Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1185

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1185 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2024 maidir le húdarú aigéid ortafosfaraigh a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1055/2013

    C/2024/2591

    IO L, 2024/1185, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1185/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1185/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1185

    25.4.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1185 ÓN gCOIMISIÚN

    an 24 Aibreán 2024

    maidir le húdarú aigéid ortafosfaraigh a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1055/2013

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan.

    (2)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1055/2013 ón gCoimisiún, údaraíodh aigéad ortafosfarach ar feadh thréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (2).

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú aigéid ortafosfaraigh a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, ina n-iarrtar go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘leasaithigh’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin.

    (4)

    Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 27 Meán Fómhair 2023 (3) go bhfuil aigéad ortafosfarach fós sábháilte don spriocspeiceas agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide a údaraítear faoi láthair. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go bhfuil an breiseán creimneach don chraiceann agus do na súile agus gur cheart a mheas go bhfuil sé guaiseach don chonair riospráide. Mheas an tÚdarás nach bhfuil aon ghá le measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht aigéid ortafosfaraigh, toisc nach n-áirítear san iarratas ar athnuachan an údaraithe moladh maidir le coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú ná a fhorlíonadh i ndáil leis sin.

    (5)

    Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar thángthas orthu le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar aigéad ortafosfarach mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 (4) ón gCoimisiún, níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha.

    (6)

    I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann aigéad ortafosfarach na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais.

    (7)

    Mar thoradh ar údarú aigéid ortafosfaraigh a athnuachan mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1055/2013 a aisghairm dá réir sin.

    (8)

    Ós rud é nach gceanglaítear, ar chúiseanna sábháilteachta, go gcuirfear na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú aigéid ortafosfaraigh i bhfeidhm láithreach, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Athnuachan an údaraithe

    Údarú na substainte a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘leasaithigh’, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

    Airteagal 2

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1055/2013 a aisghairm

    Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1055/2013.

    Airteagal 3

    Bearta idirthréimhseacha

    1.   An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 15 Samhain 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

    2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh a 15 Bealtaine 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

    3.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 15 Bealtaine 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

    Airteagal 4

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1055/2013 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an údarú ullmhóide arb é atá inti aigéad ortafosfarach mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 288, 30.10.2013, lch. 57,. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1055/oj).

    (3)  EFSA Journal [Iris EFSA], 2023;21(10):8361.

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beatha (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).


    IARSCRÍBHINN

    Uimhir aitheantais an bhreiseáin

    Breiseán

    Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

    Speiceas nó catagóir ainmhíoch

    Uasteorainn aoise

    Íoschion

    Uaschion

    Forálacha eile

    Deireadh na tréimhse údaraithe

    mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

    Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: leasaithigh

    1a338

    Aigéad ortafosfarach

    Comhdhéanamh an bhreiseáin

    Aigéad ortafosfarach

    (67 % -85,7 %) w/w (tuaslagán uiscí)

    Aigéad so-ghalaithe: ≤ 10 mg/kg (mar aigéad aicéiteach)

    Clóirídí: ≤ 200 mg/kg (mar chlóirín)

    Sulfáití: ≤ 1 500 mg/kg (mar CaSO4)

    -------------

    Tréithriú na substainte gníomhaí

    Aigéad ortafosfarach H3PO4

    Uimh. CAS 7664-38-2

    -------------

    Modh anailíse  (1)

    Maidir le haigéad ortafosfarach a chinneadh sa bhreiseán beathaithe: toirtmheascadh le hiodrocsaíd sóidiam (Aigéad fosfarach JECFA Monagraf)

    Maidir le fosfar iomlán i réamh-mheascáin a chinneadh: modh atá bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (Iarscríbhinn III)

    Gach speiceas ainmhíoch

    -

    -

    -

    1.

    Sonrófar an cion fosfair ar lipéad an bhreiseáin agus na réamh-mheascán.

    2.

    Maidir le húsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

    an 15 Bealtaine 2034


    (1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1185/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top