Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1263

Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle

PE/51/2024/REV/1

IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1263

30.4.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1263 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2024

maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard atá i gceist le comhordú bheartais eacnamaíocha de chuid na mBallstát laistigh den Aontas, mar a fhoráiltear dó leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), comhlíonadh na dtreoirphrionsabal arb iad praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta agus dálaí airgeadaíochta fónta, agus comhardú inbhuanaithe na n-íocaíochtaí.

(2)

An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis,, arbh é a bhí ann i dtosach Rialacháin (CE) Uimh. 1466/97 (3) agus (CE) Uimh. 1467/97 (4) ón gComhairle agus an Rún ón gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 1997 (5), tá sé bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta agus inbhuanaithe mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás inbhuanaithe láidir cuimsitheach a bhfuil cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca leis, agus ar an gcaoi sin tacú le cuspóirí an Aontais maidir le fás agus fostaíocht atá inbhuanaithe a ghnóthú.

(3)

Is cuid den Seimeastar Eorpach é an creat rialachais fhioscaigh, a chuimsíonn freisin comhordú agus faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta níos leithne na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagail 121 agus 148 CFAE, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus na moltaí tírshonracha gaolmhara.

(4)

Tá rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta, na gcomhpháirtithe sóisialta, na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile sa Seimeastar Eorpach ríthábhachtach chun úinéireacht náisiúnta beartas eacnamaíoch agus fioscach agus ceapadh beartais atá trédhearcach agus cuimsitheach a áirithiú.

(5)

Ba cheart creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a oiriúnú chun ilchineálacht mhéadaithe na riochtaí fioscacha, na fiachais phoiblí agus na ndúshlán eacnamaíoch, chomh maith le leochaileachtaí eile ar fud na mBallstát a chur san áireamh níos fearr. Bhí an fhreagairt láidir bheartais ar phaindéim COVID-19 an-éifeachtach maidir le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime a d’eascair as an bpaindéim sin a mhaolú, ach tháinig méadú suntasach ar chóimheasa fiachais sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí mar thoradh air sin, rud a léirigh an tábhacht a bhaineann le cóimheasa fiachais agus easnaimh fiachais a laghdú go dtí leibhéil stuama ar bhealach réadúil, marthanach lena gcothófaí an fás de réir a chéile lena n-áiritheofar saoirse do bheartais fhrith-thimthriallacha agus aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus aird chuí á tabhairt ar chuspóirí fostaíochta agus sóisialta. An tráth céanna, ba cheart creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a oiriúnú chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha atá roimh an Aontas, amhail aistriú cothrom digiteach agus glas a bhaint amach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), slándáil fuinnimh a áirithiú, tacú le neamhspleáchas straitéiseach oscailte, aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach, athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta agus cóineasú marthanach a neartú, agus an Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint a chur chun feidhme, a bhfuil gá ag gach ceann acu le hathchóirithe agus ardleibhéil seasmhacha infheistíochta sna blianta amach romhainn.

(6)

Ba cheart le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais airgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur chun cinn agus, dá bhrí sin, idirdhealú a dhéanamh idir na Ballstáit trína bhfiachas poiblí agus a ndúshláin eacnamaíocha a chur san áireamh agus conairí fioscacha ilbhliantúla tírshonracha a cheadú, agus faireachas iltaobhach éifeachtach á áirithiú agus prionsabal na córa comhionainne á urramú ag an am céanna.

(7)

Is gá leibhéal iomchuí infheistíochta poiblí a áirithiú chun príomhchuspóirí an athchóirithe ar an gcreat rialachais eacnamaíoch a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí reatha an Aontais agus ar na tosaíochtaí a bheidh ann amach anseo. Le cur chun feidhme na n-ionstraimí maoiniúcháin amhail cistí an bheartais comhtháthaithe, lena gcuimsítear faoi láthair Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (10), nó faoin Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle (11), d’fhéadfaí ceacht a fhoghlaim maidir le héifeachtacht agus éifeachtúlacht infheistíochtaí agus beartais fostaíochta a fheabhsú, agus maidir le hionstraim infheistíochta ar bith de chuid an Aontais lena dtabharfaí aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais.

(8)

Leis an nós imeachta faireachais iltaobhaigh a leagtar amach in Airteagal 121(2), (3) agus (4) agus in Airteagal 148(4) CFAE, ba cheart faireachán a dhéanamh ar raon iomlán na bhforbairtí eacnamaíocha agus fostaíochta i ngach Ballstát agus san Aontas ina iomláine. Áirítear leis sin míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath agus míchothromaíochtaí iomarcacha a chosc agus a cheartú, a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 (12) agus (AE) Uimh. 1176/2011 (13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach. Chun faireachán a dhéanamh ar na forbairtí eacnamaíocha agus fostaíochta sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a thíolacadh i bhfoirm pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha lena gcumhdaítear tréimhse 4 bliana nó 5 bliana, ag brath ar fhad rialta théarma reachtaíochta an Bhallstáit lena mbaineann. Mar chuid dá anailís chomhtháite ar fhorbairtí fostaíochta agus sóisialta i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, déanann an Coimisiún measúnú ar rioscaí don chóineasú sóisialta aníos sna Ballstáit agus déanann sé faireachán ar chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar bhonn an Scórchláir Shóisialta agus phrionsabail an Chreata um Chóineasú Sóisialta.

(9)

Ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le hinneachar, tíolacadh, measúnú, formhuiniú agus faireachán na bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, chun airgeadas poiblí atá fónta agus inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit, agus an athléimneacht a chur chun cinn trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí, lena n-áirítear iad siúd a rannchuidíonn le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais, agus cosc a chur ar easnaimh rialtais iomarcacha.

(10)

Sna pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta ba cheart an beartas fioscach, na hathchóirithe struchtúracha agus na hinfheistíochtaí atá ag gach Ballstát a thabhairt le chéile. Ba cheart na pleananna sin a bheith ina mbunchloch i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Ba cheart do gach Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach a thíolacadh ina leagtar amach a chonair fhioscach chomh maith le hinfheistíochtaí agus athchóirithe poiblí tosaíochta lena n-áiritheofar le chéile laghdú marthanach de réir a chéile ar fhiachas agus fás inbhuanaithe cuimsitheach, agus beartas fioscach comh-thimthriallach á sheachaint. Ba cheart athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne a áireamh sna pleananna sin freisin, lena n-áirítear i ndáil le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais, eadhon an t-aistriú glas, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip agus an t-aistriú chuig aeráidneodracht faoi 2050 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119 agus trí bhíthin an mhéid seo a leanas: na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a tíolacadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) a chur chun feidhme; an t-aistriú digiteach, lena n-áirítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15); athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch agus cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear na spriocanna gaolmhara maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta faoi 2030; slándáil fuinnimh; agus neartú cumas cosanta i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear an Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint, nó gníomhartha Aontais dá éis a bheadh ábhartha i dtaca leis an tosaíochtaí sin. Le linn thréimhse oibríochta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), ba cheart aird chuí a thabhairt ar na gealltanais a rinneadh sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta agus na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta á dtarraingt suas.

(11)

Déantar cistí an bheartais comhtháthaithe a shioncrónú freisin leis an Seimeastar Eorpach. Mar bheartas infheistíochta fadtéarmach bhuiséad an Aontais, ba cheart ba cheart aird chuí a thabhairt ar athchóirithe agus infheistíochtaí faoi na cistí sin freisin agus na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta á dtarraingt suas, chun comhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, comhlántacht a áirithiú.

(12)

Sula ndéanfar plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh, ba cheart idirphlé teicniúil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun a áirithiú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh. Ba cheart achoimre ar an idirphlé teicniúil sin a bheith san áireamh sa mheasúnú a dhéanfaidh an Coimisiún ar na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta. Ar bhonn moladh ón gCoimisiún, ba cheart don Chomhairle moladh a ghlacadh lena leagfar amach an chonair ghlanchaiteachais agus, de réir mar is iomchuí, na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an síneadh a d’fhéadfaí a chur le tréimhse choigeartúcháin a fhormhuiniú.

(13)

Chun creat fioscach an Aontais a shimpliú agus trédhearcacht a mhéadú, ba cheart táscaire oibriúcháin aonair a bheadh bunaithe ar inbhuanaitheacht fiachais a bheith mar bhonn leis an gconair fhioscach a leagan amach agus le faireachas fioscach bliantúil a dhéanamh do gach Ballstát. Ba cheart an táscaire oibriúcháin aonair sin a bheith bunaithe ar ghlan-phríomhchaiteachas arna maoiniú go náisiúnta, is é sin le rá: caiteachas rialtais glan ar chaiteachas úis, ar bhearta lánroghnacha ioncaim, ar chaiteachas ar chláir Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, ar chaiteachas náisiúnta lena ndéantar cláir arna gcistiú ag an Aontas a chómhaoiniú, agus ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta. I gcomhréir leis na treoirphrionsabail atá á n-úsáid ag an gCoimisiún chun idirbhearta a aicmiú mar idirbhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile, ba cheart na bearta aonuaire sin agus na bearta sealadacha eile sin a eisiamh ón táscaire glanchaiteachais freisin. Leis an táscaire sin, nach ndéanann oibriú cobhsaitheoirí uathoibríocha agus luaineachtaí caiteachais eile nach bhfuil faoi rialú díreach an rialtais difear dó, cuirtear saoirse ar fáil le haghaidh cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch fhrith-thimthriallach.

(14)

Chun an t-idirphlé a dhíriú as a dtiocfaidh tíolacadh pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, ba cheart don Choimisiún conair lena gcumhdaítear tréimhse choigeartúcháin 4 bliana, a bhféadfaí síneadh suas le 3 bliana a chur leis, a tharchur chuig Ballstáit a bhfuil fiachas rialtais ghinearálta acu atá os cionn 60 % den OTI nó easnamh rialtais a sháraíonn 3 % den OTI, mar a leagtar amach in Airteagal 126(2) CFAE, i gcomhar le Prótacal (Uimh. 12) maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE (‘Prótacal (Uimh. 12)’). Ba cheart an chonair sin a bheith rioscabhunaithe, tírshonrach agus bunaithe ar inbhuanaitheacht fiachais chun cur chuige níos réamhbhreathnaithí a áirithiú a bheidh oiriúnach do na dúshláin atá ann faoi láthair agus dóibh siúd a bheidh ann amach anseo.

