Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0327

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/327 ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2024 lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 lena leagtar amach na módúlachtaí atá le leanúint chun gearradh costas a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí torainn

    C/2024/52

    IO L, 2024/327, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/327/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 11/02/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/327/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/327

    22.1.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/327 ÓN gCOIMISIÚN

    an 19 Eanáir 2024

    lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 lena leagtar amach na módúlachtaí atá le leanúint chun gearradh costas a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí torainn

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (1), agus go háirithe Airteagal 31(5) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 ón gCoimisiún (2), leagtar amach na módúlachtaí atá le leanúint ag an mbainisteoir bonneagair chun gearradh costas a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí torainn ó rothstoc lastais iarnróid. Tá feidhm aige i gcás inar chinn Ballstát, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 31(5) de Threoir 2012/34/AE, difreáil maidir le muirir bhonneagair a thabhairt isteach chun an leibhéal torainn ó rothstoc a thabhairt san áireamh.

    (2)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429, tugtar de chumhacht do bhainisteoirí bonneagair scéimeanna um mhuirir rianrochtana atá difreáilte ó thaobh torainn de (NDTAC) a ghlacadh lena mbainfidh bónas le haghaidh vaigíní lastais ‘ciúine’ agus pionós le haghaidh vaigíní traenach ‘torannacha’. Is é is cuspóir dó, go sonrach, go ndéanfar iarfheistiú ar vaigíní lastais iarnróid atá ann cheana le bloic choscáin ilchodacha a dhreasú trí aisíoc na gcostas ábhartha a bhaineann lena suiteáil a cheadú.

    (3)

    Sonraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 gur cheart feidhm a bheith ag scéimeanna um mhuirir rianrochtana atá difreáilte ó thaobh torainn de (NDTAC) go dtí an 31 Nollaig 2021.

    (4)

    Níor cuireadh ach ceithre scéim den sórt sin i bhfeidhm: thug dhá Bhallstát isteach scéim NDTAC bunaithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429, agus rinne dhá Bhallstát, a ghlac scéimeanna NDTAC roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin, na scéimeanna sin a ailíniú i gcomhréir le hAirteagal 11 de. Tá gach ceann de na ceithre scéim imithe in éag anois.

    (5)

    In 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Doiciméad Inmheánach Oibre ina ndéantar meastóireacht ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 (3). Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht, cé go raibh tionchar dearfach ag an Rialachán Cur Chun Feidhme, go raibh an tionchar sin sách teoranta. Thug sí dá haire nár thug ach dhá Bhallstát isteach scéim nua NDTAC tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, agus nárbh fhéidir a chinneadh an gcuirfí chun feidhme iad fós in éagmais an Rialacháin.

    (6)

    Fuarthas amach sa mheastóireacht gur bhain roinnt Ballstát úsáid as scéimeanna Státchabhrach chun iarfheistiú a chómhaoiniú, in ionad scéimeanna NDTAC a thabhairt isteach chun torann iarnróid a laghdú. Thairis sin, úsáideadh uirlisí eile, amhail cistiú ó Shaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) (4), chun cuspóirí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 a bhaint amach.

    (7)

    I bhfianaise éifeachtacht theoranta scéimeanna NDTAC a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429, dul in éag na scéimeanna uile sin, agus infhaighteacht ionstraimí eile faoi dhlí an Aontais, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 a aisghairm.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 62(3) de Threoir 2012/34/AE,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Eanáir 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 32.

    (2)   IO L 70, 14.3.2015, lch. 36.

    (3)   Commission Staff Working Document, Evaluation of Commission Implementing Regulation (EU) 2015/429 and the rules for noise differentiated track access charges [Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Meastóireacht ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 ón gCoimisiún agus na rialacha maidir le muirir rianrochtana atá difreáilte ó thaobh torainn de] [SWD(2021) 72] https://op.europa.eu/o/opportal-service/download-handler?identifier=a48ce71e-8e1f-11eb-b85c-01aa75ed71a1&format=pdf&language=en&productionSystem=cellar&part=

    (4)  Cuireadh cistiú SCE le haghaidh iarfheistiú ar fáil i nglaonna SCE 2014, 2016, 2019 agus 2021. Faoi na glaonna sin, rinneadh thart ar 216 000 vaigíní lastais a iarfheistiú le bloic choscáin ilchodacha.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/327/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top