Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1358

    Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    PE/15/2024/REV/1

    IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1358

    22.5.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/1358 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Bealtaine 2024

    maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), pointí (c), (d), (e) agus (g), Airteagal 79(2), pointe (c), Airteagal 87(2), pointe (a), agus Airteagal 88(2), pointe (a) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiúin (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá comhbheartas tearmainn, lena n-áirítear Comhchóras Eorpach Tearmainn, ina chuid de chuspóir an Aontais an limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile a bheadh ar oscailt dóibh siúd, nach bhfuil an dara rogha acu, a fhéachann le cosaint idirnáisiúnta a fháil san Aontas.

    (2)

    Chun Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chur i bhfeidhm, tá sé riachtanach céannacht a shuíomh i gcás iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus daoine a gabhadh maidir le teorainneacha seachtracha na mBallstát a thrasnú go neamhrialta. Chun an Rialachán sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach, tá sé inmhianaithe freisin cead a thabhairt do gach Ballstát a sheiceáil an ndearna náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a fhaightear go bhfuil sé nó sí ag fanacht go neamhdhleathach ina chríocha iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile nó nach ndearna.

    (3)

    Thairis sin, chun Rialachán (AE) 2024/1351 a chur i bhfeidhm go héifeachtach, is gá a thaifeadadh go soiléir in Eurodac go bhfuiltear tar éis aistriú freagrachta a dhéanamh idir na Ballstáit, lena n-áirítear an fhreagracht i gcásanna athshocrúcháin.

    (4)

    Chun Rialachán (AE) 2024/1351 a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus chun gluaiseachtaí tánaisteacha laistigh den Aontas a bhrath, ní mór go mbeadh gach Ballstát in ann a sheiceáil ar dheonaigh Ballstát eile a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil faoi dhlí náisiúnta do náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a fhaightear go bhfuil sé nó sí ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríoch nó a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) nó i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú. Chun na críche sin, ba cheart sonraí bithmhéadracha daoine arna gclárú chun críche nós imeachta um ligean isteach a stóráil in Eurodac a luaithe a dheonófar an chosaint idirnáisiúnta nó an stádas daonnúil don duine faoi dhlí náisiúnta, agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig ina dhiaidh sin.

    (5)

    Chun Rialachán (AE) 2024/1350 a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, ní mór do gach Ballstát a bheith in ann a sheiceáil ar dheonaigh Ballstát eile cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil faoi dhlí náisiúnta do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát i gcomhréir leis an Rialachán sin nó ar ligeadh isteach an duine sin i gcríoch Bhallstáit i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú. Chun na forais ábhartha maidir le diúltú dá bhforáiltear sa Rialachán sin a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs nós imeachta nua um ligean isteach, teastaíonn faisnéis ó na Ballstáit freisin maidir le nósanna imeachta um ligean isteach a tugadh i gcrích roimhe sin agus faisnéis faoi aon chinneadh maidir le cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil a dheonú faoi dhlí náisiúnta. Ina theannta sin, tá gá le faisnéis faoi chinneadh maidir le cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil a dheonú faoi dhlí náisiúnta chun an Ballstát a thug an nós imeachta i gcrích agus, ar an gcaoi sin, a chur ar chumas Ballstát eile faisnéis fhorlíontach a lorg ón mBallstát sin, a shainaithint.

    (6)

    Ina theannta sin, chun léiriú cruinn a thabhairt ar na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit faoin dlí idirnáisiúnta oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh agus léargas níos beaichte a thabhairt ar chomhdhéanamh na sreabha imirce san Aontas, is gá freisin a thaifeadadh in Eurodac go ndearnadh náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a dhíbhordáil tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, lena n-áirítear chun críoch staidrimh. Gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1351, níor cheart aon difríocht a bheith ann sa chaoi a gcaitear le daoine arna gclárú in Eurodac tráth a ngabhála i ndáil le teorainn sheachtrach a thrasnú go neamhrialta mar thoradh ar thaifeadadh an mhéid sin. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do na rialacha faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a dhéantar a dhíbhordáil tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála.

    (7)

    Ina theannta sin, chun tacú leis an gcóras tearmainn trí Rialacháin (AE) 2024/1351, (AE) 2024/1348 (6) agus (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a chur i bhfeidhm, is gá a thaifeadadh an bhféadfadh duine, tar éis na seiceálacha slándála dá dtagraítear sa Rialachán seo, a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach. Ba cheart don Bhallstát tionscnaimh an taifeadadh sin a dhéanamh. Ní dochar taifead den sórt sin in Eurodac don cheanglas maidir le scrúdú aonair faoi Rialacháin (AE) 2024/1347 agus (AE) 2024/1348. Ba cheart an taifead a scriosadh má léirítear leis an imscrúdú nach bhfuil forais leordhóthanacha ann lena mheas go bhfuil an duine lena mbaineann ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach.

    (8)

    Tar éis na seiceálacha slándála dá dtagraítear sa Rialachán seo a dhéanamh, níor cheart a thaifeadadh in Eurodac go bhféadfadh duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach (‘bratach shlándála’) ach amháin má tá an duine foréigneach nó armtha go neamhdhleathach nó i gcás inar léir go bhfuil an duine rannpháirteach in aon cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) nó in aon cheann de na cionta dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (10). Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil duine armtha go neamhdhleathach, is gá do Bhallstát a chinneadh an bhfuil arm tine á iompar ag an duine gan cead bailí ná údarú bailí nó aon chineál eile airm thoirmiscthe mar a shainítear faoi dhlí náisiúnta. Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil duine foréigneach, is gá do Bhallstát a chinneadh ar léirigh an duine iompraíocht a mbíonn díobháil fhisiciúil do dhaoine eile mar thoradh uirthi arbh ionann í agus cion coiriúil faoin dlí náisiúnta.

    (9)

    Le Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (11), déantar foráil maidir le córas cosanta sealadaí a gníomhachtaíodh den chéad uair trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (12) mar fhreagairt ar an gcogadh san Úcráin. De bhun an chórais cosanta sealadaí sin, tá na Ballstáit le daoine atá faoi chosaint shealadach ar a gcríoch a chlárú. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin, i measc nithe eile, baill teaghlaigh a athaontú agus comhoibriú le chéile maidir le háit chónaithe daoine atá faoi chosaint shealadach a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Is iomchuí na forálacha maidir le bailiú sonraí i dTreoir 2001/55/CE a fhorlíonadh trí dhaoine atá faoi chosaint shealadach a áireamh in Eurodac. I ndáil leis sin, is gné thábhachtach iad sonraí bithmhéadracha chun céannacht nó caidrimh theaghlaigh na ndaoine sin a bhunú, agus ar an gcaoi sin leas substaintiúil an phobail a chosaint de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Ina theannta sin, trí shonraí bithmhéadracha tairbhithe de chosaint shealadach a áireamh in Eurodac seachas i gcóras idir piaraí idir na Ballstáit, bainfidh na daoine sin tairbhe as na coimircí agus na cosaintí a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe maidir le tréimhsí coinneála sonraí, tréimhsí ba cheart a bheith chomh gearr agus is féidir.

    (10)

    Mar sin féin, ós rud é gur bhunaigh an Coimisiún ardán cheana féin, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus leis na Ballstáit, chun déileáil leis na malartuithe faisnéise is gá de bhun Threoir 2001/55/CE, is iomchuí na daoine atá faoi chosaint shealadach de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus aon chosaint náisiúnta choibhéiseach eile arna ndéanamh dá bhun a eisiamh ó Eurodac. Ba cheart feidhm a bheith ag an eisiamh sin freisin maidir le haon leasuithe a dhéanfar amach anseo ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus maidir le haon síneadh a chuirfear leis an gcosaint shealadach sin.

    (11)

    Is iomchuí bailiú agus tarchur sonraí bithmhéadracha náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a cláraíodh mar thairbhí de chosaint shealadach a chur siar go dtí 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm fhorálacha eile an Rialacháin seo, chun a áirithiú go mbeidh dóthain ama ag an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeachtúlacht oibríochtúil aon chórais TF a úsáidtear chun sonraí tairbhithe de chosaint shealadach a mhalartú agus ar an tionchar a mheastar a bheidh ag bailiú agus tarchur den sórt sin i gcás ina ngníomhachtófar Treoir 2001/55/CE.

    (12)

    Is gné thábhachtach í an bhithmhéadracht chun céannacht bheacht na ndaoine a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a bhunú toisc go n-áirithítear ardleibhéal cruinnis léi agus daoine á sainaithint. Dá bhrí sin, is gá córas a bhunú chun sonraí bithmhéadracha na ndaoine sin a chur i gcomparáid le chéile.

    (13)

    Is gá a áirithiú freisin go bhfeidhmíonn an córas maidir le sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid laistigh den chreat idir-inoibritheachta a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2019/817 (15) agus (AE) 2019/818 (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta agus le prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679.

    (14)

    Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun sonraí bithmhéadracha náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a athúsáid, ar sonraí iad a tógadh cheana de bhun an Rialacháin seo chun críoch iad a tharchur chuig Eurodac i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

    (15)

    Ina theannta sin, is gá forálacha a thabhairt isteach lena saineofar an rochtain atá ag aonaid náisiúnta an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus ag údaráis inniúla víosaí ar Eurodac i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2018/1240 (17) agus (CE) Uimh. 767/2008 (18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach.

    (16)

    Chun cabhrú le rialú na himirce neamhrialta agus staidreamh a chur ar fáil chun tacú le ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise, ba cheart é a bheith de chumas ag eu-LISA staidreamh traschórais a sholáthar agus úsáid á baint as Eurodac, an Córas Faisnéise Víosaí, ETIAS agus an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Chun ábhar an staidrimh traschórais sin a shonrú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

    (17)

    Is gá, dá bhrí sin, córas a bhunú ar a dtabharfar ‘Eurodac’, ina mbeidh Lárchóras agus an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/818, córas a fheidhmeoidh bunachar sonraí lárnach ríomhairithe de shonraí bithmhéadracha, sonraí alfa-uimhriúla agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil, chomh maith leis an modh tarchuir leictreonach idir Eurodac agus na Ballstáit (‘an Bonneagar Cumarsáide’).

    (18)

    Sa teachtaireacht uaidh an 13 Bealtaine 2015 dar teideal A European Agenda on Migration [Clár oibre Eorpach maidir leis an Imirce], thug an Coimisiún dá aire nach mór do na Ballstáit, chomh maith leis sin, na rialacha maidir le méarloirg imirceach a thógáil ag na teorainneacha a chur chun feidhme agus luaigh sé go bhfiosróidh sé conas is féidir tuilleadh aitheantóirí bithmhéadracha a úsáid trí bhíthin Eurodac, amhail teicnící aghaidh-aitheanta le grianghraif dhigiteacha.

    (19)

    Chun ardleibhéal cruinnis a bhaint amach agus daoine á sainaithint, ba cheart i gcónaí tosaíocht a thabhairt do mhéarloirg seachas íomhánna den aghaidh. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit gach bealach a úsáid chun a áirithiú gur féidir méarloirg a thógáil ón ábhar sonraí sula ndéanfar comparáid le híomhá den aghaidh amháin. Chun cabhrú leis na Ballstáit dúshláin a shárú, i gcás nach féidir méarloirg an náisiúnaigh tríú tír nó an duine gan stát a thógáil toisc damáiste a bheith déanta do bharra a méire nó a mhéire, bíodh sé sin d’aon ghnó nó ná bíodh, nó gur teascadh iad, ba cheart don Rialachán seo ligean do na Ballstáit íomhá den aghaidh a úsáid chun comparáid a dhéanamh gan méarloirg a thógáil.

    (20)

    Tá filleadh na náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát nach bhfuil an ceart acu fanacht san Aontas, i gcomhréir leis na cearta bunúsacha mar phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais, agus den dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cosaint dídeanaithe, prionsabal an non-refoulement agus oibleagáidí maidir le cearta daonna, agus i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), tá an filleadh sin ina chuid thábhachtach de na hiarrachtaí cuimsitheacha atá á ndéanamh chun aghaidh a thabhairt go cothrom agus go héifeachtúil ar an imirce agus, go háirithe, chun an inimirce neamhrialta a laghdú agus a dhíspreagadh. Tá gá le córas an Aontais le haghaidh filleadh náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht san Aontas go mírialta a dhéanamh níos éifeachtaí chun go mbeidh muinín ag an bpobal fós as córas imirce agus tearmainn an Aontais agus ba cheart é sin a dhéanamh in éineacht leis na hiarrachtaí a dhéantar na daoine óna dteastaíonn cosaint a chosaint.

    (21)

    Chun na críche sin, is gá freisin a thaifeadadh go soiléir in Eurodac gur diúltaíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcás nach bhfuil aon cheart ag an náisiúnach tríú tír nó ag an duine gan stát fanacht agus nár ceadaíodh don duine sin fanacht i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1348.

    (22)

    Bíonn deacrachtaí ag údaráis náisiúnta sna Ballstáit náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint chun iad a fhilleadh agus a athligean isteach. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go ndéanfar sonraí maidir le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a bhailiú agus a tharchur chuig Eurodac agus go gcuirfear i gcomparáid iad freisin leis na sonraí a bailíodh agus a tarchuireadh chun céannacht iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus céannacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a gabhadh maidir le trasnú neamhrialta teorainneacha seachtracha na mBallstát a shuí, chun gur fusa iad a shainaithint agus a athdhoiciméadú, chun a áirithiú go bhfillfear agus go n-athligfear isteach iad agus chun calaois chéannachta a laghdú. Agus na sonraí sin á mbailiú agus á dtarchur agus iad á gcur i gcomparáid, ba cheart go gcuideodh an méid sin le laghdú a chur ar an bhfad a mhaireann na nósanna imeachta riaracháin is gá chun a áirithiú go bhfillfear agus go n-athligfear isteach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach, lena n-áirítear an tréimhse a bhféadfar iad a choimeád faoi choinneáil riaracháin roimh an aistriú lena linn. Leis sin freisin ba cheart go mbeifí in ann tríú tíortha idirthurais a shainaithint ina bhféadfar an náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach nó an duine gan stát a athligean isteach.

    (23)

    D’fhonn éascú a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir le doiciméid taistil a shainaithint agus a eisiúint chun náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, ba cheart cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó de dhoiciméad taistil a thaifeadadh in Eurodac, má tá sé ar fáil, maille le léiriú ar a bharántúlacht. I gcás nach bhfuil doiciméad taistil nó doiciméad céannachta den sórt sin ar fáil, níor cheart ach doiciméad amháin eile atá ar fáil agus lena sainaithnítear an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát a thaifeadadh in Eurodac, maille le léiriú ar a bharántúlacht. Chun éascú a dhéanamh ar nósanna imeachta maidir le doiciméid taistil a shainaithint agus a eisiúint chun náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, agus ionas nach gcuirfear isteach ar an gcóras le doiciméid ghóchumtha, níor cheart a choimeád sa chóras ach doiciméid a dheimhnítear go bhfuil siad bailí nó nach féidir a mbarántúlacht a shuí mar gheall ar easpa gnéithe slándála.

    (24)

    Sna conclúidí uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir le todhchaí an bheartais fillte, d’fhormhuinigh an Chomhairle an tionscnamh a d’fhógair an Coimisiún chun an fhéidearthacht go leathnófaí raon feidhme agus cuspóir Eurodac chun gur féidir sonraí a úsáid chun críoch fillte. Ba cheart na huirlisí is gá a bheith ar fáil ag na Ballstáit chun gur féidir leo imirce neamhdhleathach isteach san Aontas a rialú agus gluaiseachtaí tánaisteacha laistigh den Aontas agus náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a bhrath. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí atá in Eurodac a bheith ar fáil, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, chun go bhféadfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát comparáid a dhéanamh eatarthu.

    (25)

    Tacaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), leis na Ballstáit agus iarrachtaí á ndéanamh acu na teorainneacha seachtracha a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus inimirce neamhdhlíthiúil a rialú. Cuireann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), cúnamh oibríochtúil agus teicniúil ar fáil do na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain ar an stór lárnach a thabhairt d’úsáideoirí údaraithe na ngníomhaireachtaí sin, agus do ghníomhaireachtaí eile atá ag gníomhú i réimse an cheartais agus gnóthaí baile, más ábhartha an rochtain sin chun a gcúraimí a chur chun feidhme i gcomhréir le coimircí cosanta sonraí ábhartha.

    (26)

    Ós rud é go bhféadfaidh baill d’Fhoirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach agus saineolaithe na bhfoirne tacaíochta tearmainn dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2019/1896 agus (AE) 2021/2303, faoi seach, sonraí bithmhéadracha a thógáil agus a tharchur, arna iarraidh sin don Bhallstát óstach, ba cheart réitigh theicneolaíocha leordhóthanacha a fhorbairt chun a áirithiú go gcuirfear cúnamh éifeachtúil agus éifeachtach ar fáil don Bhallstát óstach.

    (27)

    Thairis sin, ionas go mbeidh Eurodac ina chúnamh éifeachtach le rialú inimirce neamhrialta chuig an Aontas agus le gluaiseachtaí tánaisteacha a bhrath laistigh den Aontas, is gá a chur ar chumas an chórais sin iarrthóirí a áireamh chomh maith le hiarratais trí na tacair sonraí uile a bhaineann leis an aon duine amháin, gan beann ar an gcatagóir lena mbaineann an duine sin, a nascadh le chéile in aon seicheamh amháin. I gcás ina scriosfar tacar sonraí atá cláraithe in Eurodac, ba cheart aon nasc leis an tacar sonraí sin a scriosadh go huathoibríoch.

    (28)

    Tá sé fíor-riachtanach, sa chomhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile, go mbeidh an fhaisnéis is iomláine agus is cothroime le dáta dá bhfuil ann ag na húdaráis forfheidhmithe dlí ionas go bhféadfaidh siad a gcúraimí a dhéanamh. Tá gá leis an bhfaisnéis atá ar fáil in Eurodac chun críoch cionta sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí atá in Eurodac a bheith ar fáil, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, chun go bhféadfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát agus údarás ainmnithe Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) comparáid a dhéanamh eatarthu.

    (29)

    Ba cheart na cumhachtaí arna ndeonú d’údaráis forfheidhmithe dlí maidir le rochtain ar shonraí Eurodac a bheith gan dochar do cheart an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a iarratas a bheith próiseáilte in am trátha i gcomhréir leis an dlí ábhartha. Ina theannta sin, ba cheart aon obair leantach a dhéanfar ina dhiaidh sin tar éis ‘amas’ a fháil ar Eurodac a bheith gan dochar don cheart sin.

    (30)

    Ina theachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2005 maidir le héifeachtacht agus idir-inoibritheacht fheabhsaithe agus sineirgíochtaí idir bunachair sonraí Eorpacha i réimse an cheartais agus gnóthaí baile, chuir an Coimisiún in iúl go bhféadfadh rochtain a bheith ag na húdaráis atá freagrach as slándáil inmheánach ar Eurodac i gcásanna a bheadh sainithe go maith, nuair atá amhras ann a bhfuil bunús tugtha leis go bhfuil déantóir ciona sceimhlitheoireachta nó déantóir ciona choiriúil thromchúisigh tar éis iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh. Sa teachtaireacht sin luaigh an Coimisiún go gceanglaíonn prionsabal na comhréireachta nach gceadófar Eurodac chun críoch mar sin ach amháin nuair atá leas sáraitheach maidir le slándáil phoiblí ann, eadhon, i gcás ina bhfuil an cion a rinne an coirpeach nó an sceimhlitheoir atáthar ag iarraidh a shainaithint chomh tromchúiseach sin go bhfuil údar maith le bunachar sonraí ina gcláraítear daoine gan taifead coiriúil a chuardach, agus chomh maith leis sin tháinig sé ar an gconclúid, maidir leis an tairseach is infheidhme maidir le húdaráis um shlándáil inmheánach Eurodac a cheadú, nach foláir í a bheith i bhfad níos airde ná an tairseach is infheidhme maidir le bunachair sonraí choiriúlachta a cheadú.

    (31)

    Thairis sin, tá ról lárnach ag Europol sa chomhar idir údaráis na mBallstát i réimse an imscrúdaithe choiriúil trasteorann ó thaobh tacú le coireanna a chosc, a anailísiú agus a imscrúdú ar fud an Aontais. Dá thoradh sin, ba cheart rochtain a bheith ag Europol ar shonraí Eurodac faoi chuimsiú a chúraimí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794.

    (32)

    Níor cheart iarrataí ar chomparáid idir sonraí Eurodac arna ndéanamh ag Europol a cheadú ach amháin i gcásanna sonracha, faoi imthosca sonracha agus faoi choinníollacha dochta, i gcomhréir le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a chumhdaítear in Airteagal 52(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) (25).

    (33)

    Ós rud é gur bunaíodh Eurodac ar dtús chun cur i bhfeidhm Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (26) a éascú, is ionann rochtain ar Eurodac chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú agus forbairt bhreise ar chuspóir bunaidh Eurodac. I gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil a dhéanamh le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú an chirt bhunúsaigh maidir le saol príobháideach daoine aonair a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil in Eurodac a urramú, agus ní foláir a fhoirmliú a bheith beacht a dhóthain chun gur féidir le daoine aonair a n-iompraíocht a choigeartú agus ní foláir dó daoine aonair a chosaint ar aon treallachas agus raon feidhme na lánrogha a bhronntar ar na húdaráis inniúla agus modh a fheidhmithe a léiriú ar bhealach soiléir a dhóthain. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní mór an teorannú sin a bheith riachtanach agus cuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas a chomhlíonadh i ndáiríre.

    (34)

    Cé nár ceanglaíodh le cuspóir bunúsach Eurodac go mbeadh an fhéidearthacht ann comparáidí idir sonraí agus an bunachar sonraí a iarraidh, bunaithe ar mhéarlorg neamhfhollas, rud arb ionann é agus rian dachtalascópach is féidir a fháil ag láthair choire, is cuid bhunriachtanach í an ghné sin i réimse an chomhair póilíneachta. Maidir leis an bhféidearthacht sin méarlorg neamhfhollas a chur i gcomparáid le sonraí méarlorg atá stóráilte in Eurodac i gcásanna ina mbeidh forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhféadfadh déantóir na coire nó an t-íospartach teacht faoi cheann amháin de na catagóirí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, uirlis an-luachmhar a bheadh inti d’údaráis ainmnithe na mBallstát chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, mar shampla nuair nach bhfuil d’fhianaise le fáil ag an láthair choire ach méarloirg neamhfhollasa.

    (35)

    Sa Rialachán seo, leagtar síos freisin na coinníollacha faoinar cheart cead a thabhairt iarrataí a dhéanamh ar chomparáidí idir sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla agus sonraí Eurodac chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, agus leagtar síos ann freisin na cosaintí is gá lena áirithiú go gcosnófar an ceart bunúsach maidir le saol príobháideach daoine aonair a bhfuil a sonraí pearsanta próiseáilte in Eurodac a urramú. Léiríonn déine na gcoinníollacha seo go gcláraítear le bunachar sonraí Eurodac sonraí bithmhéadracha agus sonraí alfa-uimhriúla daoine nach bhfuiltear á thoimhdiú ina leith go bhfuil cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile déanta acu. Aithnítear nach mbeidh sonraí bithmhéadracha an duine atá faoi dhrochamhras nó an íospartaigh, a bhfuil a gcás á imscrúdú acu, ag údaráis forfheidhmithe dlí, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar a gcumas chun bunachair sonraí bhithmhéadracha mheaitseála, amhail Eurodac, a sheiceáil. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí na huirlisí is gá d’údaráis forfheidhmithe dlí agus do Europol chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, más riachtanach déanamh amhlaidh. Chun cur leis na himscrúduithe arna ndéanamh ag na húdaráis sin agus ag Europol, ba cheart cuardaigh bunaithe ar shonraí alfa-uimhriúla a cheadú in Eurodac, go háirithe i gcásanna nach bhféadfar aon fhianaise bhithmhéadrach a aimsiú ach ina bhfuil fianaise ag na húdaráis sin agus ag Europol faoi shonraí pearsanta nó doiciméid chéannachta an duine atá faoi dhrochamhras nó an íospartaigh.

    (36)

    Le méadú ar raon feidhme agus le simpliú na rochtana ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart go gcabhródh an méid sin leis na Ballstáit agus iad ag déileáil le staideanna oibríochtúla atá ag éirí níos casta agus le cásanna a bhaineann le coireanna trasteorann agus leis an sceimhlitheoireacht a bhfuil tionchar díreach acu ar an staid slándála san Aontas. Leis na coinníollacha rochtana ar Eurodac chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, ba cheart do na húdaráis forfheidhmithe dlí sna Ballstáit a bheith in ann dul i ngleic leis na cásanna ina mbeadh an iliomad céannachtaí in úsáid ag daoine atá faoi dhrochamhras. Chun na críche sin, má fhaightear amas le linn do bhunachar sonraí ábhartha a bheith á cheadú roimh rochtain a fháil ar Eurodac, níor cheart, leis an méid sin, an rochtain sin a chosc. Is féidir léi a bheith ina uirlis úsáideach freisin chun freagairt ar an mbagairt ó dhaoine radacaithe nó ó sceimhlitheoirí a d’fhéadfadh a bheith cláraithe in Eurodac. Ba cheart go gcuirfeadh rochtain níos leithne agus níos simplí ar Eurodac d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát, agus lánurraim do chearta bunúsacha á ráthú ag an am céanna, ar chumas na mBallstát gach uirlis atá ann cheana a úsáid chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais a áirithiú.

    (37)

    D’fhonn cóir chomhionann a áirithiú dóibh siúd ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta iad agus do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, agus chun comhsheasmhacht le acquis reatha an Aontais maidir le tearmann a áirithiú, go háirithe comhsheasmhacht le Rialacháin (AE) 024/1347, (AE) 2024/1350 agus (AE) 2024/1351, áirítear le raon feidhme an Rialacháin seo iarratasóirí ar chosaint choimhdeach agus daoine atá i dteideal cosaint choimhdeach.

    (38)

    Is gá freisin go nglacfaidh agus go dtarchuirfidh na Ballstáit go pras sonraí bithmhéadracha gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta, gach duine a bhfuil sé ar intinn ag Ballstáit nós imeachta um ligean isteach a sheoladh ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350, gach náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a ghabhtar agus iad ag trasnú teorainn sheachtrach de chuid Ballstáit go neamhrialta nó a fhaightear go bhfuil sé nó sí ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát, agus gach duine a dhíbhordálfar tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála, ar choinníoll go bhfuil siad 6 bliana d’aois ar a laghad.

    (39)

    Maidir leis an oibleagáid sonraí bithmhéadracha náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá 6 bliana d’aois ar a laghad a ghlacadh, ní dhéanann sí difear do cheart na mBallstát síneadh a chur le fanacht náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát ar a gcríoch de bhun Airteagal 20(2) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme (27).

    (40)

    Má dhéantar an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta tar éis an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát a ghabháil maidir leis na teorainneacha seachtracha a thrasnú go neamhrialta, nó má dhéantar go comhuaineach leis sin é, ní dhíolmhaítear na Ballstáit ó na daoine sin a chlárú mar dhaoine a gabhadh maidir leis an teorainn sheachtrach a thrasnú go neamhrialta.

    (41)

    Má dhéantar an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta tar éis an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát a ghabháil, nó má dhéantar go comhuaineach leis sin é, ní dhíolmhaítear na Ballstáit ó na daoine sin a chlárú mar dhaoine a fuarthas go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát.

    (42)

    Má dhéantar an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta tar éis díbhordála tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála an náisiúnaigh tríú tír nó an duine gan stát, nó má dhéantar go comhuaineach leis sin é, ní dhíolmhaítear na Ballstáit ó na daoine sin a chlárú mar dhaoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála.

    (43)

    Má dhéantar an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta tar éis chlárú an tairbhí de chosaint shealadach nó má dhéantar go comhuaineach leis sin é, ní dhíolmhaítear na Ballstáit ó na daoine sin a chlárú a chlárú mar thairbhithe de chosaint shealadach.

    (44)

    D’fhonn cosaint gach linbh a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a neartú, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha nach bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu agus leanaí a d’fhéadfadh a bheith scartha óna dteaghlach, is gá freisin sonraí bithmhéadracha a ghlacadh lena stóráil in Eurodac chun cuidiú le céannacht leanaí a shuí agus chun cuidiú leis na Ballstáit rianú a dhéanamh ar aon duine dá mbaill teaghlaigh i mBallstát eile, nó ar na naisc a d’fhéadfadh a bheith acu le Ballstát eile, agus chun leanaí atá ar iarraidh a rianú, lena n-áirítear chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, trí na hionstraimí atá ann cheana a chomhlánú, go háirithe Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28). Cuideoidh nósanna imeachta éifeachtacha maidir le sainaithint leis na Ballstáit cosaint leordhóthanach leanaí a ráthú. Tá suí na nasc teaghlaigh ar cheann de na príomhchaíonna a n-aontaítear teaghlaigh arís agus ní mór dlúthbhaint a bheith aige le suí leas an linbh agus, sa deireadh, le réiteach inbhuanaithe a chinneadh i gcomhréir le cleachtais náisiúnta tar éis do na húdaráis inniúla náisiúnta um chosaint leanaí measúnú a dhéanamh ar riachtanais.

    (45)

    Ba cheart oiliúint a chur ar an oifigeach atá freagrach as sonraí bithmhéadracha mionaoisigh a thógáil chun a áirithiú go ndéanfar é ar bhealach ina mbeidh cáilíocht shonraí bithmhéadracha an mhionaoisigh sách maith agus chun a ráthú go mbeidh an próiseas oiriúnach do leanaí ionas go mothóidh an mionaoiseach, go háirithe mionaoiseach atá an-óg, sábháilte agus gur féidir leis/léi comhoibriú go réidh leis an bpróiseas trína ndéantar a shonraí bithmhéadracha/a sonraí bithmhéadracha a thógáil.