(15)

Arna iarraidh sin do Bhallstát nach mó a fhiachas rialtais ná 60 % den OTI agus nach mó a easnamh rialtais ná 3 % den OTI, ba cheart don Choimisiún treoir tharchur chuig an Ballstát sin i bhfoirm faisnéis theicniúil.

(16)

Le linn na míosa roimh an spriocdháta faoina bhfuil an Coimisiún Eorpach le conair tagartha nó faisnéis theicniúil a tharchur chuig Ballstát, ba cheart an deis a bheith ag an mBallstát sin malartú teicniúil leis an gCoimisiún a iarraidh. Ba cheart, leis an malartú teicniúil sin, deis a bheith ann an fhaisnéis staidrimh is déanaí atá ar fáil agus ionchas eacnamaíoch agus fioscach an Bhallstáit lena mbaineann a phlé, agus cóir chomhionann á háirithiú idir na Ballstáit.

(17)

Is ar shonraí staidrimh arna soláthar ag Eurostat, atá freagrach, thar ceann an Choimisiúin, as cáilíocht na sonraí fioscacha a thiomsaítear i gcomhréir le Córas Eorpach na gCuntas Náisiúnta agus Réigiúnach a áirithiú, atá creat faireachais bhuiséadaigh iltaobhach an Aontais bunaithe. Tá Eurostat le creat a bhunú le haghaidh an tuairiscithe a dhéanfaidh na Ballstáit ar shonraí staidrimh maidir le cómhaoiniú náisiúnta clár arna gcistiú ag an Aontas agus atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus nach bhfuil siad á mbailiú ag Eurostat i láthair na huaire. Go dtí go mbunófar an creat chun na sonraí sin a bhailiú agus a sholáthar, ba cheart gur ceadmhach do na Ballstáit dul i muinín meastachán. Is iad comhlachtaí staidrimh ábhartha an Aontais atá le formáid, raon feidhme, minicíocht agus uainiú sholáthar na sonraí sin ag na Ballstáit a chinneadh.

(18)

Leis an gconair thagartha, ba cheart a áirithiú, faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta ar chonair shochreidte anuas nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, fiú i gcásanna díobhálacha. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú leis freisin go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh ginearálta rialtais faoi bhun 3 % den OTI, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh costais bhreise a bheith ar na Ballstáit tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin mar shampla costais a bhaineann le haosú déimeagrafach. Ar deireadh, ba cheart a áirithiú leis go bhfuiltear comhsheasmhach leis an gconair cheartaitheach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle.

(19)

Chun feabhas a chur ar an intuarthacht i dtoradh chreat faireachais bhuiséadaigh iltaobhach an Aontais agus chun an chóir chomhionann idir na Ballstáit a threisiú, ba cheart, leis an gconair thagartha, coimirce inbhuanaitheachta fiachais a chomhlíonadh ex ante. Leis an gcoimirce sin, ba cheart a áirithiú le linn chéim dheartha na bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas fiachais rialtais réamh-mheasta ar an meán bliantúil íosta. D’fheidhmeodh sin mar íoscheanglas le haghaidh na hiarrachta atá mar bhonn leis an gconair thagartha agus leis an gconair ghlanchaiteachais. Mar gheall ar chomhdhéanamh sonrach fhiachas rialtais na Gréige gan íoc, tá méid suntasach d’íocaíochtaí úis iarchurtha le teacht chun bheith dlite in 2033. Níor cheart, dá bhrí sin, an méadú eisceachtúil gaolmhar ar chóimheas an fiachais rialtais ghinearálta le OTI de chuid na Gréige a chur san áireamh agus an choimirce inbhuanaitheachta fiachais á cur i bhfeidhm.

(20)

Meastar gur leor na ceanglais rioscabhunaithe don chonair thagartha chun leibhéil easnaimh rialtais a thabhairt go mór faoi bhun an luach tagartha de 3 % den OTI. Mar sin féin, chun an creat faireachais bhuiséadaigh iltaobhach a dhéanamh níos láidre maidir le forbairtí neamhchinnte ar athróga macraifhioscacha, ba cheart foráil a dhéanamh leis an gconair thagartha freisin maidir le corrlach coiteann athléimneachta i gcoibhneas leis an luach tagartha easnaimh dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE i gcomhar le Prótacal (Uimh. 12) nó cóineasú i dtreo an luacha tagartha easnaimh sin. Leis an gcoimirce athléimneachta chomhchoiteann sin, ba cheart a áirithiú go gcuirfear neart le maoláin fhioscacha le haghaidh imthosca díobhálacha agus suaití, rud a d’éascódh cur i gcrích beartas frith-thimthriallach faoi chreat fioscach an Aontais.

(21)

I gcás na chéad phleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, ba cheart inchreidteacht an laghdaithe ar an bhfiachas rialtais sa mheántéarma a bheith bunaithe ar an modheolaíocht a thuairiscítear i bhFaireachán an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais, 2023. Ba cheart do mheitheal um anailís ar inbhuanaitheacht fiachais iniúchadh a dhéanamh ar fheabhsuithe modheolaíochta a d’fhéadfaí a dhéanamh, lena n-áirítear maidir le toimhdí bunúsacha. Ba cheart saineolaithe ó na Ballstáit, an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach a bheith ar an meitheal sin. Ba cheart don mheitheal sin cuireadh a thabhairt don Bhord Fioscach Eorpach agus don Sásra Cobhsaíochta Eorpach mar bhreathnóirí. Ba cheart deis a bheith ag coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún a mhodheolaíocht a chur i láthair i gcomhthéacs an idirphlé eacnamaíoch a bhunaítear leis an Rialachán seo.

(22)

Chun a mheasúnú an bhfuil gá le tuilleadh coigeartuithe faoi dheireadh na tréimhse 4 bliana nó 5 bliana cur chun feidhme den phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta, ba cheart don Choimisiún an scéal a athmheasúnú má tá fiachas rialtais an Bhallstáit fós os cionn 60 % den OTI nó má tá a easnamh rialtais níos airde ná 3 % den OTI, agus ba cheart dó conair thagartha nua a chur chun cinn.

(23)

Ba cheart do gach plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a stádas a lua i gcomhthéacs nósanna imeachta náisiúnta, go háirithe cibé acu a cuireadh nó nár cuireadh an plean faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta agus cibé acu a d’fhormheas nó nár fhormheas an pharlaimint náisiúnta é. Sa phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta ba cheart a léiriú freisin cibé acu a bhí nó ní raibh deis ag an bparlaimint náisiúnta an moladh ón gComhairle maidir leis an bplean roimhe sin agus, i gcás inarb ábhartha, aon mholadh nó cinneadh eile ón gComhairle, nó aon rabhadh ón gCoimisiún, a phlé. Má tá sí ar fáil, ba cheart tuairim na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche a bunaíodh i gcomhréir le Treoir 2011/85/AE (17) ón gComhairle, a bheith i gceangal leis an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Sula dtíolacfaidh an Ballstát an dara plean fioscach-struchtúrach meántéarmacha náisiúnta ina dhiaidh sin, ba cheart dó, i gcomhréir leis an gcreat náisiúnta, dul i mbun comhairliúcháin leis na comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis réigiúnacha, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le páirtithe leasmhara náisiúnta ábhartha eile. Ba cheart faisnéis faoin gcomhairliúchán leis na parlaimintí náisiúnta agus faoin bpróiseas comhairliúcháin a áireamh sa phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta. I bhfianaise an sceidil níos déine atá beartaithe chun na chéad phleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a ullmhú, d’fheadfadh na Ballstáit comhairliúchán a dhéanamh roimh ré agus spriocdhátaí iomchuí acu.

(24)

I gcás rialtas nuacheaptha, ba cheart an deis a bheith ag Ballstát plean athbhreithnithe fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Má tá imthosca oibiachtúla ann a choisceann plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur chun feidhme, ba cheart an deis a bheith ag Ballstát a iarraidh plean athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh dheireadh an phlean reatha.

(25)

I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit toimhdí ina bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta atá éagsúil leis an gcreat réamh-mheastacháin fiachais meántéarmach rialtais, ba cheart dóibh na difríochtaí a mhíniú agus údar cuí a thabhairt leo ar bhealach trédhearcach agus bunaithe ar argóintí eacnamaíocha fónta san idirphlé teicniúil agus ina bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta.

(26)

I gcás ina measfaidh an Chomhairle nach gcomhlíonann plean athbhreithnithe fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta Ballstáit ceanglais an Rialacháin seo, ba cheart don Chomhairle, mar riail ghinearálta, an chonair thagartha bhunaidh a tharchuir an Coimisiún roimhe sin a mholadh mar an chonair ghlanchaiteachais.

(27)

Chun idirghníomhú cuí a cheadú idir creat comhchoiteann an Aontais agus na creataí buiséadacha náisiúnta, níor cheart don Choimisiún a mheasúnú ar chomhlíonadh a gcuid conairí glanchaiteachais faoi seach ag na Ballstáit mar atá socraithe ag an gComhairle a bhunú ach ar fhorbairtí glanchaiteachais amháin. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a gcuspóirí buiséadacha náisiúnta a shocrú i dtéarmaí táscaire difriúil, mar shampla an comhardú struchtúrach má cheanglaíonn a gcreat buiséadach náisiúnta é sin.

(28)

I measúnú an Choimisiúin ar na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta ba cheart scrúdú a dhéanamh ar inchreidteacht na dtoimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha go háirithe, a mhéid a imíonn siad uathu siúd is bun leis an gconair thagartha. Go háirithe, ba cheart na réamh-mheastacháin fiachais a bhaineann le beartas gan athrú atá le cur san áireamh sa phlean a bheith inchomparáide le réamh-mheastacháin an Choimisiúin.

(29)

Chun cur chun feidhme na bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a áirithiú, ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle faireachán a dhéanamh ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sna pleananna sin faoin Seimeastar Eorpach, bunaithe ar na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a chuir na Ballstáit isteach, agus i gcomhréir le hAirteagail 121 agus 148 CFAE. Chuige sin, ba cheart dóibh dul i mbun idirphlé eacnamaíoch le Parlaimint na hEorpa.

