inchomparáide faoi dhlí intíre na tíre lena mbaineann.
Ní chuirfear as an áireamh leis an treoir seo cur i bhfeidhm rialacha intíre nó rialacha bunaithe ar chomhaontú a theastaíonn chun calaois nó mí-úsáid a chosc. Féadfaidh tíortha AE tairbhí na treorach seo a aistarraingt nó a dhiúltú í a chur i bhfeidhm i gcás idirbheart a mbaineann a bpríomhspreagadh nó ceann dá bpríomhspreagthaí le himghabháil cánach, seachaint cánach nó mí-úsáid.
Bhain tíortha áirithe tairbhe as tréimhse ó rialacha idirthréimhseacha i gcás go raibh moill leis an treoir a chur i bhfeidhm.
Rinne an Biúró Idirnáisiúnta um Dhoiciméadúchán Fioscach suirbhé ar chur chun feidhme na treorach don Choimisiún Eorpach in 2006 agus d’fhoilsigh an Coimisiún a thuarascáil ar a hoibríocht in 2009. In 2011, ghlac an Coimisiún togra chun an treoir a athmhúnlú d’fhonn a raon feidhme a leathnú agus cásanna a sheachaint i gcás go ndeonaítear faoiseamh cánach ach nach bhfuil an t–ioncam comhfhreagrach faoi réir cánach go héifeachtach (neamhchánachas dúbailte).
Tá an treoir i bhfeidhm ón 26 Meitheamh 2003 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Eanáir 2004.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Breathnaítear ar íocaíochtaí as úsáid a bhaint as, nó an ceart chun úsáid a bhaint as, trealamh tionsclaíoch, tráchtála nó eolaíocha mar ríchíosanna.
I gcás buanbhunaíochta, nuair a bhaineann an íocaíocht go héifeachtach leis an mbuanbhunaíocht.
Treoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúla (IO L 157, 26.6.2003, lgh. 49-54)
Rinneadh leasuithe agus athruithe comhleanúnacha ar Threoir 2003/49/CE a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Togra i dtaca le Treoir ón gComhairle maidir le córas coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúla COM(2011) 714 críochnaitheach, 11.11.2011)
Nuashonraithe 04.07.2018