    (46)

    Ba cheart gach mionaoiseach ó aois 6 bliana agus os a chionn a bheith á thionlacan, nuair is ann dó nó di, ag ball teaghlaigh ar duine fásta é nó í, le linn an ama a bheidh a shonraí bithmhéadracha nó a sonraí bithmhéadracha á dtógáil. Ba cheart an mionaoiseach neamhthionlactha a bheith á thionlacan ag ionadaí nó, i gcás nár ainmníodh ionadaí, ag duine atá oilte ar leas an linbh agus ar a fholláine nó a folláine a choimirciú, le linn an ama a bheidh a shonraí bithmhéadracha nó a sonraí bithmhéadracha á dtógáil. Níor cheart an duine oilte sin a bheith ina oifigeach a bheidh freagrach as na sonraí bithmhéadracha a thógáil, ach ba cheart dó gníomhú go neamhspleách agus níor cheart dó orduithe a fháil ón oifigeach nó ón tseirbhís atá freagrach as na sonraí bithmhéadracha a thógáil. Ba cheart don duine oilte sin a bheith ar an duine atá ainmnithe chun gníomhú go sealadach mar ionadaí faoi Threoir (AE) 2024/1346 i gcás inar ainmníodh an duine sin.

    (47)

    Ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do leas an linbh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. I gcás ina suíonn an Ballstát iarrthach go mbaineann sonraí Eurodac le leanbh, ní féidir leis an mBallstát iarrthach na sonraí sin a úsáid ach amháin chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, go háirithe na sonraí sin a bhaineann le gáinneáil ar leanaí agus coireanna tromchúiseacha eile in aghaidh leanaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit sin is infheidhme maidir le mionaoisigh agus i gcomhréir leis an oibleagáid tús áite a thabhairt do leas an linbh.

    (48)

    Is gá rialacha beachta a leagan síos a bhaineann le tarchur na sonraí bithmhéadracha sin agus sonraí pearsanta ábhartha eile in Eurodac, a stóráil, an chomparáid a dhéantar idir iad agus sonraí bithmhéadracha eile, torthaí na gcomparáidí sin a tharchur agus na sonraí taifeadta a mharcáil agus iad a scriosadh. D’fhéadfadh na rialacha sin a bheith difriúil i gcás ina bhfuil catagóirí difriúla de náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát i gceist, agus ba cheart sa chás sin iad a chur in oiriúint go sonrach dóibh.

    (49)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaí tarchur na sonraí bithmhéadracha ar chaighdeán iomchuí chun críoch comparáide tríd an gcóras ríomhairithe aitheantais méarloirg agus íomhá den aghaidh. Ba cheart do na húdaráis uile ag a mbeidh ceart rochtana ar shonraí Eurodac infheistiú a dhéanamh in oiliúint leormhaith agus sa trealamh teicneolaíochta atá ag teastáil. Ba cheart do na húdaráis ag a mbeidh ceart rochtana ar shonraí Eurodac eu-LISA a chur ar an eolas faoi aon deacrachtaí sonracha maidir le cáilíocht sonraí sa chaoi go réiteofar na deacrachtaí sin.

    (50)

    I gcás ina bhfuil sé dodhéanta, go sealadach nó go buan, sonraí bithmhéadracha duine a ghlacadh nó a tharchur, de bharr, inter alia, cáilíocht neamhleor na sonraí chun comparáid iomchuí a dhéanamh, fadhbanna teicniúla, cúiseanna a bhaineann leis an tsláinte a chosaint nó de bharr nach bhfuil an t-ábhar sonraí sláintiúil go leor nó ábalta go leor chun a shonraí bithmhéadracha nó a sonraí bithmhéadracha a bheith glactha de bharr imthosca nach bhfuil aon neart aige nó aici orthu, níor cheart, leis sin, dochar a dhéanamh don scrúdú a dhéantar ar iarratas an duine sin ar chosaint idirnáisiúnta ná dochar a dhéanamh don chinneadh a nglacfar ina leith.

    (51)

    Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Rialachán Eurodac a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid méarloirg a thógáil, doiciméad ar iarr an Chomhairle, an 20 Iúil 2015, ar na Ballstáit é a leanúint. Leagtar amach ann cur chuige dea-chleachtais maidir le méarloirg a thógáil. I gcás inarb ábhartha, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh freisin an seicliosta chun gníomhú i gcomhréir le cearta bunúsacha agus méarloirg á bhfáil acu do Eurodac, arna fhoilsiú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, a bhfuil sé d’aidhm aige cuidiú leo oibleagáidí um chearta bunúsacha a chomhlíonadh agus méarloirg á dtógáil acu.

    (52)

    Ba cheart do na Ballstáit gach duine a gceanglaítear air leis an Rialachán seo sonraí bithmhéadracha a thabhairt a chur ar an eolas faoin oibleagáid atá orthu déanamh amhlaidh. Ba cheart do na Ballstáit a mhíniú do na daoine sin gur chun a leasa féin atá sé comhoibriú go hiomlán agus láithreach leis an nós imeachta trína sonraí bithmhéadracha a sholáthar. I gcás ina leagtar síos le dlí náisiúnta Ballstáit bearta riaracháin lena bhforáiltear gur féidir sonraí bithmhéadracha a ghlacadh trí bhíthin comhéigin mar rogha dheireanach, ní mór do na bearta sin an Chairt a urramú go hiomlán. Ní féidir leibhéal comhréireach comhéigin a úsáid ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus mar rogha dheireanach, gan aon fhéidearthachtaí eile a bheith ann, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a mheastar a bheith ina ndaoine leochaileacha, agus mionaoisigh, an oibleagáid sonraí bithmhéadracha a sholáthar.

    (53)

    I gcás ina n-úsáidtear coinneáil chun céannacht náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát a chinneadh nó a fhíorú, níor cheart do na Ballstáit í a úsáid ach amháin mar rogha dheireanach agus lánurraim á tabhairt don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Chairt.

    (54)

    I gcás inar gá, ba cheart do shaineolaí méarloirg oilte na hamais a sheiceáil chun cinneadh cruinn maidir le freagracht a áirithiú faoi Rialachán (AE) 2024/1351, sainaithint bheacht an náisiúnaigh tríú tír nó an duine gan stát agus sainaithint bheacht an amhrastaigh choiriúil nó an íospartaigh coireachta a bhféadfadh a shonraí a bheith stóráilte in Eurodac a áirithiú. Ba cheart a mheas go bhfuil seiceálacha a dhéanann saineolaí oilte riachtanach i gcás ina bhfuil amhras ann maidir le cé acu a bhaineann nó nach mbaineann toradh na comparáide idir na sonraí méarlorg leis an duine céanna, go háirithe i gcás ina mbaineann na sonraí a chomhfhreagraíonn d’amas méarloirg le duine ar de ghnéas eile é nó i gcás nach gcomhfhreagraíonn na sonraí maidir le híomhá den aghaidh do ghné aghaidhe an duine ar glacadh a chuid sonraí bithmhéadracha. Na hamais a fhaightear ó Eurodac bunaithe ar íomhánna den aghaidh, ba cheart do shaineolaí oilte iad a sheiceáil freisin i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta, i gcás nach ndéantar an chomparáid ach amháin le sonraí maidir le híomhá den aghaidh. I gcás ina ndéantar comparáid idir sonraí méarloirg agus sonraí maidir le híomhá den aghaidh ag an am céanna agus ina bhfaightear amais don dá thacar sonraí bithmhéadracha, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann toradh na comparáide leis na sonraí maidir le híomhá den aghaidh a sheiceáil.

    (55)

    D’fhéadfadh náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a d’iarr cosaint idirnáisiúnta i mBallstát amháin iarracht a dhéanamh cosaint idirnáisiúnta a iarraidh i mBallstát eile ar feadh blianta ina dhiaidh sin. Ba cheart an uastréimhse inar féidir sonraí bithmhéadracha náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a d’iarr cosaint idirnáisiúnta a choinneáil in Eurodac a bheith teoranta go docht don mhéid is gá agus ba cheart í a bheith comhréireach, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a chumhdaítear in Airteagal 52(1) den Chairt agus mar a léirmhíníonn an Chúirt Bhreithiúnais é. Ag glacadh leis go mbeidh stádas lonnaithe nó fiú amháin saoránacht Bhallstáit bainte amach ag formhór na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a d’fhan san Aontas ar feadh roinnt blianta i ndiaidh na tréimhse sin, ba cheart tréimhse 10 mbliana a mheas mar thréimhse réasúnta chun sonraí bithmhéadracha agus sonraí alfa-uimhriúla a stóráil.

    (56)

    Sna conclúidí uaithi an 4 Nollaig 2015 maidir le daoine gan stát, mheabhraigh an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát gealltanas an Aontais i mí Mheán Fómhair 2012 go raibh na Ballstáit uile chun aontú don Choinbhinsiún i dtaobh Stádas Daoine gan Stát arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 28 Meán Fómhair 1954 agus go raibh siad chun a marana a dhéanamh ar aontú don Choinbhinsiún maidir le Laghdú ar Líon na nDaoine gan Stát arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 30 Lúnasa 1961.

    (57)

    Chun na forais a chur i bhfeidhm maidir le diúltú faoi Rialachán (AE) 2024/1350, ba cheart sonraí bithmhéadracha náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach faoin Rialachán sin a ghlacadh, a tharchur chuig Eurodac agus a chur i gcomparáid leis na sonraí arna stóráil in Eurodac, ar sonraí iad maidir le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, daoine dár deonaíodh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil faoi dhlí náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán sin, eadhon go raibh forais réasúnacha ann lena mheas gur baol do phobal, do bheartas poiblí, do shlándáil nó do shláinte phoiblí an Bhallstáit lena mbaineann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát nó an foras gur eisíodh foláireamh in SIS nó i mbunachar sonraí náisiúnta Ballstáit chun críche cead isteach a dhiúltú, daoine ar diúltaíodh ligean isteach dóibh i mBallstát ar cheann de na forais dá dtagraítear sa Rialachán sin nó ar scoireadh den nós imeachta sin um ligean isteach ina leith toisc nár thug siad a dtoiliú nó toisc gur tharraing siad siar a dtoiliú, agus daoine a athlonnaíodh faoi scéim náisiúnta um athlonnú. Dá bhrí sin, ba cheart na catagóirí sonraí sin a stóráil in Eurodac agus a chur ar fáil ar mhaithe le comparáid a dhéanamh.

    (58)

    Chun Rialacháin (AE) 2024/1350 agus (AE) 2024/1351 a chur i bhfeidhm, ba cheart sonraí bithmhéadracha náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil dóibh faoi dhlí náisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350 a stóráil in Eurodac ar feadh 5 bliana ón dáta a glacadh iad. Ba cheart gur leor an tréimhse sin ós rud é go mbeidh cónaí ar thromlach na ndaoine sin ar feadh roinnt blianta san Aontas agus go mbeidh stádas mar chónaitheoir fadtéarmach nó fiú saoránacht Bhallstáit faighte acu.

    (59)

    I gcás inar diúltaíodh ligean isteach i mBallstát do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát ar cheann de na forais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1350, eadhon go raibh forais réasúnacha ann lena mheas gur baol don phobal, do bheartas poiblí, do shlándáil nó sláinte phoiblí an Bhallstáit lena mbaineann é an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin nó ar an bhforas gur eisíodh foláireamh in SIS nó i mbunachar sonraí náisiúnta Ballstáit chun cead isteach a dhiúltú, ba cheart na sonraí gaolmhara a stóráil ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta a thángthas ar an gconclúid dhiúltach maidir le ligean isteach. Is gá na sonraí sin a stóráil ar feadh na tréimhse ama sin chun ligean do na Ballstáit eile a bhfuil nós imeachta um ligean isteach á sheoladh acu faisnéis a fháil ó Eurodac, lena n-áirítear aon fhaisnéis maidir le marcáil sonraí arna déanamh ag Ballstáit eile, le linn an nós imeachta um ligean isteach, i gcás inar gá, trí na forais maidir le diúltú a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1350 a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart sonraí maidir le nósanna imeachta um ligean isteach ar cuireadh deireadh leo roimhe sin toisc nár thug na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát a dtoiliú nó toisc gur tharraing siad siar a dtoiliú, ba cheart iad a stóráil in Eurodac ar feadh 3 bliana chun gur féidir leis na Ballstáit eile atá i mbun nós imeachta um ligean isteach teacht ar chonclúid dhiúltach, mar a cheadaítear leis an Rialachán sin.

    (60)

    Le tarchur sonraí daoine a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach a dhéanamh in Eurodac, ba cheart go rannchuideofaí le teorainn a chur le líon na mBallstát a mhalartaíonn sonraí pearsanta na ndaoine sin le linn nós imeachta um ligean isteach ina dhiaidh sin, agus ba cheart, ar an gcaoi sin, go rannchuideofaí lena áirithiú go gcomhlíonfar prionsabal an íoslaghdaithe sonraí.

    (61)

    I gcás ina bhfaighidh Ballstát amas ó Eurodac lenar féidir cuidiú leis an mBallstát sin na hoibleagáidí is gá a chomhlíonadh maidir le cur i bhfeidhm na bhforas chun ligean isteach a dhiúltú faoi Rialachán (AE) 2024/1350 , ba cheart don Bhallstát tionscnaimh a dhiúltaigh náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a ligean isteach roimhe sin faisnéis fhorlíontach a mhalartú go pras leis an mBallstát a fuair an t-amas i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis agus faoi réir phrionsabail na cosanta sonraí. Ba cheart go gcuirfeadh malartú na sonraí sin ar chumas an Bhallstáit a fuair an t-amas teacht ar chonclúid maidir le ligean isteach laistigh den teorainn ama a leagtar síos sa Rialachán sin chun an nós imeachta um ligean isteach a thabhairt i gcrích.

    (62)

    Maidir leis an oibleagáid sonraí bithmhéadracha daoine a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach a thógáil agus a tharchur, níor cheart feidhm a bheith aici i gcás ina scoirfidh an Ballstát atá i gceist den nós imeachta sular tógadh na sonraí bithmhéadracha.

    (63)

    D’fhonn gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát nach bhfuil ceart fanachta acu san Aontas a chosc mar is ceart agus chun faireachán a dhéanamh orthu mar is ceart agus chun na bearta is gá a dhéanamh chun filleadh éifeachtach chuig tríú tíortha agus athligean isteach iontu a fhorfheidhmiú mar is ceart i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE agus i bhfianaise an chirt go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ba cheart a mheas go bhfuil tréimhse 5 bliana riachtanach chun sonraí bithmhéadracha agus sonraí alfa-uimhriúla a stóráil.

    (64)

    Chun tacú leis na Ballstáit ina gcomhar riaracháin agus Treoir 2001/55/CE á cur chun feidhme, ba cheart sonraí tairbhithe de chosaint shealadach a choinneáil in Eurodac ar feadh bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh Cur Chun Feidhme ábhartha ón gComhairle. Ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse choinneála gach bliain le linn thréimhse na cosanta sealadaí.

    (65)

    Ba cheart an tréimhse stórála a bheith níos giorra i gcásanna speisialta áirithe i gcás nach bhfuil aon ghá sonraí bithmhéadracha nó aon sonraí pearsanta eile a choinneáil ar feadh na tréimhse sin. Ba cheart sonraí bithmhéadracha agus na sonraí pearsanta uile eile i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a scriosadh láithreach agus go buan a luaithe is a bhaineann náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát saoránacht Bhallstáit amach.

    (66)

    Is iomchuí na sonraí a stóráil a bhaineann leis na hábhair sonraí sin ar taifeadadh a sonraí bithmhéadracha in Eurodac nuair a rinne siad nó nuair a chláraigh siad a n-iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus dár deonaíodh cosaint idirnáisiúnta i mBallstát ionas gur féidir na sonraí arna dtaifeadadh ar chlárú nó ar iarratas eile ar chosaint idirnáisiúnta a chur i gcomparáid leis na sonraí a taifeadadh roimhe sin.

    (67)

    Tá curtha de chúram ar eu-LISA cúraimí an Choimisiúin maidir le bainistiú oibríochtúil Eurodac i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cúraimí áirithe a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide ón dáta a chuaigh eu-LISA i mbun a fhreagrachtaí, is e sin an 1 Nollaig 2012. Sa bhreis air sin, ba cheart stádas breathnóra a bheith ag Europol ag cruinnithe Bhord Bainistíochta eu-LISA, nuair a bheidh ceist ar an gclár oibre i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bhaineann le rochtain a bheith ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus údarás ainmnithe Europol ar Eurodac lena cheadú chun críoch cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Ba cheart do Europol a bheith in ann ionadaí a cheapadh chuig Grúpa Comhairleach Eurodac eu-LISA.

    (68)

    Is gá freagrachtaí an Choimisiúin agus eu-LISA a mhéid a bhaineann le Eurodac agus leis an mbonneagar cumarsáide a leagan síos go soiléir mar aon le freagrachtaí na mBallstát a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí, slándáil sonraí, rochtain ar shonraí taifeadta agus sonraí taifeadta a cheartú.

    (69)

    Is gá údaráis inniúla na mBallstát chomh maith leis an bPointe Rochtana Náisiúnta a ainmniú trína gcuirtear isteach na hiarrataí ar chomparáidí le sonraí Eurodac agus liosta a choimeád de na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe an chomparáid sin a iarraidh chun na gcríoch sonrach cionta sceimhlitheoireachta, nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile, a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

    (70)

    Is gá liosta a ainmniú agus a choinneáil de na haonaid oibríochtúla de chuid Europol atá údaraithe comparáidí le sonraí Eurodac a iarraidh trí Phointe Rochtana Europol. Ba cheart na haonaid sin, lena n-áirítear aonaid a dhéileálann le gáinneáil ar dhaoine, mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, go háirithe i gcás inar mionaoisigh iad na híospartaigh, ba cheart iad a bheith údaraithe chun comparáidí a iarraidh le sonraí Eurodac trí Phointe Rochtana Europol chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát agus í a threisiú i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a thagann faoi shainordú Europol a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

    (71)

    Maidir le hiarrataí ar chomparáid le sonraí arna stóráil in Eurodac, ba cheart do na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe iad a chur chuig an bPointe Rochtana Náisiúnta, tríd an údarás fíoraithe agus ba do na hiarrataí sin a bheith réasúnaithe. Na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe chun comparáidí le sonraí Eurodac a iarraidh, níor cheart dóibh gníomhú mar údarás fíoraithe. Ba cheart do na húdaráis fíoraithe gníomhú go neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe agus ba cheart dóibh a bheith freagrach, ar bhealach neamhspleách, as dian-chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le rochtain a leagtar síos sa Rialachán seo. Ansin,ba cheart do na húdaráis fíoraithe an iarraidh ar chomparáid a chur ar aghaidh gan na cúiseanna atá léi a bheith ag gabháil léi, chuig Eurodac tríd an bPointe Rochtana Náisiúnta tar éis a fhíorú cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha uile maidir le rochtain. I gcásanna eisceachtúla práinne inar gá rochtain luath a thabhairt chun freagairt ar bhagairt shonrach iarbhír a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta cóiriúla tromchúiseacha eile, ba cheart don údarás fíoraithe a bheith in ann an iarraidh a chur ar aghaidh láithreach agus gan an fíorú a dhéanamh go dtí go bhfuil sé sin déanta.

    (72)

    Ba cheart don údarás ainmnithe agus don údarás fíoraithe a bheith in ann a bheith mar chuid den eagraíocht chéanna, má cheadaítear é sin faoin dlí náisiúnta, ach ba cheart don údarás fíoraithe gníomhú go neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige faoin Rialachán seo.

    (73)

    Chun críche sonraí pearsanta a chosaint, agus chun comparáidí córasacha ar cheart iad a thoirmeasc a eisiamh, níor cheart sonraí Eurodac a phróiseáil ach amháin i gcásanna ar leith agus nuair is gá chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Cás ar leith is ea cás ina mbaineann an iarraidh ar chomparáid le cás sonrach nithiúil, le dainséar sonrach nithiúil a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile, nó le daoine sonracha a bhfuil forais thromchúiseacha ann ina leith lena chreidiúint go ndéanfaidh siad nó go ndearna siad cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile. Cás eile ar leith is ea cás ina mbaineann an iarraidh ar chomparáid le duine ar íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile é. Níor cheart d'údaráis ainmnithe na mBallstát ná d'údarás ainmnithe Europol comparáid le Eurodac a iarraidh ach amháin nuair atá forais réasúnacha acu lena chreidiúint go dtabharfaidh a leithéid de chomparáid faisnéis a chuideoidh leo go mór chun cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

    (74)

    Ina theannta sin, ba cheart rochtain a cheadú ar choinníoll go ndearnadh cuardach roimh ré i mbunachair sonraí bithmhéadracha náisiúnta an Bhallstáit agus i gcórais uathoibrithe um shainaithint méarlorg na mBallstát uile eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle (29), ach amháin má léirítear, trí CIR a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2019/818, go bhfuil sonraí an duine lena mbaineann stóráilte in Eurodac. Ceanglaítear ar an mBallstát iarrthach leis an gcoinníoll sin comparáidí a dhéanamh le córais uathoibrithe um shainaithint méarlorg na mBallstát uile eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB, atá ar fáil go teicniúil, mura rud é gur féidir leis an mBallstát sin údar maith a thabhairt go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint nach suífí céannacht an ábhair sonraí mar thoradh ar an gcomparáid sin a dhéanamh. Bheadh na forais réasúnacha sin i gceist go háirithe sa chás nach ndéanfadh an cás sonrach aon nasc oibríochtúil ná imscrúdaitheach le Ballstát ar leith. Ceanglaítear leis an gcoinníoll sin go ndéanfaí Cinneadh 2008/615/CGB a chur chun feidhme go dlíthiúil agus go teicniúil i réimse na sonraí méarlorg roimh ré ag an mBallstát iarrthach ós rud é nár cheart é a cheadú seiceáil Eurodac a dhéanamh chun críocha fhorfheidhmiú an dlí i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an gcoinníoll sin a chomhlíonadh. I dteannta na seiceála a dhéantar roimh ré ar na bunachair sonraí, ba cheart d’údaráis ainmnithe a bheith in ann seiceáil chomhuaineach a dhéanamh sa Chóras Faisnéise Víosaí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le comparáid a dhéanamh leis na sonraí atá stóráilte ann, mar a leagtar síos i gCinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (30).

    (75)

    Chun críocha comparáid agus malartú éifeachtúil a dhéanamh ar shonraí pearsanta, ba cheart do na Ballstáit na comhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana a chur chun feidhme go hiomlán agus a úsáid mar aon le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a mhalartú atá i bhfeidhm cheana féin, go háirithe Cinneadh 2008/615/CGB.

    (76)

    Cé go bhfuil dliteanas neamhchonarthach an Aontais i dtaca le feidhmiú Eurodac faoi rialú ag forálacha ábhartha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is gá rialacha sonracha a leagan síos le haghaidh dhliteanas neamhchonarthach na mBallstát i dtaca le feidhmiú Eurodac.

    (77)

    Maidir le Rialachán (AE) 2016/679, tá feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, mura rud é gur údaráis inniúla ainmnithe nó fíoraithe na mBallstát a dhéanann an phróiseáil sin chun críoch cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc.

    (78)

    Maidir le rialacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), tá feidhm acu maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát chun críoch cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh de bhun an Rialacháin seo.

    (79)

    Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag Europol chun críoch cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a imscrúdú nó a bhrath de bhun an Rialacháin seo.

    (80)

    Na rialacha atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2016/679 maidir le cearta agus saoirse daoine aonair a chosaint, go háirithe an ceart atá acu go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leo a chosaint, ba cheart iad a shonrú sa Rialachán seo i ndáil leis an bhfreagracht as sonraí a phróiseáil, cearta na n-ábhar sonraí a chosaint agus as maoirseacht a dhéanamh ar chosaint sonraí, go háirithe i gcás earnálacha áirithe.

    (81)

    Ba cheart ceart duine chun príobháideachais agus chun cosaint sonraí a choimirciú i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcónaí, maidir le rochtain ag údaráis na mBallstát agus ag gníomhaireachtaí údaraithe an Aontais ar Eurodac.

    (82)

    Ba cheart an ceart a bheith ag ábhair sonraí chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann leo, agus chun na sonraí sin a cheartú agus a léirscriosadh agus chun próiseáil na sonraí sin a shrianadh. Agus na críocha a ndearnadh an phróiseáil chucu á gcur san áireamh, ba cheart é a bheith de cheart ag na hábhair sonraí go ndéanfaí sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear trí ráiteas forlíontach a sholáthar. Ba cheart na cearta sin a fheidhmiú de bhun Rialachán (AE) 2016/679 agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo, i dTreoir (AE) 2016/680 agus i Rialachán (AE) 2016/794 a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí de bhun an Rialacháin seo. Maidir leis an bpróiseáil a dhéanann údaráis náisiúnta ar shonraí pearsanta in Eurodac, ba cheart do gach Ballstát, ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus trédhearcachta, an t-údarás a ainmniú a mheasfar a bheith ina rialaitheoir i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680 agus ar cheart freagracht lárnach a bheith air as an bpróiseáil sonraí a dhéanann an Ballstát sin. Ba cheart do gach Ballstát mionsonraí an údaráis sin a chur in iúl don Choimisiún.

    (83)

    Tá sé tábhachtach freisin go gceartófaí sonraí atá mícheart go fíorasach agus a taifeadadh in Eurodac chun a áirithiú go bhfuil an staidreamh a tháirgtear i gcomhréir leis an Rialachán seo cruinn.

    (84)

    Ba cheart aistrithe sonraí pearsanta a fhaigheann Ballstát nó Europol de bhun an Rialacháin seo ó Eurodac chuig aon tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta nó eintiteas príobháideach atá bunaithe san Aontas nó lasmuigh de a thoirmeasc chun an ceart chun tearmainn a áirithiú agus chun daoine a bhfuil a sonraí á bpróiseáil faoin Rialachán seo a chosaint ar nochtadh a gcuid sonraí d’aon tríú tír. Tugann an méid sin le fios nár cheart do na Ballstáit faisnéis a aistriú a fuarthas ó Eurodac maidir leis an méid seo a leanas: an t-ainm (nó na hainmneacha); dáta breithe; náisiúntacht; an Ballstát tionscnaimh/na Ballstáit tionscnaimh, Ballstát an athshocraithe nó Ballstát an athlonnaithe; mionsonraí an doiciméid céannachta nó taistil; áit agus dáta an athlonnaithe nó an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta; uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh; an dáta a tógadh na sonraí bithmhéadracha agus an dáta a tharchuir an Ballstát/na Ballstáit na sonraí chuig Eurodac; uimhir aitheantais úsáideora an oibreora; agus aon fhaisnéis a bhaineann le haistriú an ábhair sonraí faoi Rialachán (AE) 2024/1351. Ba cheart don toirmeasc sin a bheith gan dochar do cheart na mBallstát na sonraí sin a aistriú chuig tríú tíortha a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1351 maidir leo, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus leis na rialacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680, chun a áirithiú go mbeidh sé d’fhéidearthacht ag na Ballstáit comhoibriú leis na tríú tíortha sin chun críocha an Rialacháin seo.

    (85)

    De mhaolú ar an riail nár cheart aon sonraí pearsanta a fhaigheann Ballstát de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig aon tríú tír ná a chur ar fáil dóibh, ba cheart é a bheith indéanta na sonraí pearsanta sin a aistriú chuig tríú tír i gcás ina bhfuil an t-aistriú sin faoi réir coinníollacha dochta agus ina bhfuil gá leis i gcásanna aonair chun cuidiú le náisiúnach tríú tír a shainaithint i ndáil lena fhilleadh nó lena filleadh. Ba cheart coinníollacha diana a bheith ag baint le haon sonraí pearsanta a aistriú. I gcás ina n-aistrítear sonraí pearsanta den sórt sin, níor cheart faisnéis a nochtadh do thríú tír faoi iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheith déanta ag an náisiúnach tríú tír sin. Ba cheart aon sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus ba cheart é a dhéanamh le comhaontú an Bhallstáit tionscnaimh. Na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu, is minic nach mbíonn siad faoi réir cinntí leordhóthanachta arna nglacadh ag an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) 2016/679. Thairis sin, na hiarrachtaí móra atá á ndéanamh ag an Aontas ó thaobh an chomhair le príomhthíortha tionscnaimh na náisiúnach tríú tír a bhíonn ag fanacht go neamhdhleathach agus atá faoi réir oibleagáid um fhilleadh, níor áirithíodh leis na hiarrachtaí sin go bhfuil an oibleagáid a bunaíodh sa dlí idirnáisiúnta maidir le hathligean isteach a gcuid náisiúnach féin á comhlíonadh go córasach ag na tríú tíortha sin. Le comhaontuithe um athligean isteach a thug an tAontas nó na Ballstáit i gcrích nó atá á gcaibidil aige nó acu agus lena bhforáiltear do choimircí iomchuí maidir le sonraí a aistriú chuig tríú tíortha de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679, cumhdaítear líon teoranta de na tríú tíortha sin agus ní fios fós an dtabharfar comhaontuithe nua um athligean isteach i gcrích. Sna cásanna sin, agus mar eisceacht ar an gceanglas maidir le cinneadh leordhóthanachta nó coimircí iomchuí, ba cheart aistriú sonraí pearsanta chuig údaráis tríú tíortha de bhun an Rialacháin seo a cheadú chun críche beartas an Aontais um fhilleadh a chur chun feidhme, agus ba cheart é a bheith indéanta an maolú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679 a úsáid, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin. Tá cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha de bhun an Rialacháin seo, faoi réir faireachán ón údarás maoirseachta náisiúnta neamhspleách. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le freagracht údaráis na mBallstát mar rialaitheoirí de réir bhrí an Rialacháin sin.

    (86)

    Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), go háirithe Airteagal 33 de maidir le rúndacht agus slándáil próiseála, maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, gan dochar do Rialachán (AE) 2016/794, ar cheart feidhm a bheith aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag Europol. Ba cheart pointí áirithe a shoiléiriú, áfach, maidir leis an bhfreagracht as próiseáil na sonraí agus as maoirseacht ar chosaint sonraí, agus é á mheabhrú gur fachtóir ríthábhachtach í an chosaint sonraí d’fheidhmiú rathúil Eurodac agus go bhfuil an tslándáil sonraí, an ardcháilíocht theicniúil agus dlíthiúlacht na gcomhairliúchán riachtanach chun feidhmiú rianúil agus cuí Eurodac a áirithiú agus chun cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 a éascú.