(30)

Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa a bheith páirteach go cuí, ar bhealach rialta agus struchtúrtha, sa Seimeastar Eorpach chun treisiú leis an trédhearcacht, leis an gcuntasacht agus leis an úinéireacht i leith na gcinntí arna nglacadh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart d’Uachtarán na Comhairle agus don Choimisiún Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go tráthrialta maidir le torthaí an fhaireachais iltaobhaigh de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún faisnéis atá le soláthar i gcomhthéacs an Rialacháin seo a ullmhú agus a tharchur chuig an gComhairle, agus ba cheart í a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa gan moill mhíchuí.

(31)

Chun laghdú fiachais de réir a chéile a áirithiú, féadfar an tréimhse choigeartúcháin a fhadú 3 bliana ar a mhéad má chuireann an Ballstát bonn taca faoina phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta le sraith athchóirithe agus infheistíochtaí infhíoraithe agus faoi cheangal ama a chuirfidh leis an bhfás agus an athléimneacht, i dteannta a chéile, mar riail ghinearálta; tacófar leo le hinbhuanaitheacht fhioscach; tabharfar aghaidh leo ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais; aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha ábhartha faoin Seimeastar Eorpach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, moltaí arna n-eisiúint faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, chomh maith le tosaíochtaí infheistíochta tírshonracha, gan laghdú ar leibhéal na hinfheistíochta poiblí arna maoiniú go náisiúnta thar thréimhse an phlean a bheith mar thoradh air, i gcomparáid leis an leibhéal meántéarmach roimh thús an phlean, agus raon feidhme agus scála na ndúshlán tírshonrach á gcur san áireamh.

(32)

Ba cheart do shraith na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, ba cheart di a bheith comhsheasmhach leis na gealltanais a áirítear i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta formheasta an Bhallstáit lena mbaineann le linn thréimhse oibríochta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus leis an gComhaontú Comhpháirtíochta a comhaontaíodh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil. I gcás ina n-áirítear athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, go háirithe maidir leis an bhfás eacnamaíoch agus an inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma, ba cheart a mheas go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le síneadh a chur le tréimhse choigeartúcháin na gcéad phleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta.

(33)

Ba cheart an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí a leagtar amach sna pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a ailíniú le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais, lena n-áirítear an méid seo a leanas a bhaint amach: aistriú cóir glas agus digiteach, lena n-áirítear comhsheasmhacht le cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119; athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta; slándáil fuinnimh; agus, i gcás inar gá, cumais chosanta a neartú. Ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar na tosaíochtaí sin ina mheasúnú ar na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta. Ba cheart an tsraith d'athchóirithe agus infheistíochtaí sin a bheith comhsheasmhach le cur chun feidhme na straitéisí náisiúnta a chinn an Ballstát lena mbaineann freisin chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí sin an Aontais.

(34)

Chun straitéisí comhdhlúthaithe fhioscaigh lena gcothófaí fás a spreagadh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar thionchar na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí, a luaithe a chuirfear chun feidhme iad faoi na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, agus pleananna á gceapadh ina dhiaidh sin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an tionchar ar inbhuanaitheacht fhioscach trí ioncam poiblí, caiteachas agus fás ionchasach amach anseo, chomh maith leis an rannchuidiú le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais, bunaithe ar fhianaise eacnamaíoch atá fónta agus sonraíbhunaithe.

(35)

I gcás nach gcomhlíonann Ballstát go sásúil, faoin spriocdháta sonraithe, an tsraith d’athchóirithe agus infheistíochtaí atá faoi cheangal ama atá mar bhonn taca leis an gconair ghlanchaiteachais níos céimsí arna leagan síos ag an gComhairle, ba cheart don Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, a bheith in ann a mholadh go ngiorrófar síneadh na tréimhse choigeartúcháin, is é sin le rá an iarracht bhliantúil coigeartúcháin a ghéarú, mura bhfuil imthosca oibiachtúla ann a fhágann nach féidir an cur chun feidhme a bhaint amach faoin spriocdháta tosaigh.

(36)

Ba cheart don Choimisiún cuntas rialúcháin a bhunú do gach Ballstát chun rian a choinneáil ar dhialltaí bliantúla agus carnacha aníos agus anuas i leith an ghlanchaiteachais arna bhreathnú ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle. Níor cheart dialltaí a thaifeadadh sa chuntas rialúcháin fad is a fhanann clásail éalaithe gníomhachtaithe. I gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, agus an tuarascáil de bhun Airteagal 126(3) CFAE á hullmhú aige, ba cheart don Choimisiún an dul chun cinn i gcur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a chur san áireamh mar thosca ábhartha, lena n-áirítear, go háirithe, beartais chun straitéis chomhchoiteann an Aontais um fhás agus um fhostaíocht a chur chun feidhme, agus aird ar leith a thabhairt ar ranníocaíochtaí airgeadais chun tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais a bhaint amach mar a leagtar síos sa Rialachán seo.

(37)

Is léir an inniúlacht atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha maidir le smacht fioscach a chothú agus creidiúnacht airgeadas poiblí na mBallstát a neartú. Chun úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, ba cheart an ról comhairleach atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha a choinneáil i gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais, d’fhonn a n-acmhainneacht a fheabhsú de réir a chéile.

(38)

Ba cheart ról comhairleach níos suntasaí a bheith ag Bord Fioscach Eorpach atá buan agus níos neamhspleáiche i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Ba cheart dó leanúint de mheastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, measúnú a dhéanamh ar an staid fhioscach ionchasach don limistéar euro ina iomláine, agus comhairle a chur ar fáil don Choimisiún agus don Chomhairle, agus ról agus sainphribhléidí an Choimisiúin a bunaíodh in CAE agus in CFAE á n-urramú ag an am céanna. Ba cheart feabhas a chur lena neamhspleáchas agus a rochtain ar fhaisnéis. Ba cheart dul i gcomhairle leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa agus Cathaoirleach agus Comhaltaí an Bhoird á gceapadh. Leis na ceapacháin sin, ba cheart cothromaíocht iomchuí gheografach agus inscne a áirithiú, a mhéid is féidir.

(39)

Agus tuairim á tabhairt uaidh ag an gCoimisiún maidir leis na dréachtphleananna buiséadacha arna gcur i láthair de bhun Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil na dréachtphleananna buiséadacha i gcomhréir leis na conairí glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle de bhun an Rialacháin sin.

(40)

I gcás mór-shuaite don limistéar euro nó don Aontas ina iomláine, is gá clásal éalaithe ginearálta a bheith ann chun go mbeifear in ann plé le géar-shleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine trí ligean do dhiall ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle ar choinníoll nach gcuirtear inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma de dheasca an diallta sin. Tá gníomhachtú agus síneadh an chlásail éalaithe ghinearálta le bheith faoi réir moladh ón gComhairle, moladh ar cheart don Chomhairle féachaint lena ghlacadh laistigh de 4 seachtaine tar éis ghlacadh an mholta ón gCoimisiún. Ba cheart don Bhord Fioscach Eorpach tuairim a thabhairt maidir le síneadh a chur leis an gclásal éalaithe ghinearálta.

(41)

De bhreis ar an gclásal éalaithe ginearálta, ba cheart clásal éalaithe tírshonrach a bheith ann freisin chun go mbeifear in ann diall ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle i gcás imthosca eisceachtúla, mar shampla teagmhais eisiginiúla dhothuartha, nach mbeadh smacht ag an mBallstát orthu, a mbeadh tionchar nach beag orthu ar airgeadas poiblí an Bhallstáit agus a mbeadh gá le bearta fioscacha frith-thimthriallacha ina n-aghaidh, ar choinníoll nach gcuirfear an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol leis an diall sin sa mheántéarma. Tá gníomhachtú agus síneadh na gclásal éalaithe tírshonrach le bheith faoi réir moladh ón gComhairle, moladh ar cheart don Chomhairle féachaint lena ghlacadh laistigh de 4 seachtaine tar éis ghlacadh an mholta ón gCoimisiún, agus aird á tabhairt ar an iarraidh ón mBallstát lena mbaineann an clásal éalaithe tírshonrach a ghníomhaíochtú nó a shíneadh.

(42)

Is cuid de phacáiste é an Rialachán seo ina gcuimsítear freisin Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle (19) agus Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle (20). Le chéile, déanann na trí ghníomh reachtacha sin (dá ngairtear ‘an t-athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch’ anseo feasta) athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, lena gcorpraítear i ndlí an Aontais substaint Theideal III (Comhaontú Buiséadach) den Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (21) an 2 Márta 2012 (‘CCCR’), i gcomhréir le hAirteagal 16 den Chonradh sin. Trí thógáil ar an taithí a fuarthas agus CCCR á chur chun feidhme ag na Ballstáit, coinnítear, leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, treoirlíne mheántéarmach an Chomhaontaithe Fhioscaigh mar uirlis chun smacht buiséadach agus cur chun cinn fáis a bhaint amach. Áirítear gné neartaithe thírshonrach san athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch a bhfuil mar aidhm aige úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, lena n-áirítear trí ról comhairleach na n-institiúidí fioscacha neamhspleácha a choinneáil, rud a tharraingíonn go bunúsach ar phrionsabail choiteanna maidir le sásraí náisiúnta um cheartú fioscach de chuid an Chomhaontaithe Bhuiséadaigh a mhol an Coimisiún i dteachtaireacht an 20 Meitheamh 2012 uaidh i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CCCR. Leagtar amach sa Rialachán seo an anailís ar chaiteachas atá glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim don mheasúnú foriomlán ar chomhlíontacht a cheanglaítear leis an gComhaontú Buiséadach. Mar atá sa Chomhaontú Buiséadach, ní cheadaítear dialltaí sealadacha ón bplean meántéarmach ach amháin in imthosca eisceachtúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na forálacha maidir leis an gcuntas rialaithe. Mar atá sa Chomhaontú Buiséadach, i gcás dialltaí suntasacha ón bplean meántéarmach, ba cheart bearta a chur chun feidhme chun na dialltaí a cheartú ar feadh tréimhse shainithe. Déantar leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch faireachas fioscach agus nósanna imeachta forfheidhmithe a neartú chun an gealltanas a chur i gcrích maidir le hairgeadas poiblí atá fónta agus inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn. Coinnítear, leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch dá réir sin, na cuspóirí bunúsacha smachta bhuiséadaigh agus inbhuanaitheachta fiachais a leagtar amach sa Chomhaontú Buiséadach.

