Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 31992L0058

    Soláthar comharthaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair

    Soláthar comharthaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair

     

    ACHOIMRE AR:

    Threoir 92/58/CEE maidir leis na híoscheanglais chun comharthaí sábháilteachta agus/nó sláinte a sholáthar ag an obair

    CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

    Leagtar amach léi íoscheanglais maidir le comharthaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair, go sonrach,

    • comharthaí coiscthe (e.g. cosc ar rochtain feithiclí tionsclaíocha),
    • comharthaí rabhaidh (e.g. ualach lastuas),
    • comharthaí éigeantacha (e.g. ní mór cosaint súl a chaitheamh),
    • comharthaí éalaithe éigeandála nó garchabhrach (e.g. bealach amach éigeandála/bealach éalaithe) nó
    • comharthaí comhraicthe dóiteáin (e.g. píobán dóiteáin).

    Leagtar síos léi freisin íoscheanglais maidir le comharthaí soilsithe agus fuaimiúla, comharthaí láimhe agus maidir le cumarsáid béil.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    • Comhlánaítear leis an treoir Creat–Treoir 89/391/CEE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair (féach an achoimre).
    • Níl feidhm ag an treoir maidir le comharthaí chun substaintí agus ullmhóidí, táirgí agus/nó píosaí trealaimh contúirteacha a chur ar an margadh, mura ndéantar tagairt shonrach don mhéid sin i rialacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), ná maidir le comharthaí a úsáidtear chun trácht ar bhóithre, trácht iarnróid, trácht ar uiscebhealaí intíre, agus muirthrácht nó aerthrácht a rialú.

    Oibleagáidí fostóirí

    • Ní mór d’fhostóirí comharthaí sábháilteachta a chur ar fáil i gcás nach féidir guaiseacha a sheachaint nó a laghdú go leordhóthanach trí bhearta coisctheacha nó nósanna imeachta a úsáidtear in eagrú na hoibre.
    • Nuair is cuí, ní mór comharthaí a úsáidtear chun iompar ar bhóithre, ar iarnróid, ar uiscebhealaí intíre, ar muir agus san aer a shuiteáil i gcuideachtaí nó i ngnóthais.

    Faisnéis fhorlíontach

    • Féadfaidh Ballstáit AE díolúintí áirithe a shonrú laistigh de theorainneacha beachta áirithe.
    • Ní mór oibrithe a chur ar an eolas faoi na bearta atá le glacadh agus ní mór oiliúint chuí (treoracha beachta) a chur orthu.
    • Ní mór dul i gcomhairle le hoibrithe agus ní mór cead a bheith acu a bheith rannpháirteach sna hábhair a rialaítear leis an treoir.

    Gníomhartha tarmligthe

    Le Rialachán (AE) 2019/1243, leasaítear Treoir 92/58/CEE lena dtugtar cumhachtaí don Choimisiún Eorpach, ón 26 Iúil 2019 i leith, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasuithe teicniúla amháin a dhéanamh ar a hiarscríbhinní, chun comhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil a chur san áireamh a bhaineann le dearadh agus monarú comharthaí nó fearas sábháilteachta agus/nó sláinte ag an obair, dul chun cinn teicniúil, athruithe ar rialacháin nó ar shonraíochtaí idirnáisiúnta agus dul chun cinn san eolas sa réimse um chomharthaí nó fearais sábháilteachta agus/nó na sláinte ag an obair.

    Aisghairm

    Le Treoir 92/58/CEE, aisghairtear Treoir 77/576/CE maidir le comharthaí sábháilteachta san áit oibre.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

    Tá feidhm léi ón 27 Iúil 1992 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 24 Meitheamh 1994.

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Treoir 92/58/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1992 maidir leis na híoscheanglais chun comharthaí sábháilteachta agus/nó sláinte a sholáthar ag an obair (an naoú Treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 245, 26.8.1992, lgh. 23–42).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/58/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 13.12.2021

    Barr