    (87)

    Ba cheart an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas go háirithe maidir leis an gcuspóir a bpróiseálfar a shonraí nó a sonraí chuige in Eurodac, lena n-áirítear cur síos ar aidhmeanna Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350, agus an úsáid a d’fhéadfadh na húdaráis forfheidhmithe dlí a bhaint as a shonraí nó a sonraí.

    (88)

    Is iomchuí go ndéanfaidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 faireachán ar dhlíthiúlacht na próiseála a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta, agus faireachán á dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1725, ar ghníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta sin agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí comhoibriú le chéile chun faireachán a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta, lena n-áirítear i gcomhthéacs an Choiste Maoirseachta Comhordaithe arna bhunú faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.

    (89)

    Ba cheart do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún a áirithiú go bhfuil na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí in ann maoirseacht a dhéanamh go leordhóthanach ar úsáid shonraí Eurodac agus ar an rochtain orthu.

    (90)

    Is iomchuí faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht Eurodac go tráthrialta, lena n-áirítear maidir le cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh idirdhealú go neamhdhíreach ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta de bharr na rochtana chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, mar a tarraingíodh anuas sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún maidir le comhréireacht an Rialacháin seo leis an gCairt. Ba cheart do eu-LISA tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le gníomhaíochtaí Eurodac.

    (91)

    Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do chóras pionós atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus é a chur i bhfeidhm i gcás phróiseáil neamhdhleathach na sonraí a thaifeadtar in Eurodac ar bhealach atá i gcoinne a chuspóra.

    (92)

    Ní mór do na Ballstáit a bheith ar an eolas faoi stádas nósanna imeachta tearmainn áirithe, d’fhonn cur i bhfeidhm leordhóthanach Rialachán (AE) 2024/1351 a éascú.

    (93)

    Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33).

    (94)

    Féachtar sa Rialachán seo go háirithe lena áirithiú go n-urramófar na cearta bunúsacha agus go gcomhlíonfar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt. Féachtar sa Rialachán seo go háirithe lena áirithiú go n-urramófar go hiomlán cosaint sonraí pearsanta agus an ceart chun cosaint idirnáisiúnta a iarraidh agus cur i bhfeidhm Airteagal 8 agus Airteagal 18 den Chairt a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm dá réir sin.

    (95)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairimí an 21 Meán Fómhair 2016 agus an 30 Samhain 2020.

    (96)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon córas a chruthú chun comparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha chun cuidiú le cur chun feidhme bheartas tearmainn agus imirce an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach, mar gheall ar a chineál, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    (97)

    Is iomchuí srian a chur le raon feidhme críochach an Rialacháin seo ionas go mbeidh sé i gcomhréir le raon feidhme críochach Rialachán (AE) 2024/1351, cé is moite de na forálacha a bhaineann le sonraí arna mbailiú chun cuidiú le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1350 faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo,

    (98)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (99)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 1

    Cuspóir ‘Eurodac’

    1.   Bunaítear leis seo córas ar a dtugtar ‘Eurodac’. Is é seo a leanas an cuspóir atá leis:

    (a)

    tacú leis an gcóras tearmainn, lena n-áirítear trína bheith ina chúnamh nuair a chinnfear an Ballstát atá le bheith freagrach, de bhun Rialachán (AE) 2024/1351 as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, agus trí chur i bhfeidhm an Rialacháin sin a éascú faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo;

    (b)

    a bheith ina chúnamh le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1350 faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo;

    (c)

    a bheith ina chúnamh le hinimirce neamhrialta chuig an Aontas a rialú, le gluaiseachtaí tánaisteacha san Aontas a bhrath agus le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, chun críche a chinneadh cé na bearta is iomchuí do na Ballstáit a dhéanamh;

    (d)

    cúnamh a thabhairt leanaí a chosaint, lena n-áirítear i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí;

    (e)

    a leagan síos cé na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát agus údarás ainmnithe Europol a iarraidh go ndéanfaí comparáid idir sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla agus na sonraí atá stóráilte in Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

    (f)

    a bheith ina chúnamh le daoine atá cláraithe in Eurodac a shainaithint i gceart i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/818, trí shonraí céannachta, sonraí doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha a stóráil sa stóras coiteann sonraí céannachta (CIR);

    (g)

    tacú le cuspóirí Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240;

    (h)

    tacú le cuspóirí an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

    (i)

    tacú le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise trí staidreamh a tháirgeadh;

    (j)

    a bheith ina chúnamh le Treoir 2001/55/CE a chur chun feidhme.

    2.   Gan dochar do phróiseáil sonraí atá beartaithe do Eurodac ag an mBallstát tionscnaimh i mbunachair sonraí arna mbunú faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin, ní fhéadfar sonraí bithmhéadracha agus sonraí pearsanta eile a phróiseáil in Eurodac ach amháin chun na gcríoch a leagtar amach sa Rialachán seo, i Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2018/1240, (AE) 2019/818, (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 agus i dTreoir 2001/55/CE.

    Leis an Rialachán seo, urramaítear go hiomlán dínit an duine agus cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’), lena n-áirítear an ceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun tearmainn agus toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde atá mídhaonna nó táireach. Sa mhéid sin, ní bheidh sé mar thoradh ar shonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo go ndéanfar idirdhealú in aghaidh daoine faoi chumhdach an Rialacháin seo ar aon fhoras, mar shampla, gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

    Déanfar ceart duine chun príobháideachais agus chun cosaint sonraí a choimirciú i gcomhréir leis an Rialachán seo, maidir le rochtain ag údaráis na mBallstát agus gníomhaireachtaí údaraithe an Aontais ar Eurodac.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    1.   Chun críocha an Rialacháin seo:

    (a)

    ciallaíonn ‘iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (7), de Rialachán (AE) 2024/1347 agus nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta ina leith go fóill;

    (b)

    ciallaíonn ‘duine a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach’ duine a cláraíodh chun athshocrú a dhéanamh nó chun críche nós imeachta um ligean isteach ar fhoras daonnúil i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2024/1350;

    (c)

    ciallaíonn ‘duine a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú’ duine a d’athlonnaigh Ballstát, gan a bheith faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2024/1350, i gcás ina ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal (3), pointe 3, de Rialachán (AE) 2024/1347 nó stádas daonnúil faoi dhlí náisiúnta de réir bhrí Airteagal 2(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1350 don duine sin i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear an scéim náisiúnta um athlonnú;

    (d)

    ciallaíonn ‘stádas daonnúil faoi dhlí náisiúnta’ stádas daonnúil faoi dhlí náisiúnta lena bhforáiltear do chearta agus d’oibleagáidí atá coibhéiseach leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 20 go hAirteagal 26 agus in Airteagal 28 go hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2024/1347;

    (e)

    ciallaíonn ‘Ballstát tionscnaimh’:

    (i)

    maidir le duine arna chumhdach le hAirteagal 15(1), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig Eurodac agus a fhaigheann torthaí na comparáide;

    (ii)

    maidir le duine arna chumhdach le hAirteagal 18(1), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig Eurodac agus a fhaigheann torthaí na comparáide;

    (iii)

    maidir le duine arna chumhdach le hAirteagal 18(2), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig Eurodac;

    (iv)

    maidir le duine arna chumhdach le hAirteagal 20(1), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig Eurodac;

    (v)

    maidir le duine arna chumhdach le hAirteagal 22(1), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig Eurodac agus a fhaigheann torthaí na comparáide;

    (vi)

    maidir le duine arna chumhdach le hAirteagal 23(1), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig Eurodac agus a fhaigheann torthaí na comparáide;

    (vii)

    maidir le duine arna chumhdach le hAirteagal 24(1), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig Eurodac agus a fhaigheann torthaí na comparáide;

    (viii)

    maidir le duine arna chumhdach le hAirteagal 26(1), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig Eurodac agus a fhaigheann torthaí na comparáide;

    (f)

    ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach den Aontas é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus nach náisiúnach é nó í de stát atá rannpháirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhua comhaontú leis an Aontas;

    (g)

    ciallaíonn ‘láithreacht neamhdhleathach’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bheith i láthair ar chríoch Bhallstáit, agus gan an duine sin a bheith ag comhlíonadh, nó ag comhlíonadh a thuilleadh, na gcoinníollacha teacht isteach atá leagtha amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) nó coinníollacha eile a bhaineann le teacht isteach, fanacht nó cónaí sa Bhallstát sin;

    (h)

    ciallaíonn ‘tairbhí de chosaint idirnáisiúnta’ duine ar deonaíodh stádas dídeanaí dó mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2024/1347 nó stádas cosanta coimhdí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), den Rialachán sin;

    (i)

    ciallaíonn ‘tairbhí de chosaint shealadach’ duine ag a bhfuil cosaint shealadach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Threoir 2001/55/CE agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena dtugtar isteach cosaint shealadach, nó aon chosaint choibhéiseach náisiúnta arna tabhairt isteach mar fhreagairt ar an teagmhas céanna ar ina leith a tugadh isteach an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin ón gComhairle;

    (j)

    ciallaíonn ‘amas’ meaitseáil nó meaitseálacha a fhaigheann Eurodac trí chomparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha arna dtaifeadadh sa bhunachar sonraí lárnach ríomhairithe agus iad sin arna dtarchur ag Ballstát maidir le duine, gan dochar don cheanglas go seiceálfaidh Ballstáit láithreach torthaí na comparáide de bhun Airteagal 38(4);

    (k)

    ciallaíonn ‘Pointe Rochtana Náisiúnta’ an córas náisiúnta ainmnithe a dhéanann cumarsáid le Eurodac;

    (l)

    ciallaíonn ‘Pointe Rochtana Europol’ córas ainmnithe Europol a dhéanann cumarsáid le Eurodac;

    (m)

    ciallaíonn ‘sonraí Eurodac’ na sonraí go léir a stóráiltear in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus (2), Airteagal 19(1), Airteagal 21(1), Airteagal 22(2) agus (3), Airteagal 23(2) agus (3), Airteagal 24(2) agus (3) agus Airteagal 26(2);

    (n)

    ciallaíonn ‘forfheidhmiú dlí’ cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

    (o)

    ciallaíonn ‘cion sceimhlitheoireachta’ cion faoin dlí náisiúnta lena gcomhfhreagraítear do cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 nó atá coibhéiseach le ceann acu;

    (p)

    ciallaíonn ‘cion coiriúil tromchúiseach’ cion lena gcomhfhreagraítear do na cionta sin dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, nó atá coibhéiseach leo, má tá sé inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála arb é 3 bliana ar a laghad a uastréimhse;

    (q)

    ciallaíonn ‘sonraí méarlorg’ na sonraí a bhaineann le méarloirg, mar loirg shimplí agus mar loirg rollta, de na deich méar, más ann dóibh, nó lorg neamhfhollas;

    (r)

    ciallaíonn ‘sonraí maidir le híomhá den aghaidh’ íomhá dhigiteach den aghaidh ar leor an taifeach agus an cháilíocht inti chun í a úsáid i meaitseáil bhithmhéadrach uathoibríoch;

    (s)

    ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí méarlorg nó sonraí maidir le híomhá den aghaidh;

    (t)

    ciallaíonn ‘sonraí alfa-uimhriúla’ sonraí a chuirtear in iúl trí litreacha, digití, carachtair speisialta, spás nó comharthaí poncaíochta;

    (u)

    ciallaíonn ‘doiciméad cónaithe’ aon údarú a eisíonn údaráis Bhallstáit lena n-údaraítear do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát fanacht ina chríoch, lena n-áirítear na doiciméid lena dtugtar bunús leis an údarú sin fanacht sa chríoch faoi shocruithe sealadacha cosanta nó go dtí nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúinsí a chuireann bac ar ordú aistrithe a chur i gcrích, cé is moite de víosaí agus d’údaruithe cónaithe a eisítear le linn na tréimhse is gá chun a chinneadh an Ballstát atá freagrach mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1351 nó le linn an scrúdaithe ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó ar iarratas ar chead cónaithe;

    (v)

    ciallaíonn ‘doiciméad um rialú comhéadain’ doiciméad teicniúil ina sonraítear na ceanglais riachtanacha atá le comhlíonadh ag na Pointí Rochtana Náisiúnta nó ag Pointe Rochtana Europol chun bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go leictreonach le Eurodac, go háirithe trí mhionsonrú a dhéanamh ar fhormáid na faisnéise atá le malartú idir Eurodac agus na Pointí Rochtana Náisiúnta nó Pointe Rochtana Europol agus ar an ábhar a d’fhéadfadh a bheith i gceist;

    (w)

    ciallaíonn ‘CIR’ an stóras coiteann sonraí céannachta arna bhunú le hAirteagal 17(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/818;

    (x)

    ciallaíonn ‘sonraí céannachta’ na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointí (c) go (f) agus (h), Airteagal 19(1), pointí (c) go (f) agus (h), Airteagal 21(1), pointí (c) go (f) agus (h), Airteagal 22(2), pointí (c) go (f) agus (h), Airteagal 23(2), pointí (c) go (f) agus (h), Airteagal 24(2), pointí (c) go (f) agus (h), agus Airteagal 26(2), pointí (c) go (f) agus (h);

    (y)

    ciallaíonn ‘tacar sonraí’ an tacar faisnéise arna thaifeadadh in Eurodac ar bhonn Airteagal 17, 19, 21, 22, 23, 24 nó 26, tacar a chomhfhreagraíonn d’aon tacar méarlorg amháin ón ábhar sonraí agus ina bhfuil sonraí bithmhéadracha, sonraí alfa-uimhriúla agus cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil, ach an chóip sin a bheith le fáil;

    (z)

    ciallaíonn ‘leanbh’ nó ‘mionaoiseach’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát faoi bhun 18 mbliana d’aois.

    2.   Beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis an Rialachán seo a mhéid a dhéanann údaráis na mBallstát na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointí (a), (b), (c) agus (j) den Rialachán seo.

    3.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1351 maidir leis an Rialachán seo.

    4.   Beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/680 maidir leis an Rialachán seo a mhéid a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát na sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí.

    Airteagal 3

    Struchtúr an chórais agus a bhunphrionsabail

    1.   Is éard a bheidh in Eurodac:

    (a)

    Lárchóras ina mbeidh:

    (i)

    Aonad Lárnach,

    (ii)

    plean agus córas leanúnachais gnó;

    (b)

    bonneagar cumarsáide idir an Lárchóras agus na Ballstáit a sholáthróidh bealach cumarsáide a bheidh slán agus criptithe le haghaidh shonraí Eurodac (‘an Bonneagar Cumarsáide’);

    (c)

    CIR;

    (d)

    bonneagar cumarsáide slán idir an Lárchóras agus bonneagair láir na tairsí cuardaigh Eorpaí agus idir an Lárchóras agus CIR.

    2.   Beidh in CIR na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointí (a) go (f), (h) agus (i), Airteagal 19(1), pointí (a) go (f), (h) agus (i), Airteagal 21(1), pointí (a) go (f), (h) agus (i), Airteagal 22(2), pointí (a) go (f), (h) agus (i), Airteagal 23(2), pointí (a) go (f), (h) agus (i), Airteagal 24, mír (2), pointí (a) go (f) agus (h), agus mír (3), pointe (a), agus Airteagal 26(2), pointí (a) go (f), (h) agus (i). An chuid eile de shonraí Eurodac, stórálfar sa Lárchóras iad.

    3.   Úsáidfidh an Bonneagar Cumarsáide an líonra ‘Seirbhísí Tras-Eorpacha Slána le haghaidh Teileamaitic idir Córais Riaracháin’ (TESTA), líonra atá ann cheana. Chun rúndacht a áirithiú, déanfar na sonraí pearsanta a tharchuirfear go dtí nó ó Eurodac a chriptiú.

    4.   Beidh Pointe Rochtana Náisiúnta aonair ag gach Ballstát. Beidh pointe rochtana aonair ag Europol (Pointe Rochtana Europol).

    5.   Sonraí faoi dhaoine a chumhdaítear le hAirteagal 15(1), Airteagal 18(2), Airteagal 20(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) agus Airteagal 26(1) a phróiseáiltear in Eurodac, déanfar na sonraí sin a phróiseáil thar ceann an Bhallstáit tionscnaimh faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus déanfar iad a scaradh trí mhodhanna teicniúla iomchuí.

    6.   Na tacair sonraí uile atá cláraithe in Eurodac lena gcomhfhreagraítear don náisiúnach tríú tír céanna nó don duine gan stát céanna, déanfar iad a nascadh le chéile i seicheamh. I gcás ina ndéantar comparáid uathoibríoch i gcomhréir le hAirteagail 27 agus 28 agus ina bhfaightear amas i ndáil le tacar méarlorg amháin eile ar a laghad nó, i gcás ina bhfuil na méarloirg sin ar chaighdeán nach n-áirithíonn comparáid iomchuí nó nach bhfuil fáil orthu, sonraí maidir le híomhá den aghaidh i dtacar sonraí eile lena gcomhfhreagraítear don náisiúnach tríú tír céanna nó don duine gan stát céanna, déanfaidh Eurodac na tacair sonraí sin a nascadh go huathoibríoch ar bhonn na comparáide siúd. I gcás inar gá, seiceálfaidh saineolaí, i gcomhréir le hAirteagal 38(4) agus (5), an toradh a thagann as comparáid uathoibríoch a rinneadh i gcomhréir le hAirteagail 27 agus 28. Nuair a dhearbhóidh an Ballstát glactha an t-amas, seolfaidh sé fógra chuig eu-LISA chun a dhearbhú gur nascadh na tacair sonraí sin.

    7.   Beidh feidhm ag na rialacha lena rialaítear Eurodac freisin maidir le hoibríochtaí a dhéanfaidh na Ballstáit ón uair a tharchuirfear sonraí chuig Eurodac go dtí go mbainfear úsáid as torthaí na comparáide.

    Airteagal 4

    Bainistiú oibríochtúil

    1.   Beidh eu-LISA freagrach as bainistiú oibríochtúil Eurodac.

    Cuimseofar le bainistiú oibríochtúil Eurodac na cúraimí go léir a bheidh riachtanach chun Eurodac a choinneáil ag feidhmiú 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla a bheidh riachtanach chun a áirithiú go mbeidh an córas ag feidhmiú ar leibhéal sásúil cáilíochta oibríochtúla, go háirithe maidir leis an méid ama a bheidh de dhíth chun Eurodac a cheadú. Forbróidh eu-LISA plean agus córas leanúnachais gnó, agus riachtanais chothabhála agus aga neamhfhónaimh gan choinne Eurodac á gcur san áireamh, lena n-áirítear tionchar beart leanúnachais gnó ar chosaint sonraí agus ar shlándáil.

    Áiritheoidh eu-LISA i gcomhar leis na Ballstáit, go n-úsáidfear le haghaidh Eurodac an teicneolaíocht agus na teicnící is fearr agus is sláine dá bhfuil ar fáil i gcónaí, faoi réir anailís costais agus tairbhe.

    2.   Féadfaidh eu-LISA fíorshonraí pearsanta ó chóras táirgthe Eurodac a úsáid chun críoch tástála, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    le haghaidh diagnóisice agus deisiú nuair a gheofar fabhtanna in Eurodac; nó

    (b)

    chun teicneolaíochtaí agus teicnící nua a thástáil a bhaineann le feabhsú ar fheidhmíocht Eurodac nó ar tharchur sonraí chuige.

    Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, beidh na bearta slándála, an rialú rochtana agus na gníomhaíochtaí logála sa timpeallacht tástála ar aon leibhéal leis na réimsí sin i gcóras táirgthe Eurodac. Maidir le próiseáil fíorshonraí pearsanta arna n-oiriúnú le haghaidh tástála, déanfar í faoi réir coinníollacha diana agus athrófar iad chun nach féidir a dhéanamh amach a thuilleadh cé hé nó hí an t-ábhar sonraí. A luaithe a bhainfear amach an chríoch dá ndearnadh an tástáil nó a chríochnófar na tástálacha, scriosfar go buan na fíorshonraí pearsanta sa timpeallacht tástála láithreach bonn.

    3.   Beidh eu-LISA freagrach freisin as na cúraimí seo a leanas a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide:

    (a)

    maoirseacht;

    (b)

    slándáil;

    (c)

    comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus an soláthraí.

    4.   Beidh an Coimisiún freagrach as gach cúram eile a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide, cé is moite de na cúraimí dá dtagraítear i mír 3, go háirithe:

    (a)

    an buiséad a chur chun feidhme;

    (b)

    fáil agus athnuachan;

    (c)

    ceisteanna conarthacha.

    5.   Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (35), cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó dualgais chomhionanna rúndachta eile i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar fad ar gá dóibh bheith ag obair le sonraí Eurodac. Beidh feidhm ag an mír sin chomh maith tar éis do na baill foirne sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a gcúraimí.

    Airteagal 5

    Údaráis ainmnithe Ballstát chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

    1.   Chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis atá údaraithe comparáidí le sonraí Eurodac a iarraidh de bhun an Rialacháin seo. Is iad na húdaráis ainmnithe údaráis na mBallstát atá freagrach as cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

    2.   Coimeádfaidh gach Ballstát liosta dá údaráis ainmnithe.

    3.   Coimeádfaidh gach Ballstát liosta de na haonaid oibríochtúla laistigh dá údaráis ainmnithe atá údaraithe comparáidí le sonraí Eurodac a iarraidh tríd an bPointe Rochtana Náisiúnta.

    Airteagal 6

    Údaráis fíoraithe Ballstát chun críoch fhorfheidhmiú an dlí

    1.   Chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta aonair nó aonad den údarás sin chun gníomhú mar údarás fíoraithe aige. Is iad na húdaráis fíoraithe údaráis na mBallstát atá freagrach as cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

    Féadfaidh an t-údarás ainmnithe agus an t-údarás fíoraithe a bheith páirteach san eagraíocht chéanna, má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta, ach gníomhóidh an t-údarás fíoraithe go neamhspleách agus a gcúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. Beidh an t-údarás fíoraithe ar leithligh ó na haonaid oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus ní bhfaighidh sé treoracha uathu maidir le toradh an fhíoraithe.

    I gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla nó dhlíthiúla, féadfaidh na Ballstáit níos mó ná údarás fíoraithe amháin a ainmniú chun a struchtúir eagraíochtúla agus riaracháin a léiriú.

    2.   Áiritheoidh an t-údarás fíoraithe go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla a chur i gcomparáid le sonraí Eurodac a iarraidh.

    Is í an fhoireann ar tugadh an chumhacht iomchuí di agus í sin amháin a bheidh údaraithe iarrataí ar rochtain ar shonraí Eurodac a ghlacadh agus a chur ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 32.

    Ní údarófar ach an t-údarás fíoraithe chun iarrataí ar chomparáidí méarlorg sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla a chur ar aghaidh chuig an bPointe Rochtana Náisiúnta.

    Airteagal 7

    Údarás ainmnithe Europol agus údarás fíoraithe Europol chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

    1.   Chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ainmneoidh Europol ceann amháin nó níos mó dá aonaid oibríochtúla mar ‘údarás ainmnithe Europol’. Beidh údarás ainmnithe Europol údaraithe chun comparáidí a iarraidh le sonraí Eurodac trí Phointe Rochtana Europol chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát agus í a threisiú, agus cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha a thagann faoi shainordú Europol á gcosc, á mbrath nó á n-imscrúdú aige.

    2.   Chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ainmneoidh Europol aonad speisialaithe aonair ina mbeidh oifigigh Europol ar tugadh an chumhacht chuí dóibh gníomhú mar údarás fíoraithe Europol. Údarófar údarás fíoraithe Europol iarrataí ó údarás ainmnithe Europol a chur ar aghaidh le haghaidh comparáidí le sonraí Eurodac trí Phointe Rochtana Europol. Beidh údarás fíoraithe Europol go hiomlán neamhspleách ar údarás ainmnithe Europol agus a chúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. Beidh údarás fíoraithe Europol ar leithligh ó údarás ainmnithe Europol agus ní bhfaighidh sé treoracha uaidh maidir le toradh an fhíoraithe. Áiritheoidh údarás fíoraithe Europol go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla a chur i gcomparáid le sonraí Eurodac a iarraidh.

    Airteagal 8

    Idir-inoibritheacht le ETIAS

    1.   Ón 12 Meitheamh 2026, beidh Eurodac nasctha leis an tairseach chuardaigh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818 chun cur i bhfeidhm Airteagail 11 agus 20 de Rialachán (AE) 2018/1240 a chumasú.

    2.   Leis an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1240, cumasófar na fíoruithe dá bhforáiltear san Airteagal sin na fíoruithe a dhéanfar dá éis sin dá bhforáiltear in Airteagail 22 agus 26 den Rialachán sin.

    Chun na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2018/1240 a dhéanamh, úsáidfidh Lárchóras ETIAS an tairseach chuardaigh Eorpach chun na sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid leis na sonraí sin in Eurodac arb é a bheidh iontu sonraí a bailíodh ar bhonn Airteagail 17, 19, 21, 22, 23, 24 agus 26 den Rialachán seo i bhformáid inléite dho-athraithe agus leas á bhaint as na catagóirí sonraí a liostaítear sa tábla comhfhreagairtí a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán seo agus a chomhfhreagraíonn do dhaoine a d’fhág críoch na mBallstát nó ar aistríodh as an gcríoch sin iad i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó le hordú aistrithe. Beidh na fíoruithe sin gan dochar do na rialacha sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    Airteagal 9

    Coinníollacha rochtana ar Eurodac maidir le próiseáil de láimh ag Aonaid Náisiúnta ETIAS

    1.   Rachaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS i gcomhairle le Eurodac trí bhíthin na sonraí alfa-uimhriúla céanna a úsáidtear le haghaidh na próiseála uathoibríche dá dtagraítear in Airteagal 8.

    2.   Chun críoch Airteagal 1(1), pointe (g), den Rialachán seo, beidh rochtain ag Aonaid Náisiúnta ETIAS ar Eurodac, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240, chun sonraí a cheadú i bhformáid inléite dho-athraithe chun iarratais ar údarú taistil a scrúdú. Go háirithe, féadfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 17, 19, 21, 22, 23, 24 agus 26 den Rialachán seo a cheadú.

    3.   Tar éis Eurodac a cheadú agus rochtain a fháil air de bhun mhíreanna 1 agus 2, is i gcomhaid iarratais ETIAS, agus iontu sin amháin, a dhéanfar toradh an mheasúnaithe a thaifeadadh.

    Airteagal 10

    Rochtain na n-údarás inniúil víosaí ar Eurodac

    Chun fíorú de láimh a dhéanamh ar amais a fhaightear le linn cuardaigh uathoibrithe a dhéanfaidh VIS i gcomhréir le hAirteagail 9a agus 9c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, agus chun iarratais ar víosa a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), beidh rochtain, i gcomhréir leis na Rialacháin sin, ag na húdaráis inniúla víosaí ar Eurodac chun sonraí a cheadú i bhformáid inléite dho-athraithe.