(43)

Chun cur chun feidhme éifeachtach agus faireachán iomchuí ar an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún treoraíocht thráthúil a sholáthar, tar éis dó tuairim a iarraidh ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit ina bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta agus ina dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn. Ba cheart an treoraíocht sin a chur ar fáil go poiblí.

(44)

Ba cheart an faireachas iltaobhach a bheith bunaithe ar staidreamh ardcháilíochta neamhspleách, arna dtáirgeadh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo chun comhordú éifeachtach na mbeartas eacnamaíoch agus faireachas buiséadach iltaobhach a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí an chomhordaithe agus an fhaireachais, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(46)

I bhfianaise an spriocdháta atá ann cheana faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar síos sa Rialachán seo na rialacha chun comhordú éifeachtach bheartais fhónta eacnamaíocha na mBallstát a áirithiú, a dtugtar tacaíocht leo, dá réir sin, do ghnóthú chuspóirí an Aontais i ndáil le fás agus fostaíocht atá inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

2.   Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha mionsonraithe maidir le hábhar, tíolacadh, measúnú agus faireachán i ndáil le pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta mar chuid d’fhaireachas buiséadach iltaobhach ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún chun airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le fás cuimsitheach inbhuanaithe agus athléimneacht trí athchóirithe agus infheistíochtaí agus chun bac a chur ar easnaimh rialtais iomarcacha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘moladh tírshonrach’ an treoraíocht bhliantúil a thugann an Chomhairle do Bhallstát gach bliain maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha i gcomhréir le hAirteagail 121 agus 148 CFAE;

(2)

ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar chaiteachas úis, ar bhearta lánroghnacha ioncaim, ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile;

(3)

ciallaíonn ‘conair thagartha’ an chonair ghlanchaiteachais ilbhliantúil arna tarchur ag an gCoimisiún a bheidh mar chreat don idirphlé leis na Ballstáit inar mó an fiachas rialtais ná 60 % den olltáirgeacht intíre (OTI) nó inar mó an t-easnamh rialtais ná 3 % de OTI tráth a mbíonn a bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta á dtarraingt suas acu;

(4)

ciallaíonn ‘faisnéis theicniúil’ an treoraíocht arna tarchur ag an gCoimisiún arna iarraidh sin do Bhallstáit nach mó a fhiachas rialtais ná 60 % den OTI agus nach mó a easnamh rialtais ná 3 % den OTI sula ndéanfaidh na Ballstáit a bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a tharraingt suas;

(5)

ciallaíonn ‘conair ghlanchaiteachais’ an chonair ilbhliantúil do ghlanchaiteachas Ballstáit;

(6)

ciallaíonn ‘plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta’ an doiciméad ina bhfuil gealltanais fhioscacha, athchóiriúcháin agus infheistíochta Ballstáit, lena gcumhdaítear tréimhse 4 bliana nó 5 bliana ag brath ar ghnáthfhad théarma reachtach an Bhallstáit sin;

(7)

ciallaíonn ‘tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn’ tuarascáil ó Bhallstáit ar chur chun feidhme an phlean fhioscach-struchtúraigh mheántéarmaigh náisiúnta, lena n-áirítear an chonair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle, agus ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí;

(8)

ciallaíonn ‘tréimhse choigeartúcháin’ an tréimhse ar lena linn a dtarlaíonn coigeartú fioscach an Bhallstáit, a gcumhdaítear léi tréimhse 4 bliana nó, i gcás síneadh, tréimhse 4 bliana móide tréimhse bhreise suas le 3 bliana;

(9)

ciallaíonn ‘cuntas rialaithe’ taifead ar dhialltaí carntha aníos agus anuas i leith glanchaiteachais breathnaithe i mBallstát ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle;

(10)

ciallaíonn ‘comhardú struchtúrach’ comhardú rialtais ghinearálta arna choigeartú ar bhonn timthriallach agus glan ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile;

(11)

ciallaíonn ‘comhardú príomha struchtúrach’ an comhardú struchtúrach glan ar chaiteachas úis.

CAIBIDIL II

AN SEIMEASTAR EORPACH

Airteagal 3

An Seimeastar Eorpach

1.   Chun comhordú níos dlúithe i leith beartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch agus shóisialta na mBallstát a áirithiú, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún, le rannpháirtíocht ó Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán seo, faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus ceanglais a leagtar amach in CFAE.

2.   Beidh an faireachas iltaobhach ag brath ar staidreamh ardcháilíochta neamhspleách, arna dtáirgeadh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

3.   Áirítear an méid seo a leanas san Seimeastar Eorpach:

(a)

foirmiú na mór-threoirlínte le haghaidh bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais, agus an faireachas a dhéantar ar an gcur chun feidhme sin, i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE, foirmiú na moltaí tírshonracha agus an mholta maidir le beartas eacnamaíoch limistéar an euro agus an faireachas a dhéantar ar an gcur chun feidhme sin;

(b)

foirmiú na dtreoirlínte fostaíochta atá le cur san áireamh ag na Ballstáit, agus an faireachas a dhéantar ar an gcur chun feidhme sin, i gcomhréir le hAirteagal 148(2) CFAE, lena n-áirítear prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus na moltaí gaolmhara tírshonracha. Áirítear leis an bhfaireachas ar an gcur chun feidhme arna dhéanamh ag an gCoimisiún an dul chun cinn maidir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a phríomhspriocanna a chur chun feidhme, tríd an scórchlár sóisialta agus creat chun rioscaí don chóineasú sóisialta a shainaithint;

(c)

tíolacadh, measúnú agus formhuiniú phleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta na mBallstát, chomh maith leis an bhfaireachán a dhéantar ar a gcur chun feidhme trí na tuarascálacha ilbhliantúla ar dhul chun cinn;

(d)

faireachas chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.

Airteagal 4

An Seimeastar Eorpach a Chur Chun Feidhme

1.   I gcás inar ghá sin a dhéanamh, agus tar éis measúnú a bheith déanta de bhun an Rialacháin seo ar na pleananna fioscach-struchtúrach meántéarmacha náisiúnta, ar na tuarascálacha ilbhliantúla ar dhul chun cinn agus ar staideanna socheacnamaíocha Ballstát, cuirfidh an Chomhairle, ar bhonn moltaí ón gCoimisiún, moltaí faoi bhráid Ballstát agus an leas is fearr is féidir á bhaint aici as na hionstraimí dlí dá bhforáiltear in Airteagail 121 agus 148 CFAE agus as an reachtaíocht thánaisteach ghaolmhar.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit aird chuí ar na mór-threoirlínte le haghaidh a mbeartas eacnamaíoch agus ar na moltaí agus na treoirlínte fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (a) agus (b), faoi seach, sula ndéanfaidh siad aon phríomh-chinntí i ndáil le forbairt a mbeartas eacnamaíoch, sóisialta, fostaíochta, struchtúrach agus buiséadach. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn.

3.   Má mhainníonn Ballstát gníomhú de réir na dtreoirlínte agus na moltaí dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith mar thoradh air sin:

(a)

moltaí breise;

(b)

rabhadh ón gCoimisiún nó moladh ón gComhairle de bhun Airteagal 121(4) CFAE;

(c)

bearta faoin Rialachán seo, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.

CAIBIDIL III

AN CHONAIR THAGARTHA

Airteagal 5

An chonair thagartha

I gcás inar mó an fiachas rialtais ghinearálta ná 60 % de OTI nó inar mó an t-easnamh ginearálta rialtais ná 3 % de OTI, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais conair thagartha i leith an ghlanchaiteachais lena gcumhdaítear tréimhse choigeartúcháin 4 bliana agus síneadh suas le 3 bliana a bhféadfaí a chur léi de bhun Airteagal 14.

Airteagal 6

Ceanglais bunaithe ar riosca maidir leis an gconair thagartha

Beidh an chonair thagartha bunaithe ar riosca agus beidh sé difreáilte i gcás gach Ballstáit, agus cinnteofar an méid seo a leanas léi:

(a)

faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, ag glacadh leis nach bhfuil aon bhearta buiséadacha breise ann, cuirfear nó fanfaidh cóimheas réamh-mheasta an fhiachais rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó fanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % de OTI sa mheántéarma;

(b)

déanfar an t-easnamh rialtais ghinearálta réamh-mheasta a thabhairt faoi bhun 3 % de OTI thar an tréimhse choigeartúcháin agus coinneofar faoi bhun an luacha tagartha sin é thar an meántéarma ag glacadh leis nach bhfuil aon bhearta buiséadacha breise ann;

(c)

is de chineál líneach, mar riail ghinearálta, a bheidh an iarracht fhioscach le linn thréimhse an phlean fhioscach-struchtúraigh mheántéarmaigh náisiúnta agus beidh sí comhréireach, ar a laghad, leis an iarracht iomlán arna déanamh thar an tréimhse choigeartúcháin fhoriomlán; agus

(d)

beidh comhsheasmhacht leis an gconair cheartaitheach dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 7

Coimirce inbhuanaitheachta fiachais

1.   Áiritheofar leis an gconair thagartha go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas réamh-mheasta an fhiachais rialtais ghinearálta le OTI de mheánmhéid bliantúil íosta de:

(a)

pointe céatadáin amháin de OTI fad is atá cóimheas an fhiachais rialtais ghinearálta le OTI os cionn 90 %;

(b)

0,5 pointí céatadáin de OTI fad is a fhanfaidh cóimheas an fhiachais rialtais ghinearálta le OTI idir 60 % agus 90 %.

2.   Déanfar an meánlaghdú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ríomh ón mbliain roimh thús na conaire tagartha nó ón mbliain ina meastar go n-aisghairfear an nós imeachta um easnamh iomarcach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, cibé acu is déanaí, go dtí deireadh na tréimhse coigeartúcháin.