    Airteagal 11

    Idir-inoibritheacht le VIS

    Mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1), pointe (d), den Rialachán seo, nascfar Eurodac leis an tairseach chuardaigh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/817 chun go mbeifear in ann an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 9a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a chumasú agus, dá bhrí sin, chun cuardach a dhéanamh in Eurodac agus na sonraí ábhartha in VIS a chur i gcomparáid leis na sonraí ábhartha in Eurodac. Beidh na fíoruithe gan dochar do na rialacha sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 9b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

    Airteagal 12

    Staidreamh

    1.   Gach mí, déanfaidh eu-LISA staidreamh maidir le hobair Eurodac a tharraingt suas lena léireofar an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)

    líon na n-iarratasóirí agus líon na n-iarratasóirí céaduaire arna n-eascairt as an bpróiseas um nascadh dá dtagraítear in Airteagal 3(6);

    (b)

    líon na n-iarratasóirí diúltaithe a aimsíodh leis an bpróiseas um nascadh dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus de bhun Airteagal 17(2), pointe (j);

    (c)

    líon na ndaoine a díbhordáladh tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála;

    (d)

    líon na ndaoine a cláraíodh mar thairbhithe de chosaint shealadach;

    (e)

    líon na n-iarratasóirí ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh i mBallstát;

    (f)

    líon na ndaoine a cláraíodh mar mhionaoisigh;

    (g)

    líon na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointe (a), den Rialachán seo a ligeadh isteach faoi Rialachán (AE) 2024/1350;

    (h)

    líon na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 20(1) a ligeadh isteach faoi scéim náisiúnta um athlonnú;

    (i)

    líon na dtacar sonraí arna dtarchur i leith daoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1), Airteagal 18(2), pointí (b) agus (c), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) agus Airteagal 26(1);

    (j)

    líon na dtarchur sonraí a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 18(1);

    (k)

    líon na n-amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Rialachán seo lena mbaineann na cásanna seo a leanas:

    (i)

    daoine ar cláraíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina leith i mBallstát;

    (ii)

    daoine a gabhadh i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí;

    (iii)

    daoine a fuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát;

    (iv)

    daoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála;

    (v)

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh i mBallstát;

    (vi)

    daoine a cláraíodh mar thairbhithe de chosaint shealadach i mBallstát;

    (vii)

    daoine a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350 agus:

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil dóibh faoi dhlí náisiúnta;

    daoine ar diúltaíodh ligean isteach dóibh ar cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f); nó

    daoine ar scoireadh den nós imeachta um ligean isteach ina leith toisc nár thug an duine sin a thoiliú nó gur tharraing sé siar é i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin;

    (viii)

    daoine a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú;

    (l)

    líon na n-amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán seo lena mbaineann na cásanna seo a leanas:

    (i)

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta roimhe seo dóibh i mBallstát;

    (ii)

    daoine a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach a leanúint ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350 agus:

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil dóibh faoi dhlí náisiúnta,

    daoine ar diúltaíodh ligean isteach dóibh ar cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), den Rialachán sin, nó

    daoine ar scoireadh den nós imeachta um ligean isteach ina leith toisc nár thug an duine sin a thoiliú nó gur tharraing sé siar é i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin;

    (iii)

    daoine a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú;

    (m)

    líon na n-amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 22(1) den Rialachán seo lena mbaineann na cásanna seo a leanas:

    (i)

    daoine ar cláraíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina leith i mBallstát;

    (ii)

    daoine a gabhadh i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí;

    (iii)

    daoine a fuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát;

    (iv)

    daoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála;

    (v)

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh i mBallstát;

    (vi)

    daoine a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach a leanúint ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350 agus:

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil dóibh faoi dhlí náisiúnta;

    daoine ar diúltaíodh ligean isteach dóibh ar cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), den Rialachán sin;

    daoine ar scoireadh den nós imeachta um ligean isteach ina leith toisc nár thug an duine sin a thoiliú nó gur tharraing sé siar é i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin;

    (vii)

    daoine a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú;

    (viii)

    daoine a cláraíodh mar thairbhithe de chosaint shealadach i mBallstát;

    (n)

    líon na n-amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 23(1) den Rialachán seo lena mbaineann na cásanna seo a leanas:

    (i)

    daoine ar cláraíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina leith i mBallstát;

    (ii)

    daoine a gabhadh i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí;

    (iii)

    daoine a fuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát;

    (iv)

    daoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála;

    (v)

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh i mBallstát;

    (vi)

    daoine a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach a leanúint ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350 agus:

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil dóibh faoi dhlí náisiúnta,

    daoine ar diúltaíodh ligean isteach dóibh ar cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), den Rialachán sin; nó

    daoine ar scoireadh den nós imeachta um ligean isteach ina leith toisc nár thug an duine sin a thoiliú nó gur tharraing sé siar é i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin,

    (vii)

    daoine a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú;

    (viii)

    daoine a cláraíodh mar thairbhithe de chosaint shealadach i mBallstát;

    (o)

    líon na n-amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 24(1) den Rialachán seo lena mbaineann na cásanna seo a leanas:

    (i)

    daoine ar cláraíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina leith i mBallstát;

    (ii)

    daoine a gabhadh i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí;

    (iii)

    daoine a fuarthas a bhí ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát;

    (iv)

    daoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála;

    (v)

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh i mBallstát;

    (vi)

    daoine a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350 agus:

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil dóibh faoi dhlí náisiúnta,

    daoine ar diúltaíodh ligean isteach dóibh ar cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), den Rialachán sin, nó

    daoine ar scoireadh den nós imeachta um ligean isteach ina leith toisc nár thug an duine sin a thoiliú nó gur tharraing sé siar é i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin,

    (vii)

    daoine a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú;

    (viii)

    daoine a cláraíodh mar thairbhithe de chosaint shealadach i mBallstát;

    (p)

    líon na n-amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 26(1) den Rialachán seo lena mbaineann na cásanna seo a leanas:

    (i)

    daoine ar cláraíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina leith i mBallstát;

    (ii)

    daoine a gabhadh i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí,

    (iii)

    daoine a bhí ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát,

    (iv)

    daoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála;

    (v)

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh i mBallstát;

    (vi)

    daoine a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350 agus:

    daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil dóibh faoi dhlí náisiúnta,

    daoine ar diúltaíodh iad a ligean isteach ar cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), den Rialachán sin, nó

    daoine ar scoireadh den nós imeachta um ligean isteach ina leith toisc nár thug an duine sin a thoiliú nó gur tharraing sé siar é i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin;

    (vii)

    daoine a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú;

    (viii)

    daoine a cláraíodh mar thairbhithe de chosaint shealadach i mBallstát;

    (q)

    líon na sonraí bithmhéadracha ab éigean do Eurodac a iarraidh níos mó ná uair amháin ar na Ballstáit tionscnaimh toisc go raibh na sonraí bithmhéadracha a tarchuireadh ar an gcéad iarraidh, go raibh siad sa dóigh nárbh fhéidir iad a úsáid le haghaidh comparáid trí na córais ríomhairithe aitheantais méarloirg agus íomhá den aghaidh;

    (r)

    líon na dtacar sonraí a marcáladh agus a dímharcáladh i gcomhréir le hAirteagal 31(1), (2), (3) agus (4);

    (s)

    líon na n-amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 31(1) agus (4) ar taifeadadh amais ina leith faoi mhír 1, pointí (k) go (p), den Airteagal seo;

    (t)

    líon na n-iarrataí agus na n-amas dá dtagraítear in Airteagal 33(1);

    (u)

    líon na n-iarrataí agus na n-amas dá dtagraítear in Airteagal 34(1);

    (v)

    líon na n-iarrataí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 43;

    (w)

    líon na n-amas a fuarthas ó Eurodac dá dtagraítear in Airteagal 38(6).

    2.   Déanfar na sonraí staidrimh míosúla i ndáil le daoine dá dtagraítear i mír 1 a fhoilsiú gach mí. Ag deireadh gach bliana, foilseoidh eu-LISA na sonraí staidrimh bliantúla i ndáil le daoine dá dtagraítear i mír 1. Déanfar miondealú de réir an Bhallstáit ar na sonraí staidrimh. I gcásanna inar féidir, déanfar miondealú ar na sonraí staidrimh i ndáil le daoine dá dtagraítear i mír 1, pointe (i), de réir bliain bhreithe agus gnéis.

    Ní dhéanfaidh aon ní sa mhír seo difear do chineál anaithnidithe na sonraí staidrimh.

    3.   Chun tacú leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí (c) agus (i), táirgfidh eu-LISA staidreamh traschórais míosúil. Beidh an staidreamh sin sa dóigh nach mbeifear in ann daoine aonair a shainaithint agus bainfear úsáid sa staidreamh sin as sonraí ó Eurodac, ón gCóras Faisnéise Víosaí, ó ETIAS agus EES.

    Cuirfear an staidreamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún, do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus do Europol.

    Déanfaidh an Coimisiún ábhar an staidrimh traschórais mhíosúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shonrú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).

    Ní úsáidfear staidreamh traschórais amháin chun rochtain ar chríoch an Aontais a dhiúltú.

    4.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh eu-LISA staidreamh dó i ndáil le gnéithe sonracha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh sé freisin an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sé na sonraí staidrimh sin ar fáil do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus do Europol, arna iarraidh sin dóibh.

    5.   Déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo a stóráil chun críoch taighde agus anailísithe, agus ar an gcaoi sin cuirfear ar chumas na n-údarás dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo tuarascálacha agus staidreamh in-saincheaptha a fháil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818. Ní bheifear in ann daoine aonair a shainaithint leis na sonraí sin.

    6.   Tabharfar rochtain ar an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818 do eu-LISA, don Choimisiún, do na húdaráis arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 40(2) den Rialachán seo agus d’úsáideoirí údaraithe Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus Europol, i gcás ina bhfuil an rochtain sin ábhartha chun a gcúraimí a chur chun feidhme.

    Airteagal 13

    An oibleagáid sonraí bithmhéadracha a thógáil

    1.   Tógfaidh na Ballstáit sonraí bithmhéadracha na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1), Airteagal 18(1) agus (2), Airteagal 20(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) agus Airteagal 26(1) chun críocha Airteagal 1(1), pointí (a), (b), (c) agus (j), agus ceanglóidh siad ar na daoine sin a gcuid sonraí bithmhéadracha a sholáthar agus iad a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 42.

    2.   Ní mór do na Ballstáit dínit agus sláine fhisiceach an duine a urramú le linn an nós imeachta tógála méarlorg agus nuair a bheifear ag tógáil íomhá den aghaidh.

    3.   Leagfar síos sa dlí náisiúnta bearta riaracháin chun a áirithiú go gcomhlíonfar an oibleagáid sonraí bithmhéadracha a leagtar amach i mír 1 a sholáthar. Beidh na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar a áireamh iontu an fhéidearthacht modhanna comhéigin a úsáid mar rogha dheireanach.

    4.   I gcás nach n-áirithítear leis na bearta uile a leagtar síos sa dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 3 go gcomhlíonann iarratasóir an oibleagáid sonraí bithmhéadracha a sholáthar, beidh feidhm ag forálacha ábhartha dhlí an Aontais maidir le tearmann a bhaineann le neamhchomhlíonadh na hoibleagáide sin.

    5.   Gan dochar do mhíreanna 3 agus 4, i gcás nach féidir sonraí bithmhéadracha náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát a mheastar a bheith ina dhuine leochaileach a thógáil de bharr riocht bharra méire nó aghaidh an duine sin, agus i gcás nár chruthaigh an duine sin an riocht sin d’aon ghnó, ní úsáidfidh údaráis an Bhallstáit lena mbaineann bearta riaracháin chun a áirithiú go gcomhlíonfar an oibleagáid sonraí bithmhéadracha a sholáthar.

    6.   Déanfar an nós imeachta maidir le sonraí bithmhéadracha a thógáil a chinneadh agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cleachtas náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann agus i gcomhréir leis na coimircí a leagtar síos sa Chairt agus sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

    Airteagal 14

    Forálacha speisialta i ndáil le mionaoisigh

    1.   Maidir le sonraí bithmhéadracha a thógáil ó mhionaoisigh ó aois 6 bliana d’aois, is iad oifigigh atá oilte go sonrach a dhéanfaidh é sin i gcaoi nach gcuireann as don leanbh agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an linbh, agus lánurraim á tabhairt do leasanna an linbh agus do na coimircí a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

    Ba cheart tús áite a thabhairt do shárleas an linbh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. I gcás ina mbeidh éiginnteacht ann maidir le cé acu atá nó nach bhfuil leanbh faoi bhun 6 bliana d’aois agus nach bhfuil aon chruthúnas tacaíochta ann maidir le haois an linbh sin, measfaidh údaráis inniúla na mBallstát go bhfuil an leanbh sin faoi bhun 6 bliana d’aois chun críocha an Rialacháin seo.

    Beidh mionaoisigh á dtionlacan, nuair is ann dó nó di, ag ball teaghlaigh ar duine fásta é nó í, le linn an ama a bheidh a sonraí bithmhéadracha á dtógáil. Beidh mionaoisigh neamhthionlactha á dtionlacan ag ionadaí nó, i gcás nár ainmníodh ionadaí, ag duine atá oilte ar leas na leanaí agus ar a bhfolláine a choimirciú, le linn an ama ar fad a bheidh a sonraí bithmhéadracha á dtógáil. Ní bheidh an duine oilte sin ina oifigeach a bheidh freagrach as na sonraí bithmhéadracha a thógáil, gníomhóidh sé go neamhspleách agus ní bhfaighidh sé orduithe ón oifigeach nó ón tseirbhís atá freagrach as na sonraí bithmhéadracha a thógáil. Is é a bheidh sa duine oilte sin an duine atá ainmnithe chun gníomhú go sealadach mar ionadaí faoi Threoir (AE) 2024/1346, i gcás inar ainmníodh an duine sin.

    Ní úsáidfear aon chineál fornirt i gcoinne mionaoiseach chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an oibleagáid sonraí bithmhéadracha a sholáthar. Mar sin féin, i gcás ina gceadaítear sin le dlí ábhartha an Aontais nó leis an dlí ábhartha náisiúnta, agus mar rogha dheireanach, féadfar leibhéal comhréireach comhéigin a úsáid i gcoinne mionaoiseach chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an oibleagáid sin. Agus an leibhéal comhréireach comhéigin sin á chur i bhfeidhm, urramóidh na Ballstáit dínit agus sláine fhisiceach an mhionaoisigh.

    I gcás ina ndiúltaíonn mionaoiseach, go háirithe mionaoiseach neamhthionlactha nó scartha, a shonraí bithmhéadracha a thabhairt agus go bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil rioscaí ann a bhaineann le coimirciú nó cosaint an mhionaoisigh, de réir mar atá measúnaithe ag oifigeach atá oilte go sonrach chun sonraí bithmhéadracha mionaoisigh a thógáil, tarchuirfear an mionaoiseach chuig na húdaráis inniúla náisiúnta cosanta leanaí, chuig na sásraí náisiúnta tarchuir nó chucu araon.

    2.   I gcás nach féidir méarloirg a thógáil ná íomhá den aghaidh mionaoisigh a thógáil i ngeall ar an mbail atá ar bharra na méar nó ar an aghaidh, beidh feidhm ag Airteagal 13(5). I gcás ina n-atógtar méarloirg nó íomhá den aghaidh mionaoisigh, beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo.

    3.   Ní úsáidfear sonraí Eurodac a bhaineann le leanbh atá faoi bhun 14 bliana d’aois ach amháin chun críocha fhorfheidhmiú an dlí i gcoinne an linbh sin i gcás ina bhfuil forais ann de bhreis ar na forais dá dtagraítear in Airteagal 33(1), pointe (d), lena mheas go bhfuil gá leis na sonraí sin chun cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a bhfuil drochamhras ann go ndearna an leanbh sin é a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

    4.   Beidh an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2024/1346.

    CAIBIDIL II

    Iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

    Airteagal 15

    Sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a tharchur

    1.   Tógfaidh gach Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 13(2), sonraí bithmhéadracha gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta atá 6 bliana d’aois ar a laghad:

    (a)

    ar chlárú an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2024/1348 agus tarchuirfidh an Ballstát iad, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig ón gclárú sin, mar aon leis na sonraí eile dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Rialachán seo, chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Rialachán seo; nó

    (b)

    ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh, i gcás ina ndéanfaidh duine nach gcomhlíonann na coinníollacha iontrála a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 an t-iarratas ag pointí trasnaithe teorann seachtraí nó i gcriosanna idirthurais, agus tarchuirfidh an Ballstát iad, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis na sonraí bithmhéadracha a thógáil, mar aon leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Rialachán seo, chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Rialachán seo.

    Fiú amháin mura gcomhlíontar an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den mhír seo beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit na sonraí bithmhéadracha a thógáil agus iad a tharchur chuig Eurodac. I gcás ina bhfágfaidh an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 38, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh méarloirg an iarratasóra a thógáil arís agus tarchuirfidh sé arís iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis tógáil na méarlorg a chur i gcrích go sásúil.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, mura féidir sonraí bithmhéadracha iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a thógáil de bharr bearta a rinneadh ar mhaithe le sláinte an iarratasóra nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh na Ballstáit na sonraí bithmhéadracha sin agus tarchuirfidh siad iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis deireadh a theacht leis na forais sláinte sin.

    I gcás fadhbanna teicniúla tromchúiseacha, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n-uaire an chloig a chur leis na teorainneacha ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), chun na pleananna leanúnachais náisiúnta a chur i bhfeidhm.

    3.   Féadfaidh baill d’Fhoirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh atá oilte go sonrach chun na críche sin nó saineolaithe ó na foirne tacaíochta tearmainn atá oilte go sonrach chun na críche sin, i gcás ina bhfaighidh siad iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, na sonraí bithmhéadracha, sonraí alfa-uimhriúla agus cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil, ach an chóip sin a bheith le fáil, a thógáil agus a tharchur thar ceann an Bhallstáit sin nuair a bhíonn siad i mbun a gcúraimí agus ag feidhmiú cumhachtaí i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/1896 agus (AE) 2021/2303.

    4.   Gach tacar sonraí a bhaileofar agus a tharchuirfear i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar é a nascadh i seicheamh le tacair sonraí eile a chomhfhreagraíonn don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát céanna mar a leagtar amach in Airteagal 3(6).

    Airteagal 16

    Faisnéis faoi stádas an ábhair sonraí

    1.   A luaithe a chinnfear an Ballstát freagrach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1351, déanfaidh an Ballstát a sheolann na nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, déanfaidh sé an tacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo a nuashonrú i ndáil leis an duine lena mbaineann, tríd an mBallstát atá freagrach a chur leis an tacar sonraí.

    I gcás ina mbeidh Ballstát freagrach toisc go bhfuil forais réasúnacha ann chun a mheas go bhfuil an t-iarratasóir ina bhagairt nó ina bagairt ar shlándáil inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2024/1351, nuashonróidh an Ballstát sin a thacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo i ndáil leis an duine lena mbaineann, tríd an mBallstát atá freagrach a chur leis.

    2.   Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar aghaidh chuig Eurodac chun í a stóráil i gcomhréir le hAirteagal 29(1) chun críoch tarchuir faoi Airteagail 27 agus 28:

    (a)

    nuair a thagann iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i dtír sa Bhallstát freagrach i ndiaidh aistriú de bhun cinneadh ag glacadh le hiarraidh ar ghabháil ar láimh dá dtagraítear in Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1351, seolfaidh an Ballstát freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo, tacar sonraí a bhaineann leis an duine lena mbaineann agus beidh sa tacar sin dáta a theacht nó a teacht i dtír;

    (b)

    nuair a shroichfidh iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (b) nó (c),, de Rialachán (AE) 2024/1351 an Ballstát freagrach tar éis aistriú de bhun fógra maidir le tógáil ar ais mar a thagraítear dó sin in Airteagal 41 den Rialachán sin, nuashonróidh an Ballstát freagrach a thacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo i ndáil leis an duine lena mbaineann, trí dháta teachta an duine sin a chur leis an tacar;

    (c)

    a luaithe is féidir leis an mBallstát tionscnaimh a shuí go bhfuil an duine lena mbaineann, ar taifeadadh a shonraí in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo, imithe ó chríoch na mBallstát, nuashonróidh sé a thacar sonraí, arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo, a bhaineann leis an duine lena mbaineann, trí dháta imeachta an duine sin ón gcríoch a chur leis an tacar, chun cur i bhfeidhm Airteagal 37(4) de Rialachán (AE) 2024/1351 a éascú;

    (d)

    a luaithe a dhearbhaíonn an Ballstát tionscnaimh go bhfuil an duine lena mbaineann ar taifeadadh a shonraí in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo imithe ó chríoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh maidir le filleadh nó ordú aistrithe a d’eisigh an Ballstát tionscnaimh tar éis an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 37(5) de Rialachán (AE) 2024/1351 a tharraingt siar nó a dhiúltú, nuashonróidh sé an tacar sonraí, arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo, a bhaineann leis an duine lena mbaineann, trí dháta aistrithe an duine nó an dáta a d’fhág sé nó sí an chríoch a chur leis an tacar.

    3.   I gcás ina n-aistreoidh freagracht chuig Ballstát eile, de bhun Airteagail 37(1) agus 68(3) de Rialachán (AE) 2024/1351, cuirfidh an Ballstát a leagann síos go bhfuil an fhreagracht sin aistrithe, cuirfidh sé in iúl cén Ballstát atá freagrach, nó cuirfidh Ballstát an athshocraithe in iúl cén Ballstát atá freagrach.

    4.   I gcás ina mbeidh feidhm ag míreanna 1 nó 3 den Airteagal seo nó ag Airteagal 31(6), cuirfidh Eurodac gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas gur tharchuir Ballstát tionscnaimh eile na sonraí sin, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dó na sonraí sin a fháil, tar éis do Eurodac amas a fháil ar shonraí a tharchuir na Ballstáit tionscnaimh i ndáil le daoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1), Airteagal 18(2), Airteagal 20(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) nó Airteagal 26(1). De bhreis air sin, déanfaidh na Ballstáit tionscnaimh sin an Ballstát freagrach a thabhairt cothrom le dáta sna tacair sonraí a chomhfhreagraíonn do dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1).

    Airteagal 17

    Sonraí a thaifeadadh

    1.   Is iad na sonraí seo a leanas, agus na sonraí seo amháin, a thaifeadfar in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2):

    (a)

    sonraí méarlorg;

    (b)

    íomhá den aghaidh;

    (c)

    sloinneadh/sloinnte agus céadainm(neacha), ainm(neacha) ag tráth breithe agus ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailias(anna), ar ailiasanna ar féidir iad a chur in iontráil ar leith;

    (d)

    náisiúntacht(aí);

    (e)

    dáta breithe;

    (f)

    áit bhreithe;

    (g)

    an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta; sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (a), is é an dáta cur i bhfeidhm an dáta arna chur isteach ag an mBallstát a d’aistrigh an t-iarratasóir;

    (h)

    gnéas;

    (i)

    cineál agus uimhir an doiciméid céannachta nó taistil, ach iad sin a bheith ar fáil, cód trí litir na tíre eisiúna agus dáta éaga an doiciméid sin;

    (j)

    cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil maille le léiriú ar a bharántúlacht, ach an chóip sin a bheith ar fáil, nó, i gcás nach mbeidh fáil uirthi, doiciméad eile a éascaíonn an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát a shainaithint maille le léiriú ar a bharántúlacht;

    (k)

    an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

    (l)

    an dáta a tógadh na sonraí bithmhéadracha;

    (m)

    an dáta a tarchuireadh na sonraí chuig Eurodac;

    (n)

    aitheantas úsáideora an oibreora.

    2.   Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme agus iad a bheith ar fáil, déanfar na sonraí seo a leanas a thaifeadadh go pras in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2):

    (a)

    an Ballstát freagrach sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(1), (2) nó (3);

    (b)

    Ballstát an athshocraithe i gcomhréir le hAirteagal 25(1);

    (c)

    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (a), dáta teachta an duine lena mbaineann tar éis aistriú rathúil;

    (d)

    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (b), dáta teachta an duine lena mbaineann tar éis aistriú rathúil;

    (e)

    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (c), an dáta a d’fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát;

    (f)

    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (d), an dáta a aistríodh an duine lena mbaineann as críoch na mBallstát nó a d’fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát;

    (g)

    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 25(2), dáta teachta an duine lena mbaineann tar éis aistriú rathúil;

    (h)

    gur eisíodh víosa don iarratasóir, an Ballstát a d’eisigh nó a chuir síneadh leis an víosa nó ar eisíodh an víosa thar a cheann, maille le huimhir an iarratais ar víosa;

    (i)

    go bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach, i ndiaidh na seiceála slándála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) nó i ndiaidh scrúdú de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2024/1351 nó Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) 2024/1348, má tá feidhm ag aon cheann de na himthosca seo a leanas:

    (i)

    tá an duine lena mbaineann armtha;

    (ii)

    tá an duine lena mbaineann foréigneach;

    (iii)

    tá tásca ann go bhfuil an duine lena mbaineann rannpháirteach in aon cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541;

    (iv)

    tá tásca ann go bhfuil an duine lena mbaineann páirteach in aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB;

    (j)

    tásc lena gcuirfí in iúl gur diúltaíodh don iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcás nach bhfuil ceart fanachta ag an iarratasóir agus nár ceadaíodh dó fanacht i mBallstát de bhun Rialachán (AE) 2024/1348;

    (k)

    tar éis scrúdú a dhéanamh ar iarratas sa nós imeachta teorann de bhun Rialachán (AE) 2024/1348, gur cinneadh críochnaitheach anois é cinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta toisc é a bheith neamh-inghlactha, gan bhunús nó gan bhunús go follasach nó cinneadh lenar dearbhaíodh go raibh iarratas tarraingthe siar go hintuigthe nó go sainráite;

    (l)

    tásc lena gcuirfí in iúl gur deonaíodh cúnamh um fhilleadh deonach agus ath-imeascadh (AVRR).

    3.   I gcás ina ndéantar na sonraí uile dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (f) agus (h), den Airteagal seo a bhaineann le duine dá dtagraítear in Airteagal 15 a thaifeadadh in Eurodac, measfar gur tacar sonraí iad arna tharchur chuig Eurodac chun críocha Airteagal 27(1), pointe (aa), de Rialachán (AE) 2019/818.

    4.   An Ballstát tionscnaimh a tháinig ar an gconclúid nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag an mbagairt ar an tslándáil inmheánach a sainaithníodh tar éis an scagtha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1356 nó tar éis scrúdú a dhéanamh de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2024/1351 nó de bhun Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) 2024/1348, scriosfaidh sé taifead na brataí slándála ón tacar sonraí, tar éis dó dul i gcomhairle le haon Bhallstát eile a chláraigh tacar sonraí de chuid an duine chéanna. A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis do Bhallstát tionscnaimh eile an bhratach shlándála a scriosadh i ndiaidh dó amas a fháil ar shonraí a tharchuir Ballstáit tionscnaimh eile i ndáil le daoine dá dtagraítear in Airteagail 15(1), 22(1), 23(1) nó 24(1) den Rialachán seo, cuirfidh Eurodac na Ballstáit tionscnaimh sin ar an eolas faoin scriosadh sin. Scriosfaidh na Ballstáit tionscnaimh sin an bhratach shlándála freisin sa tacar sonraí comhfhreagrach.

    CAIBIDIL III

    Daoine a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach a dhéanamh agus daoine a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú

    ROINN 1

    Daoine a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach a dhéanamh faoi Chreat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil

    Airteagal 18

    Sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a tharchur

    1.   Tógfaidh gach Ballstát sonraí bithmhéadracha gach duine atá 6 bliana d’aois ar a laghad agus arna gclárú chun críche nós imeachta um ligean isteach a dhéanamh faoi Chreat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil agus déanfaidh sé na sonraí sin a tharchur chuig Eurodac a luaithe is féidir tar éis an chlárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2024/1356, agus ar a dhéanaí sula dtiocfar ar an gconclúid maidir le ligean isteach dá dtagraítear in Airteagal 9(9) den Rialachán sin. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin más féidir le Ballstát teacht ar chonclúid gan sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid lena chéile, i gcás inar chonclúid dhiúltach í.

    2.   Tógfaidh gach Ballstát sonraí bithmhéadracha gach duine 6 bliana d’aois ar a laghad agus a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach a dhéanamh faoi Chreat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil agus:

    (a)

    a ndeonaíonn an Ballstát sin cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil dóibh faoi dhlí náisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350;

    (b)

    a ndiúltaíonn an Ballstát sin iad a ligean isteach ar cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), den Rialachán sin; nó

    (c)

    a scoireann an Ballstát sin den nós imeachta um ligean isteach ina leith toisc nach dtugann an duine sin a thoiliú nó go dtarraingíonn sé siar é i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin.

    Déanfaidh na Ballstáit sonraí bithmhéadracha na ndaoine sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar aon leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointí (c) go (q), den Rialachán seo a tharchur chuig Eurodac a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an chinnidh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil a dheonú faoi dhlí náisiúnta, ligean isteach a dhiúltú nó deireadh a chur leis an nós imeachta um ligean isteach.

    3.   Fiú amháin mura gcomhlíonfar na teorainneacha ama a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit sonraí bithmhéadracha a thógáil agus iad a tharchur chuig Eurodac. I gcás ina bhfágann an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 38, tógfaidh an Ballstát tionscnaimh na méarloirg arís agus déanfaidh sé iad a tharchur arís a luaithe is féidir tar éis atógáil na méarlorg a chur i gcrích go rathúil.

    Mura féidir sonraí bithmhéadracha a thógáil de bharr bearta a rinneadh ar mhaithe le sláinte an duine sin nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh na Ballstáit na sonraí bithmhéadracha sin agus déanfaidh siad iad a tharchur a luaithe is féidir tar éis deireadh a theacht leis na forais sláinte sin.

    4.   I gcás ina n-iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann é, féadfaidh Ballstát eile, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, nó eagraíocht idirnáisiúnta ábhartha na sonraí bithmhéadracha a thógáil agus a tharchur chuig an mBallstát iarrthach chun críocha Rialachán (AE) 2024/1350.

    5.   Ní bheidh rochtain ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ná ag eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 4 ar Eurodac chun críocha an Airteagail seo.

    Airteagal 19

    Sonraí a thaifeadadh

    1.   Is iad na sonraí seo, agus na sonraí seo amháin, a thaifeadfar in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Rialachán seo:

    (a)

    sonraí méarlorg;

    (b)

    íomhá den aghaidh;

    (c)

    sloinneadh/sloinnte agus céadainm(neacha), ainm(neacha) ag tráth breithe agus ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailias(anna), agus féadfar iad a chur in iontráil ar leith;

    (d)

    náisiúntacht(aí);

    (e)

    dáta breithe;

    (f)

    áit bhreithe;

    (g)

    an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta an chlárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2024/1350;

    (h)

    gnéas;

    (i)

    cineál agus uimhir an doiciméid céannachta nó taistil, ach iad sin a bheith ar fáil, cód trí litir na tíre eisiúna agus dáta éaga an doiciméid sin;

    (j)

    i gcás ina bhfuil sé ar fáil, cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó de dhoiciméad taistil, maille le léiriú ar a bharántúlacht, agus i gcás nach bhfuil sé ar fáil, cóip dhaite scanta de dhoiciméad eile a éascaíonn náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a shainaithint, maille le léiriú ar a bharántúlacht;

    (k)

    an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

    (l)

    an dáta a tógadh na sonraí bithmhéadracha;

    (m)

    an dáta a tarchuireadh na sonraí chuig Eurodac;

    (n)

    aitheantas úsáideora an oibreora;

    (o)

    i gcás inarb infheidhme, dáta an chinnidh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil a dheonú faoi dhlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 9(14) de Rialachán (AE) 2024/1350;

    (p)

    i gcás inarb infheidhme, dáta an chinnidh a diúltaíodh ligean isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350 agus na forais ar ar diúltaíodh ligean isteach;

    (q)

    i gcás inarb infheidhme, dáta an chinnidh a scoirtear den nós imeachta um ligean isteach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1350.

    2.   I gcás ina ndéantar na sonraí uile dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (f) agus (h), den Airteagal seo a bhaineann le duine dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a thaifeadadh in Eurodac, measfar gur tacar sonraí iad arna tharchur chuig Eurodac chun críocha Airteagal 27(1), pointe (aa), de Rialachán (AE) 2019/818.

    ROINN 2

    Daoine a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú

    Airteagal 20

    Sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a tharchur

    1.   Tógfaidh gach Ballstát sonraí bithmhéadracha gach duine atá 6 bliana d’aois ar a laghad agus a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú agus déanfaidh siad na sonraí sin a tharchur chuig Eurodac, mar aon leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointí (c) go (o), a luaithe a dheonaíonn sé cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil don duine sin faoi dhlí náisiúnta agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig ina dhiaidh sin.

    2.   Fiú amháin mura gcomhlíonfar an teorainn ama a leagtar amach i mír 1, beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit sonraí bithmhéadracha a thógáil agus iad a tharchur chuig Eurodac. I gcás ina bhfágann an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 38, tógfaidh an Ballstát tionscnaimh na méarloirg arís agus déanfaidh sé iad a tharchur arís a luaithe is féidir tar éis atógáil na méarlorg a chur i gcrích go rathúil.

    3.   De mhaolú ar mhír 2, mura féidir sonraí bithmhéadracha duine a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú a thógáil de bharr bearta a rinneadh ar mhaithe le sláinte an duine sin nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh na Ballstáit na sonraí bithmhéadracha sin agus déanfaidh siad na sonraí bithmhéadracha sin a tharchur a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis deireadh a theacht leis na forais sláinte sin.

    Airteagal 21

    Sonraí a thaifeadadh

    1.   Is iad na sonraí seo, agus na sonraí seo amháin, a thaifeadfar in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2):

    (a)

    sonraí méarlorg;

    (b)

    íomhá den aghaidh;

    (c)

    sloinneadh/sloinnte agus céadainm(neacha), ainm(neacha) ag tráth breithe agus ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailias(anna), agus féadfar iad a chur in iontráil ar leith;

    (d)

    náisiúntacht(aí);

    (e)

    dáta breithe;

    (f)

    áit bhreithe;

    (g)

    an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta an chlárúcháin;

    (h)

    gnéas;

    (i)

    cineál agus uimhir an doiciméid céannachta nó taistil, ach iad sin a bheith ar fáil, cód trí litir na tíre eisiúna agus dáta éaga an doiciméid sin;

    (j)

    i gcás ina bhfuil sé ar fáil, cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó de dhoiciméad taistil, maille le léiriú ar a bharántúlacht, agus i gcás nach bhfuil sé ar fáil, cóip dhaite scanta de dhoiciméad eile a éascaíonn náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a shainaithint, maille le léiriú ar a bharántúlacht;

    (k)

    an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

    (l)

    an dáta a tógadh na sonraí bithmhéadracha;

    (m)

    an dáta a tarchuireadh na sonraí chuig Eurodac;

    (n)

    aitheantas úsáideora an oibreora;

    (o)

    an dáta a deonaíodh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil faoi dhlí náisiúnta.

    2.   I gcás ina ndéantar na sonraí uile dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (f) agus (h), den Airteagal seo a bhaineann le duine dá dtagraítear in Airteagal 20(1) den Rialachán seo a thaifeadadh in Eurodac, measfar gur tacar sonraí iad arna tharchur chuig Eurodac chun críocha Airteagal 27(1), pointe (aa), de Rialachán (AE) 2019/818.

    CAIBIDIL IV

    Náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a ghabhtar maidir le teorainn sheachtrach a thrasnú go mírialta

    Airteagal 22

    Sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a tharchur

    1.   Tógfaidh gach Ballstát go pras, i gcomhréir le hAirteagal 13(2), sonraí bithmhéadracha gach náisiúnaigh tríú tír nó gach duine gan stát atá 6 bliana d’aois ar a laghad a ghabhann na húdaráis rialaithe inniúla i dtaca le trasnú neamhrialta a dhéanamh ar thalamh, ar muir nó san aer ar theorainn an Bhallstáit sin, ar duine é atá tagtha as tríú tír agus nár seoladh ar ais é nó atá fós i láthair go fisiceach ar chríoch na mBallstát agus nach bhfuil faoi choimeád, faoi ghaibhniú nó faoi choinneáil ar feadh na tréimhse ar fad idir an t-am a ghabhtar é agus an t-am a aistrítear as an gcríoch é ar bhonn an chinnidh é a chur ar ais.

    2.   Tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an dáta gabhála na sonraí seo a leanas chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2) maidir le haon náisiúnach tríú tír nó duine gan stát, dá dtagraítear i mír 1, nach gcuirtear ar ais:

    (a)

    sonraí méarlorg;

    (b)

    íomhá den aghaidh;

    (c)

    sloinneadh/sloinnte agus céadainm(neacha), ainm(neacha) ag tráth breithe agus ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailias(anna), agus féadfar iad a chur in iontráil ar leith;

    (d)

    náisiúntacht(aí);

    (e)

    dáta breithe;

    (f)

    áit bhreithe;

    (g)

    an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta na gabhála;

    (h)

    gnéas;

    (i)

    cineál agus uimhir an doiciméid céannachta nó taistil, ach iad sin a bheith ar fáil, cód trí litir na tíre eisiúna agus dáta éaga an doiciméid sin;

    (j)

    cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil maille le léiriú ar a barántúlacht, ach an chóip sin a bheith ar fáil, nó, i gcás nach mbeidh fáil uirthi, doiciméad eile a éascaíonn an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát a shainaithint maille le léiriú ar a bharántúlacht;

    (k)

    an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

    (l)

    an dáta a tógadh na sonraí bithmhéadracha;

    (m)

    an dáta a tarchuireadh na sonraí chuig Eurodac;

    (n)

    aitheantas úsáideora an oibreora.

    3.   Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme agus iad a bheith ar fáil, déanfar na sonraí seo a leanas a tharchur go pras chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2):

    (a)

    i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, an dáta a d’fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát nó an dáta a aistríodh as an gcríoch sin é;

    (b)

    Ballstát an athshocraithe i gcomhréir le hAirteagal 25(1);

    (c)

    tásc lena gcuirfí in iúl gur deonaíodh AVRR,

    (d)

    go bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach tar éis an phróisis scagtha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1356, má bhíonn feidhm ag aon cheann de na himthosca seo a leanas:

    (i)

    tá an duine lena mbaineann armtha;

    (ii)

    tá an duine lena mbaineann foréigneach;

    (iii)

    tá tásca ann go bhfuil an duine lena mbaineann rannpháirteach in aon cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541;

    (iv)

    tá tásca ann go bhfuil an duine lena mbaineann páirteach in aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB.

    4.   De mhaolú ar mhír 2, maidir leis na sonraí dá dtagraítear i mír 2 i ndáil le daoine a gabhadh, dá dtagraítear i mír 1, agus atá fós i láthair go fisiceach ar chríoch na mBallstát ach atá faoi choimeád, faoi ghaibhniú nó faoi choinneáil tar éis a ngabhála ar feadh tréimhse níos faide ná 72 uair an chloig, tarchuirfear na sonraí sin sula scaoilfear na daoine sin ó choimeád, ó ghaibhniú nó ó choinneáil.

    5.   Fiú amháin mura gcomhlíontar an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit na sonraí bithmhéadracha a thógáil agus iad a tharchur chuig Eurodac. I gcás ina bhfágfaidh an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 38, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh méarloirg na ndaoine a gabhadh a thógáil arís mar a thuairiscítear i mír 1 den Airteagal seo agus déanfaidh sé iad a tharchur arís a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis atógáil na méarlorg a chur i gcrích go rathúil.

    6.   De mhaolú ar mhír 1, mura féidir sonraí bithmhéadracha an duine a gabhadh a thógáil de bharr bearta a rinneadh ar mhaithe le sláinte an duine sin nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh an Ballstát lena mbaineann na sonraí bithmhéadracha sin agus déanfaidh sé iad a tharchur a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis deireadh a theacht leis na forais sláinte sin.

    I gcás fadhbanna teicniúla tromchúiseacha, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n-uaire an chloig a chur leis an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2 chun na pleananna leanúnachais náisiúnta a chur i bhfeidhm.

    7.   A luaithe a dhearbhóidh an Ballstát tionscnaimh gur fhág an duine lena mbaineann, ar taifeadadh na sonraí i ndáil leis in Eurodac i gcomhréir le mír 1, gur fhág an duine sin críoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó le hordú aistrithe, nuashonróidh sé an tacar sonraí, arna thaifeadadh i ndáil leis an duine lena mbaineann, tríd an dáta a aistríodh an duine nó an dáta a d’fhág sé an chríoch a chur leis an tacar sin.

    8.   Féadfaidh baill d’Fhoirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh nó saineolaithe ó na foirne tacaíochta tearmainn atá oilte go sonrach chun na críche sin, i gcás ina bhfaighidh siad iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, na sonraí bithmhéadracha, sonraí alfa-uimhriúla agus cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil, ach an chóip sin a bheith le fáil, a thógáil agus a tharchur thar ceann an Bhallstáit sin má bhíonn siad i mbun a gcúraimí agus ag feidhmiú cumhachtaí i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/1896 agus (AE) 2021/2303.

    9.   Gach tacar sonraí a bhaileofar agus a tharchuirfear i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar é a nascadh i seicheamh le tacair sonraí eile a chomhfhreagraíonn don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát céanna mar a leagtar amach in Airteagal 3(6).

    10.   I gcás ina ndéantar na sonraí uile dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (f) agus (h), den Airteagal seo a bhaineann le duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thaifeadadh in Eurodac, measfar gur tacar sonraí iad arna tharchur chuig Eurodac chun críocha Airteagal 27(1), pointe (aa), de Rialachán (AE) 2019/818.

    CAIBIDIL V

    Náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát

    Airteagal 23

    Sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a tharchur

    1.   Tógfaidh gach Ballstát go pras, i gcomhréir le hAirteagal 13(2), sonraí bithmhéadracha gach náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát atá 6 bliana d’aois, ar a laghad, agus atá ag fanacht go neamhdhleathach laistigh de chríoch an Bhallstáit sin.

    2.   Tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis a cinneadh go bhfuil an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát ag fanacht go neamhdhleathach, tarchuirfidh sé na sonraí seo a leanas chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2) i ndáil le haon náisiúnach tríú tír nó duine gan stát dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    sonraí méarlorg;

    (b)

    íomhá den aghaidh;

    (c)

    sloinneadh/sloinnte agus céadainm(neacha), ainm(neacha) ag tráth breithe agus ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailias(anna), agus féadfar iad a chur in iontráil ar leith;

    (d)

    náisiúntacht(aí);

    (e)

    dáta breithe;

    (f)

    áit bhreithe;

    (g)

    an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta na gabhála;

    (h)

    gnéas;

    (i)

    cineál agus uimhir an doiciméid céannachta nó taistil, ach iad sin a bheith ar fáil, cód trí litir na tíre eisiúna agus dáta éaga an doiciméid sin;

    (j)

    cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil maille le léiriú ar a bharántúlacht, ach an chóip sin a bheith ar fáil, nó, i gcás nach mbeidh fáil uirthi, doiciméad eile a éascaíonn an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát a shainaithint maille le léiriú ar a bharántúlacht;

    (k)

    an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

    (l)

    an dáta a tógadh na sonraí bithmhéadracha;

    (m)

    an dáta a tarchuireadh na sonraí chuig Eurodac;

    (n)

    aitheantas úsáideora an oibreora.

    3.   Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme agus iad a bheith ar fáil, déanfar na sonraí seo a leanas a tharchur go pras chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2):

    (a)

    i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, an dáta a d’fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát nó an dáta a aistríodh as an gcríoch sin é;

    (b)

    Ballstát an athshocraithe i gcomhréir le hAirteagal 25(1);

    (c)

    i gcás inarb infheidhme sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 25(2), dáta teachta an duine lena mbaineann tar éis aistriú rathúil;

    (d)

    tásc lena gcuirfí in iúl gur deonaíodh AVRR;

    (e)

    go bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach, tar éis an scagtha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1356 nó tar éis seiceáil slándála a dhéanamh tráth a thógtar na sonraí bithmhéadracha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, má tá feidhm ag aon cheann de na himthosca seo a leanas:

    (i)

    tá an duine lena mbaineann armtha;

    (ii)

    tá an duine lena mbaineann foréigneach;

    (iii)

    tá tásca ann go bhfuil an duine lena mbaineann rannpháirteach in aon cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541;

    (iv)

    tá tásca ann go bhfuil an duine lena mbaineann páirteach in aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB.

    4.   Fiú amháin mura gcomhlíontar an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit na sonraí bithmhéadracha a thógáil agus iad a tharchur chuig Eurodac. I gcás ina bhfágfaidh an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 38, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh méarloirg na ndaoine a gabhadh a thógáil arís mar a thuairiscítear i mír 1 den Airteagal seo agus déanfaidh sé iad a tharchur arís a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis atógáil na méarlorg a chur i gcrích go rathúil.

    5.   De mhaolú ar mhír 1, mura féidir sonraí bithmhéadracha an duine a gabhadh a thógáil de bharr bearta a rinneadh ar mhaithe le sláinte an duine sin nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh an Ballstát lena mbaineann na sonraí bithmhéadracha sin agus déanfaidh sé iad a tharchur a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis deireadh a theacht leis na forais sláinte sin.

    I gcás fadhbanna teicniúla tromchúiseacha, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n-uaire an chloig a chur leis an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2 chun na pleananna leanúnachais náisiúnta a chur i bhfeidhm.

    6.   A luaithe a dhearbhóidh an Ballstát tionscnaimh gur fhág an duine lena mbaineann, ar taifeadadh na sonraí i ndáil leis in Eurodac i gcomhréir le mír 1, gur fhág an duine sin críoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó le hordú aistrithe, nuashonróidh sé an tacar sonraí arna thaifeadadh i ndáil leis an duine lena mbaineann, tríd an dáta a aistríodh an duine nó an dáta a d’fhág sé an chríoch a chur leis an tacar sin.

    7.   Gach tacar sonraí a bhaileofar agus a tharchuirfear i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar é a nascadh i seicheamh le tacair sonraí eile lena gcomhfhreagraítear don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát céanna mar a leagtar amach in Airteagal 3(6).

    8.   I gcás ina ndéantar na sonraí uile dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (f) agus (h), den Airteagal seo a bhaineann le duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thaifeadadh in Eurodac, measfar gur tacar sonraí iad arna tharchur chuig Eurodac chun críocha Airteagal 27(1), pointe (aa), de Rialachán (AE) 2019/818.

    CAIBIDIL VI

    Náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála

    Airteagal 24

    Sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a tharchur

    1.   Tógfaidh gach Ballstát go pras sonraí bithmhéadracha gach náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát atá 6 bliana d’aois, ar a laghad, agus a dhíbhordálfar tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2024/1351.

    2.   Tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dháta na díbhordála na sonraí seo a leanas chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2) maidir le haon náisiúnach tríú tír nó duine gan stát dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    sonraí méarlorg;

    (b)

    íomhá den aghaidh;

    (c)

    sloinneadh/sloinnte agus céadainm(neacha), ainm(neacha) ag tráth breithe agus ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailias(anna), ar ailiasanna ar féidir iad a chur in iontráil ar leith;

    (d)

    náisiúntacht(aí);

    (e)

    dáta breithe;

    (f)

    áit bhreithe;

    (g)

    an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta na díbhordála;

    (h)

    gnéas;

    (i)

    an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

    (j)

    an dáta a tógadh na sonraí bithmhéadracha;

    (k)

    an dáta a tarchuireadh na sonraí chuig Eurodac;

    (l)

    aitheantas úsáideora an oibreora.

    3.   Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme agus iad a bheith ar fáil, déanfar na sonraí seo a leanas a tharchur chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2) a luaithe a bheidh siad ar fáil:

    (a)

    cineál agus uimhir an doiciméid céannachta nó taistil, cód trí litir na tíre eisiúna agus dáta éaga an doiciméid sin;

    (b)

    cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil maille le léiriú ar a bharántúlacht, nó, i gcás nach bhfuil sí sin ar fáil, doiciméad eile a éascaíonn an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát a shainaithint maille le léiriú ar a bharántúlacht;

    (c)

    i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo, an dáta a d’fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát nó an dáta a aistríodh as an gcríoch sin é;

    (d)

    Ballstát an athshocraithe i gcomhréir le hAirteagal 25(1);

    (e)

    tásc lena gcuirfí in iúl gur deonaíodh AVRR;

    (f)

    go bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach tar éis an phróisis scagtha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1356, má bhíonn feidhm ag aon cheann de na himthosca seo a leanas:

    (i)

    tá an duine lena mbaineann armtha;

    (ii)

    tá an duine lena mbaineann foréigneach;

    (iii)

    tá tásca ann go bhfuil an duine lena mbaineann rannpháirteach in aon cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541;

    (iv)

    tá tásca ann go bhfuil an duine lena mbaineann rannpháirteach in aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB.

    4.   Fiú amháin mura gcomhlíontar an teorainn ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit na sonraí bithmhéadracha a thógáil agus iad a tharchur chuig Eurodac. I gcás ina bhfágfaidh an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 38, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh méarloirg na ndaoine a díbhordáladh a thógáil arís mar a thuairiscítear i mír 1 den Airteagal seo agus déanfaidh sé iad a tharchur arís a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis atógáil na méarlorg a chur i gcrích go rathúil.

    5.   De mhaolú ar mhír 1, mura féidir sonraí bithmhéadracha an duine a díbhordáladh a thógáil de bharr bearta a rinneadh ar mhaithe le sláinte an duine sin nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh an Ballstát lena mbaineann na sonraí bithmhéadracha sin agus déanfaidh sé iad a tharchur a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis deireadh a theacht leis na forais sláinte sin.

    I gcás fadhbanna teicniúla tromchúiseacha, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n-uaire an chloig a chur leis an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2 chun na pleananna leanúnachais náisiúnta a chur i bhfeidhm.

    6.   I gcás insreabhadh tobann, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n-uaire an chloig breise a chur leis an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2. Tiocfaidh an maolú sin i bhfeidhm an dáta a thugtar fógra ina leith don Choimisiún agus do na Ballstáit eile agus ar feadh na tréimhse a luaitear san fhógra. Ní mhairfidh an tréimhse a luaitear san fhógra níos faide ná aon mhí amháin.

    7.   A luaithe a dhearbhóidh an Ballstát tionscnaimh gur fhág an duine lena mbaineann, ar taifeadadh na sonraí i ndáil leis in Eurodac i gcomhréir le mír 1, gur fhág an duine sin críoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó le hordú aistrithe, nuashonróidh sé an tacar sonraí arna thaifeadadh i ndáil leis an duine lena mbaineann tríd an dáta a aistríodh an duine nó an dáta a d’fhág sé an chríoch a chur leis an tacar sin.

    8.   Féadfaidh baill d’Fhoirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach nó saineolaithe ó na foirne tacaíochta tearmainn atá oilte go sonrach chun na críche sin, i gcás ina bhfaighidh siad iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, na sonraí bithmhéadracha, sonraí alfa-uimhriúla agus cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil, ach an chóip sin a bheith ar fáil, a thógáil agus a tharchur thar ceann an Bhallstáit sin má bhíonn siad i mbun a gcúraimí agus ag feidhmiú cumhachtaí i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/1896 agus (AE) 2021/2303.

    9.   Gach tacar sonraí a bhaileofar agus a tharchuirfear i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar é a nascadh i seicheamh le tacair sonraí eile a chomhfhreagraíonn don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát céanna mar a leagtar amach in Airteagal 3(6).

    10.   Gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1351, má dhéantar sonraí duine a tharchur chuig Eurodac i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní bheidh aon idirdhealú ann i gcoinne duine a chumhdaítear le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo ná ní bheidh aon difríocht sa chaoi a gcaitear leis an duine sin mar thoradh air sin.

    11.   I gcás ina ndéantar na sonraí uile dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (f) agus (h), den Airteagal seo a bhaineann le duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thaifeadadh in Eurodac, measfar gur tacar sonraí iad arna tharchur chuig Eurodac chun críocha Airteagal 27(1), pointe (aa), de Rialachán (AE) 2019/818.

    CAIBIDIL VII

    Faisnéis maidir le hAthshocrú

    Airteagal 25

    Faisnéis faoi stádas athshocraithe an ábhair sonraí

    1.   A luaithe a thitfidh oibleagáid ar Bhallstát an athshocraithe an duine lena mbaineann a athshocrú de bhun Airteagal 67(9) de Rialachán (AE) 2024/1351, nuashonróidh an Ballstát is tairbhí an tacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagail 17, 22, 23 nó 24 den Rialachán seo i ndáil leis an duine lena mbaineann, trí Bhallstát an athshocraithe a chur leis.

    2.   Nuair a shroichfidh duine Ballstát an athshocraithe tar éis do Bhallstát an athshocraithe a dhearbhú go bhfuil an duine lena mbaineann le hathshocrú i gcomhréir le hAirteagal 67(9) de Rialachán (AE) 2024/1351, seolfaidh an Ballstát sin tacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagail 17 nó 23 den Rialachán seo i ndáil leis an duine lena mbaineann agus beidh sa tacar sin dáta teachta an duine sin. Déanfar an tacar sonraí a stóráil i gcomhréir le hAirteagal 29(1) chun críche tarchuir faoi Airteagail 27 agus 28.

    CAIBIDIL VIII

    Tairbhithe de chosaint shealadach

    Airteagal 26

    Sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a tharchur

    1.   Tógfaidh gach Ballstát go pras sonraí bithmhéadracha gach náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát atá 6 bliana d’aois, ar a laghad, agus a cláraíodh mar thairbhí de chosaint shealadach i gcríoch an Bhallstáit sin de bhun Threoir 2001/55/CE.

    2.   Tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 10 lá ón gclárú mar thairbhí de chosaint shealadach, na sonraí seo a leanas chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2) maidir le haon náisiúnach tríú tír nó duine gan stát dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    sonraí méarlorg;

    (b)

    íomhá den aghaidh;

    (c)

    sloinneadh/sloinnte agus céadainm(neacha), ainm(neacha) ag tráth breithe agus ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailias(anna), agus féadfar iad a chur in iontráil ar leith;

    (d)

    náisiúntacht(aí);

    (e)

    dáta breithe;

    (f)

    áit bhreithe;

    (g)

    an Ballstát tionscnaimh, an t-ionad agus an dáta a rinneadh an clárú mar thairbhí de chosaint shealadach;

    (h)

    gnéas;

    (i)

    cineál agus uimhir an doiciméid céannachta nó taistil, ach iad sin a bheith ar fáil, cód trí litir na tíre eisiúna agus dáta éaga an doiciméid sin;

    (j)

    cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil, ach í sin a bheith ar fáil, maille le léiriú ar a bharántúlacht nó, i gcás nach bhfuil sí sin ar fáil, doiciméad eile;

    (k)

    an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

    (l)

    an dáta a tógadh na sonraí bithmhéadracha;

    (m)

    an dáta a tarchuireadh na sonraí chuig Eurodac;

    (n)

    aitheantas úsáideora an oibreora;

    (o)

    i gcás inarb ábhartha, go dtagann an duine a cláraíodh roimhe sin mar thairbhí de chosaint shealadach faoi cheann de na forais eisiaimh a leagtar amach in Airteagal 28 de Threoir 2001/55/CE;

    (p)

    tagairt don Chinneadh Cur Chun Feidhme ábhartha ón gComhairle.

    3.   Fiú amháin mura gcomhlíontar an teorainn ama 10 lá dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit na sonraí bithmhéadracha a thógáil agus iad a tharchur chuig Eurodac. I gcás ina bhfágfaidh an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 38, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh méarloirg an tairbhí de chosaint shealadach a thógáil arís mar a thuairiscítear i mír 1 den Airteagal seo agus tarchuirfidh sé arís iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis tógáil na méarlorg a chur i gcrích go sásúil.

    4.   De mhaolú ar mhír 1, mura féidir sonraí bithmhéadracha an tairbhí de chosaint shealadach a thógáil de bharr bearta a rinneadh ar mhaithe le sláinte an duine sin nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh na Ballstáit na sonraí bithmhéadracha sin agus tarchuirfidh sé iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis deireadh a theacht leis na forais sláinte sin.

    I gcás fadhbanna teicniúla tromchúiseacha, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n-uaire an chloig breise a chur leis an teorainn ama 10 lá dá dtagraítear i mír 2 chun na pleananna leanúnachais náisiúnta a chur i bhfeidhm.

    5.   Féadfaidh baill d’Fhoirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach nó saineolaithe ó na foirne tacaíochta tearmainn atá oilte go sonrach chun na críche sin, i gcás ina bhfaighidh siad iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, na sonraí bithmhéadracha a thógáil agus a tharchur thar ceann an Bhallstáit sin má bhíonn siad i mbun a gcúraimí agus ag feidhmiú cumhachtaí i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/1896 agus (AE) 2021/2303.

    6.   Gach tacar sonraí a bhaileofar agus a tharchuirfear i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar é a nascadh i seicheamh le tacair sonraí eile a chomhfhreagraíonn don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát céanna mar a leagtar amach in Airteagal 3(6).

    7.   I gcás ina ndéantar na sonraí uile dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (f) agus (h), den Airteagal seo a bhaineann le duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thaifeadadh in Eurodac, measfar gur tacar sonraí iad arna tharchur chuig Eurodac chun críocha Airteagal 27(1), pointe (aa), de Rialachán (AE) 2019/818.

    CAIBIDIL IX

    Nós imeachta chun comparáid a dhéanamh idir sonraí d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a ghabhtar agus iad ag trasnú na teorann agus atá ag fanacht go neamhrialta nó go neamhdhleathach ar chríoch Bhallstáit, náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a cláraíodh chun críche nós imeachta um ligean isteach a dhéanamh agus a ligeadh isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta um athlonnú, náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála agus tairbhithe de chosaint shealadach

    Airteagal 27

    Sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile

    1.   Déanfar comparáid go huathoibríoch idir sonraí bithmhéadracha a tharchuireann aon Bhallstát, cé is moite díobh sin a tharchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 16(2), pointí (a) agus (c), agus le hAirteagail 18 agus 20, agus na sonraí bithmhéadracha a tharchuireann Ballstáit eile agus atá stóráilte cheana féin in Eurodac i gcomhréir le hAirteagail 15, 18(2),agus Airteagail 20, 22, 23, 24 agus 26.

    2.   Déanfar comparáid go huathoibríoch idir sonraí bithmhéadracha, arna dtarchur ag aon Bhallstát, i gcomhréir le hAirteagal 18(1), agus sonraí bithmhéadracha arna dtarchur ag Ballstáit eile agus atá stóráilte cheana féin in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 15 agus a mharcáiltear i gcomhréir le hAirteagail 31, 18(2) agus 20.

    3.   Áiritheoidh Eurodac, arna iarraidh sin do Bhallstát, go gclúdóidh an chomparáid dá dtagraítear i mír 1 na sonraí bithmhéadracha a tharchuir an Ballstát sin roimhe seo, mar aon leis na sonraí bithmhéadracha ó Bhallstáit eile.

    4.   Tarchuirfidh Eurodac an t-amas nó toradh diúltach na comparáide chuig an mBallstát tionscnaimh go huathoibríoch de réir na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 38(4). I gcás amas a bheith ann, tarchuirfidh sé, i gcás gach tacair sonraí a chomhfhreagraíonn don amas, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (2), Airteagal 19(1), Airteagal 21(1), Airteagal 22(2) agus (3), Airteagal 23(2) agus (3), Airteagal 24(2) agus (3) agus Airteagal 26(2) mar aon leis an marc dá dtagraítear in Airteagal 31(1) agus (4), i gcás inarb iomchuí. I gcás ina bhfaightear toradh diúltach, ní tharchuirfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (2), Airteagal 19(1), Airteagal 21(1), Airteagal 22(2) agus (3), Airteagal 23(2) agus (3), Airteagal 24(2) agus (3) agus Airteagal 26(2).

    5.   Má fhaigheann Ballstát amas ó Eurodac lenarbh fhusa don Bhallstát a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 1(1), pointe (a), a chomhlíonadh, beidh tús áite ag an amas sin thar aon amas eile a fhaightear.

    Airteagal 28

    Comparáid idir sonraí maidir le híomhá den aghaidh

    1.   I gcás ina bhfágfaidh an bhail atá ar bharra na méar nach féidir na méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 38 nó i gcás nach bhfuil aon mhéarloirg ar fáil chun comparáid a dhéanamh, déanfaidh Ballstát comparáid idir sonraí maidir le híomhá den aghaidh.

    2.   Féadfar sonraí maidir le híomhá den aghaidh agus sonraí i ndáil le gnéas an ábhair sonraí a chur i gcomparáid go huathoibríoch leis na sonraí maidir le híomhá den aghaidh agus na sonraí a bhaineann le gnéas an ábhair sonraí a tharchuir Ballstáit eile agus atá stóráilte cheana in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 15, Airteagal 18(2), agus Airteagail 20, 22, 23, 24 agus 26, cé is moite de na sonraí a tarchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 16(2), pointí (a) agus (c), agus Airteagail 18(2) agus 20.

    Áiritheoidh Eurodac, arna iarraidh sin do Bhallstát, go gcumhdóidh an chomparáid dá dtagraítear i mír 1 sonraí maidir le híomhá den aghaidh a tharchuir an Ballstát sin roimhe sin, mar aon leis na sonraí maidir le híomhá den aghaidh ó Bhallstáit eile.

    3.   Féadfar sonraí maidir le híomhá den aghaidh agus sonraí i ndáil le gnéas an ábhair sonraí arna dtarchur ag aon Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 18(1) a chur i gcomparáid go huathoibríoch le sonraí maidir le híomhá den aghaidh agus na sonraí a bhaineann le gnéas an ábhair sonraí a tharchuir Ballstáit eile agus atá stóráilte cheana in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 15 agus a mharcáiltear i gcomhréir le hAirteagal 31 agus le hAirteagail 18(2) agus 20.

    4.   Tarchuirfidh Eurodac an t-amas nó toradh diúltach na comparáide chuig an mBallstát tionscnaimh go huathoibríoch de réir na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 38(5). I gcás amas a bheith ann, tarchuirfidh sé, i gcás gach tacair sonraí a chomhfhreagraíonn don amas, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (2), Airteagal 19(1), Airteagal 21(1), Airteagal 22(2) agus (3), Airteagal 23(2) agus (3), Airteagal 24(2) agus (3) agus Airteagal 26(2) mar aon leis an marc dá dtagraítear in Airteagal 31(1) agus (4), i gcás inarb iomchuí. I gcás ina bhfaightear toradh diúltach, ní tharchuirfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (2), Airteagal 19(1), Airteagal 21(1), Airteagal 22(2) agus (3), Airteagal 23(2) agus (3), Airteagal 24(2) agus (3) agus Airteagal 26(2).

    5.   I gcás ina bhfaighidh Ballstát amas ó Eurodac lenar féidir cabhrú leis an mBallstát sin a oibleagáidí faoi Airteagal 1(1), pointe (a), a chomhlíonadh, beidh tús áite ag an amas sin thar aon amas eile a fhaightear.

    CAIBIDIL X

    Stóráil sonraí, luathscriosadh sonraí agus marcáil sonraí

    Airteagal 29

    Stóráil sonraí

    1.   Chun críocha Airteagal 15(1), stórálfar gach tacar sonraí i ndáil le hiarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta, arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 17, in Eurodac go ceann 10 mbliana ón dáta a tarchuireadh na sonraí bithmhéadracha.