Airteagal 8

Coimirce athléimneachta easnaimh

1.   Leis an gconair thagartha, áiritheofar go leanfar den choigeartú fioscach, i gcás inar gá, go dtí go sroichfidh an Ballstát lena mbaineann leibhéal easnaimh a sholáthraíonn corrlach coiteann athléimneachta 1,5 % de OTI i dtéarmaí struchtúracha i gcoibhneas le luach tagartha d’easnaimh de 3 % de OTI.

2.   Beidh an feabhas bliantúil ar an gcomhardú príomha struchtúrach chun an corrlach is gá a bhaint amach cothrom le 0,4 pointí céatadáin de OTI, a laghdófar go 0,25 pointí céatadáin de OTI i gcás síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14.

Airteagal 9

Treoraíocht arna tabhairt ag an gCoimisiún roimh ré

1.   Faoin 15 Eanáir den bhliain nach mór do na Ballstáit a bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a thíolacadh de bhun Airteagal 11 nó, laistigh de 3 seachtaine tar éis iarraidh a fháil ón mBallstát plean athbhreithnithe a thíolacadh de bhun Airteagal 15, tarchuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais:

(a)

an creat réamh-mheastacháin foluiteach meántéarmach maidir leis an bhfiachas poiblí agus na torthaí ina leith;

(b)

an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus na toimhdí a ghabhann leis;

(c)

an chonair tagartha, má cheanglaítear sin faoi Airteagal 5, nó an fhaisnéis theicniúil, arna iarraidh sin do Bhallstát faoi mhír 3 den Airteagal seo, agus an comhardú príomha struchtúrach comhfhreagrach, lena n-áirítear teimpléid scarbhileoige agus faisnéis ábhartha eile is gá chun a macasamhlú iomlán a áirithiú.

2.   Le linn na míosa roimh an spriocdháta faoina bhfuil an Coimisiún Eorpach le réamhthreoir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur chuig Ballstát, féadfaidh an Ballstát malartú teicniúil leis an gCoimisiún a iarraidh. Tabharfaidh malartú teicniúil den sórt sin deis an fhaisnéis staidrimh is déanaí atá ar fáil agus ionchas eacnamaíoch agus fioscach an Bhallstáit lena mbaineann a phlé.

3.   Maidir leis na Ballstáit ag a bhfuil easnamh rialtais ghinearálta nach mó ná 3 % de OTI agus fiachas rialtais ghinearálta nach mó ná 60 % de OTI, soláthróidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát faisnéis theicniúil a bhaineann leis an gcomhardú príomha struchtúrach a bhfuil gá léi chun a áirithiú go gcoinneofar an t-easnamh príomha faoi bhun 3 % de OTI ag glacadh leis nach bhfuil aon bhearta breise beartais sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus sonrófar san fhaisnéis sin an mbeidh gá le coigeartú fioscach. Beidh an fhaisnéis theicniúil sin comhsheasmhach freisin leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh dá dtagraítear in Airteagal 8.

Airteagal 10

Measúnú inchreidteachta

1.   Chun measúnú a dhéanamh an bhfuil sé inchreidte go bhfuil cóimheas réamh-mheasta fiachais rialtais ghinearálta Ballstáit ar chonair anuas nó an bhfuil sé ar leibhéal stuama i gcónaí, cuirfidh an Coimisiún modheolaíocht mhacasamhlaithe intuartha thrédhearcach i bhfeidhm bunaithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

laghdaíonn nó fanann cóimheas ginearálta an fhiachais rialtais ar leibhéal stuama, faoi chásanna cinntitheacha chreat meántéarmach réamh-mheasta an fhiachais rialtais de chuid an Choimisiúin;

(b)

tá an riosca nach laghdóidh an cóimheas ginearálta fiachais rialtais sna 5 bliana tar éis thréimhse choigeartúcháin an phlean fhioscach-struchtúraigh mheántéarmaigh náisiúnta íseal a dhóthain, a mbeidh an measúnú air bunaithe ar ó Anailís an Choimisiúin maidir le hInbhuanaitheacht Fiachais.

2.   Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún a mhodheolaíocht a chur i láthair i gcomhthéacs an idirphlé eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 28.

3.   Cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú inchreidteachta agus na scarbhileoga teimpléid ina bhfuil sonraí foluiteacha chomh maith le faisnéis ábhartha eile ar fáil go poiblí chun macasamhlaitheacht na dtorthaí a áirithiú tráth a thíolacfar an plean fioscach-struchtúrach meántéarmacha náisiúnta de bhun Airteagal 11.

CAIBIDIL IV

PLEANANNA FIOSCACH-STRUCHTÚRACHA MEÁNTÉARMACHA NÁISIÚNTA

Airteagal 11

Na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a thíolacadh

1.   Cuirfidh gach Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle faoin 30 Aibreán den bhliain dheireanach den phlean atá i bhfeidhm. Féadfaidh Ballstát agus an Coimisiún, i gcás inar gá, teacht ar chomhaontú i dtaca le síneadh a chur leis an spriocdháta sin ar feadh tréimhse réasúnta.

2.   Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an institiúid fhioscach neamhspleách ábhartha tuairim a thabhairt maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus maidir leis na toimhdí maicreacnamaíocha atá mar bhonn taca leis an gconair ghlanchaiteachais lena dtugtar dóthain ama don institiúid fhioscach neamhspleách a tuairim a ullmhú.

Faoin 1 Bealtaine 2032, eiseoidh na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha ábhartha na tuairimí sin, ar choinníoll go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach forbartha acu. Má mhainníonn institiúid fhioscach neamhspleách a tuairim a eisiúint laistigh de thréimhse ama réasúnta, ní chuirfear cosc ar Bhallstát plean athbhreithnithe fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh. I gcás ina mbeidh sí ar fáil, beidh tuairim na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche i gceangal leis an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Sula dtíolacfaidh an Ballstát a phlean fioscach-struchtúrach meántéarmacha náisiúnta, rachaidh sé, i gcomhréir lena chreat náisiúnta, i mbun comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta, le comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis réigiúnacha agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile.

4.   Sula dtíolacfaidh sé a phlean fioscach-struchtúrach meántéarmacha náisiúnta, féadfaidh Ballstát a dhréachtphlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a phlé lena pharlaimint náisiúnta, i gcomhréir lena chreat dlíthiúil náisiúnta.

5.   Cuirfidh gach Ballstát a phlean fioscach-struchtúrach meántéarmacha náisiúnta ar fáil go poiblí tráth a chuirfear faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin é.

Airteagal 12

An t-idirphlé theicniúil

Sula dtíolacfaidh sé a phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta, beidh idirphlé teicniúil ag gach Ballstát leis an gCoimisiún, agus é mar chuspóir leis sin a áirithiú go gcomhlíonfaidh an plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta Airteagail 13 agus 15.

Airteagal 13

Na ceanglais maidir leis na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta

Maidir le plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta:

(a)

beidh conair ghlanchaiteachais ann, chomh maith leis na toimhdí maicreacnamaíocha foluiteacha agus na bearta fioscach-struchtúracha atá beartaithe chun comhlíontacht le ceanglais fhioscacha Airteagal 16(2) agus (3) a léiriú;

(b)

áireofar ann an chonair thagartha nó an fhaisnéis theicniúil arna tarchur ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 5 nó Airteagal 9(3), faoi seach; i gcás ina bhfuil conair ghlanchaiteachais níos airde sa phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta ná mar atá sa chonair thagartha arna heisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 5, soláthróidh an Ballstát lena mbaineann argóintí eacnamaíocha ina phlean, beidh siad fónta agus sonraíbhunaithe agus míneofar an difríocht leo;

(c)

tabharfar míniú ann ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann soláthar athchóirithe agus infheistíochtaí, ag freagairt ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha, agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát sin aghaidh ar na tosaíochtaí comhchoiteanna seo a leanas de chuid an Aontais:

(i)

aistriú cothrom glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119;

(ii)

athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;

(iii)

slándáil fuinnimh; agus

(iv)

i gcás inar gá, cumais chosanta a neartú;

(d)

tabharfar tuairisc ann ar an ngníomhaíocht a rinne an Ballstát lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha a cuireadh faoina bhráid agus atá ábhartha maidir leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, agus na rabhaidh ón gCoimisiún, i gcás inarb infheidhme, nó na moltaí ón gComhairle, arna ndéanamh de bhun Airteagal 121(4) CFAE;

(e)

míneofar ann, i gcás inarb infheidhme, an chaoi a n-áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go soláthrófar sraith ábhartha d’athchóirithe agus infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 14, atá mar bhonn taca le síneadh suas le 3 bliana a chur le tréimhse choigeartúcháin an Bhallstáit;

(f)

áireofar ann tionchar na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí atá churtha chun feidhme cheana féin ag an mBallstát lena mbaineann, agus aird ar leith á tabhairt ar an tionchar ar inbhuanaitheacht fhioscach trí ioncam rialtais, caiteachas agus fás ionchasach amach anseo, bunaithe ar fhianaise eacnamaíoch atá fónta agus sonraíbhunaithe;

(g)

beidh faisnéis ann maidir leis an méid a leanas:

(i)

na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha agus buiséadacha,

(ii)

na dliteanais intuigthe agus theagmhasacha,

(iii)

an tionchar a mheastar a bheidh ag na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin,

(iv)

leibhéal réamh-mheasta na hinfheistíochta poiblí arna mhaoiniú go náisiúnta le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean fhioscach-struchtúrach mheántéarmach náisiúnta,

(v)

na riachtanais infheistíochta poiblí lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais dá dtagraítear i bpointe (c) den Airteagal seo,

(vi)

an comhairliúchán leis na parlaimintí náisiúnta agus an comhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 11,

(vii)

comhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, comhlántacht le cistí an bheartais chomhtháthaithe chomh maith le plean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit lena mbaineann le linn thréimhse oibríochta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta de bhun Rialachán (AE) 2021/241.

Airteagal 14

Na critéir i ndáil le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartúcháin

1.   I gcás ina dtugann Ballstát gealltanas i leith sraith áirithe d’athchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2, féadtar síneadh suas le 3 bliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin.