    2.   Ní dhéanfar na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear in Airteagal 18(1) a thaifeadadh in Eurodac.

    3.   Chun críocha Airteagal 18(2), stórálfar gach tacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 19 a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointe (a), in Eurodac go ceann 5 bliana ón dáta a tarchuireadh na sonraí bithmhéadracha.

    4.   Chun críocha Airteagal 18(2), déanfar gach tacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 19 a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointe (b) nó (c), a stóráil in Eurodac ar feadh 3 bliana ón dáta a tarchuireadh na sonraí bithmhéadracha.

    5.   Chun críocha Airteagal 20, stórálfar gach tacar sonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 21 in Eurodac go ceann 5 bliana ón dáta a tarchuireadh na sonraí bithmhéadracha.

    6.   Chun críocha Airteagal 22(1), stórálfar gach tacar sonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 22 in Eurodac go ceann 5 bliana ón dáta a tarchuireadh na sonraí bithmhéadracha.

    7.   Chun críocha Airteagal 23(1), stórálfar gach tacar sonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 23 in Eurodac go ceann cúig bliana ón dáta a tarchuireadh na sonraí bithmhéadracha.

    8.   Chun críocha Airteagal 24(1), stórálfar gach tacar sonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 24 in Eurodac go ceann 5 bliana ón dáta a tarchuireadh na sonraí bithmhéadracha.

    9.   Chun críocha Airteagal 26(1), stórálfar gach tacar sonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 26 in Eurodac go ceann bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh Cur Chun Feidhme ón gComhairle. Cuirfear síneadh leis an tréimhse choinneála gach bliain le linn thréimhse na cosanta sealadaí.

    10.   A luaithe a rachaidh na tréimhsí stórála sonraí in éag, is é sin na tréimhsí dá dtagraítear i míreanna 1 go 9 den Airteagal seo, scriosfar go huathoibríoch sonraí na n-ábhar sonraí ó Eurodac.

    Airteagal 30

    Luathscriosadh sonraí

    1.   Scriosfaidh an Ballstát sin sonraí a bhaineann le duine a fuair saoránacht Ballstáit tionscnaimh roimh dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 29(1), (3), (5), (6), (7), (8) nó (9) ó Eurodac gan mhoill i gcomhréir le hAirteagal 40(3).

    Na sonraí a bhaineann le duine a bhain saoránacht Ballstáit eile amach roimh dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 29(1), (3), (5), (6), (7), (8) nó (9), déanfaidh an Ballstát tionscnaimh na sonraí sin a scriosadh ó Eurodac, i gcomhréir le hAirteagal 40(3), a luaithe a fhaigheann sé amach go bhfuil an tsaoránacht sin faighte ag an duine lena mbaineann.

    2.   Cuirfidh Eurodac gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an scriosta go bhfuil sonraí scriosta ag Ballstát tionscnaimh eile i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, tar éis dó amas a fháil ar shonraí a tharchuir siad agus i ndáil le daoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1), Airteagal 18(2), Airteagal 20(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) nó Airteagal 26(1).

    Airteagal 31

    Sonraí a mharcáil

    1.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (a), an Ballstát tionscnaimh a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta do dhuine a raibh a chuid sonraí taifeadta in Eurodac roimhe sin de bhun Airteagal 17, déanfaidh sé na sonraí ábhartha a mharcáil i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cumarsáid leictreonach le Eurodac arna mbunú ag eu-LISA. Stórálfar an marc sin in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 29(1) chun críoch tarchuir faoi Airteagail 27 agus 28. Cuirfidh Eurodac gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis na sonraí a mharcáil, go bhfuil sonraí marcáilte ag Ballstát tionscnaimh eile tar éis dó amas a fháil ar shonraí a tharchuir siad i ndáil le daoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1), Airteagal 18(2), Airteagal 20(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) nó Airteagal 26(1). Déanfaidh na Ballstáit tionscnaimh sin na tacair sonraí chomhfhreagracha a mharcáil freisin.

    2.   Déanfar na sonraí a bhaineann le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta atá stóráilte in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus atá marcáilte de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil chun comparáid a dhéanamh chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, go dtí go scriosfar na sonraí sin go huathoibríoch in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 29(10).

    3.   Bainfidh an Ballstát tionscnaimh an marc de shonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó le duine gan stát ar marcáladh a chuid sonraí roimhe i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo má dhéantar a stádas a tharraingt siar faoi Airteagail 14 nó 19 de Rialachán (AE) 2024/1347.

    4.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointí (a) agus (c), an Ballstát tionscnaimh a d’eisigh doiciméad cónaithe do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach sa stát a raibh a chuid sonraí ar taifead roimhe sin in Eurodac, de réir mar is iomchuí, de bhun Airteagal 22(2) nó Airteagal 23(2), nó do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála a raibh a chuid sonraí ar taifead roimhe sin in Eurodac de bhun Airteagal 24(2), déanfaidh an Ballstát sin na sonraí ábhartha a mharcáil i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cumarsáid leictreonach le Eurodac arna mbunú ag eu-LISA. Stórálfar an marc sin in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 29(6), (7), (8) agus (9) chun críoch tarchuir faoi Airteagail 27 agus 28. Cuirfidh Eurodac gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis na sonraí a mharcáil, go bhfuil sonraí marcáilte ag Ballstát tionscnaimh eile tar éis dó amas a fháil ar shonraí a tharchuir siad i ndáil le daoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1), Airteagal 18(2), Airteagal 20(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) nó Airteagal 26(1). Déanfaidh na Ballstáit tionscnaimh sin na tacair sonraí chomhfhreagracha a mharcáil freisin.

    5.   Déanfar na sonraí a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach atá stóráilte in Eurodac agus marcáilte de bhun mhír 4 den Airteagal seo a chur ar fáil chun comparáid a dhéanamh chun críocha fhorfheidhmiú an dlí go dtí go scriosfar na sonraí sin go huathoibríoch in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 29(10).

    6.   Chun críocha Airteagal 68(4) de Rialachán (AE) 2024/1351, cláróidh Ballstát an athshocraithe, tar éis na sonraí a chlárú de bhun Airteagal 25(2) den Rialachán seo, é féin mar an Ballstát freagrach agus déanfaidh sé na sonraí sin a mharcáil leis an marcáil a thug an Ballstát a dheonaigh an chosaint isteach.

    CAIBIDIL XI

    Nós imeachta chun comparáid a dhéanamh agus chun sonraí a tharchur chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

    Airteagal 32

    Nós imeachta chun sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla a chur i gcomparáid le sonraí Eurodac

    1.   Chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, féadfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát agus údarás ainmnithe Europol iarraidh leictreonach réasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagail 33(1) agus 34(1), mar aon leis an uimhir thagartha arna húsáid acu, a chur faoi bhráid an údaráis fíoraithe a bheidh le cur ar aghaidh chuig Eurodac chun comparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla tríd an bPointe Rochtana Náisiúnta nó trí Phointe Rochtana Europol. Ar an iarraidh sin a fháil, fíoróidh an t-údarás fíoraithe an bhfuil na coinníollacha ar fad chun comparáid a iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 33 nó 34, de réir mar is iomchuí, comhlíonta.

    2.   I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ar fad a bhaineann le comparáid a iarraidh dá dtagraítear in Airteagail 33 nó 34, cuirfidh an t-údarás fíoraithe an iarraidh ar chomparáid ar aghaidh chuig an bPointe Rochtana Náisiúnta nó chuig Pointe Rochtana Europol, agus cuirfidh an Pointe Rochtana Náisiúnta nó Pointe Rochtana Europol ar aghaidh í chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagail 27 agus 28 agus chun comparáid a dhéanamh idir í agus na sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla a tarchuireadh chuig Eurodac de bhun Airteagal 15, Airteagal 18(2), agus Airteagail 20, 22, 23, 24 agus 26.

    3.   Féadfar comparáid a dhéanamh idir íomhá den aghaidh agus sonraí eile maidir le híomhá den aghaidh in Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, mar a fhoráiltear in Airteagal 28(1), má bhíonn na sonraí sin ar fáil tráth a dhéanfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát nó údarás ainmnithe Europol an iarraidh leictreonach réasúnaithe.

    4.   I gcásanna eisceachtúla práinne nuair atá gá le garchontúirt a chosc a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile, féadfaidh an t-údarás fíoraithe na sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla a tharchur chuig an bPointe Rochtana Náisiúnta nó chuig Pointe Rochtana Europol chun comparáid a dhéanamh láithreach ar iarraidh a fháil ó údarás ainmnithe agus féadfaidh sé gan ach fíorú ex post a dhéanamh maidir le cé acu a comhlíonadh na coinníollacha uile do chomparáid dá dtagraítear in Airteagal 33 nó Airteagal 34 nó nár comhlíonadh, lena n-áirítear má bhí cás eisceachtúil éigeandála ann i ndáiríre nó nach raibh. Déanfar an fíorú ex post gan moill mhíchuí i ndiaidh an iarraidh a phróiseáil.

    5.   I gcás ina gcinntear leis an bhfíorú ex post nach raibh údar leis an rochtain ar shonraí Eurodac, déanfaidh na húdaráis go léir a rinne na sonraí sin a rochtain an fhaisnéis a fuarthas ó Eurodac a scriosadh agus cuirfidh siad in iúl don údarás fíoraithe go ndearnadh amhlaidh.

    Airteagal 33

    Coinníollacha maidir le rochtain ar Eurodac ag údaráis ainmnithe

    1.   Chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ní fhéadfaidh údaráis ainmnithe iarraidh leictreonach réasúnaithe a thíolacadh ar chomparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla agus na sonraí atá stóráilte in Eurodac faoi raon feidhme a gcumhachtaí ach i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go ndearnadh seiceáil roimh ré:

    (i)

    sna bunachair sonraí náisiúnta; agus

    (ii)

    i gcórais uathoibrithe um shainaithint méarlorg na mBallstát uile eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB i gcás ina bhfuil comparáidí ar fáil go teicniúil, mura bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint nach suífí céannacht an ábhair sonraí mar thoradh ar an gcomparáid sin a dhéanamh; go gcuirfear na forais réasúnacha sin san áireamh san iarraidh leictreonach réasúnaithe ar chomparáid a dhéanamh le sonraí Eurodac a chuir an t-údarás ainmnithe chuig an údarás fíoraithe;

    (b)

    gur gá an chomparáid a dhéanamh chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, rud a chiallaíonn go bhfuil údar sáraitheach imní ann maidir leis an tslándáil phoiblí a dhéanann cuardach an bhunachair sonraí comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú;

    (c)

    gur gá an chomparáid a dhéanamh i gcás sonrach lena n-áirítear daoine sonracha; agus

    (d)

    go bhfuil forais réasúnacha ann chun a cheapadh gur cuidiú mór a bheidh sa chomparáid chun aon cheann de na cionta sceimhlitheoireachta nó de na cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú; gur ann d’fhorais réasúnacha mar sin go háirithe i gcás ina bhfuil amhras ann a bhfuil bunús tugtha leis go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

    I dteannta na seiceála a dhéantar roimh ré ar na bunachair sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh údaráis ainmnithe seiceáil a dhéanamh in VIS freisin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le comparáid a dhéanamh leis na sonraí atá stóráilte ann, mar a leagtar síos i gCinneadh 2008/633/CGB. Féadfaidh na húdaráis ainmnithe an iarraidh leictreonach réasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur isteach go comhuaineach le hiarraidh ar chomparáid a dhéanamh leis na sonraí atá stóráilte in VIS.

    2.   I gcás ina gceadóidh na húdaráis ainmnithe CIR i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2019/818 agus gur léiríodh in CIR, i gcomhréir le mír (2) den Airteagal sin, go bhfuil na sonraí maidir leis an duine lena mbaineann stóráilte in Eurodac, féadfaidh na húdaráis ainmnithe Eurodac a rochtain lena cheadú gan seiceáil a dhéanamh roimh ré i mbunachair sonraí náisiúnta ná i gcórais uathoibrithe um shainaithint méarlorg na mBallstát uile eile.

    3.   Maidir le hiarrataí ar chomparáid le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, cuirfear i gcrích iad le sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla.

    Airteagal 34

    Na coinníollacha chun go mbeidh rochtain ag Europol ar shonraí Eurodac

    1.   Chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ní fhéadfaidh údarás ainmnithe Europol iarraidh leictreonach réasúnaithe a thíolacadh ar chomparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla agus na sonraí atá stóráilte in Eurodac ach amháin laistigh de theorainneacha shainordú Europol agus i gcás inar gá chun gur féidir cúraimí Europol a dhéanamh agus inar comhlíonadh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    nár suíodh céannacht an ábhair sonraí mar thoradh ar chomparáidí le sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla atá stóráilte in aon chóras próiseála faisnéise a bhfuil rochtain theicniúil agus dhlíthiúil ag Europol orthu;

    (b)

    gur gá an chomparáid chun tacú agus treisiú le gníomhaíocht na mBallstát le linn cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú a thagann faoi réim shainordú Europol, a chiallaíonn go bhfuil údar sáraitheach imní ann maidir leis an tslándáil phoiblí a dhéanann cuardach an bhunachair sonraí comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú;

    (c)

    gur gá an chomparáid a dhéanamh i gcás sonrach lena n-áirítear daoine sonracha; agus

    (d)

    go bhfuil forais réasúnacha ann chun a cheapadh gur cuidiú mór a bheidh sa chomparáid chun aon cheann de na cionta sceimhlitheoireachta nó de na cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú; gur ann d’fhorais réasúnacha mar sin go háirithe i gcás ina bhfuil amhras ann a bhfuil bunús tugtha leis go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

    2.   I gcás ina gceadóidh Europol CIR i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2019/818 agus gur léiríodh in CIR, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal sin, go bhfuil na sonraí maidir leis an duine lena mbaineann stóráilte in Eurodac, féadfaidh Europol Eurodac a rochtain lena cheadú faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal seo.

    3.   Maidir le hiarrataí ar chomparáid le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, cuirfear i gcrích iad le sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla.

    4.   Aon phróiseáil ar fhaisnéis arna fáil ag Europol ó chomparáid a dhéanamh le sonraí Eurodac, beidh sí faoi réir údarú ón mBallstát tionscnaimh. Gheofar an t-údarú sin trí aonad náisiúnta Europol sa Bhallstát sin.

    Airteagal 35

    Cumarsáid idir na húdaráis ainmnithe, na húdaráis fíoraithe, na Pointí Rochtana Náisiúnta agus Pointe Rochtana Europol

    1.   Gan dochar d’Airteagal 39, déanfar gach cumarsáid idir na húdaráis ainmnithe, na húdaráis fíoraithe, na Pointí Rochtana Náisiúnta agus Pointe Rochtana Europol ar mhodh slán agus go leictreonach.

    2.   Chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, déanfaidh na Ballstáit agus Europol cuardaigh le sonraí bithmhéadracha nó sonraí alfa-uimhriúla a phróiseáil go digiteach agus tarchuirfear iad san fhormáid sonraí mar a leagtar amach sa Doiciméad um Rialú Comhéadain a comhaontaíodh, chun a áirithiú gur féidir an chomparáid a dhéanamh le sonraí eile a stóráiltear in Eurodac.

    CAIBIDIL XII

    Próiseáil sonraí, cosaint sonraí agus dliteanas

    Airteagal 36

    Freagracht as próiseáil sonraí

    1.   Beidh an Ballstát tionscnaimh freagrach as a áirithiú:

    (a)

    go dtógfar sonraí bithmhéadracha agus na sonraí eile dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (2), Airteagal 19(1), Airteagal 21(1), Airteagal 22(2) agus (3), Airteagal 23(2) agus (3), Airteagal 24(2) agus (3) agus Airteagal 26(2) go dleathach agus go dtarchuirfear go dleathach chuig Eurodac iad;

    (b)

    go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta nuair a tharchuirfear chuig Eurodac iad;

    (c)

    gan dochar do fhreagrachtaí eu-LISA, go ndéanfar sonraí in Eurodac a thaifeadadh, a stóráil, a cheartú agus a scriosadh go dleathach;

    (d)

    go bpróiseálfar go dleathach torthaí na gcomparáidí idir sonraí bithmhéadracha arna dtarchur ag Eurodac.

    2.   Áiritheoidh an Ballstát tionscnaimh go mbeidh na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo slán sula ndéantar iad a tharchur chuig Eurodac agus le linn a dtarchuir, mar a fhoráiltear in Airteagal 48, agus áiritheoidh sé slándáil na sonraí a fhaigheann sé ó Eurodac.

    3.   Beidh an Ballstát tionscnaimh freagrach as na sonraí a shainaithint go críochnaitheach de bhun Airteagal 38(4).

    4.   Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar Eurodac a oibriú, lena n-áirítear chun críoch tástála, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le rialacha ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí. Go háirithe, déanfaidh eu-LISA an méid seo a leanas:

    (a)

    glacfaidh sé bearta chun a áirithiú nach bpróiseálfaidh gach duine, lena n-áirítear conraitheoirí, a oibríonn le Eurodac na sonraí arna dtaifeadadh ann ach amháin i gcomhréir le cuspóirí Eurodac a leagtar síos in Airteagal 1;

    (b)

    glacfaidh sé na bearta is gá chun slándáil Eurodac a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 48;

    (c)

    áiritheoidh sé nach mbeidh rochtain ar Eurodac ach amháin ag daoine atá údaraithe oibriú leis, gan dochar d’inniúlachtaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

    Cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas faoi na bearta a dhéanfaidh sé de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

    Airteagal 37

    Tarchur

    1.   Déanfar sonraí bithmhéadracha agus sonraí pearsanta eile a phróiseáil agus a tharchur go digiteach san fhormáid sonraí mar a leagtar amach sa Doiciméad um Rialú Comhéadain. A mhéid agus is gá d’oibriú éifeachtúil Eurodac, bunóidh eu-LISA na ceanglais theicniúla a bhaineann leis an bhformáid sonraí atá le húsáid ag Ballstát chun sonraí a tharchur chuig Eurodac agus vice versa. Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh an córas ríomhairithe aitheantais méarloirg agus íomhá den aghaidh in ann na sonraí bithmhéadracha arna dtarchur ag na Ballstáit a chur i gcomparáid lena chéile.

    2.   Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (2), Airteagal 19(1), Airteagal 21(1), Airteagal 22(2) agus (3), Airteagal 23(2) agus (3), Airteagal 24(2) agus (3) agus Airteagal 26(2) go leictreonach. Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (2), Airteagal 19(1), Airteagal 21(1), Airteagal 22(2) agus (3), Airteagal 23(2) agus (3), Airteagal 24(2) agus (3) agus Airteagal 26(2) a thaifeadadh go huathoibríoch in Eurodac. A mhéid is gá d’oibriú éifeachtúil Eurodac, bunóidh eu-LISA na ceanglais theicniúla chun a áirithiú gur féidir sonraí a tharchur i gceart go leictreonach ó na Ballstáit go Eurodac agus vice versa.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeifear in ann, leis an uimhir thagartha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (k), Airteagal 19(1), pointe (k), Airteagal 21(1), pointe (k), Airteagal 22(2), pointe (k), Airteagal 23(2), pointe (k), Airteagal 24(2), pointe (k), Airteagal 26(2), pointe (k), agus Airteagal 32(1), sonraí a chur in iúl go soiléir do dhuine faoi leith agus don Bhallstát atá ag tarchur na sonraí, chomh maith lena bheith in ann a léiriú an mbaineann sonraí mar sin le duine dá dtagraítear in Airteagal 15(1), Airteagal 18(2), Airteagal 20(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) nó Airteagal 26(1).

    4.   Tosóidh an uimhir thagartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo le litir nó litreacha aitheantais an Bhallstáit atá ag tarchur na sonraí. Déanfar catagóir an duine nó na hiarrata a shainaithint i ndiaidh na litreach nó na litreacha aitheantais. Tagraíonn ‘1’ do dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1), tagraíonn ‘2’ do dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 22(1), tagraíonn ‘3’ do dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 23(1), tagraíonn ‘4’ d’iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 33, tagraíonn ‘5’ d’iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 34, tagraíonn ‘6’ d’iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 43, tagraíonn ‘7’ d’iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 18, tagraíonn ‘8’ do shonraí a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 20, tagraíonn ‘9’ do shonraí a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus tagraíonn ‘0’ do shonraí a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 26(1).

    5.   Bunóidh eu-LISA na nósanna imeachta teicniúla is gá do Bhallstáit chun a áirithiú go bhfaighidh siad sonraí soiléire ó Eurodac.

    6.   Dearbhóidh Eurodac a luaithe is féidir go bhfuil na sonraí tarchurtha faighte aige. Chuige sin, bunóidh eu-LISA na ceanglais theicniúla is gá chun a áirithiú go bhfaigheann Ballstáit an admháil dearbhaithe má iarrtar sin.

    Airteagal 38

    Comparáidí a dhéanamh agus torthaí a tharchur

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaí tarchur na sonraí bithmhéadracha ar chaighdeán iomchuí chun críoch comparáide tríd an gcóras ríomhairithe aitheantais méarloirg agus íomhá den aghaidh. A mhéid is gá chun a áirithiú go mbaineann torthaí na comparáide a dhéanfaidh Eurodac leibhéal an-ard cruinnis amach, sonróidh eu-LISA caighdeán iomchuí i dtaca leis na sonraí bithmhéadracha a tarchuireadh. Seiceálfaidh Eurodac caighdeán na sonraí bithmhéadracha a tarchuireadh, a luaithe is féidir. Mura bhféadfar comparáid a dhéanamh idir na sonraí bithmhéadracha ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe aitheantais méarloirg agus íomhá den aghaidh, cuirfidh Eurodac an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi sin. Tarchuirfidh an Ballstát sin sonraí bithmhéadracha den chaighdeán iomchuí ansin ag baint úsáid as an uimhir thagartha chéanna a bhí ag an tacar sonraí bithmhéadracha roimhe sin.

    2.   Déanfaidh Eurodac comparáidí san ord ina dtiocfaidh iarrataí isteach. Déileálfar le gach iarraidh laistigh de 24 uair an chloig óna teacht isteach. Féadfaidh Ballstát, ar chúiseanna a bhaineann leis an dlí náisiúnta, a cheangal go ndéanfaí comparáidí atá fíorphráinneach laistigh d’aon uair an chloig. I gcás nach féidir na teorainneacha ama sin a urramú mar gheall ar dhálaí nach dtagann faoi fhreagracht eu-LISA, próiseálfaidh Eurodac an iarraidh mar ábhar tosaíochta a luaithe nach bhfuil dálaí mar sin ann níos mó. I gcásanna mar sin, agus a mhéid is gá d’oibriú éifeachtúil Eurodac, bunóidh eu-LISA critéir lena áirithiú go láimhseálfar iarrataí ar bhonn tosaíochta.

    3.   A mhéid is gá d’oibriú éifeachtúil Eurodac, bunóidh eu-LISA na nósanna imeachta oibríochtúla chun na sonraí a fhaightear a phróiseáil agus chun toradh na comparáide a tharchur.

    4.   I gcás inar gá, seiceálfaidh saineolaí méarlorg sa Bhallstát glactha, mar a shainmhínítear i gcomhréir lena rialacha náisiúnta agus atá oilte go sonrach sna cineálacha comparáidí méarlorg dá bhforáiltear sa Rialachán seo, láithreach toradh na comparáide idir sonraí méarlorg a rinneadh de bhun Airteagal 27.

    I gcás ina dtugann Eurodac amas i leith sonraí méarlorg agus amas d’íomhá den aghaidh tar éis na sonraí méarlorg agus na sonraí maidir le híomhá den aghaidh araon a chur i gcomparáid leis na sonraí atá taifeadta sa bhunachar sonraí lárnach ríomhairithe, féadfaidh na Ballstáit toradh na comparáide leis na sonraí maidir leis an íomhá den aghaidh a sheiceáil.

    Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) pointí (a), (b), (c) agus (j), den Rialachán seo, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh an aithint chríochnaitheach i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann.

    5.   Toradh na comparáide idir sonraí maidir le híomhá den aghaidh arna déanamh de bhun Airteagal 27, i gcás nach bhfaightear ach amas atá bunaithe ar íomhá den aghaidh, agus de bhun Airteagal 28, déanfaidh saineolaí atá oilte i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta é a sheiceáil agus a fhíorú láithreach sa Bhallstát glactha.

    Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) pointí (a), (b), (c) agus (j), den Rialachán seo, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh an aithint chríochnaitheach i gcomhar leis na Ballstáit eile lena mbaineann.

    Scriosfar faisnéis arna fáil ó Eurodac a bhaineann le sonraí eile a mheastar a bheith neamhiontaofa a luaithe a fhaightear amach go bhfuil na sonraí neamhiontaofa.

    6.   I gcás ina dtugann aithint chríochnaitheach i gcomhréir le míreanna 4 agus 5 le fios nach bhfuil toradh na comparáide a fhaightear ó Eurodac ag freagairt do na sonraí bithmhéadracha a seoladh chun comparáid a dhéanamh, scriosfaidh na Ballstáit toradh na comparáide láithreach agus cuirfidh siad an méid sin in iúl do eu-LISA a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 lá oibre tar éis an toradh a fháil agus uimhir thagartha an Bhallstáit tionscnaimh agus uimhir thagartha an Bhallstáit a fuair an toradh á gcur in iúl dóibh.

    Airteagal 39

    Cumarsáid idir na Ballstáit agus Eurodac

    Bainfidh sonraí arna dtarchur ó na Ballstáit chuig Eurodac agus vice versa úsáid as an mBonneagar Cumarsáide. A mhéid is gá d’oibriú éifeachtúil Eurodac, bunóidh eu-LISA na nósanna imeachta teicniúla is gá chun úsáid a bhaint as an mBonneagar Cumarsáide.

    Airteagal 40

    Rochtain ar shonraí arna dtaifeadadh in Eurodac, agus na sonraí sin a cheartú nó a scriosadh

    1.   Beidh rochtain ag an mBallstát tionscnaimh ar shonraí a tharchuir sé agus atá taifeadta in Eurodac i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Ní dhéanfaidh aon Bhallstát cuardach sna sonraí arna dtarchur ag Ballstát eile ná ní bhfaighidh sé sonraí mar sin cé is moite de shonraí a fhaightear de thoradh na comparáide dá dtagraítear in Airteagail 27 agus 28.

    2.   Is ionann údaráis na mBallstát a mbeidh rochtain acu, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar shonraí atá taifeadta in Eurodac agus iad sin arna n-ainmniú ag gach Ballstát chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointí (a), (b), (c) agus (j). Sonrófar go beacht leis an ainmniúchán sin an t-aonad a bheidh freagrach as na cúraimí a chur i gcrích a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh gach Ballstát liosta de na haonaid sin agus aon leasuithe orthu in iúl don Choimisiún agus eu-LISA gan mhoill. Foilseoidh eu-LISA an liosta comhdhlúite in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéantar leasuithe ar an liosta sin, foilseoidh eu-LISA liosta comhdhlúite nuashonraithe ar líne uair sa bhliain.

    3.   Ní bheidh sé de cheart ach ag an mBallstát tionscnaimh sonraí atá tarchurtha aige chuig Eurodac a leasú trí na sonraí sin a cheartú nó trí ábhar breise a chur leo, ná iad a scriosadh, gan dochar do scriosadh arna dhéanamh de bhun Airteagal 29.

    4.   Deonófar rochtain chun sonraí Eurodac a stóráiltear in CIR a cheadú d’fhoireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit atá inniúil agus d’fhoireann chuí-údaraithe chomhlachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 20 agus 21 de Rialachán (AE) 2019/818. Beidh an rochtain sin teoranta don mhéid is gá chun cúraimí na n-údarás náisiúnta sin agus na gcomhlachtaí sin de chuid an Aontais a chomhlíonadh agus chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus beidh sí comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.

    5.   Má tá fianaise ag Ballstát nó ag eu-LISA a thugann le tuiscint go bhfuil na sonraí arna dtaifeadadh in Eurodac míchruinn ar bhonn fíorasach, cuirfidh sé é sin in iúl, gan dochar d’fhógra a thabhairt faoi shárú ar shonraí pearsanta de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/679, don Bhallstát tionscnaimh a luaithe is féidir.

    Má tá fianaise ag Ballstát a thugann le tuiscint gur taifeadadh sonraí in Eurodac de shárú ar an Rialachán seo, cuirfidh sé an méid sin in iúl do eu-LISA, don Choimisiún agus don Bhallstát tionscnaimh a luaithe is féidir. Déanfaidh an Ballstát tionscnaimh na sonraí lena mbaineann a sheiceáil agus, más gá, iad a leasú nó a scriosadh gan mhoill.

    6.   Ní dhéanfaidh eu-LISA na sonraí atá taifeadta in Eurodac a aistriú chuig údaráis aon tríú tír ná a chur ar fáil dóibh. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin maidir le haistriú na sonraí sin chuig tríú tíortha a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2024/1351 maidir leo.

    Airteagal 41

    Taifid a choinneáil

    1.   Coimeádfaidh eu-LISA taifid de na hoibríochtaí próiseála sonraí go léir in Eurodac. Taispeánfaidh na taifid sin cuspóir, dáta agus am na rochtana, na sonraí a tarchuireadh, na sonraí a úsáideadh i gcomhair cuardach agus ainm an aonaid a chuireann isteach na sonraí nó a dhéanann aisghabháil ar na sonraí agus ainmneacha na ndaoine atá freagrach.

    2.   Chun críocha Airteagal 8 den Rialachán seo, coinneoidh eu-LISA taifid ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in Eurodac. Áireofar sna taifid ar oibríochtaí den chineál sin na gnéithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus na hamais a spreagfar agus an uathphróiseáil a leagtar síos in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1240 á cur i gcrích.

    3.   Chun críocha Airteagal 10 den Rialachán seo, coinneoidh na Ballstáit agus eu-LISA taifid ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in Eurodac agus in VIS i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

    4.   Ní fhéadfar na taifid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a úsáid ach amháin le haghaidh faireachán cosanta sonraí ar inghlacthacht phróiseáil na sonraí agus chun slándáil sonraí a áirithiú de bhun Airteagal 46. Déanfar na taifid sin a chosaint trí bhearta iomchuí i gcoinne rochtain neamhúdaraithe agus scriosfar iad aon bhliain amháin tar éis don tréimhse stórála dá dtagraítear in Airteagal 29 dul in éag, ach amháin má tá siad de dhíth i gcomhair nósanna imeachta faireacháin atá tosaithe cheana.

    5.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) pointí (a) (b), (c), (g), (h) agus (j), déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo maidir lena chóras náisiúnta a bhaint amach. Chomh maith leis sin, coimeádfaidh gach Ballstát taifead den fhoireann atá cuí-údaraithe chun sonraí a chur isteach nó a aisghabháil.

    Airteagal 42

    Ceart chun faisnéise

    1.   Cuirfidh an Ballstát tionscnaimh duine arna chumhdach le hAirteagal 15(1), Airteagal 18(1) agus (2), Airteagal 20(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) nó Airteagal 26(1) den Rialachán ar an eolas faoin méid seo thíos i scríbhinn, agus i gcás inar gá, ó bhéal, i dteanga a thuigfidh sé nó sí, nó a shíltear le réasún go dtuigfidh sé nó sí i bhfoirm ghonta thrédhearcach intuigthe a mbeidh rochtain éasca uirthi, le friotal soiléir simplí:

    (a)

    céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora de réir bhrí Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679 agus a hionadaí nó a ionadaí, más ann dó/di, agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;

    (b)

    na sonraí atá le próiseáil in Eurodac agus bunús dlí na próiseála sin, lena n-áirítear tuairisc ar aidhmeanna Rialachán (AE) 2024/1351, i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán sin agus, i gcás inarb infheidhme, aidhmeanna Rialachán (AE) 2024/1350, agus míniú i bhfoirm intuigthe go bhféadfadh na Ballstáit agus Europol rochtain a bheith acu ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí;

    (c)

    maidir le duine a chumhdaítear le hAirteagal 15(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1) nó Airteagal 24(1), má léirítear le seiceáil slándála dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointe (i), Airteagal 22(3), pointe (d), Airteagal 23(3), pointe (e), agus Airteagal 24(3), pointe (f), go bhféadfadh sé nó sí a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach, beidh oibleagáid ar an mBallstát tionscnaimh an fíoras sin a chlárú in Eurodac;

    (d)

    faighteoirí nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí, más ann dóibh;

    (e)

    maidir le duine a chumhdaítear le hAirteagal 15(1), Airteagal 18(1) agus (2), Airteagal 20(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) nó Airteagal 26(1), an oibleagáid a shonraí bithmhéadracha nó a sonraí bithmhéadracha a thógáil agus an nós imeachta ábhartha, lena n-áirítear na himpleachtaí féideartha mura gcomhlíonfar oibleagáid mar sin;

    (f)

    an fad a stórálfar na sonraí de bhun Airteagal 29;

    (g)

    an ceart chun rochtain a fháil ar na sonraí a bhaineann leis nó léi a iarraidh ar an rialaitheoir agus go bhfuil sé de cheart aige nó aici a iarraidh go gceartófar sonraí pearsanta míchruinne, go gcomhlánófar sonraí pearsanta neamhiomlána nó go scriosfar nó go srianfar sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a próiseáladh go neamhdhleathach, mar aon leis an gceart chun faisnéis a fháil faoi na nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú lena n-áirítear sonraí teagmhála an rialaitheora agus na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 44(1);

    (h)

    an ceart chun gearán a dhéanamh leis an údarás maoirseachta.

    2.   Maidir le duine atá cumhdaithe le hAirteagal 15(1), Airteagal 18(1) agus (2), Airteagal 20(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) agus Airteagal 26(1), soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tráth atá sonraí bithmhéadracha an duine sin á dtógáil.

    I gcás inar mionaoiseach an duine atá cumhdaithe le hAirteagal 15(1), Airteagal 18(1) agus (2), Airteagal 20(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) agus Airteagal 26(1), cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil ar bhealach atá oiriúnach dá aois.

    Míneofar an nós imeachta chun sonraí bithmhéadracha a ghabháil do mhionaoisigh trí bhileoga eolais, grafaicí faisnéise nó taispeántais, nó trí mheascán ar bith de na trí cinn, mar is iomchuí, agus iad deartha go sonrach ar bhealach a áiritheoidh go dtuigfidh mionaoisigh iad.

    3.   Tarraingeofar suas bileog eolais choiteann ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2024/1351 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 77(2) den Rialachán sin.

    Beidh an bhileog eolais choiteann soiléir simplí, arna dréachtú i bhfoirm ghonta thrédhearcach intuigthe a mbeidh rochtain éasca uirthi, le friotal soiléir simplí agus i dteanga a thuigfidh an duine lena mbaineann nó i dteanga a shíltear le réasún go dtuigfidh sé.

    Tarraingeofar an bhileog eolais choiteann suas ar bhealach ina mbeidh na Ballstáit in ann í a chomhlánú le faisnéis bhreise is sonrach don Bhallstát. Áireofar san fhaisnéis is sonrach don Bhallstát, ar a laghad, na bearta riaracháin chun a áirithiú go gcomhlíontar an oibleagáid sonraí bithmhéadracha a chur ar fáil, cearta an ábhair sonraí, an fhéidearthacht faisnéis agus cúnamh a fháil ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, sonraí teagmhála oifig an rialaitheora agus an oifigigh cosanta sonraí, agus sonraí teagmhála na n-údarás maoirseachta náisiúnta.

    Airteagal 43

    An ceart chun sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú, a chomhlánú, a scriosadh agus srian a chur ar phróiseáil na sonraí sin

    1.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointí (a), (b), (c) agus (j), den Rialachán seo déanfar cearta an ábhair sonraí a theachtadh i dtaca le sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú, a chomhlánú, a scriosadh agus srian a chur ar phróiseáil na sonraí sin i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) 2016/679 agus cuirfear i bhfeidhm iad de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

    2.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí i ngach Ballstát rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi atá taifeadta in Eurodac, lena n-áirítear aon taifead a léiríonn go bhféadfadh an duine sin a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach, agus an Ballstát a tharchuir na sonraí sin chuig Eurodac faoi na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 agus sa dlí náisiúnta arna ghlacadh dá bhun. Is Ballstát amháin a fhéadfaidh rochtain mar sin a thabhairt ar shonraí pearsanta.

    Nuair a fheidhmítear na cearta ceartúcháin agus scriosta sonraí pearsanta i mBallstát, cé is moite den Bhallstát sin, nó díobh sin, a tharchuir na sonraí, rachaidh údaráis an Bhallstáit sin i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit nó na mBallstát a tharchuir na sonraí, ionas go bhféadfaidh siad cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht a dtarchuir agus a gcuid taifeadta in Eurodac a sheiceáil.

    3.   Maidir le taifead ina gcuirtear in iúl go bhféadfadh duine a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach, féadfaidh na Ballstáit srian a chur le cearta an ábhair sonraí mar a thagraítear dóibh san Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679.

    4.   Má thagann sé chun solais go bhfuil na sonraí a taifeadadh in Eurodac míchruinn go fíorasach nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, déanfaidh an Ballstát a tharchuir na sonraí iad a cheartú nó a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 40(3). Dearbhóidh an Ballstát sin i scríbhinn don ábhar sonraí go bhfuil gníomh déanta aige chun próiseáil na sonraí a bhaineann leis an ábhar sonraí sin a cheartú, a chomhlánú, a scriosadh nó a shrianadh.

    5.   Mura n-aontóidh an Ballstát a tharchuir na sonraí go bhfuil na sonraí atá taifeadta in Eurodac míchruinn go fíorasach nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, míneoidh sé i scríbhinn don ábhar sonraí an fáth nach bhfuil sé beartaithe aige próiseáil na sonraí a cheartú nó a scriosadh.

    Cuirfidh an Ballstát sin faisnéis ar fáil don ábhar sonraí chomh maith ag míniú na gcéimeanna is féidir a thógáil mura nglacann sé nó sí leis an míniú a chuirtear ar fáil. Áireofar leis sin faisnéis maidir leis an gcaoi le caingean a thabhairt nó, más iomchuí, an chaoi le gearán a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit sin, agus maidir le haon chúnamh airgeadais nó aon chúnamh eile atá ar fáil i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Bhallstáit sin.

    6.   Beidh na mionsonraí ar fad is gá chun an t-ábhar sonraí a aithint, lena n-áirítear sonraí bithmhéadracha, le fáil in aon iarraidh faoi mhíreanna 1 agus 2 maidir le sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú, a chomhlánú nó scriosadh nó srian a chur le próiseáil na sonraí sin. Úsáidfear na sonraí sin go heisiach chun feidhmiú na gceart de chuid an ábhair sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a cheadú agus scriosfar iad láithreach ina dhiaidh sin.

    7.   Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach chun na cearta atá ag an ábhar sonraí chun na sonraí sin a rochtain, a cheartú, a chomhlánú, a scriosadh agus chun srian a chur lena bpróiseáil a fhorfheidhmiú go pras.

    8.   Aon uair a iarrann duine rochtain ar shonraí a bhaineann leis nó léi, coimeádfaidh an t-údarás inniúil taifead i bhfoirm doiciméid scríofa go ndearnadh a leithéid d'iarraidh agus an bealach ar déileáladh leis an iarratas, agus cuirfidh sé an doiciméad sin ar fáil gan mhoill do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna iarraidh sin dóibh.

    9.   Tabharfaidh údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a tharchuir na sonraí agus údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an t-ábhar sonraí i láthair, arna iarraidh sin air, faisnéis don ábhar sonraí a bhaineann lena cheart nó lena ceart a fheidhmiú a iarraidh ar an rialaitheoir sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a rochtain, a cheartú, a chomhlánú nó a scriosadh nó srian a chur lena bpróiseáil. Comhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcomhréir le Caibidil VII de Rialachán (AE) 2016/679.

    Airteagal 44

    Maoirseacht arna déanamh ag an údarás maoirseachta náisiúnta

    1.   Déanfaidh gach Ballstát foráil go ndéanfaidh a údarás maoirseachta nó a údaráis mhaoirseachta, dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679, faireachán ar dhlíthiúlacht phróiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh ag an mBallstát atá i gceist chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointí (a), (b), (c) agus (j), den Rialachán seo, lena n-áirítear a dtarchur chuig Eurodac.

    2.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh rochtain ag a údarás maoirseachta ar chomhairle ó dhaoine a bhfuil dóthain eolais acu ar shonraí bithmhéadracha.

    Airteagal 45

    Maoirseacht arna déanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

    1.   Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go ndéanfar na gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta ar fad a bhaineann le Eurodac, go háirithe na gníomhaíochtaí a dhéanann eu-LISA, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2018/1725 agus leis an Rialachán seo.

    2.   Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go ndéanfar iniúchadh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta eu-LISA i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta uair gach 3 bliana ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar na hiniúchtaí sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig eu-LISA agus chuig na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta. Tabharfar deis do eu-LISA barúlacha a nochtadh sula nglacfar an tuarascáil.

    Airteagal 46

    Comhoibriú idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

    1.   I gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725, comhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad araon ag gníomhú taobh istigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, go gníomhach faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí agus déanfaidh siad maoirseacht chomhordaithe Eurodac a áirithiú.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlacht neamhspleách iniúchadh ar phróiseáil sonraí pearsanta gach bliain chun críocha fhorfheidhmiú an dlí i gcomhréir le hAirteagal 47(1), lena n-áirítear anailís ar shampla d’iarrataí leictreonacha réasúnaithe.

    Beidh an t-iniúchadh i gceangal le tuarascáil bhliantúil a rinne na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 57(8).

    3.   Agus iad araon ag feidhmiú laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, malartóidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faisnéis ábhartha, cabhróidh siad le chéile iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdóidh siad deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh siad staidéar ar fhadhbanna a bhaineann le feidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, tarraingeoidh siad suas tograí comhchuibhithe i gcomhair comhréiteach ar aon fhadhbanna agus cuirfidh siad feasacht faoi chearta cosanta sonraí chun cinn, de réir mar is gá.

    4.   Chun críocha mhír 3, tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. Is é an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí a sheasfaidh costais agus seirbhísiú na gcruinnithe. Glacfar na rialacha nós imeachta do na cruinnithe ag an gcéad chruinniú den sórt sin. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirt le chéile, de réir mar is gá. Seolfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí comhthuarascáil ar ghníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún gach re bliain. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil maidir le gach Ballstát arna hullmhú ag údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit sin.

    Airteagal 47

    Sonraí pearsanta a chosaint chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

    1.   Is é údarás maoirseachta náisiúnta nó is iad údaráis mhaoirseachta náisiúnta gach Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680 a dhéanfaidh an faireachán ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo arna déanamh ag na Ballstáit chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear tarchur na sonraí sin chuig Eurodac agus uaidh sin.

    2.   Déanfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maoirseacht air sin.

    3.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a gheofar ó Eurodac de bhun an Rialacháin seo chun críocha fhorfheidhmiú an dlí a phróiseáil ach amháin chun an cás sonrach ar iarr an Ballstát sin nó Europol na sonraí ina leith a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

    4.   Gan dochar d’Airteagal 24 de Threoir (AE) 2016/680, coinneoidh Eurodac, na húdaráis ainmnithe agus na húdaráis fíoraithe agus Europol taifead ar na cuardaigh chun go bhféadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh ar an tslí a bhfuil an phróiseáil sonraí i gcomhréir le rialacha um chosaint sonraí de chuid an Aontais, lena n-áirítear chun críche taifid a chothabháil chun na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 57(8) den Rialachán seo a ullmhú. Seachas i gcás na gcríoch thuasluaite, déanfar sonraí pearsanta, chomh maith le taifid ar na cuardaigh, a scriosadh sna comhaid náisiúnta agus i gcomhaid Europol uile tar éis tréimhse aon mhí amháin, ach amháin má tá na sonraí de dhíth chun críocha an imscrúdaithe choiriúil shonraigh atá ar siúl ar iarr an Ballstát sin nó Europol na sonraí ina leith.

    Airteagal 48

    Slándáil sonraí

    1.   Áiritheoidh an Ballstát tionscnaimh slándáil na sonraí sula dtarchuirfear chuig Eurodac iad agus le linn a dtarchuir.

    2.   Glacfaidh gach Ballstát, i ndáil leis na sonraí uile arna bpróiseáil ag a údaráis ábhartha de bhun an Rialacháin seo, na bearta is gá, lena n-áirítear plean slándála sonraí, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    na sonraí a chosaint go fisiceach, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh le bonneagar criticiúil a chosaint;

    (b)

    rochtain ar threalamh próiseála sonraí agus ar shuiteálacha náisiúnta ina gcuireann an Ballstát oibríochtaí i gcrích i gcomhréir le haidhm Eurodac a shéanadh ar dhaoine neamhúdaraithe (trealamh, rialú rochtana agus seiceálacha ar an mbealach isteach chuig an tsuiteáil);

    (c)

    cosc a chur ar léamh, cóipeáil, modhnú nó baint neamhúdaraithe na meán sonraí (rialú meán sonraí);

    (d)

    ionchur neamhúdaraithe sonraí agus iniúchadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte a chosc (rialú stórála);

    (e)

    daoine neamhúdaraithe atá ag úsáid trealamh cumarsáide sonraí a chosc ar úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (rialú úsáideoirí);

    (f)

    próiseáil neamhúdaraithe sonraí in Eurodac agus aon mhodhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí arna bpróiseáil in Eurodac a chosc (rialú iontrála sonraí);

    (g)

    a áirithiú nach bhfuil rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar shonraí Eurodac ach ar na sonraí a chumhdaíonn a n-údarú rochtana, trí aitheantas úsáideora aonair eisiach agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);

    (h)

    a áirithiú go gcruthóidh gach údarás a bhfuil ceart rochtana ar shonraí Eurodac aige próifílí a thugann tuairisc ar fheidhmeanna agus freagrachtaí na ndaoine atá údaraithe chun na sonraí a rochtain, a iontráil, a thabhairt cothrom le dáta, a scriosadh agus a chuardach, agus go gcuirfidh na húdaráis na próifílí sin agus aon fhaisnéis ábhartha eile a d’fhéadfadh na húdaráis a éileamh chun críoch maoirseachta ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680 gan mhoill, arna iarraidh sin dóibh (próifílí pearsanra);

    (i)

    a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu trí threalamh cumarsáide sonraí a úsáid (rialú cumarsáide);

    (j)

    a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cad iad na sonraí a próiseáladh in Eurodac, cathain a rinneadh an phróiseáil, cé a rinne í agus cén cuspóir a bhí léi (rialú taifeadta sonraí);

    (k)

    cosc a chur ar léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn tarchur sonraí pearsanta chuig Eurodac nó ó Eurodac nó le linn do mheáin sonraí a bheith á n-iompar, go háirithe trí theicnící criptithe iomchuí (rialú iompair);

    (l)

    a áirithiú gur féidir córais shuite a aischur (athshlánú), i gcás ina dtarlódh briseadh sa chóras;

    (m)

    a áirithiú go ndéanfaidh Eurodac a chuid feidhmeanna, go dtuairisceofar fabhtanna i bhfeidhmeanna nuair a thiocfaidh siad chun solais (iontaofacht) agus nach féidir sonraí pearsanta atá stóráilte a thruailliú trí bhíthin mhífheidhmiú an chórais (sláine); agus

    (n)

    faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin is gá a dhéanamh maidir le faireachán inmheánach chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo (féin-iniúchóireacht) agus chun aon imeachtaí ábhartha a thagann chun cinn i gcur i bhfeidhm beart a liostaítear i bpointí (b) go (k) a d’fhéadfadh teagmhas slándála a léiriú a bhrath go huathoibríoch laistigh de 24 uair an chloig.

    3.   Cuirfidh na Ballstáit agus Europol eu-LISA ar an eolas faoi na teagmhais slándála a bhaineann le Eurodac a bhraithfear ar a gcórais gan dochar d’fhógra a thabhairt faoi shárú sonraí pearsanta agus cur in iúl an tsáraithe sin de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagail 30 agus 31 de Threoir (AE) 2016/680, chomh maith le hAirteagail 34 agus 35 de Rialachán (AE) 2016/794, faoi seach. Cuirfidh eu-LISA na Ballstáit, Europol agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi theagmhais slándála a bhaineann le Eurodac a bhraithfear ar a gcórais gan dochar d’Airteagail 34 agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1725. Comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann, eu-LISA agus Europol le linn teagmhas slándála.

    4.   Glacfaidh eu-LISA na bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a bhaint amach maidir le hoibriú Eurodac, lena n-áirítear plean slándála sonraí a ghlacadh.

    Sula gcuirfear tús le húsáid oibríochtúil Eurodac, déanfar an creat slándála do thimpeallacht ghnó agus theicniúil Eurodac a nuashonrú, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725.

    5.   Déanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann na bearta uile is gá chun Airteagal 18(4) a chur chun feidhme, lena n-áirítear plean slándála sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a ghlacadh.

    Airteagal 49

    Toirmeasc ar aistrithe sonraí chuig tríú tíortha, chuig comhlachtaí idirnáisiúnta nó chuig eintitis phríobháideacha

    1.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a fhaigheann Ballstát nó Europol ó Eurodac de bhun an Rialacháin seo a aistriú ná a chur ar fáil d’aon tríú tír, eagraíocht idirnáisiúnta ná eintiteas príobháideach atá bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin má dhéantar tuilleadh próiseála ar na sonraí sin de bhrí Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 3, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/680, ar an leibhéal náisiúnta nó idir na Ballstáit.

    2.   Maidir le sonraí pearsanta a thagann ó Bhallstát agus a mhalartaítear idir Ballstáit tar éis amas a fuarthas chun críocha fhorfheidhmiú an dlí ní aistreofar chuig tríú tíortha iad má bhíonn fíor-riosca ann go bhfulaingeoidh an t-ábhar sonraí céasadh, íde nó pionós atá mídhaonna agus táireach nó aon sárú eile ar a bhunchearta nó a bunchearta de thoradh an aistrithe sin.

    3.   Maidir le sonraí pearsanta a thagann ó Bhallstát agus a mhalartaítear idir Ballstát agus Europol tar éis amas a fuarthas chun críocha fhorfheidhmiú an dlí ní aistreofar chuig tríú tíortha iad má bhíonn fíor-riosca ann go bhfulaingeoidh an t-ábhar sonraí céasadh, íde nó pionós atá mídhaonna agus táireach nó aon sárú eile ar a bhunchearta nó a bunchearta de thoradh an aistrithe sin. Ina theannta sin, ní dhéanfar aon aistrithe ach amháin nuair atá siad riachtanach agus comhréireach i gcásanna a thagann faoi shainordú Europol, i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/794 agus faoi réir thoiliú an Bhallstáit tionscnaimh.

    4.   Aon fhaisnéis a bhaineann le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheith déanta i mBallstát nó le duine a bheith faoi réir nós imeachta um ligean isteach i mBallstát, ní nochtfar í d’aon tríú tír lena mbaineann na daoine sin dá dtagraítear in Airteagal 15(1), Airteagal 18(1) agus (2) nó Airteagal 20(1).

    5.   Beidh na toirmisc a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo gan dochar do cheart na mBallstát na sonraí sin a aistriú i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 nó leis na rialacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Chaibidil V de Threoir (AE) 2016/680, de réir mar is iomchuí, chuig tríú tíortha a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1351 maidir leo.

    Airteagal 50

    Sonraí a aistriú chuig tríú tíortha chun críche fillte

    1.   De mhaolú ar Airteagal 49, féadfar na sonraí pearsanta a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1), Airteagal 18(2)(a), Airteagal (20)(1), Airteagal 22(2), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) agus Airteagal 26(1) a fuair Ballstát de bhun amais chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (a), (b), (c) nó (j), féadfar iad a aistriú chuig tríú tír nó a chur ar fáil di le comhaontú an Bhallstáit tionscnaimh.

    2.   Is i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais a dhéanfar aistrithe sonraí chuig tríú tír de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go háirithe le forálacha maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, agus, i gcás inarb infheidhme, comhaontuithe um athligean isteach, agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil na sonraí á n-aistriú aige.

    3.   Ní dhéanfar sonraí a aistriú chuig tríú tír de bhun mhír 1 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    is chun náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus chun doiciméid chéannachta nó taistil a eisiúint ina leith, agus chun na gcríoch sin amháin, a aistreofar nó a chuirfear ar fáil na sonraí sin chun críche fillte; agus

    (b)

    cuireadh in iúl don náisiúnach tríú tír lena mbaineann go bhféadfaí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a roinnt le húdaráis tríú tír.

    4.   Cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha de bhun an Airteagail seo, agus go háirithe úsáid, comhréireacht agus riachtanas na n-aistrithe bunaithe ar Airteagal 49(1), pointe (d), den Rialachán sin, beidh sé faoi réir faireachán ón údarás maoirseachta neamhspleách arna bhunú de bhun Chaibidil VI de Rialachán (AE) 2016/679.

    5.   Ní dhéanfaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha de bhun an Airteagail seo dochar do chearta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1), Airteagal 18(2)(a), Airteagal 20(1), Airteagal 22(2), Airteagal 23(1), Airteagal 24(1) agus Airteagal 26(1) den Rialachán seo, go háirithe maidir le non-refoulement, nó an toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh nó a fháil i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1348.

    6.   Ní bheidh rochtain dhíreach ag tríú tír ar Eurodac chun sonraí bithmhéadracha nó aon sonraí pearsanta eile i ndáil le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a chur i gcomparáid le chéile ná a tharchur agus ní thabharfar rochtain do thríú tír ar Eurodac trí Phointe Rochtana Náisiúnta Ballstáit.

    Airteagal 51

    Logáil agus doiciméadacht

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit agus Europol go ndéanfar gach oibríocht próiseála sonraí a thagann as iarrataí ar chomparáid le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí a logáil nó a dhoiciméadú chun críocha inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil agus faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus ar shláine agus slándáil sonraí agus chun críoch féinfhaireachán a dhéanamh.

    2.   Léireoidh an loga nó an doiciméadacht an méid seo a leanas i ngach cás:

    (a)

    cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar chomparáid, lena n-áirítear an cineál ciona sceimhlitheoireachta nó an chiona choiriúil thromchúisigh eile lena mbaineann agus, i gcás Europol, cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar chomparáid;

    (b)

    na forais réasúnacha a luaitear i gcomhréir le hAirteagal 33(1), pointe (a), den Rialachán seo gan comparáid a dhéanamh le Ballstáit eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB;

    (c)

    uimhir an chomhaid náisiúnta;

    (d)

    an dáta agus an t-am go baileach a d’iarr an Pointe Rochtana Náisiúnta comparáid ar Eurodac;

    (e)

    ainm an údaráis a d’iarr rochtain chun comparáid a dhéanamh, agus an duine atá freagrach a chuir an iarraidh isteach agus a phróiseáil na sonraí;

    (f)

    i gcás inarb infheidhme, úsáid an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 32(4) agus an cinneadh arna ghlacadh maidir leis an bhfíorú ex post;

    (g)

    na sonraí a úsáideadh chun comparáid a dhéanamh;

    (h)

    i gcomhréir le rialacha náisiúnta nó le Rialachán (AE) 2016/794, marc aitheantais an oifigigh a rinne an cuardach agus an oifigigh a d’ordaigh an cuardach nó an soláthar;

    (i)

    i gcás inarb infheidhme, tagairt d’úsáid na tairsí cuardaigh Eorpaí chun cuardach a dhéanamh in Eurodac mar a thagraítear dó sin in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/818.

    3.   Ní úsáidfear logaí agus doiciméadacht ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus chun sláine agus slándáil sonraí a áirithiú. Ní úsáidfear logaí ina bhfuil sonraí pearsanta chun an faireachán ná an mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 57 a dhéanamh.

    Na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta atá freagrach as inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil agus as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus as sláine agus slándáil sonraí, beidh rochtain acu ar na logaí sin arna iarraidh sin dóibh chun críche a gcúraimí a chomhlíonadh.

    Airteagal 52

    Dliteanas

    1.   Aon duine, nó aon Bhallstát, ar bhain damáiste, atá ábharach nó nach bhfuil, dó de thoradh oibríocht neamhdhleathach próiseála nó aon ghnímh eile nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát atá freagrach as an damáiste a bhain dó, nó ó eu-LISA má tá sé freagrach as an damáiste a bhain dó sa mhéid nár chomhlíon sé na hoibleagáidí atá air de bhun an Rialacháin seo a díríodh go sonrach air nó i gcás inar ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha an Bhallstáit sin nó i gcás inar ghníomhaigh sé ar bhealach a bhí contrártha dóibh. Beidh an Ballstát atá freagrach nó eu-LISA díolmhaithe óna dhliteanas, go hiomlán nó go páirteach, má chruthaíonn sé nach bhfuil sé freagrach in aon chor as an imeacht ba shiocair leis an damáiste.

    2.   Má bhíonn aon mhainneachtain de chuid Ballstáit a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh ina cúis damáiste do Eurodac, beidh an Ballstát sin faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, mura rud é gur mhainnigh, agus a mhéid a mhainnigh, eu-LISA nó Ballstát eile bearta réasúnta a ghlacadh chun cosc a chur ar an damáiste tarlú nó chun a thionchar a íoslaghdú.

    3.   Beidh éilimh ar chúiteamh in éadan Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo faoi rialú ag forálacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit is cosantóir i gcomhréir le hAirteagail 79 agus 80 de Rialachán (AE) 2016/679 agus le hAirteagail 54 agus 55 de Threoir (AE) 2016/680. Is faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí a bheidh éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne eu-LISA as an damáiste dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

    CAIBIDIL XIII

    Leasuithe ar Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818

    Airteagal 53

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1240

    (1)

    in Airteagal 11, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘6a   . Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), an dara fomhír, pointe (k), cuirfidh na huathfhíoruithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo ar chumas Lárchóras ETIAS cuardach a dhéanamh in Eurodac arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), leis na sonraí seo a leanas arna soláthar ag iarratasóirí faoi Airteagal 17(2), pointí (a) go (d), den Rialachán seo:

    (a)

    sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha, sloinne breithe, dáta breithe, áit bhreithe, gnéas, náisiúntacht reatha;

    (b)

    ainmneacha eile (ailias nó ailiasanna, ainm ealaíontóra nó ainmneacha ealaíontóra, gnáthainm nó gnáthainmneacha), más ann dóibh;

    (c)

    náisiúntachtaí eile, más ann dóibh;

    (d)

    cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil.

    (*1)  Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú “Eurodac” chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).’;"

    (2)

    in Airteagal 25a(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    ‘(f)

    na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 17, 19, 21, 22, 23, 24 agus 26 de Rialachán (AE) 2024/1358.’;

    (3)

    in Airteagal 88, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    ‘6.   Tosóidh ETIAS na hoibríochtaí cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an idir-inoibritheacht le Eurodac nó le ECRIS-TCN curtha ar bun.’.

    Airteagal 54

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):

    ‘(20)

    ciallaíonn “údaráis ainmnithe” údaráis ainmnithe na mBallstát de réir bhrí Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), Airteagal 3(1), pointe (26), de Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), Airteagal 4, pointe (3a), de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, agus Airteagal 3(1), pointe (21), de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

    (*2)  Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú “Eurodac” chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).’;"

    (*3)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (Rialachán EES) (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20)."

    (*4)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).’;"

    (2)

    in Airteagal 10(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    ‘Gan dochar d’Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2024/1358, Airteagail 12 agus 18 de Rialachán (AE) 2018/1862, Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/816 agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/794, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa tairseach chuardaigh Eorpach (ESP). Áireofar sna logaí sin an méid seo a leanas go háirithe:’;

    (3)

    in Airteagal 13(1), leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), agus in Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) 2019/816;’;

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    ‘(c)

    na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointí (a) agus (b), Airteagal 19(1), pointí (a) agus (b), Airteagal 21 (1) pointí (a) agus (b), Airteagal 22(2), pointí (a) agus (b), Airteagal 23(2), pointí (a) agus (b), Airteagal 24(2), pointí (a) agus (b) agus Airteagal 26(2), pointí (a) agus (b) de Rialachán (AE) 2024/1358.’;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

    ‘Airteagal 14

    Sonraí bithmhéadracha a chuardach leis an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha

    Chun na sonraí bithmhéadracha a stóráiltear in CIR agus in SIS a chuardach, úsáidfidh CIR agus SIS na teimpléid bhithmhéadracha a stóráiltear sa tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha. Déanfar cuardaigh le sonraí bithmhéadracha i gcomhréir leis na cuspóirí dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2024/1358.’