2.   Mar riail ghinearálta, comhlíonfaidh an tsraith de ghealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin na critéir seo a leanas trí chéile:

(a)

is é a bheidh i gceist léi, bunaithe ar thoimhdí inchreidte agus stuama, go gcuirfear feabhas ar acmhainneacht fáis agus athléimneachta gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann ar bhealach inbhuanaithe;

(b)

tacófar le hinbhuanaitheacht fhioscach léi, agus feabhas struchtúrach á chur ar an airgeadas rialtais sa mheántéarma, amhail caiteachas rialtais a laghdú go cóimheas OTI nó an t-ioncam poiblí a mhéadú go cóimheas OTI;

(c)

tabharfar aghaidh léi ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 13, pointe (c);

(d)

tabharfar aghaidh léi ar mholtaí ábhartha tírshonracha a cuireadh faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, moltaí arna n-eisiúint faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha;

(e)

áiritheofar léi nach mbeidh an leibhéal foriomlán atá beartaithe d’infheistíocht phoiblí arna maoiniú ar bhonn náisiúnta thar an tréimhse a chumhdaítear faoin bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta níos ísle ná an leibhéal meántéarmach roimh an tréimhse sin agus raon feidhme agus scála na ndúshlán tírshonrach á gcur san áireamh.

3.   Mionsonrófar go leordhóthanach gach ceann de na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, agus beidh siad tús-ualaithe, faoi cheangal ama agus infhíoraithe go leordhóthanach, agus comhlíonfar na critéir seo a leanas leo:

(a)

beidh an tuairisc ar na gealltanais athchóiriúcháin agus infheistíochta soiléir agus cuirfear ar chumas an Choimisiúin iad a mheasúnú de réir na gcritéar a leagtar amach i mír 2;

(b)

cuirfear na hathchóirithe chun feidhme laistigh den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean fhioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta;

(c)

déanfar dul chun cinn suntasach maidir le cur chun feidhme na n-infheistíochtaí faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin;

(d)

áireofar sa tuairisc ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí táscairí, i gcás inarb ábhartha, chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu.

4.   Beidh sraith de ghealltanais athchóirithe agus infheistíochta mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin comhsheasmhach leis na gealltanais a áirítear i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta formheasta an Bhallstáit lena mbaineann le linn thréimhse oibríochta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, de bhun Rialachán (AE) 2021/241 agus leis an gComhaontú Comhpháirtíochta a comhaontaíodh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil leis an mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 15

Plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe

1.   Tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh dheireadh an phlean fhioscach-struchtúraigh mheántéarmaigh náisiúnta reatha, féadfaidh Ballstát a iarraidh plean fioscach-struchtúrtha meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin roimh dheireadh na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta más ann do chúinsí oibiachtúla lena gcuirtear bac ar a chur chun feidhme laistigh den tréimhse sin. Sa chás sin, cumhdófar leis an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe an tréimhse go dtí deireadh thréimhse thosaigh an phlean.

2.   I gcás rialtas nuacheaptha, féadfaidh Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe a thíolacadh lena gcumhdófar tréimhse nua 4 bliana nó 5 bliana, ag brath ar ghnáth-théarma an reachtais.

3.   Féadfaidh an Ballstát a iarraidh ar an institiúid fhioscach neamhspleách ábhartha tuairim a thabhairt maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus maidir leis na toimhdí maicreacnamaíocha atá mar bhonn taca leis an gconair ghlanchaiteachais, lena dtugtar dóthain ama don institiúid fhioscach neamhspleách a tuairim a ullmhú.

Faoin 1 Bealtaine 2032, eiseoidh na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha ábhartha na tuairimí sin, ar choinníoll go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach gnóthaithe acu. Má mhainníonn institiúid fhioscach neamhspleách a tuairim a thabhairt laistigh de thréimhse ama réasúnta, ní chuirfear cosc ar Bhallstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe a thíolacadh. I gcás ina mbeidh sí ar fáil, beidh tuairim ón institiúid fhioscach neamhspleách i gceangal leis an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin.

4.   Chun gur féidir le Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe a ullmhú i gcomhréir le mír 1 nó mír 2, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an mBallstát sin agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais conair thagartha nua nó, arna iarraidh sin don Bhallstát sin, faisnéis theicniúil nua.

5.   Agus an t-iarchoigeartú a rinne an Ballstát lena mbaineann nó easpa an méid sin á chur san áireamh, ní dhéanfar, leis an gconair thagartha nua, an iarracht ar choigeartú fioscach a shiarchoinneáil agus, mar riail ginearálta, ní bheidh an iarracht ar choigeartú fioscach níos ísle mar thoradh air sin.

6.   Má chuirtear isteach plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe, beidh feidhm ag Airteagail 12, 13, 14 agus 16 go 20.

7.   I gcás inarb infheidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh feidhm ag aon síneadh a chuirtear leis an tréimhse choigeartúcháin nó cibé acu a leanfaidh nó nach leanfaidh aon síneadh d’fheidhm a bheith aige faoin bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe. Cuirfear san áireamh i measúnú an Choimisiúin cur chun feidhme an tsraith de ghealltanais athchóiriúcháin agus infheistíochta atá mar bhonn taca leis an síneadh faoin bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta bunaidh agus na hathruithe i dtéarmaí dhúshláin an fhiachais phoiblí faoin bplean fioscach-struchtúrach náisiúnta meántéarmach athbhreithnithe.

Airteagal 16

Measúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar phleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar gach aon phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta laistigh de 6 seachtaine tar éis a thíolacadh. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún teacht ar chomhaontú i dtaca le síneadh a chur leis an tréimhse sin ar feadh tréimhse suas le 2 sheachtain mar riail más gá.

2.   Agus measúnú á dhéanamh aige ar phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta, scrúdóidh an Coimisiún, i gcás gach Ballstát, an gcomhlíonann an chonair ghlanchaiteachais na ceanglais maidir le fiachas rialtais ghinearálta a chur nó a choimeád ar chonair inchreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin ar a dhéanaí, nó an bhfanann sí ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % de OTI, agus an bhfuil an easnamh rialtais a thabhairt agus á choinneáil faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma aici.

3.   Agus measúnú á dhéanamh aige ar an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta, scrúdóidh an Coimisiún, i gcás na mBallstát a bhfuil conair thagartha faighte acu, an gcomhlíonann an chonair ghlanchaiteachais atá acu na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 7 agus 8.

4.   Scrúdóidh an Coimisiún i gcás na mBallstát uile an gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13 leis an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta atá acu.

5.   Scrúdóidh an Coimisiún, i ndáil leis an mBallstát lena mbaineann, an gcomhlíontar Airteagal 14 le sraith na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin.

Airteagal 17

An plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta á fhormhuiniú ag an gComhairle

1.   Glacfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil dó ón gCoimisiún, moladh ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sí an tsraith de ghealltanais athchóiriúcháin agus infheistíochta a fhormhuiniú atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin a áirítear sa phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta. De ghnáth, glacfar an moladh ón gComhairle laistigh de 6 seachtaine ón dáta a ghlacfar an moladh ón gCoimisiún.

2.   I gcás ina bhfeidhmíonn an plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta mar phlean gníomhaíochta ceartaithí a cheanglaítear i ndáil le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a cheartú, dá bhforáiltear in Airteagal 31, déanfaidh an Chomhairle na hathchóirithe agus an infheistíocht is gá chun na míchothromaíochtaí sin a cheartú a fhormhuiniú freisin sa mholadh sin.

Airteagal 18

Moladh ón gComhairle le haghaidh plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe

I gcás ina measann an Chomhairle nach gcomhlíonann plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16(2), (3) agus (5), molfaidh sí, ar mholadh ón gCoimisiún, agus measúnú an Choimisiúin á chur san áireamh, go dtíolacfadh an Ballstát lena mbaineann plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe.

Airteagal 19

Moladh ón gComhairle i gcás neamhchomhlíonadh ag Ballstát

Ar mholadh ón gCoimisiún, molfaidh an Chomhairle don Bhallstát lena mbaineann, mar riail, gurb í an chonaire thagartha a d’eisigh an Coimisiún a bheidh mar chonair ghlanchaiteachais an Bhallstáit i gcás:

(a)

ina dteipeann ar an mBallstát lena mbaineann plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe a chur isteach laistigh de mhí amháin tar éis don Chomhairle an moladh dá dtagraítear in Airteagal 18 a ghlacadh;

(b)

ina measann an Chomhairle nach gcomhlíonann an plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16(2), (3) agus (5), agus údar cuí tugtha aici lena seasamh;

(c)

ina mainníonn an Ballstát a chéad phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta nó plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta nua a chur isteach sa bhliain dheireanach a chumhdaítear leis an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmacha náisiúnta leanúnach, i gcomhréir le hAirteagal 11(1).

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún teacht ar chomhaontú i dtaca le síneadh a mhairfidh mí amháin ar a mhéid, mar riail, a chur leis an spriocdháta sin.

Airteagal 20

Neamhchomhlíonadh na ngealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca le síneadh a chur lena thréimhse choigeartúcháin ag Ballstát

I gcás inar deonaíodh síneadh lena thréimhse choigeartúcháin do Bhallstát ach go dteipeann air a shraith de ghealltanais athchóirithe agus infheistíochta lena gcuirtear bonn taca leis an síneadh dá dtagraítear in Airteagal 14 a chomhlíonadh go sásúil, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, agus i gcomhréir le hAirteagal 29, conair ghlanchaiteachais athbhreithnithe a mholadh a ngabhfaidh tréimhse choigeartúcháin níos giorra leis, mura bhfuil imthosca oibiachtúla ann lena gcuirtear cosc ar chur chun feidhme an spriocdháta tosaigh.

CAIBIDIL V

CUR CHUN FEIDHME NA BPLEANANNA FIOSCACH-STRUCHTÚRACHA MEÁNTÉARMACHA NÁISIÚNTA

Airteagal 21

An tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn

1.   Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Aibreán gach aon bhliain.

2.   Sa tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn beidh faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle go háirithe, faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, i gcás inarb infheidhme, i gcur chun feidhme na sraithe d’athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartaithe.

3.   Cuirfidh gach Ballstát a thuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn ar fáil go poiblí.

4.   Úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit ina dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn, mar aon le faisnéis ábhartha eile, chun an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur i gcrích. Cuirfear an measúnú ón gCoimisiúin ar fáil go poiblí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcreat dlíthiúil náisiúnta, an tuarascáil ar dhul chun cinn a phlé ina bparlaimint náisiúnta agus leis an tsochaí shibhialta, leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na geallsealbhóirí ábhartha.