    ;

    (5)

    in Airteagal 16(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    ‘Gan dochar d’Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2024/1358, d’Airteagail 12 agus 18 de Rialachán (AE) 2018/1862 ná d’Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/816, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha.’;

    (6)

    in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Stórálfar in CIR na sonraí seo a leanas, arna scaradh go loighciúil de réir an chórais faisnéise ónar tháinig na sonraí:

    (a)

    na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointí (a) go (f), (h) agus (i), Airteagal 19(1), pointí (a) go (f), (h) agus (i), Airteagal 21(1), pointí (a) go (f), (h) agus (i), Airteagal 22(2), pointí (a) go (f), (h) agus (i), Airteagal 23(2), pointí (a) go (f), (h) agus (i), Airteagal 24(2), pointí (a) go (f) agus (h), Airteagal 24(3), pointe (a), agus Airteagal 26(2), pointí (a) go (f), (h) agus (i) de Rialachán (AE) 2024/1358;

    (b)

    na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), agus in Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) 2019/816 agus na sonraí seo a leanas a liostaítear in Airteagal 5(1), pointe (a), den Rialachán sin: sloinne (ainm teaghlaigh), céadainmneacha (ainmneacha baiste), dáta breithe; áit bhreithe (baile agus tír), náisiúntacht nó náisiúntachtaí; gnéas, ainmneacha roimhe sin, i gcás inarb infheidhme, ainmneacha bréige nó ailiasanna, i gcás fáil a bheith orthu, mar aon le, i gcás fáil a bheith uirthi, faisnéis i dtaobh doiciméid taistil.’

    ;

    (7)

    in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1), (2) agus (4) a scriosadh ó CIR ar mhodh uathoibrithe i gcomhréir leis na forálacha maidir le coinneáil sonraí atá i Rialachán (AE) 2024/1358 agus Rialachán (AE) 2019/816.’

    ;

    (8)

    in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Gan dochar d’Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2024/1358 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/816, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile in CIR i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo.’

    ;

    (9)

    in Airteagal 26(1), cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    ‘(c)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac;

    (d)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac i gcás meaitseálacha a tharla agus na sonraí sin á dtarchur;

    (e)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac;

    (f)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac;

    (g)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac;

    (h)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil VIII de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac;’;

    (10)

    leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

    ‘(aa)

    déantar tacar sonraí a tharchur chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagail 17, 19, 21, 22, 23, 24 nó 26 de Rialachán (AE) 2024/1358;’;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

    ‘(c)

    sloinne nó sloinnte; céadainm nó céadainmneacha; ainm nó ainmneacha breithe, ainmneacha a úsáideadh roimhe sin agus aon ailias; dáta breithe, áit bhreithe, náisiúntacht nó náisiúntachtaí agus gnéas dá dtagraítear in Airteagail 17, 19, 21, 22, 23, 24 agus 26 de Rialachán (AE) 2024/1358;’;

    (11)

    in Airteagal 29(1), cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    ‘(c)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac i gcás meaitseálacha a tharla agus na sonraí sin á dtarchur;

    (d)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac i gcás meaitseálacha a tharla agus na sonraí sin á dtarchur;

    (e)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, i gcás meaitseálacha a tharla agus na sonraí sin á dtarchur;

    (f)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, i gcás meaitseálacha a tharla agus na sonraí sin á dtarchur;

    (g)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac i gcás meaitseálacha a tharla agus na sonraí sin á dtarchur;

    (h)

    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil VIII de Rialachán (AE) 2024/1358 a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac i gcás meaitseálacha a tharla agus na sonraí sin á dtarchur.’;

    (12)

    in Airteagal 39, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Déanfaidh eu-LISA lárstóras um thuairisciú agus staidreamh a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a shuíomhanna teicniúla ina mbeidh na sonraí agus an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1358 Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862 agus in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816, arna scaradh go loighciúil de réir an chórais faisnéise AE. Is trí bhíthin rochtain rialaithe, shlán agus trí phróifílí úsáideoirí sonracha, chun críche tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na críche sin amháin, a thabharfar rochtain do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1358 Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816 ar CRRS.’

    ;

    (13)

    in Airteagal 47(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    ‘Daoine a bhfuil a gcuid sonraí ar taifead in Eurodac, cuirfear ar an eolas iad maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le mír 1 nuair a tharchuirfear tacar sonraí nua chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagail 15, 18, 20, 22, 23, 24 agus 26 de Rialachán (AE) 2024/1358.’;

    (14)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:

    ‘Airteagal 50

    Sonraí a chur in iúl do thríú tíortha, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus do pháirtithe príobháideacha

    Gan dochar d’Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagail 25 agus 26 de Rialachán (AE) 2016/794, Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagail 49 agus 50 de Rialachán (AE) 2024/1358 agus an cuardach i mbunachair sonraí Interpol trí tairseach chuardaigh Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 9(5) den Rialachán seo a chomhlíonann forálacha Chaibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, ní dhéanfar sonraí pearsanta a stóráiltear nó a phróiseáiltear sna comhchodanna idir-inoibritheachta ná a bhfaigheann na comhchodanna idir-inoibritheachta rochtain orthu a aistriú chuig aon tríú tír, chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta, ná chuig aon pháirtí príobháideach ná ní chuirfear na sonraí sin ar fáil dóibh.’.

    CAIBIDIL XIV

    Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 55

    Costais

    1.   Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais a thabhófar i dtaca le bunú agus oibriú Eurodac agus an Bhonneagair Chumarsáide.

    2.   Is ar gach Ballstát agus ar Europol faoi seach a thitfidh na costais a thabhóidh na Pointí Rochtana Náisiúnta agus Pointe Rochtana Europol mar aon leis na costais a bheidh orthu don nasc le Eurodac.

    3.   An bonneagar teicniúil is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, déanfaidh gach Ballstát agus Europol é a chur ar bun agus a chothabháil ar a gcostas féin, agus beidh siad freagrach as na costais a íoc a bheidh ann de thoradh iarrataí ar chomparáid a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí.

    Airteagal 56

    Nós imeachta Coiste

    1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I gcás nach dtabharfaidh an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 57

    Tuarascálacha, faireachán agus meastóireacht

    1.   Cuirfidh eu-LISA tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Eurodac, lena n-áirítear ar fheidhmiú teicniúil agus ar shlándáil an chéanna, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Beidh faisnéis sa tuarascáil bhliantúil faoi bhainistíocht agus feidhmíocht Eurodac de réir tháscairí cainníochtúla réamhshainithe na gcuspóirí a bhaineann le haschur, costéifeachtacht agus caighdeán seirbhíse.

    2.   Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú Eurodac de réir na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Chun críocha na cothabhála teicniúla, an tuairiscithe agus an staidrimh, beidh rochtain ag eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála a dhéanfar in Eurodac.

    4.   Faoin 12 Meitheamh 2027, déanfaidh eu-LISA staidéar ar indéantacht theicniúil bogearraí aghaidh-aitheanta a chur le Eurodac chun comparáid idir íomhánna den aghaidh, mionaoisigh san áireamh, a dhéanamh. Beidh meastóireacht sa staidéar sin ar a iontaofa agus a chruinne a bhíonn torthaí ó bhogearraí aghaidh-aitheanta chun críocha Eurodac agus beidh na moltaí is gá ann faoina bhfuil le déanamh sula dtabharfar teicneolaíocht aghaidh-aitheanta isteach in Eurodac.

    5.   Faoin 12 Meitheamh 2029 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar Eurodac le chéile ina mbeidh scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí a bhí ann agus ar an tionchar ar chearta bunúsacha, go háirithe an tionchar ar chosaint sonraí agus cearta chun príobháideachais, lena n-áirítear cé acu a bhí idirdhealú indíreach in aghaidh daoine a chumhdaítear leis an Rialachán seo mar thoradh ar rochtain chun críocha fhorfheidhmiú an dlí nó nach raibh, agus ina mbeidh measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnaíochta lena n-áirítear úsáid bogearraí aghaidh-aitheanta agus ar aon impleacht d’oibríochtaí amach anseo; agus déanfaidh an Coimisiún aon mholadh is gá de réir an mhéid sin. Áireofar sa mheastóireacht sin freisin measúnú ar na sineirgí idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2018/1862. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    6.   An fhaisnéis is gá chun an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil do eu-LISA agus don Choimisiún.

    7.   Soláthróidh eu-LISA, na Ballstáit agus Europol don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an mheastóireacht fhoriomlán dá bhforáiltear i mír 5 a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti a nochtfaidh foinsí, baill foirne ná imscrúduithe na n-údarás ainmnithe.

    8.   Agus forálacha an dlí náisiúnta maidir le foilsiú faisnéise íogaire á n-urramú, ullmhóidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha gach 2 bhliain maidir le héifeachtacht chomparáid na sonraí bithmhéadracha le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, tuarascálacha ina mbeidh faisnéis agus staidreamh fúthu seo a leanas:

    (a)

    cad é go baileach is cuspóir don chomparáid, lena n-áirítear an cineál ciona sceimhlitheoireachta nó cineál ciona choiriúil thromchúisigh eile;

    (b)

    na forais a luaitear le haghaidh amhras a bhfuil bunús tugtha leis;

    (c)

    na forais réasúnacha a luaitear i gcomhréir le hAirteagal 33(1), pointe (a), den Rialachán seo, gan comparáid a dhéanamh le Ballstáit eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB;

    (d)

    líon na n-iarrataí ar chomparáid a dhéanamh;

    (e)

    líon agus cineál na gcásanna inar éirigh leis na húdaráis sainaithint a dhéanamh; agus

    (f)

    eolas faoin úsáid a baineadh as an gcás práinne eisceachtúil agus faoin ngá leis, lena n-áirítear na cásanna sin nár glacadh leis an bpráinn sin leo san fhíorú ex post a rinne an t-údarás fíoraithe.

    Tarchuirfear tuarascálacha na mBallstát agus tuarascálacha Europol dá dtagraítear sa chéad fhomhír chuig an gCoimisiún roimh an 30 Meitheamh den bhliain ina dhiaidh sin.

    9.   Ar bhonn na dtuarascálacha ó na Ballstáit agus Europol dá dtagraítear i mír 8, agus sa bhreis ar an meastóireacht fhoriomlán dá bhforáiltear i mír 5, gach 2 bhliain, tiomsóidh an Coimisiún tuarascáil ar an rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus tarchuirfidh sé í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

    Airteagal 58

    Measúnú

    1.   Faoin 12 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmiú agus éifeachtúlacht oibríochtúil aon chórais TF a úsáidtear chun sonraí tairbhithe de chosaint shealadach a mhalartú chun críocha an chomhair riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2001/55/CE.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an tionchar a mheastar a bheidh ag Airteagal 26 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcás ina ngníomhachtófar Treoir 2001/55/CE, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

    (a)

    cineál na sonraí atá faoi réir próiseála;

    (b)

    an tionchar a mheastar a bheidh ag rochtain ar na sonraí a liostaítear in Airteagal 26(2) a thabhairt do na húdaráis ainmnithe dá dtagraítear in Airteagail 5(1) agus 9(1); agus

    (c)

    na coimircí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    3.   Ag brath ar thoradh na measúnuithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach lena leasófar nó lena n-aisghairfear Airteagal 26, más iomchuí.

    Airteagal 59

    Pionóis

    Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá lena áirithiú gurb inphionósaithe le pionóis gach próiseáil a dhéanfar ar shonraí a thaifeadtar in Eurodac atá i gcoinne chuspóirí Eurodac mar a leagtar síos in Airteagal 1, lena n-áirítear pionóis riaracháin nó pionóis choiriúla, nó an dá rud, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    Airteagal 60

    Raon feidhme críochach

    Ní bheidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le haon chríoch nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1351 maidir léi, cé is moite de na forálacha a bhaineann le sonraí arna mbailiú chun cuidiú le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1350 faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

    Airteagal 61

    Fógra a thabhairt d’údaráis ainmnithe agus d’údaráis fíoraithe

    1.   Faoin 12 Meán Fómhair 2024, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir lena údaráis ainmnithe agus maidir lena aonaid oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus maidir lena údarás fíoraithe agus tabharfaidh sé fógra gan mhoill maidir le haon leasú air sin.

    2.   Faoin 12 Meán Fómhair 2024, tabharfaidh Europol fógra don Choimisiún maidir lena údarás ainmnithe agus maidir lena údarás fíoraithe agus tabharfaidh sé fógra gan mhoill maidir le haon leasú air sin.

    3.   Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar bhonn bliantúil agus i bhfoilseachán leictreonach a bheidh ar fáil ar líne agus a nuashonrófar gan mhoill.

    Airteagal 62

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) le héifeacht ón 12 Meitheamh 2026.

    Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

    Airteagal 63

    Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

    1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 12 Meitheamh 2026.

    Beidh feidhm ag Airteagal 26, áfach, ón 12 Meitheamh 2029.

    3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine a thairbhíonn de chosaint shealadach de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, ná aon chosaint choibhéiseach náisiúnta eile dá bhun, aon leasuithe a dhéanfar amach anseo ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, ná aon síneadh ar an gcosaint shealadach sin.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit agus eu-LISA an Doiciméad um Rialú Comhéadain a chomhaontú tráth nach déanaí ná an 12 Nollaig 2024.

    5.   Beidh feidhm ag comparáidí idir íomhánna den aghaidh a rinneadh le bogearraí aghaidh-aitheanta mar a leagtar amach in Airteagail 15 agus 16 den Rialachán seo ón dáta a tugadh an teicneolaíocht aghaidh-aitheanta isteach in Eurodac. Tabharfar bogearraí aghaidh-aitheanta isteach in Eurodac laistigh de bhliain tar éis an staidéar ar thabhairt isteach bogearraí aghaidh-aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 57(4) a thabhairt i gcrích. Go dtí an dáta sin, stórálfar íomhá den aghaidh in Eurodac mar chuid de thacair sonraí an ábhair sonraí agus tarchuirfear iad chuig Ballstát tar éis na comparáide idir na méarloirg má bhíonn amas ann.

    6.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus eu-LISA ar an eolas a luaithe atá na socruithe teicniúla chun sonraí a aistriú chuig Eurodac déanta acu, tráth nach déanaí ná an 12 Meitheamh 2026.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO C 34, 2.2.2017, lch. 144 agus IO C 155, 30.4.2021, lch. 64.

    (2)   IO C 185, 9.6.2017, lch. 91 agus IO C 175, 7.5.2021, lch. 32.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024.

    (4)  Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).

    (5)  Rialachán (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147 (IO L, 2024/1350, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1350/oj).

    (6)  Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).

    (7)  Rialachán (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear, lena leasaítear Treoir 2003/109/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1347, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1347/oj).

    (8)  Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin a bhaineann le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh (IO L, 2024/1346, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj).

    (9)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

    (10)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

    (11)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór de dhaoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Ballstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

    (12)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).

    (13)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (14)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

    (15)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

    (16)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

    (17)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

    (18)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

    (19)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).

    (20)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (21)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

    (22)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

    (23)  Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1).

    (24)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

    (25)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland LtdAn tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus Eile agus Kärntner Landesregierung agus Eile, Cásanna uamtha C-293/12 agus C-594/12, ECLI:EU:C:2014:238; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige ABPost-och telestyrelsen agus Státrúnaí don Roinn Gnóthaí Baile v. Tom Watson agus Eile, Cásanna uamtha C-203/15 agus C-698/15, ECLI:EU:C:2016:970.

    (26)  Coinbhinsiún ag socrú an Stáit is freagrach as iarratas ar thearmann a thaisctear i mBallstát de chuid na gComhphobal Eorpach a scrúdú – Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (IO C 254, 19.8.1997, lch. 1).

    (27)  An Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (IO L 239, 22.9.2000, lch. 19).

    (28)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

    (29)  Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).

    (30)  Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain ar Chóras Faisnéise Víosaí (VIS) a bheith ag údaráis ainmnithe de chuid Ballstát agus ag Europol chun na sonraí ann a cheadú chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129).

    (31)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus i ndáil le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (32)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (33)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus ag baill dá dteaghlach gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

    (34)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 077, 23.3.2016, lch. 1).

    (35)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

    (36)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

    (37)  Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).

    (38)  Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN I

    Tábla comhfhreagairtí dá dtagraítear in Airteagal 8

    Sonraí arna gcur ar fáil de bhun Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thaifeadann agus a stórálann an Lárchóras ETIAS

    Na sonraí comhfhreagracha in Eurodac de bhun Airteagail 17, 19, 21, 22, 23, 24 agus 26 den Rialachán seo, ar cheart sonraí ETIAS a sheiceáil i gcomparáid leo

    an sloinne (ainm an teaghlaigh)

    sloinne/sloinnte

    sloinne breithe

    ainm/ainmneacha breithe

    an céadainm nó na céadainmneacha

    céadainm/céadainmneacha

    ainmneacha eile (ailiasanna, ainm ealaíonta/ainmneacha ealaíonta, gnáthainm/gnáthainmneacha)

    ainmneacha agus ailiasanna a úsáideadh roimhe seo

    dáta breithe

    dáta breithe

    áit bhreithe

    áit bhreithe

    Gnéas

    gnéas

    náisiúntacht reatha

    náisiúntacht/náisiúntachtaí

    náisiúntachtaí eile, más ann dóibh

    náisiúntacht/náisiúntachtaí

    cineál an doiciméid taistil

    an cineál doiciméid taistil

    uimhir an doiciméid taistil

    uimhir an doiciméid taistil

    tír eisiúna an doiciméid taistil

    cód trí litir na tíre eisiúna


    IARSCRÍBHINN II

    Tábla comhghaoil

    Rialachán (AE) Uimh. 603/2013

    An Rialachán seo

    Airteagal 1(1)

    Airteagal 1(1), pointí (a) agus (c)

    Airteagal 1(1), pointí (b) agus (d)

    Airteagal 1(2)

    Airteagal 1(1), pointe (e)

    Airteagal 1(1), pointí (f) go (j)

    Airteagal 1(3)

    Airteagal 1(2)

    Airteagal 2(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 2(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 2(1), pointí (a) agus (b)

    Airteagal 2(1), pointí (a) agus (e)

    Airteagal 2(1), pointí (b) agus(d)

    Airteagal 2(1), pointí (f) agus (g)

    Airteagal 2(1), pointe (c)

    Airteagal 2(1), pointe (h)

    Airteagal 2(1), pointe (i)

    Airteagal 2(1), pointe (d)

    Airteagal 2(1), pointe (j)

    Airteagal 2(1), pointe (e)

    Airteagal 2(1), pointe (k)

    Airteagal 2(1), pointe (l)

    Airteagal 2(1), pointe (f)

    Airteagal 2(1), pointe (g)

    Airteagal 2(1), pointe (h)

    Airteagal 2(1), pointe (m)

    Airteagal 2(1), pointe (i)

    Airteagal 2(1), pointe (n)

    Airteagal 2(1), pointe (j)

    Airteagal 2(1), pointe (o)

    Airteagal 2(1), pointe (k)

    Airteagal 2(1), pointe (p)

    Airteagal 2(1), pointe (l)

    Airteagal 2(1), pointe (q)

    Airteagal 2(1), pointí (r) go (z)

    Airteagal 2(2), (3) agus (4)

    Airteagal 2(2), (3) agus (4)

    Airteagal 3(1), an fhoclaíocht tosaigh agus pointí (a) agus (b)

    Airteagal 3(1), an fhoclaíocht tosaigh agus pointí (a) agus (b)

    Airteagal 3(1), pointe (c) agus (d)

    Airteagal 3(2)

    Airteagal 3(3)

    Airteagal 3(2)

    Airteagal 3(4)

    Airteagal 3(3)

    Airteagal 3(5)

    Airteagal 3(6)

    Airteagal 3(4)

    Airteagal 3(7)

    Airteagal 3(5)

    Airteagal 13(6)

    Airteagal 4(1)

    Airteagal 4(1)

    Airteagal 4(2)

    Airteagal 4(3)

    Airteagal 4(3)

    Airteagal 4(4)

    Airteagal 4(2)

    Airteagal 4(4)

    Airteagal 4(5)

    Airteagal 5

    Airteagal 5

    Airteagal 6

    Airteagal 6

    Airteagal 7

    Airteagal 7

    Airteagal 8

    Airteagal 9

    Airteagal 10

    Airteagal 11

    Airteagal 8(1) an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 8(1) an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 12(1), pointí (a) go (h)

    Airteagal 8(1), pointe (a)

    Airteagal 12(1), pointe (i)

    Airteagal 12(1), pointe (j)

    Airteagal 8(1), pointe (b)

    Airteagal 8(1), pointe (c)

    Airteagal 8(1), pointe (d)

    Airteagal 8(1), pointe (e)

    Airteagal 8(1), pointe (f)

    Airteagal 8(1), pointe (g)

    Airteagal 8(1), pointe (h)

    Airteagal 8(1), pointe (i)

    Airteagal 12(1), pointe (k), fophointe (i)

    Airteagal 12(1), pointe (l)

    Airteagal 12(1), pointe (m), fophointe (i)

    Airteagal 12(1), pointe (n), fophointe (i)

    Airteagal 12(1), pointí (o) agus (p)

    Airteagal 12(1), pointe (q)

    Airteagal 12(1), pointe (r)

    Airteagal 12(1), pointe (s)

    Airteagal 12(1), pointe (t)

    Airteagal 12(1), pointe (u)

    Airteagal 12(1), pointí (v) agus (w)

    Airteagal 8(2)

    Airteagal 12(2)

    Airteagal 12(3) go (6)

    Airteagal 13

    Airteagal 14

    Airteagal 9(1)

    Airteagal 15(1)

    Airteagal 9(2)

    Airteagal 15(2)

    Airteagal 9(3)

    Airteagal 9(4)

    Airteagal 9(5)

    Airteagal 15(3)

    Airteagal 16(1)

    Airteagal 10, an fhoclaíocht tosaigh agus pointí (a) go (d)

    Airteagal 16(2), an fhoclaíocht tosaigh agus pointí (a) go (d)

    Airteagal 10, pointe (e)

    Airteagal 16(3)

    Airteagal 16(2) agus (4)

    Airteagal 11, an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 17(1), an fhoclaíocht tosaigh, agus Airteagal 17(2), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 11, pointe (a)

    Airteagal 17(1), pointe (a)

    Airteagal 11, pointe (b)

    Airteagal 17(1), pointe (g)

    Airteagal 11, pointe (c)

    Airteagal 17(1), pointe (h)

    Airteagal 11, pointe (d)

    Airteagal 17(1), pointe (k)

    Airteagal 11, pointe (e)

    Airteagal 17(1), pointe (l)

    Airteagal 11, pointe (f)

    Airteagal 17(1), pointe (m)

    Airteagal 11, pointe (g)

    Airteagal 17(1), pointe (n)

    Airteagal 17(1), pointí (b) go (f), (i) agus (j)

    Airteagal 11, pointe (h)

    Airteagal 17(2), pointí(c) agus (d)

    Airteagal 11, pointe (i)

    Airteagal 17(2), pointe (e)

    Airteagal 11, pointe (j)

    Airteagal 17(2), pointe (f)

    Airteagal 11, pointe (k)

    Airteagal 17(2), pointe (a)

    Airteagal 17(2), pointí (b) agus (g) go (l)

    Airteagal 17(3) agus (4)

    Airteagal 12

    Airteagal 13

    Airteagal 18

    Airteagal 19

    Airteagal 20

    Airteagal 21

    Airteagal 14(1)

    Airteagal 22(1)

    Airteagal 14(2), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 22(2), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 14(2), pointe (a)

    Airteagal 22(2), pointe (a)

    Airteagal 14(2), pointe (b)

    Airteagal 22(2), pointe (g)

    Airteagal 14(2), pointe (c)

    Airteagal 22(2), pointe (h)

    Airteagal 14(2), pointe (d)

    Airteagal 22(2), pointe (k)

    Airteagal 14(2), pointe (e)

    Airteagal 22(2), pointe (l)

    Airteagal 14(2), pointe (f)

    Airteagal 22(2), pointe (m)

    Airteagal 14(2), pointe (g)

    Airteagal 22(2), pointe (n)

    Airteagal 22(2), pointí (b) go (f), (i) agus (j)

    Airteagal 22(3)

    Airteagal 14(3)

    Airteagal 22 (4)

    Airteagal 14(4)

    Airteagal 22(5)

    Airteagal 14(5)

    Airteagal 22(6)

    Airteagal 22(7) go (10)

    Airteagal 15

    Airteagal 16

    Airteagal 17

    Airteagal 23

    Airteagal 24

    Airteagal 25

    Airteagal 26

    Airteagal 27

    Airteagal 28

    Airteagal 29

    Airteagal 30

    Airteagal 18(1)

    Airteagal 31(1)

    Airteagal 18(2)

    Airteagal 31(2)

    Airteagal 18(3)

    Airteagal 31(3)

    Airteagal 31(4), (5) agus(6)

    Airteagal 19(1)

    Airteagal 32(1)

    Airteagal 19(2)

    Airteagal 32(2)

    Airteagal 19(3)

    Airteagal 32(3)

    Airteagal 32(4)

    Airteagal 19(4)

    Airteagal 32(5)

    Airteagal 20(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 33(1), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht tosaigh agus pointe (a), agus an dara fomhír

    Airteagal 20(1), pointí (a), (b) agus (c)

    Airteagal 33(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c)

    Airteagal 33(2)

    Airteagal 20(2)

    Airteagal 33(3)

    Airteagal 21(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 34(1), an fhoclaíocht tosaigh agus pointe (a)

    Airteagal 21(1), pointí (a), (b) agus (c)

    Airteagal 34(1), pointí (b), (c) agus(d)

    Airteagal 34(2)

    Airteagal 21(2)

    Airteagal 34(3)

    Airteagal 21(3)

    Airteagal 34(4)

    Airteagal 22(1)

    Airteagal 35(1)

    Airteagal 22(2)

    Airteagal 35(2)

    Airteagal 23(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 36(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 23(1), pointí (a) agus (b)

    Airteagal 36(1), pointe (a)

    Airteagal 23(1), pointí (c), (d) agus (e)

    Airteagal 36(1), pointí (b), (c) agus (d)

    Airteagal 23(2)

    Airteagal 36(2)

    Airteagal 23(3)

    Airteagal 36(3)

    Airteagal 23(4), pointí (a), (b) agus (c)

    Airteagal 36(4), pointí (a), (b) agus(c)

    Airteagal 24

    Airteagal 37

    Airteagal 25(1) go (5)

    Airteagal 38(1) go (4) agus (6)

    Airteagal 38(5)

    Airteagal 26

    Airteagal 39

    Airteagal 27(1) go (5)

    Airteagal 40(1), (2), (3), (5) agus (6)

    Airteagal 40(4)

    Airteagal 28 (1), (2) agus (3)

    Airteagal 41(1), (4) agus (5)

    Airteagal 41(2) agus (3)

    Airteagal 29(1), an fhoclaíocht tosaigh agus pointí (a) go (e)

    Airteagal 42 (1), pointí (a), (b), (d), (e) agus (g)

    Airteagal 42(1), pointí (c), (f) agus (h)

    Airteagal 29(2)

    Airteagal 42(2)

    Airteagal 29(3)

    Airteagal 42(3)

    Airteagal 29(4) go (15)

    Airteagal 43(1)

    Airteagal 43(2)

    Airteagal 43(3)

    Airteagal 43(4)

    Airteagal 43(5)

    Airteagal 43(6)

    Airteagal 43(7)

    Airteagal 43(8)

    Airteagal 30

    Airteagal 44

    Airteagal 31

    Airteagal 45

    Airteagal 32

    Airteagal 46

    Airteagal 33(1)

    Airteagal 33(2)

    Airteagal 47(1)

    Airteagal 33(3)

    Airteagal 47(2)

    Airteagal 33(4)

    Airteagal 47(3)

    Airteagal 33(5)

    Airteagal 47(4)

    Airteagal 34(1)

    Airteagal 48(1)

    Airteagal 34(2), an fhoclaíocht tosaigh agus pointí (a) go (k)

    Airteagal 48(2), an fhoclaíocht tosaigh agus pointí (a) go (d), (f) go (k) agus (n)

    Airteagal 48(2), pointí (e), (l) agus (m)

    Airteagal 34(3)

    Airteagal 48(3)

    Airteagal 34(4)

    Airteagal 48(4)

    Airteagal 48(5)

    Airteagal 35(1)

    Airteagal 49(1)

    Airteagal 35(2)

    Airteagal 49(2)

    Airteagal 49(3)

    Airteagal 49(4)

    Airteagal 35(3)

    Airteagal 49(5)

    Airteagal 50

    Airteagal 36(1)

    Airteagal 51(1)

    Airteagal 36(2), an fhoclaíocht tosaigh agus pointí (a) go (h)

    Airteagal 51(2), an fhoclaíocht tosaigh pointí (a) go (h)

    Airteagal 51(2), pointe (i)

    Airteagal 36 (3)

    Airteagal 51(3)

    Airteagal 37

    Airteagal 52

    Airteagal 38

    Airteagal 53

    Airteagal 54

    Airteagal 39

    Airteagal 55

    Airteagal 56

    Airteagal 40(1)

    Airteagal 57(1)

    Airteagal 40(2)

    Airteagal 57(2)

    Airteagal 40(3)

    Airteagal 57(3)

    Airteagal 57(4)

    Airteagal 40(4)

    Airteagal 57(5)

    Airteagal 40(5)

    Airteagal 57(6)

    Airteagal 40(6)

    Airteagal 57(7)

    Airteagal 40(7)

    Airteagal 57(8)

    Airteagal 40(8)

    Airteagal 57(9)

    Airteagal 58

    Airteagal 41

    Airteagal 59

    Airteagal 42

    Airteagal 60

    Airteagal 43

    Airteagal 61

    Airteagal 44

    Airteagal 45

    Airteagal 62

    Airteagal 46

    Airteagal 63

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn III

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn II


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top