Airteagal 22

Faireachán arna dhéanamh ag an gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an phlean fhioscaigh-struchtúraigh mheántéarmaigh náisiúnta, agus go háirithe ar an gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle agus ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartaithe.

2.   Cuirfidh an Coimisiún cuntas rialaithe ar bun chun súil a choinneáil ar dhialltaí carnacha aníos agus anuas an ghlanchaiteachas bhreathnaithe ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle, a athshocrófar tar éis don Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta nua a fhormhuiniú.

3.   Taifeadfar dochar sa chuntas rialaithe nuair a bheidh an glanchaiteachas breathnaithe sa Bhallstát lena mbaineann i mbliain ar leith os cionn na conaire glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle.

4.   Taifeadfar creidmheas sa chuntas rialaithe nuair a bheidh an glanchaiteachas breathnaithe sa Bhallstát lena mbaineann i mbliain ar leith faoi bhun na conaire glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle.

5.   Is éard a bheidh in iarmhéid carntha an chuntais rialaithe suim na ndochar bliantúil agus na gcreidmheasanna bliantúla dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4. Sloinnfear mar chéatadán den OTI é.

6.   Déanfar na dochair agus na creidmheasanna a thaifeadadh gach bliain ar bhonn na sonraí olltoraidh.

7.   I gcás inar ghlac an Chomhairle moladh de bhun Airteagal 25 nó 26, ní thaifeadfar dialltaí i gcuntas rialaithe an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 23

Ról na n-institiúidí fioscacha neamhspleácha

1.   Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an institiúid fhioscach neamhspleách ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 8a de Threoir 2011/85/AE, measúnú a sholáthar ar chomhlíontacht na sonraí olltoraidh buiséid arna dtuairisciú sa tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn leis an gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle.

2.   I gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an institiúid fhioscach neamhspleách ábhartha anailís a dhéanamh ar na tosca atá taobh thiar de dhiall ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle. Beidh an anailís sin neamhcheangailteach agus sa bhreis ar an anailís a sholáthraíonn an Coimisiún.

Airteagal 24

An Bord Fioscach Eorpach

1.   Tabharfaidh an Bord Fioscach Eorpach, arna bhunú le Cinneadh (AE) 2015/1937 ón gCoimisiún (23), comhairle maidir le feidhmiú fheidhmeanna an Choimisiúin agus na Comhairle san fhaireachas fioscach iltaobhach a leagtar amach in Airteagail 121, 126 agus 136 CFAE.

2.   Agus a gcúraimí á ndéanamh aige, beidh neamhspleáchas iomlán ag an mBord Fioscach Eorpach i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, agus comhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaonta agus chun leasa an Aontais ina iomláine. Ní lorgóidh sé ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó rialtas aon Bhallstáit, ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais ná ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile.

3.   Chun críocha mhír 1, áireofar ar chúraimí an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh an méid seo a leanas:

(a)

meastóireacht ex post thráthúil a sholáthar ar chur chun feidhme chreat rialachais fhioscaigh an Aontais;

(b)

comhairle a thabhairt maidir leis an seasamh fioscach ionchasach is iomchuí don limistéar euro trí chéile, agus maidir leis na seasaimh fhioscacha náisiúnta iomchuí atá i gcomhréir leis laistigh de rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis;

(c)

comhairle a thabhairt, arna iarraidh sin don Choimisiún nó don Chomhairle, maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, lena n-áirítear maidir le síneadh a chur leis an gclásal éalaithe ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 25(3) den Rialachán seo;

(d)

comhoibriú go dlúth le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 8a de Threoir 2011/85/AE, d’fhonn malartú dea-chleachtas a chur chun cinn;

(e)

moltaí a dhéanamh maidir le forbairt an chreata fhioscaigh amach anseo.

4.   Beidh an Bord Fioscach Eorpach comhdhéanta de Chathaoirleach agus ceathrar comhaltaí.

5.   Is é an Coimisiún a roghnóidh agus a cheapfaidh Cathaoirleach agus Comhaltaí den Bhord Fioscach Eorpach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa, tar éis próiseas trédhearcach agus ar bhonn taithí agus inniúlachtaí anailíseacha cruthaithe san anailís ar airgeadas poiblí agus sa mhaicreacnamaíocht. Cheapfar Cathaoirleach agus Comhaltaí den Bhord Fioscach Eorpach ar feadh tréimhse 3 bliana agus féadfar iad a athnuachan ar feadh tréimhse bhreise 3 bliana.

6.   Bunóidh an Bord Fioscach Eorpach a chuid Rialacha Nós Imeachta féin.

7.   Tuairisceoidh an Bord Fioscach Eorpach uair sa bhliain maidir lena ghníomhaíochtaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. Cuirfear tuarascálacha agus comhairle uile an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh ar fáil don phobal.

Airteagal 25

Clásal éalaithe ginearálta

1.   Ar mholadh ón gCoimisiún bunaithe ar a gcuid anailíse, féadfaidh an Chomhairle, laistigh de 4 seachtaine, mar riail, moladh a ghlacadh lena gceadófar do na Ballstáit imeacht ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle, i gcás mórshleabhcadh eacnamaíoch i limistéar an euro nó san Aontas ina iomláine, ar choinníoll nach gcuirfidh sin inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma. Sonróidh an Chomhairle teorainn ama bliain amháin le haghaidh an diallta sin.

2.   A fhad agus a mhaireann an mórshleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine, leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais agus áiritheoidh sé go mbeidh ann do chomhordú beartais agus do mheascán comhsheasmhach beartas ina gcuirfear san áireamh gné limistéar an euro agus an Aontais.

3.   Is féidir leis an gComhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, síneadh a chur leis an tréimhse arbh fhéidir leis na Ballstáit imeacht óna gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle lena linn, ar choinníoll go maireann an mórshleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine i gcónaí. Tabharfaidh an Bord Fioscach Eorpach tuairim ar shíneadh a chur leis an gclásal éalaithe ginearálta. Is féidir síneadh a dheonú níos mó ná uair amháin. Is tréimhse bhreise suas le bliain amháin a bheidh i ngach síneadh, áfach.

Airteagal 26

Clásail éalaithe náisiúnta

1.   Arna iarraidh sin do Bhallstát agus ar mholadh ón gCoimisiún bunaithe ar a chuid anailíse, féadfaidh an Chomhairle, laistigh de 4 seachtaine ón moladh ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh lena gceadófar do Bhallstát imeacht óna chonair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle i gcás imthosca eisceachtúla nach bhfuil smacht ag an mBallstát sin orthu agus a bhfuil tionchar mór acu ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann, ar choinníoll nach gcuirfidh an diallta sin inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma. Sonróidh an Chomhairle teorainn ama le haghaidh an diallta sin.

2.   Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann agus ar mholadh ón gCoimisiún, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur leis an tréimhse arbh fhéidir leis an mBallstát sin imeacht ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle lena linn, ar choinníoll go maireann na himthosca eisceachtúla i gcónaí. Is féidir síneadh a dheonú níos mó ná uair amháin. Is tréimhse bhreise suas le bliain amháin a bheidh i ngach síneadh áfach.

CAIBIDIL VI

TRÉDHEARCACHT AGUS CUNTASACHT

Airteagal 27

Ról Pharlaimint na hEorpa

1.   Beidh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach, ar bhealach rialta agus struchtúrtha, sa Seimeastar Eorpach chun treisiú leis an trédhearcacht, leis an gcuntasacht agus leis an úinéireacht i leith na gcinntí arna nglacadh, go háirithe trí bhíthin an idirphlé eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 28.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta arna gcur isteach ag na Ballstáit a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoina mheasúnú foriomlán ar na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta sin. Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa, trí bhíthin an idirphlé eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 28, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht os a chomhair. Ar na hócáidí sin, féadfar a iarraidh ar an gCoimisiún a mheasúnú ar na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a chur i láthair.

3.   Cuirfidh Uachtarán na Comhairle agus an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta maidir le torthaí an fhaireachais iltaobhaigh faoin Rialachán seo.

4.   Cuirfidh Uachtarán na Comhairle agus an Coimisiún san áireamh ina dtuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa torthaí an fhaireachais iltaobhaigh a rinneadh faoin Rialachán seo.

5.   Tuairisceoidh Uachtarán an Ghrúpa Euro do Pharlaimint na hEorpa gach bliain maidir le forbairtí i réimse an fhaireachais iltaobhaigh a bhaineann leis an limistéar euro.

6.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a ullmhú agus a tharchur chuig an gComhairle agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa gan moill mhíchuí:

(a)

na measúnuithe ar an inbhuanaitheacht fiachais agus an creat modheolaíochta ina leith, a luaithe a fhoilseofar iad;

(b)

na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta arna dtíolacadh ag na Ballstáit, lena n-áirítear na conairí tagartha agus na conairí glanchaiteachais, agus aon athbhreithnithe orthu;

(c)

na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn arna dtíolacadh ag na Ballstáit;

(d)

measúnuithe ón gCoimisiún agus moltaí dá chuid don Chomhairle de bhun Airteagail 17 go 20 den Rialachán seo;

(e)

i gcás inarb ábhartha, anailís ón gCoimisiún ar na forbairtí eacnamaíocha agus sóisialta a foilsíodh mar chuid den Seimeastar Eorpach;

(f)

rabhaidh ón gCoimisiún de bhun Airteagal 121(4) CFAE;

(g)

i gcás ina ngníomhachtófar na clásail éalaithe de bhun Airteagail 25 nó 26 den Rialachán seo, anailís ón gCoimisiún lena suitear nach gcuirfear inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma.

7.   Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún dhá uair sa bhliain ar a laghad faisnéis a sholáthar maidir le torthaí an fhaireachais iltaobhaigh san idirphlé eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 28 den Rialachán seo.

Airteagal 28

An t-idirphlé eacnamaíoch

1.   Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle, ar an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí nó ar Uachtarán an Ghrúpa Euro teacht os comhair Pharlaimint na hEorpa chun idirphlé a dhéanamh ar an treoraíocht bheartais arna heisiúint ag an gCoimisiún do na Ballstáit, ar na conclúidí ar ar tháinig an Chomhairle Eorpach agus ar thorthaí an fhaireachais iltaobhaigh de bhun an Rialacháin seo.

2.   Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, leis an gCoiste um Beartas Eacnamaíoch, leis an gCoiste Fostaíochta agus leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcás inarb iomchuí sin.

3.   Beidh na páirtithe leasmhara ábhartha, go háirithe na parlaimintí náisiúnta agus na comhpháirtithe sóisialta, rannpháirteach, i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, maidir leis na príomh-shaincheisteanna beartais i gcás inarb iomchuí sin, i gcomhréir le forálacha CFAE agus le socruithe dlíthiúla agus polaitiúla náisiúnta.

4.   Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle, ar an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí nó ar Uachtarán an Ghrúpa Euro na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a phlé, mar aon leis an bhfaisnéis eile a liostaítear in Airteagal 27(6).

5.   I gcomhréir le hAirteagal 121(5) CFAE, tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, Uachtarán an Ghrúpa Euro, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle Eorpach gach bliain faoi thorthaí an fhaireachais iltaobhaigh.

Airteagal 29

An riail ‘comhlíonadh nó míniú’

Mar riail ghinearálta, táthar ag dréim go ndéanfaidh an Chomhairle beart de réir na moltaí agus na dtograí ón gCoimisiún nó go ndéanfaidh sí a seasamh a mhíniú go poiblí.

Airteagal 30

Idirphlé le Ballstát

Féadfaidh coiste inniúil den chuid Pharlaimint na hEorpa deis a thabhairt do Bhallstát is ábhar do mholadh ón gComhairle de bhun Airteagal 121(4) CFAE a bheith rannpháirteach i malartú tuairimí.

CAIBIDIL VII

IDIRGHNÍOMHAÍOCHT LE RIALACHÁN (AE) UIMH. 1176/2011

Airteagal 31

Idirghníomhaíocht leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha

1.   I gcás ina gcuirtear chun feidhme go míshásúil na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí i bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta Ballstáit, ar athchóirithe agus infheistíochtaí iad atá ábhartha do mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus an cur chun feidhme sin á mheas i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo, déanfar an méid a leanas:

(a)

cuirfidh an Coimisiún an cur chun feidhme míshásúil sin san áireamh agus grinn-athbhreithnithe á ndéanamh aige i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011; agus

(b)

cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún an cur chun feidhme míshásúil sin san áireamh sna moltaí a dhéanfaidh siad faoi seach, agus é á mheas acu ar cheart a bhunú gur ann do mhíchothromaíocht iomarcach agus a mholadh go ndéanfadh an Ballstát lena mbaineann gníomhaíocht cheartaitheach i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon fhaisnéis a mheasann an Ballstát lena mbaineann a bheith ábhartha.

2.   Tíolacfaidh Ballstát ar ina leith a osclaítear nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo. Beidh an plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011. Beidh tíolacadh an phlean fhioscach-struchtúraigh mheántéarmaigh náisiúnta athbhreithnithe faoi réir fhormhuiniú na Comhairle i gcomhréir le hAirteagail 17 go 20 den Rialachán seo. Déanfar an plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo.

3.   I gcás ina dtíolacfaidh Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe isteach de bhun mhír 2 den Airteagal seo, beidh an plean athbhreithnithe sin mar an plean gníomhaíochta ceartaithí a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 agus leagfar amach ann na gníomhaíochtaí beartais sonracha atá curtha chun feidhme ag an mBallstát sin nó a bhfuil beartaithe aige a chur chun feidhme agus áireofar amchlár i leith na ngníomhaíochtaí sin ann.

4.   Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ar bhonn tuarascáil ón gCoimisiún, measúnú ar an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta athbhreithnithe laistigh de 2 mhí tar éis an plean sin a bheith curtha isteach. Déanfar faireachán agus measúnú chur chun feidhme an phlean athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán seo agus le hAirteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.

CAIBIDIL VIII

IDIRGHNÍOMHAÍOCHT LE RIALACHÁN (AE) UIMH. 472/2013

Airteagal 32

Idirghníomhaíocht leis an nós imeachta um fhaireachas feabhsaithe

1.   De mhaolú ar Airteagail 11 agus 21 den Rialachán seo, ní cheanglófar ar Bhallstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta ná tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn a chur isteach i gcás ina bhfuil an Ballstát faoi réir clár coigeartúcháin maicreacnamaíoch de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

2.   I gcás ina bhfuil plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta gníomhach ag Ballstát, agus ina bhfuil an Ballstát sin faoi réir clár coigeartúcháin maicreacnamaíoch de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, cuirfear an plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta sin san áireamh agus an clár coigeartúcháin maicreacnamaíoch á cheapadh.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 33

Idirphlé leis na Ballstáit

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh idirphlé leanúnach ann leis na Ballstáit. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún i gcrích, go háirithe, misin chun measúnú a dhéanamh ar an staid shocheacnamaíoch sa Bhallstát lena mbaineann agus chun aon riosca nó aon deacracht i dtaca le comhlíonadh an Rialacháin seo a aithint. Chun críocha an idirphlé sin, féadfaidh an Coimisiún tuairimí na bpáirtithe leasmhara ábhartha atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann a lorg.

Airteagal 34

Misin faireacháin

1.   Féadfaidh an Coimisiún tabhairt faoi mhisin faireacháin i mBallstáit atá faoi réir moltaí arna n-eisiúint de bhun Airteagal 121(4) CFAE.

2.   Nuair is Ballstát a bhfuil an euro aige mar airgeadra an Ballstát lena mbaineann nó nuair is Ballstát é a ghlacann páirt sa sásra ráta malairte sa tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (ERM II) arna bhunú le Rún ón gComhairle Eorpach an 16 Meitheamh 1997 (25), féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, a iarraidh ar ionadaithe de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh páirt a ghlacadh sna misin faireacháin sin.

Airteagal 35

Tuarascáil

1.   Faoin 31 Nollaig 2030 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, nuair is iomchuí, togra chun an Rialachán seo a leasú.

2.   Déanfar athbhreithniú sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar an méid seo a leanas:

(a)

éifeachtacht an Rialacháin seo maidir lena chuspóirí mar a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach;

(b)

an dul chun cinn atá déanta chun comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú.

3.   Cuirfear an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 36

Forálacha idirthréimhseacha

1.   I gcás na gcéad phleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 9(1), tarchuirfidh an Coimisiún réamhthreoir chuig na Ballstáit lena mbaineann faoin 21 Meitheamh 2024 bunaithe ar an réamhaisnéis is déanaí ón gCoimisiún, agus tíolacfaidh na Ballstáit a bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta faoin 20 Meán Fómhair 2024, i gcomhréir le hAirteagal 11, mura gcomhaontóidh an Ballstát agus an Coimisiún síneadh réasúnta a chur leis an spriocdháta sin.

(b)

de mhaolú ar Airteagal 9(2), féadfaidh na Ballstáit malartú teicniúil a iarraidh leis an gCoimisiún le linn na míosa roimh an 21 Meitheamh 2024;

(c)

de mhaolú ar Airteagal 11(3), féadfaidh na Ballstáit dul i mbun comhairliúchán poiblí leis na comhpháirtithe sóisialta, leis na húdaráis réigiúnacha, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le páirtithe leasmhara náisiúnta ábhartha eile de réir na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 11, a ngabhfaidh spriocdhátaí iomchuí leo;

(d)

le linn thréimhse oibríochta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirfear san áireamh na gealltanais a áirítear i bplean téarnaimh agus athléimneachta formheasta an Bhallstáit lena mbaineann chun síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14, ar choinníoll go bhfuil athchóirithe agus infheistíochtaí suntasacha sa phlean téarnaimh agus athléimneachta arb é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht fhioscach agus acmhainneacht fáis an gheilleagair a fheabhsú, agus go ngeallann an Ballstát lena mbaineann go leanfaidh sé den iarracht athchóirithe le linn a bhfuil fágtha den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta, chomh maith leis na leibhéil infheistíochta arna maoiniú go náisiúnta a bhaintear amach ar an meán a choinneáil thar an tréimhse a chumhdaítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta;

(e)

i gcás ina n-iarrfaidh Ballstát eisceacht ar an gcoimirce maidir le siarchoinneáil a chosc dá dtagraítear in Airteagal 6, pointe (c), cuirfear san áireamh tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó iasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chomh maith le cómhaoiniú náisiúnta cláir arna gcistiú ag an Aontas in 2025 agus 2026, ar choinníoll nach gcuirfear an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol leis an eisceacht sin sa mheántéarma;

(f)

agus an tionchar eisceachtúil atá ag suaití eacnamaíocha a tharla le déanaí agus ag an éiginnteacht atá ann faoi láthair ar mheastacháin ar fhás féideartha á n-admháil, féadfaidh na Ballstáit sraitheanna níos cobhsaí ná na sraitheanna a eascraíonn as an modheolaíocht a comhaontaíodh go comhchoiteann a úsáid, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis an úsáid sin de bharr argóintí eacnamaíocha agus go bhfuil an fás carntha le linn na tréimhse réamh-mheasta fós i gcomhréir le torthaí na modheolaíochta sin.

2.   Faoin 31 Nollaig 2028, cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 37

Rialachán (CE) Uimh. 97/1466 a aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 97/1466.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)   IO C 290, 18.8.2023, lch. 17.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Aibreán 2024.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).

(5)  Rún ón gComhairle Eorpach maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis Amstardam, 17 Meitheamh 1997 (IO C 236, 2.8.1997, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(8)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(9)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).

(11)  Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19 (IO L 159, 20.5.2020, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 8).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(15)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(16)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(17)  Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha na mBallstát (IO L 306, 23.11.2011, lch. 41).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lch. 11).

(19)  Rialachán ón gComhairle (AE) 2024/1264 an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).

(20)  Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).

(21)   https://www.consilium.europa.eu/media/20399/st00tscg26_en12.pdf.

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE ón gComhairle, Euratom lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(23)  Cinneadh (AE) 2015/1937 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015 lena mbunaítear Bord Fioscach Eorpach comhairleach neamhspleách (IO L 282, 28.10.2015, lch. 37).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1)

(25)   IO C 236, 2.8.1997, lch. 5.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top